Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
docharach
aidiacht as dochar.
Ní mórán leas a baintear as "docharach" le h-ais an ainm-fhocail "dochar". Níl sé baoghal air cho coitianta mar aidiacht agus atá sé mar ainm-fhocal
1.
díobhálach; mísceamhail, domáisteach, gangaideach, gaimheamhail, fabhtach, dona, treampánach.
a.
+
Is docharach an duine é a dhul ag bualadh aonduine mar sin = duine díobhálach
Nach docharach an bealach atá leis a dhul ag milleadh cuid aon-duine mar sin. A fhuagairt do na póilíos a bhí a dhéanamh.
TUILLEADH (3) ▼
Duine docharach atá ann dhá bhféadadh sé a dhéanamh. Ach is mór is fiú nach bhféadann
Tá an sionnach an-docharach i mbliana. Shlad sé na daoine. Ní anois is measa é, mar níl sé ag tógáil aon-chuain. Ach fan leat go mbeidh
Má's fíor do'n mhisinéara, níl nídh ar bith faoi'n saoghal cho docharach leis an bpoitín. Má tá sé cho dona sin is iongantas go mbeadh aon-phlé ag sagairt leis — agus bíonn
+
Is docharaighe go mór an lobhadh bán ná an dubhachan. Speireann an lobhadh bán na dasachaí ar fad, ach déanann siad seasamh eicínt de bhárr an dubhachain. Is beag is ionann le chéile iad
Dhá mbadh docharaighe an drúis ná an ghaduidheacht, breagh go gcuirtear príosún ar fhear na gaduidheacht', agus go bhfaghann an ceann eile cead scuir. Dhá bhfaghainnse cead mo chomhairle féin 'sé fear na drúise a ghabhfadh ins an bpríosún. Is corr-dhuine a fheicfeas tusa ag dul le gaduidheacht mar a gcinnidh an saoghal air. Má chinneann, dheamhan neart aige air. Caithfidh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh
TUILLEADH (3) ▼
Is docharaighe go mór an mhíoltóg ghéar ná a bhfuil d'fhothachaí amuigh. Sin iad na h-aidhbheirseoirí ar chaoi ar bith.
Tuige nach mba docharaighe an cancar ná an eitinn. Leigheastar cuid mhaith daoine as an eitinn anois, má theigheann duine roímpe in am, ach maidir le cancar, níl aon-leigheas in a chíonn, má bhuaileann sé duine. Deir siad go mbíodh sean-daoine dhá leigheas fadó le luibh eicínt ach ní maith go gcreidim é sin. Bhídís ag leigheas 'chuile shórt má b'fhíor dóib féin. Is mór an t-iongnadh go bhfaghadh duine ar bith bás an uair sin!
Maidir le Seán 'sé is docharaighe
·
Is docharach díobhálach an t-aon í = díobhálach — focal cuingire "docharach"
b.
docht, daingean, cuibhrighthe.
·
Chuir sé ceangal na naoi ndaor go daortha agus go docharach orra (fc. daor)
2.
pianmhar.
·
Dar fiadh tá gearradh sáthach docharach uirre. Annsin ar an ngruaidh, slán an tsamhail. An uair a caitheadh de'n bhicycle in aghaidh an sconnsa í, rug spiacán cloiche uirre
3.
daor, costasach.
·
Is daor docharach an spóilín é (fc. daor)

Féach freisin

docharach in iontrálacha eile (8)

+
daor 1
Cheannuigh mé culaithín éadaigh do'n ghasúr indiu, agus má cheannuigheas féin, is daor docharach an ailím sin. Dheamhan pighinn de mo thrí phunt deich nach mb'éigin dom a shíneadh amach uirre. Scrios ceart é éadach anois (docharach, focal cuingir "daor". Fc. dochar, docharach)
TUILLEADH (3) ▼
Bhí mé istigh tigh N. indiu ag breathnú ar ghléasannaí cairr, agus má bhí féin is daor docharach an áit sin. Má thóigeann tú páipéar chúig phunt amach annsiúd tabhair póg dhó (ní fheicfidh tú aríst é de bharr a dhaoireacht agus atá gach rud ann)
Bhí mé ag ól scathamh indiu, agus is daor docharach an cheird sin ar an saoghal seo. Tá an fuisce as compás ar fad: scilling agus dhá phighinn ar leath-ghloinín ghágach. É a dhiúltú uiliog a bhí a dheanamh anois, agus ní hé an uair a bhí an misinéara dhá rádh linn
Is daor docharach an spóilín í an fheoil anois. Leath-choróin ar phuintín muicfheola, agus í sin féin cho leathta agus nach bhfuil an darna dinnéar innte choidhchin ag an duine, ní áirighim ag muirín
+
daor 3
"Chuir sé ceangal na naoi ndaora (n-aora?) go daor agus go docharach air, gur fhága sé laidhricín a choise ag déanamh seanchuis le poll a chluaise". (Sin gnáth-sheoraidhe cainte le cur síos ar cheangal i sean-scéalta)
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh sé fearacht Chéadtaigh leat: ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ort, nó go mbeidh laidhricín do choise ag coinneál seanchuis le poll do chluaise
Chuala mé go mb'éigin ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ar an bhfear dubh seo thuas ins an oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon ins an stuaicín aige in áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaidhthe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pighne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigin glaodhach ar cheathar len a cheannsú … Dar mo choinsias, ar a mhaga sin féin, b'éigin a cheangal. Bhí sé ag strócadh ag iarraidh a dhul suas. 'Ar ndú mo léan dá dteigheadh, gheobhadh sé froisín thuas. Siúd iad na diabhail chéadna nach mórán éisteacht' a bheadh aca leis
 
dóirt
Ní chomhnóchaidh an t-aidhbheirseoir seo thíos go ndóirteadh sé fuil. Ní h-iad baramhaintí a leasa atá faoi le fada an lá. Dar fiadh muise, má bhíonn bás ná bascadh aonduine air, íocfaidh sé ann go daor docharach. Ní hé an saoghal atá anois ann a bhí ariamh ann. Má ghníonn tú an choir ídeochthar ort é.