Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díobhálach
/d′īəwāl′əx/
aidiacht as díobháil
dochrach, mínósach, mioscaiseach, damáisteach, díchúiseach, ollóideach, binbeach.
a.
+
Báisteach dhíobhálach a bhí inti sin. Cér chás é dhá gcaitheadh sé seachtain roimhe sin í, ach nuair a tháinig sí, rug sí ar chuile shórt ar sraith
Galra díobhálach í an cheathrú ghorm sin. Is leannán leis an mbaile seo críochnaithe í
TUILLEADH (11) ▼
Uisce díobhálach é sin le cur i dtae. Nach bhfeiceann tú beo beathach le doirbeachaí é? Níl sé feilteach don bheathach fhéin, ní áirím don duine
Talamh díobhálach do chaoirigh é. Teagann dallamullóg orthu as éadan ann
An raibh an toirneach díobhálach soir agaibh? Chuala muide go raibh
Na luchain bheaga sin is díobhálaí a bhíos do choirce. Gearrann siad na cruacha as éadan
Níl an dúchan baol air chomh díobhálach anseo agus atá an lobhadh bán. Suas barr an bhaile is mó atá an talamh cuir anseo, agus tá mianach móna ann
Thug asail an bhaile seo leath ó bhfaca mise d'asail ariamh le bradaíl. Tá na daoine reicthe acu. Eallach díobhálach iad mar asail ó theagas eachmairt orthu
Is díobhálach an chlaimhe istigh i mbaile ar bith iad. Tá lán púirín na hátha acu ann, agus ní dhéanann siad foras na suaimhneas ó mhaidin go faoithin ach ag reathach agus ag ruatharúch, agus ag déanamh millteanais. Is diabhlaí nach gcuirfeadh na póilíos faoi deara dhóibh siúd a dhul amach ag an scoil. Ní bhíonn siad ann lá sa gcéad
Níl rud ar bith is díobhálaí ag na bradáin ná na madraí uisce. Ghníonn siad sin sceanach orthu
An bhfuil rud ar bith is díobhálaí béal ná an rálach? (francach)
Is díobhálach an teanga atá aici sin ─ damáisteach, mioscaiseach
Is díobhálach an earra a d'ól tú mo choinsias! Poitín T. Th.! Tá sé sin in ann duine ar bith a tholgadh
b.
+
Tá an ghráin dhíobhálach aige ar an ól ─ an ghráin shíoraí shaolta; an dearg-ghráin. Níor chuala mé ach leis an bhfocal gráin é
Tá an ghráin dhíobhálach aige orm. Is luar leis mé ná an sioc a lobhfadh na fataí
TUILLEADH (7) ▼
Beannacht Dé dhuit! Tá an ghráin dhíobhálach aige sin ar an dream thuas, ní nach ionadh. D'imir siad ceart críochnaithe air an uair siúd faoin uachta.
Chuile bhall aige muise ach é sin. Tá an ghráin dhíobhálach aige air. Ná déan a shamhailt leis. Leagfadh sé é
Tá an ghráin dhíobhálach agam ar nathaíocht den tsórt sin. Ag iarraidh a bheith ag flithmhagadh faoi chuile dhuine agus nach bhfuil dóigh mhagaidh ar bith sa tír is mó ná é féin
Scread mhaidne air, an smaoiseachán! Tá an ghráin dhíobhálach agam ar a phus mór. Ní bhíonn ádh ná amhantar orm in áit ar bith dhá gcastar liom é
Bhíodh an ghráin dhíobhálach aige sin ar mhná fadó. Ní bheadh gair ar bith agat a dtarraingt anuas os a chomhair. Ach chuir na Cáiteannaí an chluain Mhuimhneach air. Is ann atá móin dhá dó dhó anois. Is beag é a fhoghail i ngort ná i ngarraí ó thaithigh sé sa teach sin
Tá an ghráin dhíobhálach acu ar an talamh thuas anois. Ní fhanfaidh siad ala na huaire ann mura mbeidh duine eicínt ag fosaíocht leo. Shílfeá muise gur maith an túmsacht (tiomsacht) atá ann fós. Uabhar atá ar na diabhail!
Bhí an ghráin dhíobhálach aige féin agus ag an sagart ar a chéile go dtí le fíorghairid ach tá siad ina dhá gcuid déag le chéile anois ó phós sé. Tá an ágóidín de bhean siúd aige in ann duine ar bith a bhréagadh. 'Sí atá deas air! Ar ndóigh caitheadh sí crúib airgid aige agus bréagfaidh sin é. Níl aon ghnaíúlacht ann anois ach an t-airgead

Féach freisin

díobhálach in iontrálacha eile (1)

 
Is dochrach díobhálach an t-aon í díobhálach — focal cuingire dochrach