Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díobhálach
/d′īəwāl′əx/
aidiacht as díobháil
docharach, míonósach, mioscasach, damáisteach, díchúiseach, ollóideach, binibeach.
a.
+
Báisteach dhíobhálach a bhí innte sin. Cé'r chás é dhá gcaitheadh sé seachtain roimhe sin í, ach an uair a tháinig sí, rug sí ar 'chuile shórt ar sraith
Galra díobhálach í an cheathramha ghorm sin. Is lionnán (leannán) leis an mbaile seo críochnuithe í
TUILLEADH (11) ▼
Uisce díobhálach é sin le cur i dtae. Nach bhfeiceann tú beo beitheach le doirbeachaí é? Níl sé feilteach do'n bheitheach fhéin ní áirighim do'n duine
Talamh díobhálach do chaoirigh é. Teagann dalladh mullóg orra as éadan ann
An raibh an toirneach díobhálach soir agaibh? Chuala muide go raibh
Na luchain bheaga sin is díobhálaí a bhíos do choirce. Gearrann siad na cruacha as éadan
Níl an dubhachan baoghal air cho díobhálach annseo agus atá an lobhadh bán. Suas barr an bhaile is mó atá an talamh cuir annseo, agus tá mianach móna ann
Thug asail an bhaile seo leath ó bhfaca mise d'asail ariamh, le bradaíl. Tá na daoine reicthe aca. Eallach díobhálach iad mar asail ó theagas eachmuirt orra
Is díobhálach an chlaimhe istigh imbaile ar bith iad. Tá lán púirín na h-átha aca ann, agus ní dhéanann siad foras na suaimneas ó mhaidin go faoithin ach ag reathach agus ag ruathrúch, agus ag déanamh millteanais. Is diabhlaí nach gcuirfeadh na póilíos faoi deara dhóibh siúd a dhul amach ag an scoil. Ní bhíonn siad ann lá san gcéad
Níl rud ar bith is díobhálaí ag na bradáin ná na mádraí uisce. Ghníonn siad sin sceannach orra
An bhfuil rud ar bith is díobhálaí béal ná an rálach (francach)?
Is díobhálach an teanga atá aice sin = damáisteach, mioscasach
Is díobhálach an earradh a d'ól tú 'mo choinsias! Poitín T. Th.! Tá sé sin indon duine ar bith a tholgadh
b.
+
Tá an ghráin dhíobhálach aige ar an ól = an ghráin shiorraí shaolta; an dearg-ghráin (níor chuala mé ach leis an bhfocal gráin é)
Tá an ghráin dhíobhálach aige orm. Is luaghar leis mé ná an sioc a lobhfadh na fataí
TUILLEADH (7) ▼
Beannacht Dé dhuit! Tá an ghráin dhíobhálach aige sin ar an dream thuas, ní nach iongnadh. D'imir siad ceart críochnuithe air an uair siúd faoi'n úachta.
'Chuile bhall aige muise ach é sin. Tá an ghráin dhíobhálach aige air. Ná déan a shamhailt leis. Leagfadh sé é
Tá an ghráin dhíobhálach agam ar nathaíocht de'n tsórt sin. Ag iarraidh a bheith ag flith-mhagadh faoi 'chuile dhuine agus nach bhfuil dóigh-mhagaidh ar bith san tír is mó ná é féin
Scread-mhaidne air an smaoiseachán! Tá an ghráin dhíobhálach agam ar a phus mór. Ní bhíonn ádh ná amhantar orm in áit ar bith dhá gcastar liom é
Bhíodh an ghráin dhíobhálach aige sin ar mhná fadó. Ní bheadh goir ar bith agad a dtarraint anuas as a chomhair. Ach chuir na Cáiteannaí an Chluain Mhuimhneach (buidhneach?) air. Is ann atá móin dhá dóghadh dhó anois. Is beag é a fhoghail i ngort ná ingarraí ó a thaithigh sé san teach sin
Tá an ghráin dhíobhálach aca ar an talamh thuas anois. Ní fhanfaidh siad ala na h-uaire ann mara mbeidh duine eicínt ag fosaíocht leo. Shílfeá muise gur maith an túmsacht (tomsacht, tiomsacht) atá ann fós. Uabhar atá ar na diabhail!
Bhí an ghráin dhíobhálach aige féin agus ag an sagart ar a chéile go dtí le fíor-ghairid ach tá siad ina dhá gcuid déag le chéile anois ó phós sé. Tá an ágóidín de bhean siúd aige indon duine ar bith a bhréagadh. Sí atá deas air! 'Ar ndú caitheadh sí crúib airgid aige agus bréagfaidh sin é. Níl aon-ghnaoidhiúlacht ann anois ach an t-airgead

Féach freisin

díobhálach in iontrálacha eile (1)

 
Is docharach díobhálach an t-aon í = díobhálach — focal cuingire "docharach"