Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dochrach
aidiacht as dochar
ní mórán leas a baintear as dochrach le hais an ainmfhocail dochar. Níl sé baol air chomh coitianta mar aidiacht agus atá sé mar ainmfhocal
1.
 díobhálach; mísciúil, damáisteach, gangaideach, goimhiúil, fabhtach, dona, treampánach.
a.
+
Is dochrach an duine é a dhul ag bualadh aon duine mar sin — duine díobhálach
Nach dochrach an bealach atá leis a dhul ag milleadh cuid aon duine mar sin. A fhuagairt do na póilíos a bhí a dhéanamh
TUILLEADH (3) ▼
Duine dochrach atá ann dhá bhféadadh sé a dhéanamh. Ach is mór is fiú nach bhféadann
Tá an sionnach an-dochrach i mbliana. Shlad sé na daoine. Ní anois is measa é, mar níl sé ag tógáil aon chuain. Ach fan leat go mbeidh
Más fíor don mhisinéara, níl ní ar bith faoin saol chomh dochrach leis an bpoitín. Má tá sé chomh dona sin is iontas go mbeadh aon phlé ag sagairt leis — agus bíonn
+
Is dochraí go mór an lobhadh bán ná an dúchan. Speireann an lobhadh bán na dasachaí ar fad, ach déanann siad seasamh eicínt de bharr an dúchain. Is beag is ionann le chéile iad
Dhá mba dochraí an drúis ná an ghadaíocht, breá go gcuirtear príosún ar fhear na gadaíochta agus go bhfaigheann an ceann eile cead scoir. Dhá bhfaighinnse cead mo chomhairle féin, 'sé fear na drúise a ghabhfadh sa bpríosún. Is corrdhuine a fheicfeas tusa ag dul le gadaíocht mura gcinne an saol air. Má chinneann, dheamhan neart aige air. Caithfidh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh
TUILLEADH (3) ▼
Is dochraí go mór an mhíoltóg ghéar ná a bhfuil d'fhothachaí amuigh. Sin iad na háibhirseoirí ar chaoi ar bith
Tuige nach mba dochraí an cancer ná an eitinn. Leigheastar cuid mhaith daoine as an eitinn anois, má théann duine roimpi in am, ach maidir le cancer, níl aon leigheas ina chionn má bhuaileann sé duine. Deir siad go mbíodh seandaoine dhá leigheas fadó le luibh eicínt ach ní maith go gcreidim é sin. Bhídís ag leigheas chuile shórt má b'fhíor dóibh féin. Is mór an t-ionadh go bhfaigheadh duine ar bith bás an uair sin!
Maidir le Seán, 'sé is dochraí
·
Is dochrach díobhálach an t-aon í díobhálach — focal cuingire dochrach
b.
 docht, daingean, cuibhrithe.
·
Chuir sé ceangal na naoi ndaor go daortha agus go dochrach orthu (fc. daor)
2.
pianmhar.
·
Dar fia tá gearradh sách dochrach uirthi. Ansin ar an ngrua, slán an tsamhail. Nuair a caitheadh den bhicycle in aghaidh an sconsa í, rug spiacán cloiche uirthi
3.
daor, costasach.
·
Is daor dochrach an spóilín é (fc. daor)

Féach freisin

dochrach in iontrálacha eile (8)

+
daor 1
Cheannaigh mé culaithín éadaigh don ghasúr inniu, agus má cheannaíos féin, is daor dochrach an ailím sin. Dheamhan pínn de mo thrí phunt deich nach mb'éigean dom a shíneadh amach uirthi. Scrios ceart é éadach anois (dochrach focal cuingir daor. fc. dochrach)
TUILLEADH (3) ▼
Bhí mé istigh tigh N. inniu ag breathnú ar ghléasannaí cairr, agus má bhí féin, is daor dochrach an áit sin. Má thógann tú páipéar chúig phunt amach ansiúd, tabhair póg dhó (ní fheicfidh tú aríst é de bharr a dhaoireacht agus atá gach rud ann)
Bhí mé ag ól scaitheamh inniu, agus is daor dochrach an cheird sin ar an saol seo. Tá an fuisce as compás ar fad: scilling agus dhá phínn ar leathghloinín ghágach. É a dhiúltú uileag a bhí a dhéanamh anois, agus ní hé an uair a bhí an misinéara dhá rá linn
Is daor dochrach an spóilín í an fheoil anois. Leathchoróin ar phuintín muiceola, agus í sin féin chomh leata agus nach bhfuil an darna dinnéar inti choíchin ag an duine, ní áirím ag muirín
+
daor 3
"Chuir sé ceangal na naoi ndaora (n-aora?) go daor agus go dochrach air, gur fhága sé laidhricín a choise ag déanamh seanchais le poll a chluaise". (Sin gnáthsheoraí cainte le cur síos ar cheangal i seanscéalta)
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh sé fearacht Chéataigh leat: ceangal na naoi ndaora go daor agus go dochrach a chur ort, nó go mbeidh laidhricín do choise ag coinneáil seanchais le poll do chluaise
Chuala mé go mb'éigean ceangal na naoi ndaora go daor agus go dochrach a chur ar an bhfear dubh seo thuas san oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon sa stuaicín aige an áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaithe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pínne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigean glaoch ar cheathar lena cheansú … Dar mo choinsias, ar a mhagadh sin féin, b'éigean a cheangal. Bhí sé ag stróiceadh ag iarraidh a dhul suas. Ar ndóigh mo léan dá dtéadh, gheobhadh sé fruisín thuas. Siúd iad na diabhail chéanna nach mórán éisteachta a bheadh acu leis
 
dóirt
Ní chónóidh an t-áibhirseoir seo thíos go ndóirteadh sé fuil. Ní hiad barúintí a leasa atá faoi le fada an lá. Dar fia muise, má bhíonn bás ná bascadh aon duine air, íocfaidh sé ann go daor dochrach. Ní hé an saol atá anois ann a bhí ariamh ann. Má ghníonn tú an choir ídeofar ort é