Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhadh
/duwə/
ainm briathartha; ainmfhocal
an oiread is a dhubhódh nó a bhratódh. San aon leagan dubhadh na mbóthardubhadh na mbóithrí.
+
Bhí dubhadh na mbóithrí de charrannaí ann. Ní fhaca mé aon tsochraide ariamh ba mhó ná í. Bhí sí ón tSeanchroich amach go dtí C. Cén bhrí ach a raibh ag fanúint léithe faoi bhealach — bhí na bóithrí ar fad faoi charrannaí
Go gcuire Mac Dé an t-ádh ort, nach raibh dubhadh na mbóthar de dhaoine ann! Ní raibh limistéar istigh dhá leath, agus bhí siad síos ar feadh na sráide agus amach i mbéal an bhóithrín. Amuigh a bhí an damhsa ar fad
TUILLEADH (5) ▼
Is furasta a aithinte gurb í an Mháirt í; dubhadh na mbóithrí de dhaoine ag dul soir. Ag dul ag an mbeairic ag saighneáil dole
Bhí dubhadh na mbóithrí de bheithígh aige ar an aonach inniu. Chuaigh sé siúd thar cionn i ndeis le gairid, hé brí cár éirigh sé leis. Is gearr ó nach raibh bonn bán air. Ciste a fuair sé in áit eicínt. Ní hé féin a shaothraigh é ar chaoi ar bith
Chuaigh dubhadh na mbóthar de thincéaraí siar tráthnóna. Ag tarraingt ar an rása caithfidh sé. Is beag an baol orthu a ligint thar a gcluasa mo léan
Bhí dubhadh na mbóithrí de phóilíos isteach ag B. na C. inniu hé brí céard a thug ann iad, murab aon scliúchas achrainn a bheadh ann. Dá mba ea féin, shílfeá nár chall an oiread siúd lena gceansú. Bhí lán na hÉireann acu ansiúd
Tá dubhadh na mbóithrí soir ansin inniu. An chúirt chreidim. Ní fhaca mé an oiread daoine go hiomaí agus atá cruinn ann inniu. Beidh fíor agus bréag ansin mo choinsias. Níl go dona ann ach an té a chaithfeas éisteacht lena gcuid glagaireacht sin go tráthnóna. Tá mé ag ceapadh nach buíoch a bhíos an giúistís dóibh go minic muis, agus iad ag iarraidh an dubh a chur ina bhán air

Féach freisin

dubhadh in iontrálacha eile (4)

+
dubh 3
Beidh an mhóin sin ag dubhadh léar (de réir) mar a bheas tú ag dul síos barr léithe. An-mhóin í ar an ceathrú barr
TUILLEADH (3) ▼
Tá na bileogaí ag dubhadh. Is gearr uathu nó go dtite siad anois
Tá an meall sin ag dubhadh, ainneoin gur shíl mé go ndéanfadh sé seile. Ach sí an mháthair ghoir a fheicim. Tá barr bracha air ceart go leor
Tá an spéir sin ó dheas ag dubhadh (dubhú) aríst. Ráig eile atá air. Chomh luath agus a gheobhas muid fáfall gabhfaidh muid abhaile. Níl gnaithe ar bith againn dhá(r) gcailleadh féin anseo