Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhadh
/duwə/
ainm bhriathar, ainm-fhocal
an oiread agus a dhubhódh nó a bhratódh. (San aon leagan dubhadh na mbóthar nó dubhadh na mbóithrí).
+
Bhí dubhadh na mbóithrí de charrannaí ann. Ní fhaca mé aon-tsochraide ariamh ba mhó ná í. Bhí sí ó'n tSean-Chroich amach go dtí C. Cén bhrí ach a raibh ag fanúint léithe faoi bhealach = bhí na bóithrí ar fad faoi charrannaí
Go gcuiridh Mac Dé an t-ádh ort nach raibh dubhadh na mbóthar de dhaoine ann! Ní raibh limistéar istigh dhá leath agus bhí siad síos ar feadh na sráide agus amach i mbéal an bhóithrín. Amuigh a bhí an damhsa ar fad
TUILLEADH (5) ▼
Is furasta aithinte gurb í an Mháirt í dubhadh na mbóithrí de dhaoine ag dul soir. Ag dul ag an mbeairic ag "signeáil dole"
Bhí dubhadh na mbóithrí de bheithigh aige ar an aonach inniu. Chuaigh sé siúd thar cíonn indeis le goirid, hébrí cár eirigh sé leis. Is geárr ó nach raibh bonn bán air. Ciste a fuair sé in áit eicínt. Ní hé féin a shaothraigh é ar chaoi ar bith
Chuaigh dubhadh na mbóthar de thincéaraí siar trathnóna. Ag tarraint ar an rása caithfidh sé. Is beag an baol orra a leigint thar a gcluasa mo léan
Bhí dubhadh na mbóithrí de phóilíos isteach ag B. na C. inniu hébrí céard a thug ann iad, marab aon-scliúchas achrainn a bheadh ann. Dá mbadh eadh féin shílfeá nachar chall an oiread siúd len a gceannsú. Bhí lán na h-Éireann aca annsiúd
Tá dubhadh na mbóithrí soir annsin inniu. An chúirt chreidim. Ní fhaca mé an oiread daoine go h-iomaidh agus atá cruínn ann inniu. Beidh fíor agus bréag annsin 'mo choinsias. Níl go dona ann ach an té a chaithfeas éisteacht len a gcuid glagaireacht sin go trathnóna. Tá mé ag ceapadh nach buíoch a bhíos an giúistís dóib go minic muis, agus iad ag iarraidh an dubh a chur na bhán air

Féach freisin

Dubhadh in iontrálacha eile (4)

+
dubh 3
Beidh an mhóin sin ag dubhadh léar (de réir) mar a bhéas tú ag dul síos bárr léithe. An-mhóin í ar an ceathrú bárr
TUILLEADH (3) ▼
Tá na billeógaí ag dubhadh. Is gearr uatha nó go dtuitidh siad anois
Tá an meall sin ag dubhadh, ainneoin gur shíl mé go ndéanfadh sé seile. Ach sí an mháthair ghuir a fheicim. Tá barr bracha air ceart go leór
Tá an spéir sin ó dheas ag dubhadh (dubhú) aríst. Ráig eile atá air. Cho luath agus a gheobhas muid fáfall gabhfamuid abhaile. Níl gnatha ar bith againn dhá(r) gcailleadh féin annseo