Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh thart
+
Chuaidh an lá thart gan aireachtáil = d'imigh sé
Chuaidh an oíche thart, agus dheamhan asna dhíom a chuímnigh air
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr a d'aireochthá an bhliain ag dul thart
Ní aireochthá an t-am ag dul thart chor ar bith ("ní aireochthá an t-am ag imeacht", is minice adeirtear)
+
Chuaidh an múr thart = ní dhearna sé aon-bháisteach, ach go raibh gothadh báistighe air. B'fhéidir gurb í a chaitheamh leathtromach a rinne sé
Bhí an-dubhachan ann indiu, ach chuaidh an múr thart in a dheidh sin
TUILLEADH (4) ▼
Chuaidh an gála sin thart an-éascaidh = níor bhain sé mórán as; ní raibh an gála i bhfad ar siubhal
Teigheann na ráigeanna seo thart dubh-sciobtha, ach nach beag dhóib a ndonacht an fhad agus a mhaireas siad
Chuaidh an sinneán sin thart sáthach tréan, ach is gearr uaidh ceann eile
Fainic nach bhfuil an toirneach ag dul thart anois. Níl sí cho gártha agus a bhí sí míle buidheachas le Dia
+
Chuaidh an slaghdán thart gan aon-tseadú a dhéanamh imbliana, agus ba bhreagh an chaoi é. Ach bhí an uair cineálta
Chuaidh an treoch sin thart ins an Earrach ach níor bhain sí aon-achar as na gasúir mar sin féin = bhí sí ann
TUILLEADH (3) ▼
Tá an bhruithtíneach ag dul thart = tá sí ann
Tá "staggers" na muc sin ag dul thart, ní ag tabhairt ghutha orra é
Shílfeá go bhfuil an slaghdán bradach sin ag dul thart aríst. 'Sé an t-ath-shlaghdán aige anois é, agus a ghoirdeacht agus ó a bhí sé ann cheana
+
Bhí sé ag dul thart annseo cupla bliain ó shoin go raibh J. agus a bhean le teacht abhaile agus leis an talamh a bhí ag máthair na mná a bhaint amach, ach níl tada faoi ó shoin
Tá an scéal sin ag dul thart ar aon-nós, ach níl aon-áird le tabhairt ar leath a gcloisfidh tú anois. Tá cumadóirí ar a mine-ghéire ag cur amach bréag. Níl a fhios agam cé'n sásamh a thugas sé dóib chor ar bith, ach tá siad amhlaidh ar chaoi ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Má chloiseann tú ag dul thart go dtáinic sé dhá h-iarraidh, ná caintigh ormsa, ná ná leig ort gur chuala tú tada in a thimcheall
Ní thugaimse cluais de leath a gcloisim ag dul tharm, ach is cosamhail in a dheidh sin go raibh údar eicínt leis an luaidreán sin. Ní bhíonn deatach ar bith gan teine, arsa tusa
Dhá gcloiseadh sé rud mar sin ag dul thart, bhréagnóchadh sé é ar an toirt, agus dhá mbréagnuigheadh féin is aige a bheadh an ceart
Bíonn an oiread siomóideachaí agus paiteannaí ag dul thart, agus dhá ngéilleadh duine dhá leath go mbeadh sé in a chíor-thuaithbhill. 'Sé an chaoi a mbím féin, leigim isteach igcluais iad agus amach ins an gcluais eile, agus fágann sin, nach mbíonn scéal aonduine agam.

Féach freisin