Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déirce
Ainm-fhocal, buineann
iolraidh = déircí
séisín nó teirgéis a tugtar do dhaoine bochta nó do dhaoine a bhíos ag iarraidh a gcodach.
a.
+
Tabhair déirce dhó
Caith rud eicínt déirce ag an mbean sin
TUILLEADH (3) ▼
Bhí an dream céadna taobh leis an déirce ariamh = i gclé, i gcleitheamhnas nó idtuilleamaí na déirce ariamh
Chreidim gur taobh leis an déirce agus "ar son Dé" a bhéas muid go deo
Deir siad th'éis cho scanruighthe agus a bhí sé ag airgead, gur chaith sé a chuid le déirce in a dheidh sin. 'Sé a choinnigh na F. M. siúd beo ariamh, ach nachar chuala deoruidhe an bhéil bheo uaidh é
+
Mara n-iarraidh siad an déirce in onóir Dé agus Mhuire, ní agróchaidh Dia ort gan a tabhairt dóibh
"Lá Nodlag go h-aoibhinn aerach; Lá 'eil Stiopháin gabhtha gléasta; Lá 'eil Eoin ag iarraidh na déirce, le bacach an mhaide bhuidhe is measa a bhí in Éirinn" (bean uasal adubhairt. Ghléas bacach suas é féin i gculaith duine uasail, agus mheall sé í féin agus a muintir go bhfuair sé í. Sin é adubhairt sí, an uair a fuair sí amach an cleas a h-imrigheadh uirre)
TUILLEADH (4) ▼
Teigheadh sé ag iarraidh na déirce anois. Níl a athrú aige
Bhíodh duine aca sin fadó ag dul thart annseo ag cruinneál a chodach — ag iarraidh déirce
Bhí sé cho maith dhó a dhul ag iarraidh na déirce le bheith dhá chiapadh féin annsiúd, ar scáth a mbeidh dhá bhárr aige go sleibhe
Tá sé ag lorg (ag tóraidheacht, ag cruinneál agus rl.) déirce
+
Bhíodh deilín fada ag lucht déirce fadó, ach ní chloisfeá chor ar bith anois aca é
Ní raibh aon-bhacach ná aon-cheannuidhe ná aon-fhear bocht ná aon-fhear déirce ag dul an bealach ariamh nach ann a tharraingigheadh. Is ann a bhí an leabaidh dhearg i gcomhnaí ag lucht bóthair agus bealaigh
TUILLEADH (3) ▼
Bean déirce a bhí innte
Ba fear déirce é
Ní fheicfeá lucht déirce ag tóruidheacht anois chor ar bith mar a bhíodh roimhe seo
+
An uair a thosóchas an saoghal ag dul in aghaidh duine mar sin, agus an díleághadh ag bualadh a mbeidh aige, b'fhearr dhó mála na déirce a fháscadh aniar ar a dhruim agus a dhul ag iarraidh a chodach ó theach go teach. Is mó a bheadh dhá bharr aige faoi dheire thiar thall
An bhfeiceann tú an díthreabhach sin thoir — M. J. Ní díol truaighe go dtí é. Nacharbh fhearr dhó sin go mór fada anois, an giodán sin a dhíol amach agus imeacht ar an scuir, sin nó mála na déirce a chuir air fhéin, ná a bheith ag iarraidh muiríne a thógáil idir dhá chlochar annsin
TUILLEADH (4) ▼
Sí an bhean a chuir mála na déirce air — a chuir ag caitheamh na miotán é — i gceann mar bhí sé. Ní sheasfadh airgead na h-airrí di
Diabhal mé go mb'fhiuntaighe dhó mála na déirce a chur air féin ceart ná a bheith ag imeacht ag iarratas mar sin. Níl nídh dhár dhealbh an ghrian dá chuid féin aige, ach rithte ag an gcomharsa ag "Begéaracht" 'chuile ré soluis
Mara bhfuil mála na déirce air, is gearr go mbeidh, má mhaireann dó ins an meath a bhfuil sé. Dheamhan luach leithphighne mhaith a rinne sé i gcaitheamh na bliana anuiridh; ach ar a chuairt is 'chuile theach ar an mbaile, sin nó ag déanamh bolg le gréin ar chnocáin
'Sé atá ag dul indiaidh 'mhullaigh i mbealach a bhasctha ceart má phósann sé an sladuidhe sin. Chuirfeadh sí sin mála na déirce ar an sean-Iarla a bhí annseo, agus ba mhaith saidhbhir an fear é
+
Déirce dhá chuid féin do'n amadán (do'n bhacach) = a chuid féin a thabhairt do dhuine, mar dhóigh dhe nach mba leis chor ar bith é, ach go raibh tú ag cur chumaoine air nó ag déanamh gar dó as ucht a thabhairt dó
Thug sé coicín féir do Sh. anuiridh agus rinne sé an oiread cainte dhá mhaoidheachtáil air, agus dhá mbadh chruach óir a bheadh ann th'éis gurb ar thalamh S. féin a bhain sé é. Déirce dhá chuid féin do'n amadán 'ar ndú'. Tá sé ag baint bearraidheacha de Sh. Cá'id an talamh sin aige anois gan pighinn gan bonn?
TUILLEADH (4) ▼
Ghlaoidh mé féin dhá phionta, agus dhá phionta eile th'éise sin (thar a éise sin). Ní ólfadh seisean an dárna pionta. Shín sé anall chugam féin é. "Déirce dhá chuid féin do'n amadán" arsa mise. Sciorradh focail a bhain dom, ach sílim nach mórán slaicht a bhí aige orm faoi
Chaith mé an lá ag coinneál "cigarettes" leis. Dheamhan an ceann féin a thug sé dhom. Bhí go maith nó go raibh mé féin feidheartha trathnóna. Sin é an uair a tharraing sé amach nuitín beag bídeach nach dtóigfeá as an lathach, agus shín sé anall chugam é. Ba shin é an déirce dhá chuid féin do'n bhacach, ar chuma ar bith
Níl léigheamh ar bith uirre — níl sin. Deir tú léithe an oíche faoi dheireadh a chuir fios ar cháca, ar uibheachaí agus ar shiúcra anoir chugainn in áit ar casadh clann J. L. 'na tighe aice. Chuaidh mé fhéin soir ann ar cuairt d'fhuireasbhaidh mo chuid tae, arae d'árduigh sí léithe an t-aon-cháca a bhí fuínte ins an teach. Ara a mhic ó, ar a theacht faoi'n dorus dom, bhí na mílte fáilte romham, agus ní maith a bhí mé istigh ar lom an urláir nó gur cuireadh isteach ag ól tae mé. Siúd é an áit a raibh biadh gan chuntas ag Feara Fáil. Déirce dhá chuid féin do'n bhacach arsa tusa
Má tá siad dhá síneadh againn le leath-láimh nach bhfuil an leath-láimh eile thíos in' u' (ar) bpócaí aca dár gcreachadh. Feacha an cíos, an t-airgead acraí, tobac, tae, siúcra agus eile. Nach bhfuil tú ag íoc dúbalta orra sin? Agus annsin síleann tusa go bhfuil leat má chaitheann siad cupla scillingín "dole" agad. Sin é an déirce dhá chuid féin do'n amadán, ar chaoi ar bith
b.
+
Ba bhuidhe déirce leis é a fháil = bhí sé an-tsásta é a fháil; theastuigh sé uaidh cho géar sin agus gur altuigh sé Dia, agus an duine a thug dhó é, ó chroidhe
Fuair mé chúig cinn de "fags" — Sweet Afton" trathnóna agus deirimse leatsa go mbadh bhuidhe déirce liom an teirgéis sin féin [a] fháil. Bhí mo theanga bheag amuigh ó mhaidin cheal ghail
TUILLEADH (4) ▼
Thug sé gearradh [...]adhair dóib siar cho fada le tigh J. ach chinn air aon-bhean a fháil ar an réim sin. Bhí sé in a ghamal ins an deireadh. Baintreach as D. U. ab éigin dó a phósadh ins an deireadh. Ba bhuidhe déirce leis í sin féin a fháil. Marach í sin, bheadh sé ar an tráigh thirm. Dheamhan bean faoi'n mbogha bán a phósfadh é ar aon-nós — an stramhasachán bradach
Trí ceathramhnaí unsa tae: sin é a bhfuil na daoine a fháil. Ach is buidhe déirce le na daoine an méid sin féin. Dhá mbeidís taobh leis an scudalach eile sin — an "coffee" — bheadh na daoine tolgtha ar fad
Ní raibh aon-bhróig ag gabhail leis an dá chonuas sin, agus d'íoc mé mo chúig déag agus dá fhichead orra sin féin. Ba bhuidhe déirce liom a bhfáil ar an gcuntar sin féin, arae bhí mé de'n tsaoghal ag an sean-phéire a bhí agam. Seo í an aimsir nachar mhór do dhuine bróga maithe ar na buinn. Tá 'chuile mhíle áit báidhte
Ní bhfuair mé ann ar mo phíosa dhá scilling ach cupáinín tae cosnochttha, ach ba bhuidhe déirce liom an méid sin féin, arae bhí an ghearradh-ghíonnach in mo stéigeachaí, ach dhá dhonacht dhá raibh mé leis an ocras, ba mheasa go mór mé leis an tart. Bhí íota orm. Is diabhlaí nach n-osclóchadh tighthe ósta ann lá de'n tsórt sin, agus a mbíonn cruínn ann
+
Ba mhó (?) déirce leis é a fháil = ba bhuidhe déirce leis é a fháil
Ba mhó déirce liom rud ar bith a fháil ins an deireadh, bhí mé idteannta cho mór sin
TUILLEADH (4) ▼
Shíl mise nach mba stró ar bith péire bainbh a fháil le ceannacht ann, ach bhí sciobadh orra. Ní raibh fágtha ins an deireadh ach dhá luichín bheaga bhídeacha agus ba mhó déirce liom iad sin fhéin a fháil. Níorbh fhiú liom an tabhairt sin a chur orm féin lá eile agus cho cruadhógach agus atá an uair
Fuair. "Meiricins". Ba mhó déirce liom iad sin féin a fháil ins an deireadh ó a chinn 'chuile shórt eile orm. Tá an saoghal in a chíor-thuaithbhill anois an uair nach féidir le duine gail a fháil
Fuair muis! … B'éigin dom a dhul cho fada le D. Th. féin, agus ba mhó déirce liom a fháil annsin fhéin. Diabhal mé gur shíl mé go dtiocfainn abhaile aríst agus mo dhá láimh cho fada le chéile
Clogs … sin é a bhfuair mé. Níl tada eile istigh ar shlata na Gaillimhe; ná níl a fhios cé'n uair a bhéas. Tá candáil ar na "clogs" féin ann: fir Achréidh ag sceanadh a chéile dhá gceannacht. Ba mhó déirce liom tada a fháil th'éis m'aistir agus m'anró. Tá leathar féin ar a ghainneacht ann. Ba bheag nachar chinn sé orm ábhar péire tosaigh a fháil do C. Má mhaireann an cogadh seo i bhfad eile beidh na daoine indroch-arán. Deir siad muise go bhfuil na "Germans" ag beodhchan suas aríst
c.
cuid an bheagáin, an ghann-chuid, cuid Pháidín de'n mheacan.
+
Céard atá aige ach an déirce bheag sin. Dhá mbaintí an teirgéis sin dhó (dhe), ní bheadh luach leithphighne aige = an "dole"
An déirce bheag sin féin, marach é, bheadh cuid de na daoine thart
TUILLEADH (1) ▼
Tá siad ag déanamh tighthe as éadan ann, agus gan cianóig dhár dhealbh an ghrian ag an dream atá ag dul a' comhnuidhe ionnta ach ag forcabhás ar an déirce sin (dole). Dream atá ar an scuir — poilitéaraí — ar fad atá ionnta. Diabhal mé gob (gurb) orra atá meas uiliog anois. Cuirfidh mé mo rogha geall leat gur túisce a gheobhfadh duine aca bean, ná fear a mbeadh cáil mhór air
d.
rud a tiubharfaí duit go doicheallach, nó a thaidhbhseochaí agus thú dhá fáil.
+
'Sé'n déirce rud ar bith a iarraidh air = tá sé doicheallach daoitheamhail
'Sé'n déirce a dhul ag iarraidh ceap air siúd. Cé'n bhrigh ach má chaitheann tú casúr a iarraidh in a cheann sin! Caithfidh sé leath-uair an chluig ag cur fainiceachaí ort fútha
TUILLEADH (4) ▼
Níl ann ach an ghann-chuid, agus an méid sin féin ní mian leo a dtabhairt uatha gan a dhul ag duilleoireacht orra. Rud ar bith a gheobhas tú ins an áit chéadna 'sé'n déirce é: bíonn an mhaith bainte as
'Sé'n déirce "fag" ar bith a fháil anois — ins an tír seo ar aon-chor. Ach deir siad go bhfuil siad fairsing go leor fútha siar
Go bhfoiridh Dia ar do cheann a ghiolla sin. Má bhíonn tú i gcleitheamhnas na bulóige siúd, 'sé'n déirce tada a fháil uaidh. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bheitheá dhá iarraidh air, dhéanfadh sé an oiread sin cainte faoi
Shílfeá gur déirce a bheadh sé a thabhairt duit dhá n-iarrthá tada air. Is mór an t-iongnadh go bhfuil sé ag díol tada, agus cho daoitheamhail agus atá sé. Ní dhíolfadh ach an oiread, meireach an áit a bheith faoin a mhullóig féin aige, agus nach bhfuil aon-dhuine le dhul in a bharr air
e.
grádh diadha.
·
Is beag an déirce (grádh diadha) atá ann nach gcaithfeadh pighinn ag an bpáiste bocht
·
Cé'n chaoi a bhféadfadh aon-sciúrtóg a bheith aige agus a gcaitheann sé ag déanamh déirce. Níor eitigh sé fear ná bean déirce ariamh in a shaoghal
Má ghníonn sé an oiread sin déirce (má thugann sé an oiread sin déirce uaidh) is iongantas nach gcloisfeadh na daoine é cheana
+
Rinne sé de dhéirce air é. Maidir le go mba bhfiú an bhó deich bpunt, níorbh fhiú muis. Ach bhí sé graddiadhail, agus scrúd sé é an ceann eile a fheiceál gan cuid na h-oíche
Maran de dhéirce a rinne sé uirre é, is mór an t-iongantas gur chuir sé an chruach sin scór. Níorbh fhiú tada len a leath í
TUILLEADH (2) ▼
Chaith sé aige é de dhéirce. Bhí truaighe aige dhó agus an t-áilín lag atá air. Ach is maith danra a bheadh sé le duine ar bith eile. Ní leigfeadh sé uaidh cho bog sin é
De dhéirce muis a scaoil sé uaidh an roínn fheamuinne sin. Ní slad-mhargadh go dtí í
f.
·
Dhíol sé an déirce (cf. díol)
díol (díon) déirce (cf. díol)

Féach freisin

déirce in iontrálacha eile (29)

 
abair
Déarfainn gur suarach an éadáil do dhuine ar bith a bheith i dtuilleamaí déirce bheag de'n tsórt sin
 
deamhan 1
Dheamhan an ceann muis. Dheamhan é. Ba díol déirce le na daoine "na Meiriocánaigh" féin a fháil anois, ach níl siad sin féin ann
 
dia 1
Torm (tabhair dhom) déirce in onóir Dé agus Mhuire
 
diaidh
Do dhubhshlán an bhoichteanacht a shamhlú anois leis. Is maith an scathamh ó a d'fhága sé in a dhiaidh í. Dhíol sé an déirce mar adeir an ceann eile.
 
Má's ag tóruigheacht an díogha atá tú ceannuigh "Kerry Blues". Déarfá nach bhfuil mórán gaisce ar na "Weights", ach is fiú ór iad len a ais siúd. Dhóighfidís an carbad ionnad, agus ní bheitheá seachtain dá gcaitheamh go mbeadh criotán ort. Níor airigh mé aon-phuth casachta ariamh gur thosuigh mé dhá gcaitheamh. Ach cé'n neart atá ag duine air. Is díon déirce le duine cineál ar bith a fháil anois. Bím thart cheal gail scaithtí, agus tá anam duine orm an uair a bhím ar an gcaoi sin
+
díol 1
Dhíol sé an déirce = d'eirigh sé as an lathaigh; d'eirigh sé as an donacht, nó as an mboichteanacht
TUILLEADH (6) ▼
Ní raibh béilí na h-oíche aige sin nó gur phós sé, ach dar fiadh dhíol sé an déirce ó shoin. Is fearr eirghe as ná tuitim ann in a dheidh sin.
Ó a rinne siad an teach nuadh, dhíol siad an déirce. Tá sruth agus gaoth leo ó shoin
Dar mo choinsias ní aithneochaidís daoine dona ó a dhíol siad an déirce. Galántacht agus gailimaisidheacht uiliog ó shoin iad. Onóir — onóir dhona!
Má dhíol siad an déirce féin, dheamhan a bhfuil dhíob mar atá tuilleadh a bhí bocht agus a d'eirigh suas. Cuid de'n dream seo a fuineadh agus a fáisceadh as an mboichteanacht, cho luath agus a eirigheas siad as an lathach chor ar bith, ní leigfidh siad orra féin go bhfeicfidh siad thú. Ach iad-san, diabhal mé go bhfuil siad cainteach carthannach agus nach ndúinfidh siad a súile ar aonduine, bocht ná saibhir
Dhíol sé an déirce ach m'anam má dhíol nach ingan fhios dá chnámha féin sin. Tháinig sé isteach annsin thuas áit nach raibh slí do choise de thalamh, agus an méid sin féin cho maolscreamhach leis an bpláta sin. Chuir sé a chuid alluis leis. Bhí sé amuigh moch agus deireannach ag obair agus ag luadhainn, ag rómhar agus ag fuirseadh. Rinne sé cat agus dhá rioball ann. Ach rinne sé sean-fhear dhó (dhe) féin fiche bliain roimh an ám freisin
Díolfaidh sé siúd an déirce má ghníonn éadan agus triollús dó é. Dheamhan fear a chonnaic mé ariamh a bhuailfeadh faoi 'chuile rud ach é. Chuaidh mé síos thairis an lá faoi dheire agus é ag déanamh láthair mhuirtéil ar an tsráid. "Cé l'aghaidh í" arsa mise. "L'aghaidh giall a chur ar an tobar" adeir sé "igcaoi agus go bhféadfar buicéad ar rópa a leigean síos ann an uair a thiocfas an triomach." Fear ar bith a chuimhneochadh ar inntreacht de'n tsórt i mbrollach an Earraigh, is fear é a dhéanfas cúis mise i mbannaí!
+
díol 2
'Sé díol na déirce é; is mór an díon déirce é; is díol déirce é (deirtear "díon" in áit "díol" go rí-mhinic ins an bhfocal seo ach tá díol ann freisin)
TUILLEADH (13) ▼
Tháinig sé isteach chugam ag iarraidh a chodach. "Níl a fhios agam" arsa mise leis "an tusa nó mise díol na déirce. Beidh punt cruinnighthe agad-sa trathnóna, ach dhá gcuirinnse mo shúile ar chipíní, ní bhéarfainn ar phunt in imeacht míosa." Nach raibh an fhírinne agam?
Má tá tada le tabhairt uait agad, níl díol déirce ar bith ins an tír is mó ná mé féin. Ná caith do shean-treabhsar ná do shean-bhróga ag aon-cheannuidhe. Foghanfaidh siad domsa. Agus aon-phighneacha airgid a bhéas ar sliobarna agad, cuímnigh go bhfuil fear annseo ag béal an bhóthair a bhfuil scóig cho spalptha aige agus a bhí ag S. G. an lá ar chaith sé go trathnóna ag súimínteacht le aon-phionta amháin, cheal luach an darna ceann!
Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon-cheo daille orra ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buidheachas le Dia. Tá sé annseo thoir agus é in ainm agus gan spré a bheith aige, agus 'séard a bhí sé a dhéanamh rómham an oíche cheana ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nar léar dom an cró innte, mara bhfaghainn ó ló í …
'Sí an inghin díol na déirce anois ar chaoi ar bith: fágtha istigh annsin ar an tráigh thirm, agus gan bonn spré le fáil aice. Dar príosta is gearr go mbeidh clann an dearbhráthra in araidheacht a bpósta iad féin
Dheamhan duine thiar annsin nach díol déirce; greamuighthe thuas annsin ar leiceann cnuic agus gan aon-talamh in Éirinn is maolscreamhaighe ná é. 'Siad is fhearr ar bith agus a bheith indon maireachtáil a dhéanamh ann. Ach 'ar ndú' níl siad ag déanamh aon-mhaireachtáil ann
Bhailigh siad an phighinn bheag agus an phighinn mhór leo, agus níor fhága siad bonn bán ag an dearbhráthair. Tá sé annsiúd anois fágtha ar a thóin, agus é in a dhíol déirce. Ní tada eile é
Ba díon déirce liom é a fháil = ba bhuidhe bocht liom é a fháil; ní raibh tada agam, agus theastuigh an rud sin go géar uaim. Mara dtugtaí dhom é, is beag nach n-iarrfainn ina dhéirce é
Go dtugaidh an diabhal thairis é muis, gan díobháil gan dochar duinne. Ba díon déirce leis é a fháil an chéad-uair, ach anois ó atá a ghaisneas bainte aige as, agus é eirighthe as an lathaigh, níl aon-mheas aige air. 'Ar ndú 'ar aon-chor dhíol sé an déirce ó a chuaidh sé ins an teach nuadh
Tháinig sé isteach annseo lá ag iarraidh "bicycle" len a dhul Gaillimh. Ba díon déirce leis a fháil. Chuaidh sé annsin, agus bhris sé agus réab sé é agus d'imigh sé air gan aon-ghaoith a chur ann. Thug sé 'chuile dhroch-úsáide ba mheasa ná a chéile dhó. Agus barr ar an diabhal ar fad níor thug sé abhaile go ceann trí seachtainí é
Sin é a bhfuil de phosta aige agus ba díon déirce leis é sin féin a fháil. Tá mise ag ceapadh nach bhfuil foghluim ar bith air siúd. 'Ar ndú dhá mbeadh, d'eireochadh rud eicínt níos fhearr leis ná a bheith as cíonn bóithrí — rud atá 'chuile scráibín ins an tír a dhéanamh
Is díon déirce liom "na Meiriocánaigh" féin a fháil, an uair a chinneas 'chuile sholáthar eile orm. Tá neart aca tharta freisin, ach mise i mbannaí nach mise ná thusa a gheobhas iad. Coinneochaidh siad sin dá nduine fhéin iad — do na daoine móra seo — póilíos, máistirí scoile, agus bossannaí bóthair. Fanadh béal na truaighe uatha
Rinne sé an oiread iarratais, agus é dhá eiteachtáil is 'chuile áit agus go mbadh díon déirce leis bean ar bith a fháil ins an deireadh, dhá mbadh inghean ceannuidhe "reaigeannaí" féin í. Shílfeá go raibh a dhóthain teacht i láthair ann muis, agus a dhíol bráigill air, le go mbeadh mná ins na cosa in áirde in a dhiaidh. Ach thug siad uiliog fuath dhó hébrí cé'n fáth a bhí leis
Chaith sé bliain ag tóruigheacht tighe agus é ag cinnt air aon-áit a fháil. Ba díon déirce leis faoi dheireadh thiar thall gur scaoil M. Ph. Mh. isteach é. Má tá sé daor féin, ní cás dó é teálta ar bith a bheith as a chionn, agus a dheacracht agus atá sé teach a fháil gan lán laidhre
 
Tá caint mhór ag Sasana ar na dlighteanais atá amuigh aice ar an tír seo, ach níl caint ar bith aice gur bhain sí amach ar gcuid talmhana le créatúlacht, agus go bhfuil sí anois ag iarraidh orainn a íoc ar ais léithe. Déirce dhá chuid féin do'n amadán. 'Seadh inDomhnach. Is fir gan fuil iad muintir na h-Éireann má thugann siad "na h-Annuities" di. Ach tá cuid aca ag strócántacht ag iarraidh a dtabhairt di. Muid féin a dhíol a chéile ariamh — ariamh ins an saoghal
+
droim
Coinnigh daingnighthe air anois, agus ná díol oiread agus ualach amháin leis aiste, mara gceannuighidh sé faoin a druim uait í. Má theigheann tú ag sceidínteacht léithe ní bheidh a leath oiread dhá barr agad agus a bheadh len a díol faoin a druim. Cuileálfaidh sé 'chuile fhód fliuch ag gabhail léithe. Feicfidh tú féin air gur díon déirce leis a fáil amach annseo nuair a bhéas sí gann. Beidh sí thrídh lasadh faoi Fhéil' Bríde seo chugainn
TUILLEADH (1) ▼
Má's leat gan a bheith de dhruim tighe, leigfidh tú de chúrsaí de'n tsórt sin. Dheamhan duine ariamh dhá bhfaca mé ag plé leo, nach hé mála na déirce a d'fhágfaidís air ins an deireadh. Ag súil le gnóthachan a chailleas an cearrbhach adeir siad.