Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Draoidheadóir
/drīdōr′/
ainm-fhocal, fireann.
1.
draoi; duine a mbeadh buadhannaidheacht thar cíonn aige.
·
Rug an draoidheadóir ar a shlaitín dhraoidheachta agus tharraing sé iarraidh dhi ar an gcú, agus rinne sé bean di
Draoidheadóir a bhí 'san gcailligh agus chuir sí geasa air
2.
an luighe is mó atá is an gcaint anois air: duine a mbeadh go leor nathaidheachta aige, nó a bheadh ag imeacht ag cleasaidheacht i gcois íseall, nó a bheadh in a ghleacaidhe nó a leithid.
+
Tá an draoidheadóirín sin thíos ar an mbóthar ag tiacht aríst. Mise imbannaí go bhfuighidh sib caint agus nathaidheacht anois
Is diabhlaí an draoidheadóir de dhuine é. Níor bheo é mara mbeadh sé ag dul thart mar sin ag déanamh ballodhair de 'chuile dhuine. Fhobair nach bhfuair sé luach a chuid gnaithí ó Sh. Ph. an oíche faoi dheireadh
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn sé ag imeacht in a dhraoidheadóirín mar sin síos faoi chladaigh i gcomhnaí, agus gabhfaidh sé i bhfalach má fheiceann sé aonduine ag déanamh air. Shílfeá gur fear luibheannaí é an deis a bhíos air
Tá an draoidheadóirín is mac dó ibhfus ar cuairt indiu. Is deacair an ceann céadna a bharraidheacht

Féach freisin