Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
draíodóir
/drīdōr′/
ainmfhocal, fireann
1.
draoi; duine a mbeadh buannaíocht thar cionn aige.
·
Rug an draíodóir ar a shlaitín dhraíochta agus tharraing sé iarraidh dhi ar an gcú agus rinne sé bean di
Draíodóir a bhí sa gcailligh agus chuir sí geasa air
2.
an luí is mó atá sa gcaint anois air: duine a mbeadh go leor nathaíochta aige, nó a bheadh ag imeacht ag cleasaíocht i gcois íseal, nó a bheadh ina ghleacaí nó a leithid.
+
Tá an draíodóirín sin thíos ar an mbóthar ag teacht aríst. Mise i mbannaí go bhfaighidh sibh caint agus nathaíocht anois
Is diabhlaí an draíodóir de dhuine é. Níor bheo é mura mbeadh sé ag dul thart mar sin ag déanamh baileabhair de chuile dhuine. Fhóbair nach bhfuair sé luach a chuid gnaithí ó Sh. Ph. an oíche faoi dheireadh
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn sé ag imeacht ina dhraíodóirín mar sin síos faoi chladaí i gcónaí, agus gabhfaidh sé i bhfolach má fheiceann sé aon duine ag déanamh air. Shílfeá gur fear luibheannaí é an deis a bhíos air
Tá an draíodóirín is mac dó abhus ar cuairt inniu. Is deacair an ceann céanna a bharraíocht

Féach freisin