Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duiniúil
aidiacht as duine
fc. duine
mar a bheadh duine; gan a bheith coimhigheach ná dúnárasach, ná cho leitheadach agus nach bhféadfaí labhairt leis; fáilí, tíriúil; teanntásach; cuidiúil.
+
Tá sí lách duiniúil ar aon-nós. Maidir leis an dream eile sin a bhíos ag dul thart annsin ní bheadh a fhios ag duine céard adéarfadh sé leo
Ara tá siad deas duiniúil shoir agaibhse ní dálta na slóchtaithe é. Ní bheadh a fhios agad cén puinnte a dtiúrfadh an slóchtaí sáth scine dhuit. Feacha P. Nach bhfuil an t-aibheirseóir ag rinnce san dá shúilín siúd atá aige!
TUILLEADH (5) ▼
Bí deas duiniúil cuidiúil le na daoine agus ní baol duit. M'anam nach baol!
Bhí M. D. an-duiniúil. Ní fhaca tú aon-duine ariamh de strainséara ba ghleóite ná é. Ní iarrfadh sé go deó ach ag imirt chártaí. Mara mbeadh comlán aige rithfeadh sé amach ar fud an bhaile dhá dtóraíocht
Dhá mbeadh sé sách duiniúil bheadh gnaoi air thar mar atá. Ach tá sé ro-choimhigheach. Ní mórán le go mbeannódh sé dhuit anois len a chastáil ort
Ní bheadh sé in araíocht ag duine bleid chainte a bhualadh air sin, mar níl sé sách duiniúil. Is beag an baol air
Th'éis cho h-árd agus atá sé i bposta, diabhal mé go bhfuil sé go duiniúil agus go gleóite in a dheidh sin. D'fhéadfá a dhul ag seanchas leis mar a dhéanfá le duine den bhaile. Níl cóirí catha ar bith aige. Dheamhan a shúil.

Féach freisin