Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
de

díot (46)

 
fliuch 2
Bain díot na héadaigh fliucha
 
foirm
Go bhfuil siad in ann an cloigeann a bhaint de dhuine agus cloigeann eile a chur air! Go dtuga Dia ciall duit! Níl do scéal i gclár ná i bhfoirm! An dtabharfása cead an cloigeann a bhaint díot fhéin?
 
Ná fág do chuid gruaige i bhfad eile gan baint díot
 
féar
Fiafraím díot, cén chaoi a ndéanfaidh muintir na háite seo an saol a ríochan, nó go ndéantar a bhfuil tusa a rá. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar, ab ea. Mar a chéile sibh ó sháil go rínn. Tá sibhse chomh dona le dream ar bith eile
 
Bain díot an cóirséad sin chomhuain is a bheas tú istigh nó ní aireoidh tú ort fhéin chor ar bith é ar a dhul amach faoin bhfuacht duit aríst.
 
I nDomhnach níor thug tú abhaile leat go bhféadfá aon cheo a chaitheamh in mo bhéalsa. Ba mhinic a bhain mé an t-ocras díot fhéin, agus den bhratainn chlainne atá agat.
 
Má fheicimse ar bóthar ná ar bealach díot uaidh seo amach, íocfaidh tú ann (athair ag smachtú páiste)
 
Déanfaidh mé brúitín díot le iarraidh.
+
buille
Ní aireoidh tú choíchin go dtuga sé cuaifeach de bhuille dhuit — buille céatach — a dhéanfas pleibistín díot ar áit na mbonn.
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaigheann tú buille acub siúd (.i. de na buillí áibhéile atá aige), déanfaidh sé ceirtlín díot.
 
Má chloisimse go ligfidh tú amach aon smid den méid seo, bainfidh mé an teanga amach ón dúid díot.
 
'Íoc amach m'ardchíos liom go beo,' adúirt an gaiscíoch, 'nó bainfidh mé an ceann anuas ón dúid díot'
+
Bain díot anuas an cóta sin anois go beo deifreach agus ná bí ag imeacht dhá mhilleadh
TUILLEADH (1) ▼
Bain díot anuas na héadaí fliucha sin go beo nó tolgóidh tú an t-éag astub
 
fonn
Ní chasfaí spéice foinn ar bith agat! Má tá, anois atá agat cur díot. Má chloiseann sé seo istigh amhrán ag dul thar a theach, spréachfaidh sé, agus gheobhaidh tú spóirt air
+
imigh
Ní chuirfidh aon cheo an chearc bhradach sin ag imeacht díot ach neart fuisce — ní ruaigfidh aon cheo an slaghdán sin ach cuid mhaith fuisce
TUILLEADH (1) ▼
Má tá an t-imeacht ort, caithfidh tú cur díot — má tá sé ar do chrann bás a fháil, gheobha tú bás
 
imirt
Ó casadh ar chlár an himeartha thú, caithfidh tú cur díot — ós rud é go bhfuil tú in áit nach féidir leat teitheadh ná "rith maith" a dhéanamh, caithfidh tú cur ar do shon féin, nó insin cén t-údar go raibh do phlé le duine nó le cúrsaí áiride
 
ith
Dhá gcaitheá dhá lá do shaoil ann, ní fhiafróidís díot ar theastaigh greim le n-ithe uait
 
Cá'il mo shlíse fiafraím díot? Tá mé ag coinneáil snáth faoin bhfiacail agus sách rite atá sé sin fhéin ag gabháil liom
 
fuacht
Bainfidh an ghailleog seo an fuacht díot
+
Tá an pórtar seo mulláilte agam duit. B'fhéidir go mbainfeadh sé an slaghdán díot. Ná tabhair cead dó fuarú. I dteas bhainne na bó is fhearr a ól
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dteagtá abhaile nuair a chuir sé fios ort b'agat a d'fhágfadh sé an áit. Bhí sé ag súil leat i gcónaí. Rinne sé neamhshuim díot sa deireadh nuair nach raibh aon chosúlacht teacht ort. Sin é é i gcónaí: an té a bhíos amuigh fuaraíonn a chuid
 
fuar 2
Cén talamh atá aige anois, fiafraím díot? Eascaí fuara agus cíocraí. Cá'il an talamh cuir?
 
'Cuirfidh mé trí cheist ort,' adeir sé, 'agus mura bhfuasclaí tú iad, bainfidh mé do cheann agus do chamán beatha díot. Cé is gaire dhuit do léine ná do chuid éadaigh? … '
 
daol
Má airíonn tú an daol — an t-ardú — do do bhualadh, níl agat a dhéanamh ach bualadh fút ar bhall na háite go gcuire tú díot é
 
dearmad 1
Ná baineadh aon dearmad díot anois. Déan do theachtaireacht ceart
+
de
Bain díot (do chuid éadaigh)
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh mé an t-aon lá amháin díot — maróidh mé thú ar áit na mbonn
Scaoil díot na héadaí fliucha sin
 
deifir
Imeoidh an deifir díot fós ach a mbeidh tú chomh sean liomsa
 
deoir
Ní fhágfainnse deoir in do haon a hairt murach nár éirigh liom a bheith ar an taobh ceart díot
 
dia 1
Ní dhéanfaidh tú é nó go ndéana Dia Diarmaid díot (dearmad ort fc. Diarmaid)
 
Ar ndóigh bhí sé ag plé le ceann a bhí chuile orlach chomh doghrainneach leis féin: M. seo thiar. Níor thug sé sin aon tsásamh d'aon duine ariamh, agus diabhal baol a bhí air é a thabhairt do Sh. Chaith siad an-fhada ag cothaíocht le chéile, agus chaon duine acu ní ba mheasa ná a chéile. 'Dar diagaí,' adeir M. faoi dheireadh, 'déanfaidh mé aon lá amháin díot a Sh. shalach na míol. Rinne T. Mh. eadarascán ansin agus d'ardaigh an dream thiar M. leo abhaile. Murach gur ardaigh chuirfeadh sé luí fia ar Sh.
 
domhain 1
Dhá n-éiríodh sé dhuit ar an domhain, dheamhan cladach a d'fheicfeá go ndéanfadh Dia Diarmaid díot. Ná baol a bheadh ort!
 
dorn
Má fhaighim dorna ort déanfaidh mé aon lá amháin díot a (s)coirbín
 
Dar seo agus siúd muis, mura gcaithe tú díot drandal an mhagaidh sin atá ort fúmsa, beidh rud ar a shon agat. Tá mé ag éisteacht leat ansin ó mhaidin, agus is mór an acmhainn agam í (cur suas leat). Is tú an t-ealaíontóir is mó faoi na brait. Ag ceapadh atá tú go ndéanfaidh tú dóigh de na daoine chreidim, ach ní dhéanfaidh, ná baol ar bith ort. Ní faoi chearca a ligeadh amach aon duine ach an oiread leatsa le go ndéanfá ball séire dhíobh
 
Bhuel imíodh an drogall díot anois. Caithfidh tú a theacht in éindí liomsa
 
Nach é atá dronnach as an droim! Bheifeá ag gabháilt air sin go ndéanfadh Dia Diarmaid (nó dearmad) díot, agus ní ghoillfeadh sé a dhath air
 
Ní hin dubhliathán adeir tú ach breac geal! Dar príosta muise is groí an scéal é! Agus céard é dubhliathán ach breac geal fiafraím díot! Nach dteagann na bric gheala ón bhfarraige freisin ar nós na mbradáin. Cuirfidh mise geall leatsa nach bhfaighidh tú aon dubhliathán ar aon loch nach mbíonn bric gheala uirthi … Níl sa lochín sin thiar ach bric rua
 
dán
Níl aon mhaith dhuit ag caint. Feiceann tú féin nach bhfuil bualadh an ghráinne eorna ar dhánta na talúna. Cá'il sé. An bhfeiceann tú an spleodar a chuir sé (poitín) sa seanduine sin thiar: nuair a bhí aige a bheith ag cur brat na scaball (taiséadaigh) faoi réir dhó féin, gur bhuail sé amach ag iarraidh mná. Céard eile atá in ann é sin a dhéanamh fiafraím díot
 
Má fhaigheann sé é sin amach in do dhiaidh, déanfaidh sé aon lá amháin díot
 
díol 2
Cé hé díol an mhagaidh anois fiafraím díot — tusa nó mise. D'fhéach tusa le dhul ag magadh fúmsa, ach sílimse gur mise atá ag magadh fútsa. Mar adúirt an ceann eile: "Bíonn daoine ag magadh fúmsa nuair a bhainim an choirce glas; Ach bímse ag magadh fúthusan nuair a thiteas an gráinne as". Sin é a fhearacht agamsa agus agatsa anois é
 
Is maith nach mór duit a bheith ar do mhaidí nó gabhfaidh an dream sin suas ort. Is cuma leo sin é ach bearradh a bhaint díot, agus cead an diabhail a bheith agat ansin. Tá seanaithne agamsa orthu sin
+
Ná bain díot an hata a dhuine sin. Sin é an slacht uileag ort. Is breá atá sé ag dul duit
TUILLEADH (1) ▼
T'anam ón dacs é, níor thug tú an méid sin dó. Ní raibh aon phunt ag dul dó: dhá chrú tá cupla mí ó shin, agus dhá sheanchrú anois, agus thug tú gualach aige an uair dheireanach. Scriosadóir é má bhain sé an oiread sin díot. Tá rud le déanamh leis: a dhul ag gabha eicínt eile