Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
de
do 1

di (100+)

 
Is dalba an daibéad de bhean atá aige d'fhear chomh héidreorach leis. Dhá dtosaíodh sí siúd ag broimseálacht, bhí sé fánach aige aon cheart a bhaint di
 
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
 
Bhí mé thíos ann lá anseo anuraidh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag stróiceadh ag iarraidh a dhul síos chun bóthair. Ní ligfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le níochán nó rud fánach ar aon nós. D'iarr an mháthair uirthi é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá chomh daidhciúil agus a d'iompaigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh fhad is a gheobhainn teas ina craiceann. Bhí sí dochorraithe freisin, ach níor lig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
 
daigh
Tháinig daigh eicínt isteach faoi bhun m'easnacha anseo anuraidh agus mé ag feamnú, agus sheadaigh sí mé go dtí sé seachtainí ó shin. Nuair ab fhada liom go raibh sí ag imeacht, shoir liom go dtí an dochtúr, agus thug sé buidéal dom. Ó chaith mé an buidéal, níor airigh mé ó shin di
+
dáimh
Tá dáimh aici sin le chuile dhuine sa tír más fíor di féin, ach 'sé gaol mhadadh Úna le madadh Áine é. Ar chuala tú ariamh é: "uisce fuar mo chreach agus gaol i bhfad amach". Sin é a fhearacht aici sin é
TUILLEADH (1) ▼
Is dual dáimhe agus daoine di cúl a cainte a bheith léithe. Níor lig a máthair aon duine thairti ariamh gan sclamh a bhaint as
 
Nach tú a chuir an glas-shnaidhm daingean uirthi. Tá faitíos orm go gcaithfidh tú an scian a thabhairt di
+
dairt
Má bhíonn báirseach de bhean in t'éadan ó mhaidin go faoithin, b'fhearr go mór fada a dhul ag caitheamh dairteachaí leis an ngealaigh ná do shaol a chaitheamh ina bail. Tá caitheamh agus cáineadh ar an té a imeos uaithi. Bíonn sagairt ag cur dóibh agus mar sin, ach ní ag aon duine atá a fhios é ach ag an té atá in adhastar an anró é féin. Is gnaíúla go mór a fágáil ansin i dtigh tubaiste ná clann a thógáil ag éisteacht leis an ropaireacht sin i gcónaí. Mar cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat, an ceann acu a thosaíos ar an gceird sin, go bhfuil sé de bheith uirthi gan éirí as dá dtugtaí an saol mór di
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé chomh maith di anois a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le síleachtáil go gcuirfidh sí an oiread den dallach dubh air sin agus go bpósfadh sé í. Ní phósfaidh muise, chomh uain is a bheas grian ag dul deiseal
 
dall 2
Tá sí chomh dall agus nach léir di tada
 
Nach lena aghaidh sin atá sí ann. Cén mhaith di a bheith ina bean leanna mura bhfuil sí in ann an dallach dubh a chur ar dhaoine. Sin é a gceird sin ar fad: thú a choinneáil ar strapa go gcaithe tú an chianóig dheiridh. Bóthar agus bata a thabhairt duit ansin. Is cóir adúirt an té adúirt é: "Agus a liachtaí teach ósta ar ól mé ariamh coróin ann; Agus nach dtabharfaidís dom lóistín na hoíche"
 
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
+
dán
Dá mbeadh i ndán maitheasa di, bheadh sí ina suí feasta — ní dhéanfaidh sí aon mhaith; gheobhaidh sí bás
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon dán maitheasa di tá faitíos orm. Duine ar bith a dteangmhóidh an eitinn sin leis, ní féidir í a chur as a chrioslaigh
 
dána
Bád ar bith a thabharfadh rith cladaigh di féin ar na branraí dána sin, ní fhágfaí clár ar a corp
 
danra
Tabhair cead a comhairle féin di. Muran buil léithe a phósadh bíodh aici. B'fhéidir go bpósfadh sí ar ball é dhá mbeadh breith ar a haiféala aici. A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
 
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
Cá bhfágfadh sé an daoithiúlacht? Níor fhága sé slis ná dual di ina dhiaidh. 'Sé mac a athar ceart é. Ní hé a mhalrait é
 
daol
Ní giongach féin atá sí ach daol eicínt a bhuaileas í, agus chomh uain is a sheasas an daol sin, ní bhainfeadh Goll Mac Móirne ceart di. Caithfidh sí a comhairle féin a fháil
 
daor 1
Má leanann sé ródhaor mé, déanfaidh mise rud leis. Tugaimse raithneach na ngarrantaí sin thuas dó chuile bhliain. Dheamhan dosán di a bhainfeas sé lena mharthain aríst, má bhíonn sé róghéar é féin liomsa
 
Bhí sé cuibhrithe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinniúint air corraí di. Chuile uair dhá ligeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóite ar áit na mbonn. Ba in é an deasú air. Níl aon ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhainn a bheith aige le deis féin
 
'Tá P. thar cionn,' adeir sí. 'Tá M. go maith, agus dheamhan a bhfuil daorbhasctha de N.' Más fíor di féin é, níl call coláiste ar bith dóibh. Mhúinfidís a bhfuil sna coláistí cheana
 
Thug siad an dara hairt di ceart ansin i dtús an chogaidh (do Shasana) ach uaidh sin amach níor fhan sea na seoladh iontu. Thit an driull ar an dreall ar fad orthu ó chuaigh na Sasanaigh isteach don Fhrainc. Bhí siad (na Gearmánaigh) sna fáscaí ag teitheadh (/ə t′ɛ̄w/) uathu
+
Tá sí dathúil, ach ní i ngan fhios di féin é. Tá sí leitheadach dhá réir
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh sí chomh dathúil le Deirdre, ná le Helen fhéin hé brí cén sórt bean a bhí inti, is beag an mhaith di sin d'uireasa an spaigín
 
2
Ní féidir dé ná deatach a fheiceáil uirthi le seachtain murar bhailigh sí léithe aríst. Thiocfadh di
 
deacair 2
Níor íoc sí an fear fánaí a bhí aici! Is deacair di, agus gan é aici
 
Ní raibh scéal ná amhrán ag P. Mh. ach chabálfadh sé thú le dea-chaint. Bhí sí sin aige agus neart di. 'Má thugtar leasainm ormsa fhéin,' adeireadh sé, 'ní poll dóite ar mo chóta é sin'
+
Fág ag an deachma (nó an dul amú) an cosamar móna sin. Ní thoillfidh sí ar an dúchán, agus tá sí rómhionaithe le dhul ag déanamh aistir abhaile di. Ní fiú deich triuf í ar aon chor
TUILLEADH (4) ▼
D'fhan riar beag in mo dhiaidh. Chinn orm í a bhailiú ar fad (a bheith in ann a cur san ualach). Níl inti ach cunús ar aon chor. Má ghním mallach eile di, ní bheidh mé ach ag cur anró orm féin, mar ní choinneoidh na gadracha maoil sa maoil í. Nach fearr dúinn a fágáil ansiúd ag an deachma. Caithfidh an dul amú rud eicínt a fháil
Fág ansiúd ag an deachma í! Bail ó Dhia ort! Ní tú a fuair a hanró dhá baint. Feamainn bhreá chosach í aníos den Locháinín Thoir, agus tá cion boirdín an asail ann di. Síos leat agus ardaigh aníos í. Tá an iomarca spreallaireachta ort ar fad. Murach sin, d'fhéadfá í a bheith aníos cheana agat
Tá maith le chuile shórt sa muic. Níl scioltar thuas ar a craiceann go dtí an chrúibín féin nach gcuirtear caitheamh ann. Ach is mór atá ar chaora agus ar mhart nach bhfuil de leas ann ach a chaitheamh ag an deachma. Geir na caorach cuirim i gcás. Déanann sí anraith ceart go leor, ach cé a d'íosfadh í. Chuirfeadh sí col orm féin. Ní fhéadfainn breathnú uirthi, ní áirím blaiseadh di. Is duine an-éisealach mé ar aon chor
Ní bhainfidh muid an portachín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lomlán le dearglaoch agus an charcair bhán sin, agus sháródh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé ansin. Ní mór don deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabháil leis chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomaíodh dó mar nach dtugadh sé aon ghiollaíocht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aici fanacht ansin agus triomú uaithi féin. Nuair a bhíodh sí uileag ina scaradh ar an bportach aige i ndeireadh bliana, agus chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásaíodh duine an mhóin le S. Dh. 'sé an leathfhocal a bhíodh aige i gcónaí: 'ní mór don deachma rud eicínt.' Ba ghroí an duine é S. Dh.
+
Ba é an lá deacrach di, ní dhá roinnt léithe é, an lá a ndeachaigh brat pósta uirthi i dtosach. Is beag de shó an tsaoil a d'éirigh léithe ó shin
TUILLEADH (1) ▼
Faraor ghéar dheacrach má bhain mé aon fhód ariamh di. Féacha an aimsir sin! Nach gcuirfeadh sí carghas ar aon duine beo! Chuile lá ag baint fharasbarr dá chéile
 
Diabhal mé go bhfuil an chlais ghainimh siúd gan deacracht ar bith. Níl ort ach iarraidh den phiocóid a thabhairt di agus titfidh brúisc agat
 
Is deacair leis an gcasacht dealú leis. Tholg sé slaghdán cupla mí ó shin, agus ghreamaigh an chasacht dó ó shin. Shílfeá muis go bhfuil a dhóthain clúdaigh air, agus gur diachta di (don chasacht) greamú dó ar an gcaoi sin
+
dealg
I seanscéal tá cur síos ar fhear agus ar bhean ag siúl na coille agus é ag cinnt ar an mbean cathú a chur ar an bhfear cé nach cheal a shaothraithe é. Sa deireadh chrom sí síos. 'Céard atá ort,' adeir an fear. 'Dealg a ghabh in mo chois,' adeir sí, 'agus ní fhéadaim a bhaint amach.' Chuaigh an fear dhá bhaint amach di, agus sin é an chaoi a bhfuair sé fios di den chéad uair
TUILLEADH (2) ▼
Má tá a dhealg sáite inti sin anois aige, ní ligfidh sé di go gcuire sé síos sa talamh í leis an díol a thabharfas sé uirthi. Sin é an sórt duine é. An té a mbeidh sé ina aghaidh beidh sé ina aghaidh, agus níl aon mhaith a dhul ag brú air. Is duine é a thabharfas a chuid faltanais i gcréafóig leis.
Níl aon lá ó tháinig sí isteach ar an mbaile nach in é a ceird. Tá a dealg sáite aici ionamsa agus chuile shórt dhá bhféadfaidh sí a chur as dom déanta aici. Níor chomaoin di muis agus a liachtaí gar a rinne ar bhain liomsa di agus dá fear
+
deamhan 1
Dheamhan imithe di fós
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan a bhfuil le fáil di
+
déan 1
Shíl mé go bhfaigheadh muid fuílleach le déanamh agus cois a leagan ar thalamh tirim go brách. Bhí sé mór a mhic ó. Ní fhaca mise a mhacasamhail de lá ar farraige ariamh. D'iarr mé míle uair ar Mh. rith cladaigh a thabhairt di, ach sé a dtugadh sé de shásamh dhom i gcónaí: 'Coinnigh ort'
TUILLEADH (5) ▼
Is bean i dteannta anois í. Gheobhaidh sí fuílleach le déanamh agus aon fhear a fháil choíchin ó chaith an "t-ógánach" seo thoir i gcártaí í, ainneoin an fhad is a bhí sé ag tabhairt chomhluadair di. Tá na fiacla curtha go maith anois aici. Ba cheart di a bheith go hard sna déaga is fiche
Duine ar bith a thabharfas comhluadar di sin, ní dhéanfaidh sé a leas
Tabharfaidh sé léim eile di. An bhfeiceann tú ag déanamh a shlaite aríst é
Ní bhainfeadh an diabhal a béal di. Níl a béal déanta (capall) — capall nach n-imeodh leis an mbéalbhaigh. Ní ghabhfadh sí ar chaon taobh go réidh. Ní bheadh sí géilliúnach don chinnire nuair a chuirfeadh sé stró ar an mbéalbhaigh ar thaobh eicínt. Níor mhian léithe a dhul an taobh a mbeadh an cinnire ag iarraidh a tabhairt, leis an tarraingt a bhéarfadh sé don bhéalbhaigh
Thug an tarbh trí léim di, ach ní dhearna sé ach uair amháin í. Thug sí lao léithe mar sin féin
 
Casadh liom lá i nG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireanach déanach di, mar rinne mé trua di. Meas tú arbh iontaí liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugat, í a fheiceáil ag ceannacht cuingir bhullán ansin thoir. Ní fhaca mise aon amharc ar mo phunt ó shin
+
'Sé a raibh le déanamh léithe sin, cead a thabhairt di a dhul a chodladh ina troscadh nuair nach bhfuil aon mheas aici ar an rud a leagtar chuici
TUILLEADH (3) ▼
Dúirt mé léithe a dhul agus móin a fháil ó Mh. ó bhí sí chomh mór sin leis agus gur thug sí ar a bainis é, lá is nárbh fhiú léithe deoraí eile ar an mbaile a thabhairt ann. Dheamhan tiomanta caorán a thug mise di. Nach raibh an ceart agam, nó nárbh é a dhéanamh léithe é.
Ba ghearr briste amach iad an t-am a ndearna siad mór le chéile aríst. Tá siad mór ó shin. Gheobhaidh tú bainis orthu lá ar bith feasta. D'éireodh dhuit. Nach col ceathar dise thú?
An diabhal bocht muis, is furasta a díol d'fhear a thabhairt di anois! Dhéanfadh sí mór le duine ar bith a dhéanfadh mór léithe, ach is mór m'fhaitíos go bhfuil sí sa ngearradh dhíobh. "An tslat atá sean, ní fhanann uirthi aon mheas"
 
Ba é an lá ba bhreácha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé ina chalm orthu leath cuain. Shíl muid gur thosaigh deannóid bheag ansin, ach ní thabharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dheartháir mo chroí thú, chruthaigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirthi. 'Sé Dia féin a bhí buíoch dúinn an lá sin nár cuireadh go tóin poill muid. Tá mé taithithe ar an bhfarraige ó cuireadh banlámh de chóta orm, ach macasamhail na cuaifí sin ní fhaca mé ariamh agus nár lige Dia go bhfeicfinn go brách ach oiread. Níor fhan deannóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé chomh bruite sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di chomh tréan in Éirinn agus a bhí muid in ann
 
De dhéanta na fírinne, phósfainn í an uair sin, ach ní raibh sí féin sásta, ainneoin gur shíl chuile dhuine gur mise a chuir suas dise, ach ní mé
+
deara
Thug sí faoi deara é ar chúla an chlaí. Ní chorródh an chuileoig i ngan fhios di siúd. Tá sí chomh meabhrach lena bhfaca tú go hiomaí
TUILLEADH (4) ▼
'Sé an chéad uair ar thug sí faoi deara go raibh rud eicínt ag dul di an lá ar cuireadh SeanMh. Ar éigean a rinne sí an baile an lá sin le pian ghártha a tháinig ina taobh. Dhá dtéadh sí roimhe an uair sin féin, bhí aici, ach d'fhága sí mar [...] cion faillí, go dtí ráithe ina dhiaidh sin
Siúd é a chuirfeas faoi ndeara dhi aird a thabhairt ar a gnaithe. Má bhí saol na bhfuíoll aici san am a caitheadh, dar brí an leabhair, caithfidh sí obair a dhéanamh feasta. Tabharfaidh an seanchonablach siúd ruaigeadh na Muice Báine amach di chuile mhaidin
Nach gránna an faisean a thug sí faoi deara di féin, a bheith ag cur banlámh dhá teanga amach faoi chuile dhuine. Tá a muintir náirithe aici. Is mór an úis í
Má thugann sí faoi ndeara dhi féin tosaí ag baiceáil chor ar bith, do cheann fine ní chuirfidh faoi ndeara di tarraingt choíchin. An bhfuil a fhios agat an-phlean ag capall a bhíos ag baiceáil. Cuir ionga tobac in do bhéal agus cangail go maith é, agus scaoil isteach smugairle an tobac ina cluais. Cuirfidh mise mo rogha geall leat gur beag an bhaiceáil a bheas uirthi ansin. Féach léithe é go bhfeice tú
 
dearc
Bhí sí dhá dearcadh ar feadh an aifrinn. Shílfeá go mba mhór léithe di a seál nua
 
dearg 2
Ní dheargfaidh sí leis an ola ach an oiread. 'Sé an chaoi a múchfaidh tú í. Lig di ar fad go fóilleach. B'fhéidir di scinneadh amach ar ball
+
Bhí másaí agus bléin an pháiste ina ndeargán fré chéile ag na claibhtíní agus na pluideoga a chuireadh sí air. An bhfaca tú iontas ar bith ariamh gur mhair sé chor ar bith. Is beag an dochar di náire a bheith uirthi nach dtabharfadh aire thairis sin dhá páiste. 'Sí an tsiléig sin a fhágfas dhá bhfuireasa í
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn dream ar bith líofa ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas anseo anuraidh agus bhain sí slám duilisc, agus ní bheadh fí ná feáin uirthi mura ndéantaí deargán di. Diabhal a raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aici siúd. Thug sí a seaneire creathnaigh abhaile léithe. Nár ba é amháin dhá bhfuil suas ann. Chuile bheadaíocht dá mbíonn timpeall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orthu féin. Ní fhaca mé tada ag teacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas anseo ar mhaingín cnónnaí acu, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugat, ach ní fhaca muid aon amharc ar na cnónnaí ó shin
 
dearmad 1
Níl aon eolas aici ar na cruacha móna más fíor di féin, agus as mo chruaichse a thugas sí i gcónaí í (an mhóin) i ndearmad
+
Tá sí réidh le deasú anois ó d'imigh an ciseadóir. Sin é an buachaill a dheasódh í. Dhéanfadh sé ciseog nua di
TUILLEADH (3) ▼
Dheasaigh mé an cró sin thiar le glaicín thuí choirce an bhliain cheana, ach ní raibh buanadas ar bith inti. Is fhearr an tuí sheagail go mór, ach gan ligean di críonadh sula mbaintear í. Tá sé in acar le in am a dhul ag deasú anois muis
Deasaigh suas an tuí sin amuigh nó déanfaidh asail cis ar easair di
Deasaíodh sí isteach go maith faoina seál é, agus cén chall imní atá di faoi. Póilí ar bith a thabharfas faoi deara é, cá bhfios dó nach buidéal ola é
 
Tá sé ina dheibhil. Leagaidh oraibh féin agus tabharfaidh muid rith cladaigh di. Lá mór ceart é
+
Dhá bhfágtaí capall rófhada gan rud le n-ithe, thitfeadh déidín aici. Thit déidín ag capall le N. Th. fadó an lá. 'Sé mo ghéarchuimhne iad a fheiceáil thuas ina héadan sa gcró. Bhí chuile dheis acu léithe, ach chinn orthu ina dhiaidh sin. Bhí an giall craptha ar fad, agus as sin ní fhágfadh sé. Leagha na bhFiann ní dhéanfadh aon mhaith di … is cosúil gur fágadh rófhada ina troscadh í, ainneoin go mba set(dream) iad a thugadh an-ghiollaíocht don rud a bhíodh acu. Ach rinneadh éagóir uirthi ar chuma eicínt — rinneadh sin
TUILLEADH (2) ▼
Bhí déidín tite aici ag súil le geampa den fheoil, ach is túisce a chaithfinn amach san aoileach í ná a thabharfainn aon cheo di. Mharaigh siad féin dhá chaora le dhá bhliain agus b'olc fúithi iad. Ní fhaca muid mórán dá mbarr ar aon nós. Dheamhan ruainne ná sprúille muis!
Dheamhan gráinne tobac a gheobhadh sé uaithi siúd dhá dtiteadh déidín aige — dheamhan gráinne sin. Tá sí siúd crua coinneálach agus gar di féin. Ná bac thusa leis an té a fheiceas tú ag comhaireamh na stiallógaí aráin a thabharfas sí duit. Droch-cheann ceart í sin
 
Deimheasóirí maith í sin. Ná déan níos airde léithe ná beannú di sa mbóthar. Sin é do dhíol
 
'Sí an bhean a chuir mála na déirce air — a chuir ag caitheamh na miotán é — i gceann mar a bhí sé. Ní sheasfadh airgead na hairí di
+
Ní fhéadfadh sí a bheith ach deirceach fós. Is beag di atá ann. Téann sí faoi dubhluath
TUILLEADH (2) ▼
Beidh tús oíche geal, ach ná bac leis sin. Níl ann ach gealach dheirceach nó go dtige tuilleadh di
Is maith deirceach í an ghealach fós. Shílfeá go mbeadh cosamar thairis sin ann di feasta
+
Bain do shúil di ó rug fear Ch. Mh. ar dheireadh uirthi — tá tú as an mbean ó chuaigh fear C. Mh. ag suirí léithe
TUILLEADH (5) ▼
Ba bheag an deireadh a bhí ag an gcú ar an ngiorria chor ar bith nó gur bhailigh siad suas an C. P., ach uaidh sin amach, rinne sé caoch láimhe di
Ní deireadh di (báisteach) — níl aon deireadh i ndán di; beidh sé ag báisteach go deo anois
Tá siad sin in ainm is a bheith dhá dhéanamh sin in aisce — gan pínn gan bonn — ach ní bhíonn siad gan ailp a bhaint as ina dhiaidh sin. Cuirfidh mise geall leat gur mó a gcion féin di as deireadh na cúise, ná cion na ndaoine bochta a roinneann siad orthu é. An té a chruthaigh neamh agus talamh, níor fhága sé é féin ar deireadh. Ní fhágfaidh siadsan iad féin ar deireadh ach an oiread
Gheobhaidh Sasana garbh as a dheireadh é, agus tuilleadh ghéar den diabhal aici. Is fada dhá thuaradh sin di féin í
Bhí an lao suas le uair idir chnámha agus é ag cinnt orm fhéin a thabhairt liom. D'fhan mar sin go ceann dhá lá, agus shílfeá nach raibh daorbhasctha di chor ar bith. Ach bhuail donacht ansin í, agus chaith sí mí mhór fhada idir luí agus éirí. Diabhal mé gur shíl mé féin go srianfadh sí as, ach cailleadh í faoi dheireadh agus faoi dhó
 
Tá tú sa gceathrú dheiridh di anois
 
Níl le feiceáil di le deireanaí chor ar bith. Meas tú ar ghlan léithe aríst. Dheamhan a cos nó ghlan!
+
deis
Ná bac le deis fheamainne agamsa. Tá mo chuid talúna ró-aistreánach, agus ar aon chor, 'sé cuid an bheagáin di atá againn. Níl fás mór feamainne ar bith ar na cladaí s'againne
TUILLEADH (4) ▼
An bhfeiceann tú an deis atá ar an mbaile anois aici — ar scáth aon bhean amháin. Ba mhaith suaimhneach an baile é seo shul má leag sí a cois istigh ann. Ach d'éireodh di: tháinig sí as tír an achrainn
Féacha an deis a chuir na bruacháin sin ar an lacha. Níor fhága siad liobar clúmhaigh ag gabháil léithe nár streachail siad di. Sin iad na húdair agat. Is beag an dochar dóibh a bheith ligthe leo fhéin fhéin, agus gan aon bhacadh ag dul orthu, ná smid dhá rá leo
Níor fhága sé sop feamainne sa gcladach anuraidh nár sciob sé. Dheamhan sop muis. Bhí an snáth bailithe aige i gcónaí uair roimhe lá, agus ba dona an deis a chuir sé uirthi ina dhiaidh sin: a fágáil ina meall thuas ar bruach nó gur lobh sí — gur lobh chuile dhosán ariamh di. B'fhearr leis sin féin chreidim, ná a feiceáil ag dul chun sochair don chomharsa
Tá sé sin le dhul faoi bhara! Is deas an deis atá air muis le dhul faoi bhara. Diabhal bréag nach deas. B'fhéidir go dtógfadh sé aon mhéaróigín a thitfeadh di, agus go mbeadh sé in ann a dtabhairt leis go dtí an carnán. Ní mó ná sin é
 
Théis a raibh de cháil uirthi, is beag an deiseacht í. Ní thabharfainn cnaipe gan chois uirthi dhá mbeadh an braitín púdair siúd scríobtha di
 
Chinn orm ceart ar bith a bhaint di. Láí dheiseal a thug sé chugam agus ciotach atá mise
+
Caitheann sí sin an lá dhá deisiú féin. Bíonn a shliocht uirthi. Seoid cheart í ar a theacht amach di
TUILLEADH (1) ▼
Tá teach deisithe aici sin mo léan, ach d'éireodh di, agus gan í ag déanamh aon bhuille eile, ach ag sciúradh agus ag glantachán agus ag socrú
 
Cén sórt deismínteacht atá agat léithe anois. Tá sí sách maith. Má bhaineann tú mórán eile den leathar di ansin, beidh mo chuid oibre uileag millte agat, agus an bhróig ó rath aríst. Faitíos atá ort nach bhfuil sí sách deas!
 
deoin
Ní ceart cur faoi ndeara do bhean ar bith fear a phósadh murab é a deoin fhéin é. Ise a bheas síos leis, agus ní hiad an dream a chuirfeas chun cathachtála di é
+
deoir
Shíl mé nach mbeadh deoir ar bith le déanamh aige agus a bhfuil curtha aige le mí. Ach is cosúil nach bhfuil a dhíol aige fós di
TUILLEADH (1) ▼
Caitheann sí an lá ag bualadh a huchta agus deora aithrí léithe más fíor di féin, ach sin í an t-uisce faoi thalamh. Is breá uaithi geábh cúlchainte a dhéanamh má chastar léithe an té a éistfeas léithe taobh amuigh
 
Deir siad gurb é an rud a thug eitinn di sin an áit nach gcaithfeadh sí ach deolaíochaí beaga le í féin a shnoíchan: mar dhóigh dhe go raibh sí róbheathaithe. Is iomaí díth céille atá sa saol anois nach raibh caint ar bith air fadó