Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
de
do 1

di (50+)

 
faoisc
Má thugann tú aon-fhata don bhó sin, tabhair faoscadh beag orra. Ní ghabhfadh fataí fuara go maith di anois
+
feanc
Chaith mé an lá ag dul di le gró (do chloich), ach dhá naomhtaí mé, ní fhéadfainn feanc a bhaint aisti. Dar príosta, ní bhainfinn
TUILLEADH (1) ▼
Bhí cloch annsin thíos ag ceann an bhóthar, a mbíodh fir láidre dhá bhféachaint féin léithe. Ní bhainfeadh R. feanc aisti, ach thugadh T. gaoth di gan stró ar bith. Ba ghearr air é
 
Chas bean an Ch. léithi é a fhearacht siúd nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga 'ar ndó'. 'Deile! Sílim muise nach ro-bhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraint uirri fhéin. Roinn sí an onóir léithi. Sí atá i riocht
 
M'anam muise má tá sí sin san mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparáiste). Diabhal bréag nach hea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile in a diaidh shul a n-imighe sí. D'eireódh di!
 
fear
Go leige Dia a sláinte di! Is mór an grádh diadha a rinne sí, agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grádh Dia uirre. Siad atá i riocht
 
Tá an drioball tuite di go fimín isteach
 
fios
Bhí fios aige di = chionntuigh sé léithe; rinne se céileachas léithe (Leagan Achréidh)
+
focal
Thug sé láimh agus focal di, go bhfillfeadh sé len a pósadh = gheall sé di go dílis
TUILLEADH (2) ▼
Tá láimh agus focal tugha aige di go bpósa sé í faoi cheann bliana. Ach cá bhfios cá mbeidh sé sin an uair sin. Ná bac le saighdiúr!
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis ingan fhios de shiúl oíche, agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coímhtheacha a thug sé air féin, agus d'fhága sé ise ar an tráigh thirm
+
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
TUILLEADH (1) ▼
Ná bacaighidh léithe. Leigidh di. Fágaidh ag Dia í. Foillseóidh Dia É fhéin uirre. Más mall is trom í díoltas Dé, adeir siad
 
Chuaigh sí scór punt. M'anam nach fuláir di cho maith agus atá sí ar scór.
 
Níl d'fhortabháil ortsa ach thú fhéin agus is cuma dhuit cén t-am as seo go maidin a dtiocfaidh tú abhaile, ach tá cúram capaill ormsa, agus ach an oiread le scéal, dheamhan gráinne coirce a thug mé di fós inniu
 
Mara gcoinní tú an pramsálach de chapall sin ceannsaithe, agus gorta a thabhairt di, is gearr go ngabhfaidh sí ó smacht ort ar fad. Rachmall beatha atá uirre
+
Cáil an bhróig atá ag freagairt di seo? = a leath-cheann nó a leath-bhróig eile?
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhféadainn leath-bhróig eile a fháil anois a d'fhreagródh di sin, bheadh liom. Dheamhan poll ná puirín uirri sin. Meastú nach ndéanfadh gréasaí leath-bhróig dom?
 
Tá sé ag líochán an chasáin in a diaidh sin leis an fhad seo aimsire, agus gan d'áird aice sin air ach an oiread agus dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach leigeann sé di fhéineacht, nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon-ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
 
Cé a chuir an freigisí sna stocaí dhuit? … Ba deas a rinne sí iad. Bean mhaith aráin agus abhrais í sin, agus ghreamaigh sí di. Bhí na Catháin uilig amhlaidh
 
Diabhal an féidir go bpósfadh sí an frídeóir sin. A leithide de bhunnán (bhuinneán) de bhean bhreá. 'Ar ndó' thiúrfadh sí léithi in a naprún é. Chuir sé artha an dul amú ceart di, chuir sin
 
fág i
Bhí an oilbhéas in a athair agus níor fhága seisean ach oiread dual ná slis di in a dhiaidh (fc. dual)
 
fág
Ba dona an teach a bhí annsin nó go ndeachaidh inín S. Th. isteach ann. Má tá bráigill orra inniu dise is cóir dóibh a bheith buíoch. Más thíos a fuair sí é (an teach) is thuas a d'fhága sí é.
+
Bhí sí sin in a beitheach cho tóighe agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannuigh sé in a gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirre. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó a tháinig an geimhreadh agus gan aon-ghabhail a chaitheamh ariamh aice. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheitheach ar bith mar siúd
TUILLEADH (1) ▼
Bhreathnuigh sí thrí fháinne na feiceála agus chonnaic sí dubhachan na gcéata ag déanamh uirre i bhfad uaithe agus ní ingar di = sórt gloine eicínt; spy-glass nó telescope is cosúil (níor chuala mé é ach i scéalta Fiannaíochta)
 
An bus a chuaigh siar an oíche cheana — bus nua — tá an fháinneóig atá uirre dhá leithead na mbusannaí eile sin. Ní mór di siúd bóthar ar chaoi ar bith.
 
fána
Tá an chú sin caite le fánaidh ar fad. Shílfeá go mbeadh sí níos teangmháilte ná sin as a tosach. Meastú an gortú a d'eireódh di. Baineadh cupla treascairt aisti agus í ag coráil an ghirria an lá cheana, ach shílfeá nach raibh tada uirre ach go raibh sí buille beag cróilithe go ceann dhá lá.
 
Bhí cruach mhóna amuigh ar an mbóthar agam anuiridh agus d'imigh sí go fánach. Goideadh dhá chuid di orm
+
Is gearr go mbí 'fhios aici siúd cé bhí ann, má ghníonn caidéis a's conórtas di é.
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad gurb é S. Bh. ba chionntach léithe sin. Fuair sé caidéis di, gan aon-'bhail ó Dhia', a chuir uirre. Badh é ráidhte 'chuile dhuine go raibh droch-shúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ó'n lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair a's a muinntir a' strócántacht le na fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. a's é 'thabhairt 'un láithreach, go gcuireadh sé 'bail ó Dhia fliuch' uirre.
+
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor a' bith, ach dhá tiodlacan, a's a' soláthar di. Níl fhios agham féin, a' ndeanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíriodhachaí) coimhightheacha, nó nach ndéanann. Feicthear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach an uair a bheadh an chuach ann.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan samhail atá le tabhairt di fhéin a's do'n tsean-bhean anois, ach a' chaolóid riabhach a's an chuach. Ach m'anam nach ar mhaith leis a' tsean-bhean atá C. a' cothú na coise aice, ach fé'int a n-eireochadh brabach ná solamar a' bith léithe.
+
Níor scéal é, le aon-chainnt a dheanamh di, mar 'mbeadh duine ann a choinneochadh caomhamhaint air go díreach. Ach inDomhnach, is duine sa gcéad é sin, ar a' saoghal seo, ar aon-nós.
TUILLEADH (1) ▼
Droch-rath ort a bhéal gan chaomhamhaint, maran tú a bhí conórach a dhul dhá innseacht sin di.
+
Tá sé in am aige, feasta an charcair mhór d'inghin sin aige, a chur i gcrích, ach chuile sheans, go bhfuil sé 'cínnt air aon-fhear a dheanamh amach di. Tá'n dream siúd mór ionnta(b) fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Cuir cubhar uisce na bhfataí ar do láimh, a's b'fhéidir go mbainfeadh sé an charcair fhaithneadhachaí sin di.
+
ceal 1
Má bhíonn aon-cheal uirre sin, feicfe tú fhéin air nach fada bheidheas, má ghníonn gob spleádhach, spleodarach di é = leis a' teanga spleodraigh, spleadhaigh atá aice, mheallfadh sí uait rud a' bith a theastóchadh uaithe.
TUILLEADH (10) ▼
Sin é a rinne mé anois, a's déan do rogha ceal di, má thogruigheann tú = fagh do rogha locht air; déan do rogha rud 'na timcheall; bain do rogha abhrais, nó adhmaid as a' méid sin, thú fhéin.
Níor thug sé dhomsa ach an méid sin de leide, a's déan do rogha ceal di thú fhéin. Ní fhéadaimse mórán abhrais a bhaint as a' scéal ar aon-chor. = bain thusa do rogha abhrais as.
An méid millteanais a rinneadh ann, is mise a rinne é, a's déan do rogha ceal di anois.
Hubhradh (dubhradh) liomsa an méid sin a rádh, a's tá mé dhá innseacht duit anois, gan cor an fhocail a chuir air, ach léar (de réir) mar chuala mé fhéin é, a's déan thú fhéin do rogha ceal di. Níl fhios aghamsa, cé'n súisín é.
Déarfa mise suas leis a' smut aige, gurab é fhéin is cionntaighe ó thús deire go tosuigh, a's deanadh sé a rogha ceal di má's breagh leis.
Chaithfinn an chainnt cheanann chéadna leis a' sagart, dhá gcuireadh sé aon-chaidéis orm faoi, a's cead aige a rogha ceal a dhéanamh di, má thogair sé é. Dheamhan stánadh a bheadh agamsa ó'n sagart ach an oiread le duine 'bith eile.
Má tá indán's go gcoinneochthar an scéal seaduighthe i bhfad eile, tiocfa mise siar de mo shiubhal ionnsuighe, a's innseocha mé suas dhá béal gurab é a mac fhéin a thárluigh leis na fataí, le airgead 'fags' a fhaghail. Déanadh sí a rogha ceal di sin má thogruigheann sí.
Ní thiocfa mé anonn ná anall leis, ach déarfa mé suas leis a' bpus aige. Cé'n bheann atá agham ar aonduine faoi'n bhfírinne. Déanadh sé a rogha ceal di, ach 's gearr go gcloise sé uaimse é, ar nús (nós) a' bith.
Ó tá sí ag dul sa gceann sin leis, ní chomhnócha mise, go seasa mé thíos ar a h-urlár, a's go n-innsighe mé dhi, cé h-iad brothtuinn bradach na h-eitinne, a's déanad sí a rogha ceal di. Ní fhéadfa sí goirm chúirte a chuir orm ar aon-nós, faoi'n fhírinne.
Déan do rogha ceal di, má thogruigheann tú. Céard tá sa méid adubhairt mé leat ach cnáimh creinnte na fírinne.
 
Dar mo choinsias muise, mara bhfuil an capall an-mhín, ní shin é an cinnire ab fhearr liom in a h-éadan — bás bradach. Má chuireann sí cosamhlacht a' bith uirre, dheamhan a' dóichide rud a dhéanfadh sé sin, ná cead a' bhealaigh a thabhairt di.
 
Dheamhan a bhfaca tú a leithide de chiseach déanta d'aon-rud ariamh mar tá déanta de'n gharrdha fataí sin thuas ag caoirigh Ch. Níl aon-mhaith iad 'fhuagairt di. Brath mór atá agham iad a thiomáilt (thiomáint) chuig an ngarrdha gabhann.
 
cleite
Tá an chearc sin an-ghiobach ó thuit na cleiteadhachaí di.