Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cinnire (6)

 
"Seisreach chapaill i ndoirín coille agus áit an chinnire thiar chun deiridh"
 
dia 1
Go lige Dia slán a mháithreach agus bean a roinnte; go lige Dia slán a mháithreach agus an cinnire — buíochas as ucht deoch bhainne
+
dodach
Tá an gearrchaile sin dodach. Má mhaireann di, ní bheidh sé an-éasca ag buachaill óg a dhul ag dréim léithe, ach casfar cinnire eicínt leis an aimsir uirthi a cheansós í, feicfidh tú féin air
TUILLEADH (1) ▼
Má tá an capall chomh dodach sin, ní foláir cinnire níos fhearr ná thusa ina héadan. Cén t-eolas atá agatsa ar chaiple cé is moite den chupla geábh sin a thug tú G. leis an seanghearrán, agus ar ndóigh dheamhan cor a dhéanfadh sí sin dhá mbeadh gunna mór ag pléascadh ina cluais
 
Go bhféacha an tAthair Síoraí uirthi muise, má siúd é an dreolán d'fhear atá aici. Is suarach an cinnire é le bheith ar teallach leis. Ba fuar an éadáil é le cur ina shuí oíche sheaca le sáspan a théamh do pháiste
 
Deir siad go dtéann sé thríd an gcapall an cinnire a mharú míle uair sa ló, agus go maródh freisin murach go bhfuil an duine san an-mhéid ina súile. Is mó go fada an mac eilimistín atá i súil chapaill ná i súil an duine