1.
ceann feadhain; ceannphoirt; treoraí; soláthraí
+–
Ní bhfaigheadh sibh cinnire ab fhearr ná é má thugann sibh aon chluais dá chomhairle ceannphoirt; ceann feadhain
Ar ndóigh, mura dtuga tú aon airde ar chinnire an phobail, tá sé mór againne a dhul i gcleithiúnas aon chomhairle a chur ort
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh aon chinnirí den rath orthub. Dhá mbeadh, dhéanfaidís gníomh thar mar a rinne.
Murach an sórt cinnire a bhí orainn an oíche sin, dhéanfadh muid cat is dá rioball. Dar m'fhocal duit, dheamhan fear ar an bhfeadhain den dáréag Black and Tans a bhí ann a changlódh aon fhata lena luiseag aríst. Ach 'sé an uair a bhí siad sáinnithe againn a fuagraíodh orainn imeacht agus gan drannadh leob.
2.
fear i ngreim cinn i gcapall seisrí nó i gcapall ar bith agus é dhá treorú; cnuasaíodóir; fear giollachta.
+–
Is olc an cinnire capaill a dhéanfas tú, tá faitíos orm.
Ní chuirfinn ina chinnire ar an seanasal atá i ndáil le caillte ansin thoir é, ní áirím ar chapall meargánta nach raibh thar faoi dhó ariamh faoi charr.
TUILLEADH (5) ▼
Bhíodh cinnire agus aireamh le seirsigh (seisrigh) fadó. Sin é san am a mbíodh an céachta Gaelach acu. Dheamhan call cinnire ar bith anois. Déanfaidh fear seirsí amháin.
Dar mo choinsias muise, mura bhfuil an capall an-mhín, ní hin é an cinnire ab fhearr liom ina héadan — bás bradach. Má chuireann sí cosúlacht ar bith uirthi, dheamhan an dóichíde rud a dhéanfadh sé sin ná cead an bhealaigh a thabhairt di
Bhí duine againn ar chaon stuaicín agus beirt chinnirí ina cloigeann agus ba é díol an diabhail é dá mbeadh bromach capaill in ann rith ar an méid sin. (capall a cuireadh faoi charr den chéad uair)
Dhá mbeadh aon stuaim sa gcinnire, ní imeodh sí d'aon iarraidh mar a rinne sí, ach ní raibh.
B'fhurasta a aithinte dhó gurb in é an cleas a dhéanfadh sí agus an cinnire a chuir sé ina ceann — staic de phutach. M'anam go dtabharfadh sí sin fuílleach le déanamh d'fhear mhaith fhéin.
+–
Go lige Dia slán a mháithreach agus a cinnire!; go méadaí Dia a mháithreach agus a cinnire! (cinnire na bó = altú bainne) — go lige Dia slán a mháithreach agus bean a roinnte!. Deirtear ceachtar de na rudaí thuasríofa ag altú deoch bhainne.
Tá fuílleach agam anois, go méadaí Dia a mháithreach agus a cinnire!
TUILLEADH (3) ▼
Is géar a theastaigh an deoch sin uaim, go méadaí Dia a mháithreach agus a cinnire!
Bhí mé scrúdaithe leis an tart, go lige Dia slán a mháithreach agus a chinnire!
Murach an taoscán bláthaí sin, bheinn thart leis an tart, go méadaí Dia a mháithreach agus a chinnire!
+–
D'ordaigh cinnire cúnamh (seanfhocal) — d'ordaigh Dia cúnamh agus go gcuirfeadh sé fhéin slacht air; ní mór don té atá ag cinnireacht cúnamh a fháil nó ní bheidh seisean in ann an obair uileag a dhéanamh, dhá fheabhas dhá mbeidh sé
Ní dhéanfaidh sé cúis na fataí a chur agus iad a fhágáil ansin, ag ceapadh go bhfásfaidh siad uathub féin. D'ordaigh cinnire cúnamh a mhic ó — caithfear freastal a dhéanamh ar na fataí théis a gcurtha, iad a lánú, a ghortghlanadh srl.
TUILLEADH (7) ▼
Ní thriomódh grian an tsaoil móin mura bhfaigheadh sí giollaíocht. Ar chuala tú ariamh é, d'ordaigh cinnire cúnamh.
Ní mhúinfeadh máistrí scoile na hairí aon fhocal foghlama dó nuair nach mian leis fhéin tada a thógáil. D'ordaigh cinnire cúnamh
Is deacair dhom tada a dhéanamh agus mé chomh haonraic agus atá mé. D'ordaigh cinnire cúnamh, agus sin rud nach bhfuil agamsa, ná faill ar bith air.
Tá Dia go maith faoi thrócaire ceart go leor, ach ní fhaightear bróga gan airgead. Muran dúil le duine fhéin maith eicínt a chur air fhéin, ní fhéadfadh Dia ná duine é a dhéanamh dhó. D'ordaigh cinnire cúnamh, bíodh a fhios agat.
Má fhágtar chuile shórt faoi Dhia, is deacair dhó freastal dhóibh ar fad. D'ordaigh cinnire fhéin cúnamh.
Chuala mé sagart a bhí ansin thoir ag rá nach bhféadfadh Dia fhéin; dhá mhéad power dhá bhfuil aige, duine a shlánú mura dtograíodh an duine fhéin é. D'ordaigh cinnire fhéin cúnamh.
Bheadh ocras air sin dá mbeadh beatha faoi is thairis, arae ní ligfeadh corp leisce dhó tada a dhéanamh lena saothrú, agus d'ordaigh cinnire fhéin cúnamh.
Féach freisin
→
dia 1
cinnire in iontrálacha eile (9)
→
aice 2
Tá muid sách fada dhá fhágáil in aice chúnamh Dé. D'ordaigh cinnire cúnamh freisin (duine adeireadh le duine eile i gcónaí go ndéanfaí ceann oibre áirid, in aice chúnamh Dé, agus sin é an freagra a thug an ceann eile air faoi dheireadh agus faoi dheoidh nuair ab fhada leis a bhíadh (bhíothas) dhá chur ar an méir is faide. Chuir sé i gcéill gur ordaigh Dia cúnamh freisin ón duine)
Céard atá do chinnire fhéin a dhéanamh inniu? … ag feamnú bail ó Dhia air! Teastaíonn sin fhéin. Dheamhan sop a chuir muide amach fós i mbliana
→
fód
"Áit an chinnire thiar chun deireadh (deireadh na seisrí), agus é ag tógáil an fhóid gan aon tuirse" ("agus é ag tabhairt an fhóid leis aníos ó ghrinneall") — treabhadóir
→
dia 1
Go lige Dia slán a mháithreach agus bean a roinnte; go lige Dia slán a mháithreach agus an cinnire — buíochas as ucht deoch bhainne
+
→
dodach
Tá an gearrchaile sin dodach. Má mhaireann di, ní bheidh sé an-éasca ag buachaill óg a dhul ag dréim léithe, ach casfar cinnire eicínt leis an aimsir uirthi a cheansós í, feicfidh tú féin air
TUILLEADH (1) ▼
Má tá an capall chomh dodach sin, ní foláir cinnire níos fhearr ná thusa ina héadan. Cén t-eolas atá agatsa ar chaiple cé is moite den chupla geábh sin a thug tú G. leis an seanghearrán, agus ar ndóigh dheamhan cor a dhéanfadh sí sin dhá mbeadh gunna mór ag pléascadh ina cluais
→
dreolán
Go bhféacha an tAthair Síoraí uirthi muise, má siúd é an dreolán d'fhear atá aici. Is suarach an cinnire é le bheith ar teallach leis. Ba fuar an éadáil é le cur ina shuí oíche sheaca le sáspan a théamh do pháiste
Deir siad go dtéann sé thríd an gcapall an cinnire a mharú míle uair sa ló, agus go maródh freisin murach go bhfuil an duine san an-mhéid ina súile. Is mó go fada an mac eilimistín atá i súil chapaill ná i súil an duine