Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cinnire
ainm-fhocal, firinscneach
iolraidh — cinnirí.
1.
ceann-feadhain; ceannphuirt; treoruidhe.
+
Ní bhfaigheadh sib cinnire ab fhearr ná é, má thugann sib aon-chluais dá chomhairle. = ceannphuirt; ceann-feadhain.
(D)ar ndóigh, mara dtuga tú aon-áirde ar chinnire an phobuil, tá sé mór againne a dhul i gcleitheamhnas aon-chomhairle a chuir ort.
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh aon-chinnirí de'n rath orra(b). Dhá mbeadh dhéanfaidís gníomh thar mar rinne.
Marach an sórt cinnire a bhí orainn an oidhche sin, dhéanfadh muid cat as dá rioball. Dar m'fhocal duit, dheamhan fear ar a' bhfeadhain de'n dáréag Black and Tans a bhí ann a changlóchadh aon-fhata le na loiseag aríst. Ach sé'n uair a bhí siad sáinnighthe aghainn a fuagruigheadh orainn imtheacht a's gan drannadh leo(b).
2.
fear ingreim cinn igcapall seisrighe nó i gcapall ar bith a's é dhá treorú, soláthruidhe; cnuasuigheadóir; fear giollachta.
+
Is olc a' cinnire capaill a dhéanfas tú, tá faitchíos orm.
Ní chuirfinn in a chinnire ar a' sean-asal atá indáil le cáillte annsin thoir é, ní áirmhighim ar chapall mearcánta nach raibh thar faoi dhó ariamh faoi charr.
TUILLEADH (5) ▼
Bhíodh cinnire a's oire(amh) le seirsigh (seisrigh) fadó. Sin é 'san am a mbíodh an céachta Gaedhealach acu. Dheamhan call cinnire 'bith anois. Déanfa fear seirsighe amháin.
Dar mo choinsias muise, mara bhfuil an capall an-mhín, ní shin é an cinnire ab fhearr liom in a h-éadan — bás bradach. Má chuireann sí cosamhlacht a' bith uirre, dheamhan a' dóichide rud a dhéanfadh sé sin, ná cead a' bhealaigh a thabhairt di.
Bhí duine aghainn ar 'chaon stuaicín a's beirt chinnirí in a cloigeann, agus badh é díol a' diabhail é, dá mbeadh bromach capaill indon rith ar a' méid sin. (capall a cuireadh faoi charr de'n chéad uair).
Dhá mbeadh aon-stuaim sa gcinnire, ní imtheochadh sí d'aon-iarraidh mar rinne sí, ach ní raibh.
B'fhurast 'aithinte dhó gurab shin é an cleas a dhéanfadh sí, a's an cinnire a chuir sé in a ceann — staic de phutach. M'anam go dtiubhradh sí sin fuighleach le déanamh d'fhear mhaith fhéin.
+
Go leige Dia slán a mháithreach' a's a cinnire!; go méadaighe Dia a mháithreach a's a cinnire! ("Cinnire" na bó = altú bainne) = go leige Dia slán a mháithreach a's bean a roinnte!. Deirtear ceachtar de na rudaí tuaisríomhtha ag altú deoch bhainne.
Tá fuighleach agham anois, go méaduighe Dia a mháithreach a's a cinnire!
TUILLEADH (3) ▼
Is géar a theastuigh an deoch sin uaim, go méaduighe Dia a mháithreach a's a cinnire!
Bhí mé scrútaighthe leis a' tart, go leige Dia slán a mháithreach a's a chinnire!
Marach an taoscán bláthaighe sin, bheidhinn thart leis a' tart, go méaduighe Dia a mháithreach a's a chinnire!
+
D'orduigh cinnire congnamh (sean-fhocal) = d'orduigh Dia congnamh a's go gcuirfead sé fhéin slacht air; ní mór do'n té atá a' cinnireacht congnamh fhaghail nó ní bheidh seisean indon an obair uileag a dhéanamh, dhá fheabhas dhá mbeidh sé.
Ní dhéanfa sé cúis na fataí a chur, a's iad a fhágáil annsin, a' ceapadh go bhfásfa siad uatha(b) féin. 'D'orduigh cinnire congnamh a mhic ó'. = caithfidhear freastal a dhéanamh ar na fataí th'éis a gcurtha, iad a lánú, a ghort-ghlanadh etc.
TUILLEADH (7) ▼
Ní thriomóchadh grian a' tsaoghail móin, mara bhfaghadh sí giollaidheacht. Ar chuala tú ariamh é, 'd'orduigh cinnire congnamh'.
Ní mhúinfeadh maighistirí scoile na h-Eairí aon-fhocal foghluim' dó, nuair nach mian leis fhéin tada a thóigeál. 'D'orduigh cinnire congnamh'.
Is deacair dhom tada a dhéanamh, a's mé chomh h-aonraic a's tá mé. 'D'orduigh cinnire congnamh', agus sin rud nach bhfuil aghamsa, ná fáill a' bith air.
Tá Dia go maith faoi thrócaire ceart go leor, ach ní fhaightear bróga gan airgead. Maran dúil le duine fhéin maith eicínt a chuir air fhéin, ní fhéadfadh Dia ná duine é 'dhéanamh dhó. D'orduigh cinnire congnamh, bíodh fhios agad.
Má fhágtar 'chuile shórt faoi Dhia, is deacair dhó freastal dhóib ar fad. D'orduigh cinnire fhéin congnamh.
Chuala mé sagart a bhí annsin thoir a' rádh, nach bhféadfadh Dia fhéin; dhá mhéad 'power' dhá bhfuil aige, duine a shlánú, mara dtogruigheadh an duine fhéin é. D'orduigh cinnire fhéin congnamh.
Bheadh ocras air sin dá mbeadh beatha faoi a's fhairis, arae ní leigfeadh corp leisce dhó, tada a dhéanamh le na saothrú, a's d'orduigh cinnire fhéin congnamh.

Féach freisin

Cinnire in iontrálacha eile (9)

 
aice 2
Tá muid sáthach fada dhá fhágáil 'in aice chongnamh Dé'. 'D'orduigh cinnire congnamh' freisin (duine adeireadh le duine eile igcomhnuidhe go ndeanfaidhe ceann-oibre áithrid, 'in aice chongnamh Dé', agus sin é an freagra a thug a' ceann eile air, faoi dheire a's faoi dheoidh, nuair ab fhada leis a bhíodhadh (bhíothas) dhá chur ar a' méir is fuide. Chuir sé igcéill gur orduigh Dia congnamh freisin ó'n duine)
 
Céard tá do chinnire fhéin a dhéanamh inniu? … ag feamnadh bail ó Dhia air! Teastuíonn sin fhéin. Dheamhan sop a chuir muide amach fós i mbliana
 
fód
"Áit an chinnire thiar chun deire (deire na seisrí), agus é ag tógáil an fhóid gan aon-tuirse" ("agus é ag tabhairt an fhóid leis aníos ó ghrinneal") = treabhadóir
 
"Seisreach chapaill indoirín coille agus áit an chinnire thiar 'un deireadh"
 
dia 1
Go leigidh Dia slán a mháithreach agus bean a roínte; go leigidh Dia slán a mháithreach agus an cinnire = buíochas as ucht deoch bhainne
+
dodach
Tá an gearrchaile sin dodach. Má mhaireann di, ní bheidh sé an-éascaidh ag buachaill óg a dhul ag dréim léithe, ach casfar cinnire eicínt leis an aimsir uirre, a cheannsóchas í, feicfidh tú féin air
TUILLEADH (1) ▼
Má tá an capall cho dodach sin, ní f'lár cinnire níos fhearr ná thusa in a h-éadan. Cé'n t-eolus atá agadsa ar chaiple cé's moite de'n chupla geábh sin a thug tú G. leis an sean-ghearrán, agus 'ar ndú dheamhan cor a dhéanfadh sí sin, dhá mbeadh gunna mór ag pléascadh ina cluais
 
Go bhféachaidh an t-Athair Síorruí uirre muise, má siúd é an dreolán d'fhear atá aice. Is suarach an cinnire é le bheith ar teallach leis. Ba fuar an éadáil é le cur in a shuidhe oíche sheaca le sáspan a théigheamh do pháiste.
 
Deir siad go dteigheann sé thríd an gcapall an cinnire a mharbhú míle uair ins an ló, agus go marbhóchadh freisin marach go bhfuil an duine ins an an-mhéid in a súile. Is mó go fada an mac eilimistín atá i súil chapaill ná i súil an duine