Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deilín
1.
ionntú nó casadh nó stangadh a bhaint as do chois nó as alt do mhéire (méar na coise).
+
Bhain mé deilín as mo chois agus tá sí an-tinn (Achréidh)
Bhain sé deilín as a mhéir ag siúl ar an teallach aréir, agus tá sé dhá ceasacht ó shoin. Is tinn an rud é freisin. D'eirigh sé dhom fhéin annseo i mbliana, agus dheamhan néal a chodail mé go ceann coicíse aríst aice
TUILLEADH (3) ▼
Cén áit ar bhain tú an deilín aisti. Annsin! Ar ionntuigh tú uilig uirre. Is olc an áit. Níl a fhios agam nar chóir duit a dhul ag dochtúr agus a 'sbáint dó. Is fánach mar d'fhanfadh bacaíl ort le do ló uaithe sin
Goirim agus caisricim thú! Tá deilín bainte agad as do mhéir anois. Ní fhéadfá gan sin a dhéanamh ort fhéin. Nach diabhaltach an cam srón birín a bhíos ort! Meireach ar eirigh dhuit anois, bheinnse do do léasadh an fhad agus a bhfaighinn (gheobhainn) teas in do chraiceann
Is bocht an rud deilín, agus bíodh a fhios ugad go bhfanfadh éalann ort go deó dhá bharr. Breathnuigh ar Mh. T. Mh. annsin thiar. Sin é an chéad-tsiocair a bhí aige. Bhain sé deilín eile aisti sul a raibh an chéad-cheánn chuige fhéin, agus d'fhága an péire é ar an gcóir a bhfuil sé
2.
a.
siomsán; somsán; a bheith ag síor-rá na cainte céanna; seóraí áirid cainte a bheith ar siúl agad i gcomhnaí, fearacht na n-achuinithe a bhíodh ag bacaigh agus ag mná bochta roimhe seo.
+
Sin é an deilín atá aige ó mhaidin go faoithin: ag cainnt ar a bholg
T'anam cascara ón diabhal, eirigh as feasta, agus ná déan deilín dhe
TUILLEADH (2) ▼
M'anam muise gurb shin é an deilín atá aca, go gcaithfidh siad árdú páidhe a fháil. Is fada anois ag ceasacht páighe iad, agus bhí sé in am roinnt dhá shásamh a thabhairt dóibh
"Micil Tom: boicín cam"!: má chaitheann tú i bhfad eile dhá rá déanfaidh tú deilín dhe
·
Eirigh as feasta agus ná bíodh sé in a dheilín bacaigh agad
Ba mhinic a chuala mé deilín bacaigh fadó. Níl bacach ná bean bhocht ar bith dhá dteagadh faoin doras nach mbíodh deilíní aca, ach is beag na deilíní ná na bacaigh atá ann anois. An méid sin féin tá mé ceapadh nach mbíonn aon-smid Ghaeilge aca
b.
píosa cainnte a mbeadh craiceann agus leagan uirre.
+
Sin anois deilín maith cainnte
Is breá uaidh deilín cainnte a dhéanamh. Ach cá bhfágfadh sé é. Bhí ruibh na cainnte ar athair féin go ndéana Dia grásta air
TUILLEADH (5) ▼
Fág an chainnt ag an té atá indon a déanta. 'Ar ndú' ní deilín cainnte a d'fhéadfá-sa a dhéanamh
Bhí deilín cainnte ar bharr mo ghuib agam, ach níor thug sé traoiáil dhom a dhéanamh. D'áitigh air é féin.
Siúd í atá indon an deilín cainnte a chur amach dá croí. Caint a mbeidh craiceann ceart uirre. Má tá easba uirre ní easba fios a labhara é. Ní dhá changailt ná dhá cho changailt a bhíos sí
Go gcuire Dia an t-ádh ort! 'Ar ndú' ní deilín cainnte atá sé sin indon a dhéanamh i láthair turnae. Fear nach mbeidh ar aon-scéal amháin anois agus faoi cheann chúig noiméad aríst, séard atá aige a dhéanamh a bhéal a choinneál ar a chéile. Ní bhfuighfear aon-bhrabach air annsin
Rinne sé deilín breá cainnte dhá mbeadh an cur leis ann, ach sin rud nach bhfuil ann, agus nach mbeidh.

Deilín in iontrálacha eile (1)

 
Bhíodh deilín fada ag lucht déirce fadó, ach ní chloisfeá chor ar bith anois aca é