Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deilín
1.
 iontú nó casadh nó stangadh a bhaint as do chois nó as alt do mhéire (méar na coise).
+
Bhain mé deilín as mo chois agus tá sí an-tinn (Achréidh)
Bhain sé deilín as a mhéir ag siúl ar an teallach aréir, agus tá sé dhá ceasacht ó shin. Is tinn an rud é freisin. D'éirigh sé dhom fhéin anseo i mbliana, agus dheamhan néal a chodail mé go ceann coicíse aríst aici
TUILLEADH (3) ▼
Cén áit ar bhain tú an deilín aisti. Ansin! Ar iontaigh tú uilig uirthi. Is olc an áit. Níl a fhios agam nár chóir duit a dhul ag dochtúr agus a 'speáint dó. Is fánach mar d'fhanfadh bacaíl ort le do ló uaithi sin
Gairim agus coisricim thú! Tá deilín bainte agat as do mhéir anois. Ní fhéadfá gan sin a dhéanamh ort fhéin. Nach diabhaltach an cam srón birín a bhíos ort! Meireach ar éirigh dhuit anois, bheinnse do do léasadh an fhad is a bhfaighinn (gheobhainn) teas in do chraiceann
Is bocht an rud deilín, agus bíodh a fhios agat go bhfanfadh éalang ort go deo dhá bharr. Breathnaigh ar Mh. T. Mh. ansin thiar. Sin é an chéad tsiocair a bhí aige. Bhain sé deilín eile aisti sula raibh an chéad cheann chuige fhéin, agus d'fhága an péire é ar an gcóir a bhfuil sé
2.
a.
 seamsán; somsán; a bheith ag síor-rá na cainte céanna; seoraí áirid cainte a bheith ar siúl agat i gcónaí, fearacht na n-achainí a bhíodh ag bacaigh agus ag mná bochta roimhe seo.
+
Sin é an deilín atá aige ó mhaidin go faoithin: ag caint ar a bholg
T'anam coscartha ón diabhal, éirigh as feasta, agus ná déan deilín dhe
TUILLEADH (2) ▼
M'anam muise gurb in é an deilín atá acu, go gcaithfidh siad ardú páí a fháil. Is fada anois ag ceasacht páí iad, agus bhí sé in am roinnt dhá shásamh a thabhairt dóibh
"Micil Tom: boicín cam"!: má chaitheann tú i bhfad eile dhá rá, déanfaidh tú deilín dhe
·
Éirigh as feasta agus ná bíodh sé ina dheilín bacaigh agat
Ba mhinic a chuala mé deilín bacaigh fadó. Níl bacach ná bean bhocht ar bith dhá dteagadh faoin doras nach mbíodh deilíní acu, ach is beag na deilíní ná na bacaigh atá ann anois. An méid sin féin tá mé ceapadh nach mbíonn aon smid Ghaeilge acu
b.
píosa cainte a mbeadh craiceann agus leagan uirthi.
+
Sin anois deilín maith cainte
Is breá uaidh deilín cainte a dhéanamh. Ach cá bhfágfadh sé é. Bhí ruibh na cainte ar a athair féin go ndéana Dia grásta air
TUILLEADH (5) ▼
Fág an chaint ag an té atá in ann a déanta. Ar ndóigh ní deilín cainte a d'fhéadfása a dhéanamh
Bhí deilín cainte ar bharr mo ghoib agam, ach níor thug sé traíáil dhom a dhéanamh. D'áitigh air é féin.
Siúd í atá in ann an deilín cainte a chur amach dá croí. Caint a mbeidh craiceann ceart uirthi. Má tá easpa uirthi, ní easpa fios a labhartha é. Ní dhá changailt ná dhá chomhchangailt a bhíos sí
Go gcuire Dia an t-ádh ort! Ar ndóigh ní deilín cainte atá sé sin in ann a dhéanamh i láthair turnae. Fear nach mbeidh ar aon scéal amháin anois agus faoi cheann chúig nóiméad aríst, séard atá aige a dhéanamh a bhéal a choinneáil ar a chéile. Ní bhfaighfear aon bhrabach air ansin
Rinne sé deilín breá cainte dhá mbeadh an cur leis ann, ach sin rud nach bhfuil ann, agus nach mbeidh.

deilín in iontrálacha eile (1)

 
Bhíodh deilín fada ag lucht déirce fadó, ach ní chloisfeá chor ar bith anois acu é