Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deilgneach
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an deilgnigh
 claimhe a theagas ar ghasúir. Teagann sé ar dhaoine móra scaití, ach is uair sna naoi n-aird é. Bíonn na gasúir priaclach agus ansin teagann drúcht goiríní amach thríothu. Déanann na goiríní seile agus méadaíonn siad go mbíonn siad ar mhéid airní nó gar dhó. I gceann seachtaine nó mar sin, calcann siad suas agus déanann siad claimhe dorcha. Sceitheann an claimhe sin aríst faoi cheann seachtaine eile, agus titeann sé ar fad. Galra an-tógálach é, ach níl thairis sin de dhochar ann. Ní thugann sé aon bhás d'aon ghasúr, ná ní fhanann aon fhuíoll ina dhiaidh. Is cosúil gur gné eicínt den bholgaigh é. (Chickenpox i mBéarla?). Ní bhuaileann sé malraigh chomh tréan sa taobh tíre seo anois agus a bhuaileadh sé iad roimhe seo.

deilgneach in iontrálacha eile (6)

+
dealg
Deilgní uileag an áit sin soir — tá sé faoi chrígheannaí agus faoi dhriseacha agus faoi thomacha as éadan
TUILLEADH (3) ▼
Má théann tú isteach i lár na ndeilgní sin, fágfaidh siad cithréim ort. Diabhal bréag nach bhfágfaidh
Ag plé le deilgní atá mé ansin thuas ó mhaidin. Tá an cúl thoir siúd faoi dheilgní ar fad. Tá sé chomh maith féachaint le bail eicínt a chur air anois. An-phíosa talúna a bheadh ansiúd dá réitítí é.
Sin í tír na ndeilgní a mhic ó. An raibh tú i gC. ariamh. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann ach saileánach agus draighean agus sceacha agus catógaí mar adeir siad féin. Maidir le broic agus sionnaigh is ann atá a dtabhairt amach … Bail ó Dhia ar do réiteach. Ní bheadh a bhfuil de roschoill agus de thomachaí ansiúd réitithe faoi cheann deich mbliana
 
Ní hin deilgneach. Níl ansin ach drúcht goiríní agus ní fiú biorán é. Dheamhan gasúr sa tír nach bhfuil ag fuasaoid leo sin. Ar ndóigh 'is beag a bheas ar mhalrach nuair a éagnós sé é. Tá siad ansin thuas againn fhéin …
 
Ná téirigh soir le cnocán ansin. Tá an áit faoi dhriseachaí agus faoi dheilgní ar fad