Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deilgneach
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh: an deilgnigh.
claimhe a theagas ar ghasúir. Teagann sé ar dhaoine móra scaithtí, ach is uair is na naoi n-áird é. Bíonn na gasúir priaclach agus annsin, teagann drúcht guiríní amach thríotha. Déanann na guiríní seile agus méaduigheann siad go mbíonn siad ar mhéid áirní nó gar dhó. I gceann seachtaine nó mar sin, calcann siad suas agus déanann siad claimhe dorcha. Scéitheann an claimhe sin aríst faoi cheann seachtaine eile, agus tuiteann sé ar fad. Galra an-tógálach é, ach níl thairis sin de dhochar ann. Ní thugann sé aon-bhás d'aon-ghasúr, ná ní fhanann aon-fhuigheall in a dhiaidh. Is cosamhail gur gné eicínt de'n bholgaigh é. (Chicken-pox i mBéarla?). Ní bhuaileann sé malraigh cho tréan is an taobh tíre seo anois, agus a bhuaileadh sé iad roimhe seo

Deilgneach in iontrálacha eile (6)

+
dealg
Deilgní uiliog an áit sin soir = tá sé faoi chrígheannaí agus faoi dhriseacha agus faoi thomacha as éadan
TUILLEADH (3) ▼
Má theigheann tú isteach i lár na ndeilgní sin, fágfaidh siad ciréim ort. Diabhal bréag nach bhfágfaidh
Ag plé le deilgní atá mé annsin thuas ó mhaidin. Tá an cúl thoir siúd faoi dheilgní ar fad. Tá sé cho maith féachaint le bail eicínt a chur air anois. An-phíosa talmhana a bheadh annsiúd dá réidhtighthí é.
Sin í tír na ndeilgní a mhic ó. An raibh tú i gC. ariamh. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann ach saileánach agus droighean agus sceacha agus catógaí mar adeir siad féin. Maidir le bruic agus sionnaigh is ann atá a dtabhairt amach … Bail ó Dhia ar do réidhteach. Ní bheadh a bhfuil de roschoill agus de thomachaí annsiúd réidhtighthe faoi cheann deich mbliana
 
Ní shin deilgneach. Níl annsin ach drúcht guiríní agus ní fiú biorán é. Dheamhan gasúr san tír nach bhfuil ag fuasaoid leo sin. 'Ar ndú 'is beag a bhéas ar mhalrach nuair a éagnós sé é. Tá siad annsin thuas againn fhéin …
 
Ná teirigh soir le cnocán annsin. Tá an áit faoi dhriseachaí agus faoi dheilgní ar fad.