Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Do
/ɡu/. ní abruítear an d
Réamhfhocal, mion-fhocal cainte leis an mbriathar Ainm-bhriathar agus rl. Tigeann sé seo isteach i gcaint ar na mílte bealach, agus níl sna somplaí seo thíos ach cuid an bheagáin de na bealaí sin.
Na forainmneacha réamhfhoclacha: dom, duit, , diduithe (//. Bíonn an leagan seo ar di is gach uile áit ag daoine áiride, ach di is coitianta go fada ar fud an cheanntair), dúinn (duinn. Tá sé an-choitianta d'uireasa an tsíneadh fada. Sé is mó atá le fairrge ó Ghaillimh siar), daoib (díb, díbh freisin. Thríd agus thríd níl an b séimhithe. Tá an d caol in Árainn, go h-iondúil i Rosmuc, Camus, agus áiteachaí eile. Bíonn an dá fhuirm le chéile in go leór áiteachaí), dóib, dófa, (dóib nó dób is mó atá i gConamara agus a b leathan. Dófa nó dóf ar an Achréidh ach cuirtear daof(a) go minic in a áit).
Bíonn an d séimhithe ionnta go minic. Dhom i leabaidh dom, dhuinn i leabaidh duinn agus rl. Déarfainn gur minicí séimhithe é thríd agus thríd ná ar a mhalrait. Torum, toruinn adeirtear i leabaidh tabhair dhom, tabhair dhuinn.
I leabaidh domsa (damsa) deirtear damhsa (/dūsə/) ar an Achréidh ar an gcéad phearsa uathaidh réamhfhoclach. Tá sé an-tréan ann. Deirtear i sean-ráití nó a leithidí taobh thiar de Ghaillimh é, ach is cosúil gur den Achréidh a tháinig sé .i. "bain pluimín as (píopa) agus tabhair dhamhsa (/ūsə/) annsin é" (Spidéal).
Mar mhion focal san aimsir chaithte (do bhuail sé agus rl.) níl do san gcaint, ach scaithtí i sean-scéalta. Chuala mé tréan ag riar sean-scéalaithe mar sin é (Pádraig Ghábháin, agus Seán Ó Laidhe Ceathramha Rua).
Ní do ach a (/ə/) agus ag atá san iairdhíoch (infinitive) agus san ainm-bhriathar .i. "dúirt mé leis an fear a bhualadh"; "chuaigh sé amach ag cur na mbeitheach as an gcoirce." Ach deirtear amanntaí ráití mar seo .i. bhí sé ad iarraidh na mbeitheach (/əd′/) más é an do atá annsin nó nach hé. Bíonn /ə/ (a nó do?) agus séimhiú le dul, teacht .i. dúirt mé leis a theacht; fuagraíodh air a dhul abhaile (mar sin a bhíos sé i gcomhnaí). I leabaidh ag i ráití áiride sén /ə/ (a, do?) agus séimhiú a bhíos ionnta leis an iairdhíoch nó leis an ainmbhriathar .i. an rud a bhí sé a fháil (i leabaidh ag fáil), ní ghlacfadh sé é; an rud atámuid a iarraidh go bhfaghamuid é; an gúna a bhí sí a cheannacht níorbh fhiú an t-airgead é (tá an rud seo coitianta igcaint ainneóin go n-abraíonn daoine ag fáil (/ə fāl′/) agus rl. Ach tromlach na ndaoine ní abraíonn. B'fhéidir do rial eicínt a bheith ag baint leis ach ní fhéadaimse a barraíocht).
Deirtear do (/ɡu/) in áiteachaí in áit an /ə/ (a?) i leagain fearacht chuaigh sé do (a) chodladh; tháinig se do (nó a) chúnamh dhom leis an bhféar a chur isteach. Snadhmann do agus a in a dhá fearacht mar a ghníos siad is 'chuile áit eile ar fud na tíre ach amháin i dTír Chonaill. "Thug sé dhá (dá gan d séimhithe go minic freisin) athair é (níl "dona athair é" ann); thug sé dhá shiúl é (d'imigh leis ag siúl go tapaidh. Tá an a pearsanta(?) seo tréan go maith i gcaint); d'imigh leis dhá shiúl ionnsaí; ní thiúrfainn an oiread dhá (de annseo is dóigh) chroí dhó agus go bhfuigheadh sé é; ná fagh an méid sin dhá anró (do not put yourself to so much trouble about it); is maith an rud roinnt dhá shásamh (nuair a ghníos duine margadh réasúnta: nobody can have his own way completely); níl tuile dhá mhéad nach dtrághann; dhá laghad é, is fhearr é ná a bheith falamh; níl duine dhá chríonnacht nach dteigheann beart in a aghaidh; níl dhá mhéid dhá mbeidh agad nach mbeidh tú ag iarraidh tuilleadh; dá réir sin agus rl.
Tá daoine ar an Achréidh a dhealaíos an do agus an focal in a dhiaidh a thosaíos le f séimhithe nó guth. I leabaidh d'fhear, d'Earrach (/ɡær/ : /ɡærəx/) a rádh, deireann siad an do (/ɡu/) ar fad agus cuireann siad fuaim ar nós y Béarla isteach ar an f séimhithe nó ar an nguth. D'aonduine amháin (/ɡɛ̄ɴ/), do chuile dhuine (/ɡu/), do (/ɡu/) cheachtar aca agus rl. adeirtear. Ach chuala mé 'do gach duine" (/du ɡəx/) freisin. Is annamh a theagas gach isteach sa gcaint indiaidh do. Chuile is mó a bhíos ann.
1.
a.
+
Nach shin é is fhearr dhuit a dhéanamh
Is fhearr dom imeacht
TUILLEADH (15) ▼
Ní fearr dhuit ceird dá mbeidh ort ná ag pléidh leis scathamh
Nach hé is samhaoiní duithe (di. Spidéal) a bheith annsin
Ní móide dhó eirghe fós = b'fhéidir nachar eirigh sé fós
Ní móide dhuit é a fháil má theigheann tú ann féin
B'fhéidir don lá glanadh anois = b'fhéidir go nglanfadh an lá
B'fhéidir dó a theacht anocht
An ngabhfaidh mé ag na rástaí, an eadh? B'fhéidir dhom
Is aoibhinn duit (is miniar duit) nach bhfuil tada ar t'aire
Ní mór dhom (ní fuláir dom) a dhul abhaile anois
Ní beag dhuit é
Ní beag dó a dhonacht (a thúisce)
Is beag an dochar duit ceas a bheith ort agus a n-itheann tú de cheaille chuile lá
Is beag an dochar duit fuacht a bheith ort agus gan de chlúdadh ort ach an méid sin.
Ní mór liom duit
Is fada dhó a shaol má bhíonn an plúchadh siúd air i gcomhnaí
+
Nuair ab íseal don chailligh b'árd don chú = nuair a bhíodh an chailleach san ngleann bhíodh an chú ar an árd
Nuair is cruadh don chailligh caithfidh sí rith
TUILLEADH (3) ▼
Nuair is teann don phortán sea is fann don ghearrán
Nuair is dubh dóibsean (do na mámhasaí) is dearg domsa = drámhasaí a bhíodh i gcomhnaí ag an gcearrbhach seo
Nuair is ól duitse, is obair domsa = bímse ag obair an uair a bhíos tusa ag ól
+
Níl an lá faoi dhuinn le dhul le féar = níl an lá feileamhnach, nó in araíocht
Ní maith an dóigh a dhul ag pléidh le stiléaracht anois mara bhfaghadh duine an aimsir faoi dhó thar cíonn
TUILLEADH (2) ▼
Ba deacair aon-rath a chur ar fhéar le coicís anois, mar ní raibh an aimsir faoi dhó. Chothaigh sí ro-fhliuch
Tá an rópa sin ro-ghearr dom
+
Mac dó é
Is duine muintreach di (léithi) mise
TUILLEADH (3) ▼
Is comharsa mhaith dhuit é
Céard atá an bodach is mac sin dó a dhéanamh
Cá'il an cneámhaire is deárthair di ar an saol seo?
b.
+
Tháinig ciall dó = chuaigh sé chun céille
Níl aon-bhiseach ag teacht dom fós
TUILLEADH (12) ▼
Ach a dteaga tuilleadh aoise di, tiocfaidh tuilleadh céille di
Tháinig misneach dom nuair a chonnaic mé T. ag tabhairt a ndúshláin
Tháinig grádh (cion, searc, gean, rl.) agam di
Teagann olc agam dó chuile uair a bhfeicim é ag imeacht ag straoisireacht mar sin
Níor tháinic aon-aiteal (aithdeal) don lá fós ar aon-chor = ní dheárna sé aon-aiteal
B'fhéidir go dtiocfadh athrú don aimsir anois
Tháinic méid duit le goirid bail ó dhia ort = mhéadaigh tú
Beidh tú láidir ach a dteaga tuilleadh de do bhiseach = ach a dteaga méid duit
Tháinic croí dhom nuair a chonnaic mé thú = tháinig gliondar orm
Tháinic dhá chroí di, nuair a chuala sí go raibh sé ag teacht
Níl neart ar bith ag teacht dó = níl sé ag neartú
Ní fheiceann tú cosúlacht triomaigh ar bith ag teacht dó = an lá ag scartadh nó ag glanadh (fc. freisin téigh do)
+
Ní bhaineann an scéal sin duit
Ní bhaineann sé di a raibh mise ag ól aréir nó nach raibh
TUILLEADH (3) ▼
Is mór a bhaineas don cheann céanna. Bíonn a ladar aige is 'chuile rud
Is fada suas a bhain a (bhur) gcosa dhaoib = is fada suas a thug ur gcosa sib; níor ceart daoib a dhul suas san áit sin
Is fada isteach a bhain do chuid conórtais duit. Bhí agad fanacht amach as an teach sin
+
Leig dhom fhéineacht; leig dhom = ná bí ag pléidh nó ag fachnaoid, nó ag priocadh liom
Nach breá nach leigfeá dó fhéineacht! (do san mbriathar seo i gcomhnaí agus i greamaigh, fastaigh, snaidhm agus rl.)
TUILLEADH (3) ▼
Ceangal an t-asal don chlaidhe
Fuair sé maide agus cheangail sé dhó é
Greamaigh (fastaigh, snaidhm, agus rl.) dó é.
·
Chítear dhom go bhfuil sé in am baile
+
Bhí cupla stuca coirce leagtha san ngarrdha sin thoir agus chuaigh sé soir dhá dtógáil
Bhí an féar leigthe amach againn ó mhaidin, agus tá a bhfuil 'san teach imithe dhá ionntú
TUILLEADH (5) ▼
Móin adeir tú! Tá sé in am a dhul dhá baint anois
Más leat a dhul dhá gcur i mbliana (fataí) níorbh fhuláir duit tosaí feasta
Tá sé imithe dhá n-iarraidh ag an damhsa
Tháinig sé do mo choinne = go dtí an áit a raibh mé le mé a thabhairt leis
Tá na beithigh amuigh fós. B'fhearr duit a dhul dhá gcoinne.
c.
·
Tá sé in am a dhul don bhaile mhór
Beidh sceimhle orra ag dul don Achréidh imbliana
d.
+
Dia dhaoib! = go mbeannaí Dia dhaoib agus rl.
Croí dhuit a mhic ó! Nár laga Dia thú! = déarfaí é le duine a bheadh ag gabhail fhuinn nó a leithide
TUILLEADH (1) ▼
Croí dhuit! Faoi do chois é! Ná raibh tú tinn!
e.
·
Mar sin dóib, agus nár ba réiteach dóib!; in a chéile dhóib agus nar ba réiteach dóib (daoine a bheadh ag troid, agus gan aon-ghnaoi ag an gcainteóir ar cheachtar aca)
Mar sin di agus nar fhagha sí fuascailt (droch-bhean a cuireadh i bpríosún)
·
Duine brocach salach í i gcead duitse. (i gcead don chomhlódar)
I gcead duitse a dhuine chóir ní raibh na gasúir se'againne amuigh chor ar bith aréir, agus ní fhéadfaidh tú a rá gurb iad a leag do chuid claidheachaí
2.
+
Ní dhéanfaidh sé níos mó ar feadh domsa a theacht = ach a dtige mise
Chuaigh sé do chodladh th'éis teacht dó
TUILLEADH (2) ▼
Ar a dhul amach dó, thosaigh sé ag troid
Sé a bhí cantalach ag eirghe dhó

Féach freisin

de

Do in iontrálacha eile (100+)

+
abair
Tá do dhá dhíol ar fad le rádh agad
TUILLEADH (17) ▼
Ó dubhairt tú agus gur dhubhairt tú é anois, cruthuigh é. Caith dhíot do sheaicéad 'bhfeicidh mé 'bhfuil tú cho maith agus atá do leigean amach
Ó dubhairt agus gur dhubhairt, níor cheart dó a dhul siar air. Seasadh fear len a fhocal
Abair "ábab" agus ná buail do dhá chlab faoi chéile = rud adeirtear le gasúir. Ní féidir na "b"annaí a rádh gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
Cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh tú "ábab" gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
Ná h-abair rud mar sin ar chraiceann do chluas
Abair ar chuma ar bith go bhfuil saidhbhreas annsin amuigh 'fhoisceacht urchar méaróige do'n chladach, an té a ghabhfadh ag gliomadóireacht
D'fhéadfá a rádh gurb' ort atá slacht do chodach, bail ó Dhia ort
Abair gur cheannuigh tusa leota feola agus go dtáinic tú aniar abhaile agus gur chaith tú trí nó ceathair de laetheantaí dhá slumairt, nachar shamhaoinighe dhuit é sin, ná sceimhil a chur ar do bholg annsin thiar le piontaí pórtair
Chreidim nach ndeachaidh ach abruigheadh muid go ndeachaidh. 'Sé an chaoi is réidhchúisighe do 'chuile dhuine é
Tá J. ag cur a chosa uaidh ag iarraidh pósadh freisin anois. Dubhairt sé leis an athair an lá faoi dheireadh, bean a fháil dó nó an sagart! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Rug sé i ngreim chúl cinn ar Mh. Mh. agus thug sé Bóthar na Muice Báine amach dó. Anois céard adeir tú le Gaillimh. Is beag a cheapfadh go mbeadh an méid sin guis ann chor ar bith!
Diabhal thiomanta ceann a thiubharfadh sí dom, mara dtugainn seacht bpighne ar chúig cinn de "Phuncáin". Anois céard déarfá le Gaillimh! Is furasta dhóib bráigill fhéin a bheith aca
Deir tú leis an scoinmhíol seo thíos nach dtiubharfadh m'oirdín dom ag rádh gur leo féin é!
Déarfainn gur suarach an éadáil do dhuine ar bith a bheith i dtuilleamaí déirce bheag de'n tsórt sin
Déarfainn gur dona na gnaithí atá air a bheith ag imeacht ar a shláinte go fánach mar sin, agus a fhusacht dó a dhul go Sasana, agus saothrú maith ann
Dhá dteightheá ag an gcéad Aifreann mar adéarfá, agus a dhul ann annsin gan méir a bhaint de do shrón, diabhal mé go mbeitheá ann in ucht an lae
Bhí sé dhá fheiceál dom mar adéarfá, go n-eireochadh rud eicínt dom
 
Tá mo chroidhe istigh dhá rádh liom nach ceart dom a bheith ag dul in éindigh léithe: nach bhfuil mé ach dhá cur amú
+
"An raibh tú ins an nGréig nó an bhfuil aon-scéal agad ó'n Spáinn; Nó ab iad na céad-déaga a chuir "écliops" (éaglam?) isteach in do cheann" (As amhrán a rinneadh ins an Lochán Beag, An Cnoc, tuilleadh agus céad bliain ó shoin)
TUILLEADH (4) ▼
Chuaidh S. Bh. a bhí annseo thoir ins na céad-éagadh. Sílimse go raibh sé as cionn cláir an uair a shuidh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath agus ar tugadh deoch dó, shéaluigh sé
Chuaidh do shean-athair — 'ndéanaidh Dia trócaire air! — ins na céad-déaga. Bhí siad ar thob a leagan amach an uair a tháinig mothú ann in ath-uair, agus ghlaoidh sé ar do shean-mháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. "Gheobhaidh mé bás su(a)ímneach anois," adeir sé. Thuit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
'Ar ndú má's fíor do na sean-daoine ghnídís udhachtaí fadó ins na céad-déaga. Is beag na céad-déaga atá ann anois, ach thú fuaduighthe ag an séipéal cho luath agus a aireochthar an anáil imighthe asad. Ní fhéadfaidís gan rud eicínt a theacht orra an uair sin. Nach gcoinnighidís seachtain dhá dtórradh iad
Chuaidh sé sin, an uair a bhí sé in a pháiste bheag ins na céad-déaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach rabh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buidheachas Leis Féin. Shrian sé as th'éis liostachais fhada. Sílim dheamhan áird ar na turais aige in a dheidh sin, aindeoin go mbíonn muid ag strócadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
+
Fagh ruainne pháipéar dom a bhéas dubh-dhearg agus cró-dhearg nó go ndearga mé mo phíopa
TUILLEADH (1) ▼
Foighid ort! Ní mór dó a bheith cró-dhearg agus níl sé dubh-dhearg féin fós
+
Beidh dhá dhéanamh air anois: do dhéanamh-sa agus an duine a chaithfeas a dhul air in do dhiaidh
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé ag iarraidh a bheith ag freastal do thalamh agus é leath na gcuarta imithe ag cruinneál an rud eile sin. Sin é teanam an dá chailleach agus gan aon-chailleach ag tíacht. Ach sén chaoi a mbeidh sé as a dheireadh, ní bheidh Mrucha ná Mánas aige
Tá dó agus pínn agam (2s. 1d) (dó agus dhá phínn … leathchoróin … dó agus aon-phighinn déag)
Thug mé dó agus dhá fhichead air (£2 2s) (Trí agus dá fhichead, deich agus dá fhichead, dó dhéag agus dá fhichead, … seacht déag agus dá fhichead agus rl.)
Ara, cén 'is goire é do Gh. ná S." Tá sé a dhá ghoireacht, ar a laghad ar bith
Níorbh fhuláir duit maide a fháil a bheadh a dhá spreacadh sin. Is beag an baol air sin a choinneál
+
daba
Dhéanfadh sé dubhachan an tsaoghail, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páighe agam 'sa ngarrdha sin thiar anuiridh, agus b'éigin dom a bheith ag fuagairt air 'chuile mhionnóid, na dabaí móra roighne siúd atá 'sa gcúl láir a mhionnú. Dheamhan an láighe fhéin a chuirfeadh sé thríob
TUILLEADH (2) ▼
Ar an dá luath agus ar thosuigh an tsiúite, dheamhan asna dhíom nach sciobann an daba de'n phláta agus "haway" liom. Déarfainn go mbadh diomdhach an bheirt a bhí ionnta nuair ab éigin dóibh a mbéilí a ithe tur tar
Ara tá chuile dhuine siar annsin ag fáil an daba eile sin — an Dole — ar feadh na bliana uiliog, agus is cuma leo sin sa diabhal, ach gan é sin a bhaint dóibh (díob). Dhá mbaintí, bheidís réidh le K. gan mórán achair. Dheamhan mórán gnaoi ag cuid mhaith aca cheana féin air, ach tá siad i bhfaitíos faoi'n "dole" in a dheidh sin
 
Is dalba an daibéad de bhean atá aige d'fhear cho h-éidtreorach leis. Dhá dtosuigheadh sí siúd ag broimseálacht, bhí sé fánach aige aon-cheart a bhaint di
+
Má theigheann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirre ach daighce, agus beidh muid gan Murrchadha gan Maghnus annsin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil "bicycle" briste orainn. Tosuigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirre, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul 'un cainte léithe. Ní móide go n-eiteochadh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí in a ceann é, ní thiubharfadh sí deoir do dhiaumhlach
TUILLEADH (4) ▼
Beidh daighce air nó go bhfaghaidh sé daithte é; agus gheobhaidh as a dheire. B'fhearr dhuit ag gabhail de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith igcleitheamhnas a dhul ag baint aon-cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach an uair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in aoinfheacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
Ní raibh an ceann céadna ariamh gan an daighce agus an stodam a bheith air. Is fadó cheana nach raibh sé ar siubhal (ag troid). Sin é an suaimneas is fuide a chonnaic mé é a dhéanamh ariamh. Ach b'fhurasta aithinte dom an oíche cheana agus an chaint a bhí air, go mbadh ghearr uaidh (go dtosuigheadh sé ag troid)
Má bhuaileann daighce ar bith é siúd, dheamhan ionntú ar a sháil a dhéanfadh sé duit ar feadh an lae, ná d'aon-duine eile. Is stuacaighe é ná a bhfaca tú ariamh
Is fhearr duit leigean de do chuid daighce anois, agus a dhul a chodladh as réidhteach, nó má eirighimse aghad (chugad) cuimhneochaidh tú air. Níl aon-oíche ins an aer nach ar an gceird chéadna a bhíos tú, mara bhfaghaidh tú cead do chomhairle féin faoi 'chuile rud. Nach gránna an chaoi de do leithide de stócach a bheith ar an gceird sin feasta choidhchin.
+
Is daighceamhail an mhaise dhuit é. Mise i mbannaí dhuit dhá bhfaighteá neart slaite gur maith gasta a d'eireochthá as an bhfaisean sin. Chonnaic muid do mhacsamhail cheana, agus smachtuigheadh iad.
TUILLEADH (2) ▼
Sin é féin an Seán daighceamhail. Níl cinneadh ar bith leis féin ag magadh faoi 'chuile dhuine eile ach do dhubhshlán teirigh ag magadh faoi féin
Bhí mé thíos ann lá annseo anuiridh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag strócadh ag iarraidh a dhul síos 'un bóthair. Ní leigfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le nigheachán nó rud fánach ar aon-nús (nós). D'iarr an mháthair uirre é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá cho daighceamhail agus a d'iompuigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh 'fhad's gheobhainn teas in a craiceann. Bhí sí do-chorruighthe freisin, ach níor leig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
+
Sin é a chuid daighceamhlacht'. Bíonn sé sin mar a bheadh múille scaithtí. Do dhubhshlán drannadh leis an uair sin. Má dhrannann, mo leabhar dhuit, go mbeidh rud ar a shon agad
TUILLEADH (1) ▼
D'imigh an diabhal ar a chuid daighceamhlacht'. Bíonn sé laetheantaí agus ní bheannóchadh sé ins an mbóthar duit. Laetheantaí eile 'sé an fear is subháilcighe a chas ariamh leat é. Léar (de réir) mar a bhuaileas an daol é, sin é an chaoi a bhfuil sé
+
Rug sé ar dhaigéad de chloich le mé a smíochadh. Chuaidh sé cho gar dhom agus a chuaidh an ceol do hAnnraoi, ach thug mé na h-aobha uaidh ar éigin
TUILLEADH (2) ▼
Tharraing se anuas daigéad mór de leabhar agus d'ionnsuigh air ag léigheamh dom féin aisti. Níl fhios agamsa beirthe beo ná baistighthe céard a bhí sé a léigheamh aisti. Badh é m'áird air é ar aon-chor!
Leag sí anuas daigéad de cháca in a láthair, agus go deimhin agus go dearbhtha duit a mhic Uí Fh., dá n-ithteá ceathramha dhe, bheitheá sáthach go ceann trí lá. Ó dheamhan an oiread agus a bhuailfeá ar shúil dreoilín a d'fhan d'fhuighleach uaidh. Agus déarfaidh an craosánach sin in a dheidh sin nach bhfuil sé ag caitheamh tada
+
daigh
Tháinic doigh eicínt isteach faoi bhun m'asnacha annseo anuiridh, agus mé ag feamnadh, agus sheaduigh sí mé go dtí sé seachtainí ó shoin. Nuair ab fhada liom go raibh sí ag imeacht, shoir liom go dtí an dochtúr, agus thug sé buidéal dom. Ó a chaith mé an buidéal, níor airigh mé ó shoin di.
TUILLEADH (9) ▼
Ní fhaca tú aon-fhear ariamh ab fhearr a bhíodh ná é go mbuaileadh an doigh é, ach ó bhuailfeadh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis go n-imigheadh sí aríst. Ach ba bheag réidh an achair a thug sí dhó chor ar bith san aimsir dheireadh. Chothuigheadh sí i gcomhnaí é
Tá faitíos orm an doigh sin a theagas air, gur ó chancar í. Tá cancar a mhic ó ar leath do thíre. Níl innseacht ar bith ar a bhfuil ag fáil bháis leis anois, agus ní bhíodh caint ar bith fadó air
M'anam muise an té a mbuailfidh an doigh sin [é] (buinneach) nach fuláir dó siubhal a bheith aige
Tháinic dógh (doigh) bhuilg ar an T. agus b'éigin eirighe as an gcéilidhe agus gan é nach (ach) uair ar siubhal. Ní hé a (ar) mbeannacht a thug muid do bholg an T. an oíche sin ar chaoi ar bith! (doigh bhuilg = pian bhuilg)
Tá dógh (doigh: /dəi/ : /dɛ̄/ : //) ghoile ag dul dom = pian isteach faoi'n gcliabhrach nó imbéal an chléibh. Teagann sí ar dhuine mara mbeidh a chuid bídh ag teacht leis, nó ag feileamhaint dó, nó mara bhféadann sé aon-cheo a dhéanamh thrídh n-a cholainn. Cineál indigestion é
Tá dógh croidhe agus dógh ghoile agus dógh bhuilg agus 'chuile dhógh dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá fhios agam-sa céard atá ag dul dó sin: neart leoistidheacht' agus rístidheacht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide 'nuair a thosuigheas sé sin ag fuasaoid, agus tosuighe dhá rúscadh leis aniar ar an dromán, agus é 'ruaigeadh amach in a ghnatha, mise i mbannaí gur beag 'fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataidheacht leis a bhíos siad in a leabaidh sin
Doigheachaí atá ag dul duit. Ól deoch uisce fuar cho tréan in Éirinn agus atá tú indon a ól … Níl tú indon fuilingt leis an uisce fuar! Nach maith a chaithfeas tú fuilingt lena doigheachaí!
Bhí mé de'n tsaoghal ag doigheachaí in imeacht na seachtaine seo caithte. B'éigin dom eirghe de mo leabaidh oíche, agus mo leiceann a chur le teineadh. Bhí mé ag screadach leis an bpian
Níl pian ar bith is boichte ná na doigheachaí fiacal, agus níl pian ar bith in a dheidh sin is lugha a mbíonn truaighe do dhuine ná í.
+
 Daidhean an mór duit deifir a dhéanamh (níl mé ro-chinnte gur an .i. "daidhean an", is cóir a scríobhadh i gcásannaí den tsórt seo. fuaim /ə/ atá ann)
TUILLEADH (2) ▼
Daidhean a leigfeadh an faitíos dó a chois clí ná dheas a chuir taobh amuigh de dhoras
Daidhean mé nach uait a thug mé í (móin). Ach ba bheag nach uait. Dhá mbeireadh an múr orm ag do chruaich-sa, is innte a rachainn
 
'Sé Baile an Daighin é má cheannuigheann sé clog eili. Nach bhfuil an teach aige treannach ar tigh F. cheana le cluig. Ach ní feasach dó, ach an oiread le duine cé an chóir chaithte a chuirfeas sé ar a chuid airgid
+
dáil
Teann siar indáil le Gaillimh. Beidh tú ar do mhian ceart annsin: neart cailíní, neart óil, agus neart peictiúir
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé in a chomhnaí thiar indáil leis an gC. R. leis an tsíorraidheacht. Thug sé cúl ar fad do'n Bh.
Tá sé indáil le dhul do mo bhualadh annsin ó mhaidin
Ba cheart dó a bheith indáil le ar fáil anois. Is fadó indiu a d'imigh sé
Shílfeá go raibh sé indáil le idir dhá chomhairle faoin a thabhairt dom nuair a chuir an bhean a ladar isteach
Tháinic sé indáil le ina imní uirri nuair nach raibh ag teacht dó
Tá sé indáil le cho tugtharach do'n ól le ceachtar aca
 
Tabhair aire do do shúile. Ní hé an uair a thiocfas dailleacht ort, atá agad a bheith dhá bhfuasaoid
+
dáimh
Ara a dhearbhráthair ó, tá beagán (roint, cosamar, smearachán, bruscar agus rl.) dáimhe ann. Col ceathar dom 'athair a bhí pósta aige. Nach shin é an fáth a mbíonn sé ag brughadh orm igcomhnaí
TUILLEADH (4) ▼
Tá dáimh aice sin le 'chuile dhuine sa tír má's fíor di féin, ach 'sé gaol mhadadh Úna le madadh Áine é. Ar chuala tú ariamh é: "Uisce fuar mo chreach agus gaol i bhfad amach". Sin é a fhearacht aice sin é
Nach h-iad an chuid eile dhíot fhéin iad sin: an cleite is fhearr in do hata. In Domhnach tá na dáimheannaí ann, ach a gcomhaireamh
Is dual dáimhe agus daoine di cúl a cainte a bheith léithe. Níor leig a máthair aonduine thairti ariamh gan sclamh a bhaint as
Is mó an ghairm atá aice sin do'n té nach bhfuil gaol ná dáimh aice leis, ná len a muintir féin. Ach nuair a theastóchas rud eicínt uaithe, ní bhíonn aon-leisce uirre an gaol a mhaoidheachtáil mo léan!
+
An t-alt is daingne in do chorp lúbfadh sé h-idir a ladhraicín agus mac an pheata é. Ní raibh cinneadh go deo leis an spreacadh a bhí in a mhéarachaí
TUILLEADH (9) ▼
Tá sí sin ro-dhaingean i dtalamh len a baint le gróití. Púdar nach mór do'n chailín sin (aill)
Má's leat í sin a dhéanamh sáthach daingean, (a cur isteach sáthach daingean, a fáscadh sáthach daingean agus rl.) ní mór duit ord a fháil agus a dhul ag ordlaidheacht uirre. Is gearr le dhul do mhaoilín casúir ar an daigéad sin
Nach daingean ins an diabhal a chuir sib isteach é, le nach mbainfeadh do chumhachta amach é
Nach diabhaltaí daingean a cuireadh an claibín ar an mbuidéal ola a bhí annsin an lá cheana, agus go mb'éigin dúinn pionsúr a thógáil in a éadan
Nach tú a chuir an glas-shnaoidhm (snaidhm) daingean uirre. Tá faitíos orm go gcaithfidh tú an scian a thabhairt di
Tá greim daingean ar an gcloich sin, léis (taréis) go bhfuil sí ar bogadh le do láimh a leagan uirre
Tá mé i ngreamús go daingean in do phíosa fós. Deich bpighne atá mé istigh sílim
Táir a mh'anam, agus go daingean. Coinnigh greim an fhir bháidhte anois uirre. Imir do chuid cártaí go staidéarach, agus scuabfaidh muid an "tyre" cairr (leath-choróin) fós
'Sé a labhair go daingean. Bhí a fhios agam ar an bpuínte nach dtiocfadh aon-athrú intinne dó ó'n gcaoi ar labhair sé
+
Mara ndaingnighidh tú an glas sin, is gearr go mbeidh do dhorus béal in áirde feicfidh tú féin air.
TUILLEADH (9) ▼
Is mór an daingniughadh nach mór do'n chroich fós, shul á fhéadfas tú pota a chur uirre. Pota ar bith a chrochfaidhe uirre sin, bheadh sé anuas in do mhullach ins an teine
Dhaingneochainn an táirnge tuilleadh, ach feicthear dom go bhfuil an clár buille tanuidhe
Níl aon-chnoth ag gabhail leis nach raibh ar bogadh. Fagh do "rinnse" agus daingnigh iad má's leat a dhul ar marcaidheacht air
Sin é an chaoi a raibh Sasana ariamh. D'aimsigh sí 'chuile áit ar foghnamh agus chuir sí na geanntrachaí láidre isteach i gcruthamhnas duit go bhfuil sí cho daingnighthe anois, agus nach féidir a cur amach. Nar ba fearr a bhéas sí muise mara ndeachaidh sé righte go leor léithe ins an gcogadh seo. Mo choinsias chuaidh!
'Sé an chaoi a bhfuil na diabhail dhá ndaingniughadh isteach le 'chuile chor. Do dhubhshlán anois cuir amach iad feiceamuist. Dhá splanctha dhá raibh tú dhá gcur isteach, beidh tú seacht n-uaire níos splanctha dhá gcur amach, creid mise dhuit ann
Tá fear an airgid in don é féin a dhaingniughadh isteach in a rogha áit. Ní comórtas ar bith do dhaoine dhona é
Ná leig don tslaghdán sin daingniú istigh ionnad, nó beidh moill ort shul a chuirfeas tú as do chrioslaí é
Ó a dhaingneós droch-ghalra mar sin in do chnámha, is obair a chur asta. Chaith casacht shlaghdáin ráithe fada in a lionnán (leannán) agamsa anuiridh.
Tá mé cho daingnighthe istigh ins an sé pighne sin, agus nach gcuirfidh do cheann finne as mé. Faoi dhó cheana a bhí sé ar na bocáin agam a bheith as, ach diabhal mé gur rith liom 'chuile "thrip"
+
dair
Bain an sean-chrann daraighe sin ag tóin an tighe agus is fada go bhfeicidh tú deire do chuid brosna caithte. Bheadh an-smutáin air sin
TUILLEADH (2) ▼
"Saileach dhuit féin; fuinnseoig de do mac; agus dair do mhac do mhic" = mar dhóigh dhe go mbeadh an tsaileach in inmhe agus ag foghaint duit féin; ach nach bhfoghanfadh dair ach do mhac do mhic
Ag cur daraighe atá tú. Ag cur daraighe do mhac do mhic. Saileach adeir siad duit féin, fuinnseoig do do mhac agus dair do mhac do mhic
 
Cén mhaith do dhuine a bheith in ainm agus a bheith ag déanamh rud nuair nach mbíonn sé dháiríre faoi