Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

duit (50+)

+
Ní mór duit faitíos a choinneáil air sin, nó éireoidh sé in do mhullach
TUILLEADH (2) ▼
Mura bhfuair tú do do chuid airgid fós, tá faitíos orm duit
Ná fág an t-airgead sin ansin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air i ngan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
 
M'fhallaing duit gurb in é an t-airgead a fuair mé gan cianóg chuige ná uaidh
+
Chomh fada agus is léir domsa é, 'sé an chaoi a bhfuil gach dream acu ag baint earasbarr donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feictear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór duit seomra eile a ligean siar d'earasbarr as an teach
 
Ní call duit a bheith ródhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortachsa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom ina bhogeimhin fhéin é ná é a bheith gan aon domhain ar nós na bportaigh atá againn anois
 
Ní bheadh call duit slat ar bith a leagan uirthi (capall). Bheadh sí sna feire glinnteachaí uaithi féin
+
Bhí agat a theacht agus a fhiosacht (fios agat?) duit go raibh mise anseo liom féin
TUILLEADH (2) ▼
Níor cheart duit na beithígh a chur sa ngarraí sin agus a fhiosacht duit nár cuireadh ann i mbliana iad
Ba bheag a bhí le déanamh agat ól a thabhairt dó sin agus a fhiosacht duit nach dtabharfadh sé fhéin deoir do Dhia shúlach
+
fios
Ba cheart duit fios do cheirde a bheith agat feasta
TUILLEADH (3) ▼
Mura bhfuil fios do ghnaithe agat fhéin feasta choíchin, tá sé fánach agamsa a dhul dhá inseacht duit
Mura bhfuil fios an bhealaigh agat, gabhfaidh mise ag déanamh treoir duit
Ná téirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bleitheach ólta ag an ngrísc sin as L., ba bheag an tsuim a bheadh acu gléasadh buailte a thabhairt duit
 
Coinnigh leat é sin. Sin é an fear fobhairne atá ag an mboss. Is mór a d'fhéadfadh sé sin a chur ann duit, dhá mbeadh sé leat, ach is mór a d'fhéadfadh sé a chur as duit ar an gcóir chéanna. Níl aon cheo dhá ndéarfaidh sé nach in é a dhéanfas an boss. Bíonn an bheirt ag ól in éindí chuile oíche
+
focal
Focla do charaid agus claíomh do namhaid, an dá rud is measa ar bith duit — cuireann caint do charaid amú thú; beidh sé ag borradh leat nó ag tabhairt moladh dhuit nach bhfuil tuillte agat, agus cuirfidh sé de do threoir thú
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé siúd in ann focal ar an bhfocal a thabhairt duit nó is maith an cainteoir thú
Ní duine é Seán a ghabhfadh ag cur iontú an fhocail ar thada. Inseoidh sé a scéal duit go baileach gan baint dó ná cur leis
M'fhocal duit, níor dhúirt mé ariamh é; dar m'fhocal nár dhúirt mé ariamh é
M'fhocal duit nach bhfaca mé beag ná mór í
Mo láimh agus m'fhocal duit muis, ba mise a leagfadh air dhá gcastaí ann mé
Mo láimh agus m'fhocal duit nach bhfuil cianóg rua ar m'fháltas
"Mo láimh agus m'fhocal duit a William Reilly ba deas a leigheasfainn do bhrón" As William Reilly
Mo láimh agus m'fhocal duit, níl gráinne tobac ag gabháil liom
Níl aon phíopa ag gabháil leis an siopa, ach chuir mé ceann i bhfocal duit ar an dá luath is a bhfaighidh sé iad. Ar ndóigh is fada é sin. Tá aon mhí amháin orthu ar chaoi ar bith!
 
foirm
Go bhfuil siad in ann an cloigeann a bhaint de dhuine agus cloigeann eile a chur air! Go dtuga Dia ciall duit! Níl do scéal i gclár ná i bhfoirm! An dtabharfása cead an cloigeann a bhaint díot fhéin?
+
Sé cinn a fuair tú. Ní foláir duit sin. Is beag a bheas le reic agat ach a mbeidh ábhar dorais bainte astu
TUILLEADH (2) ▼
Níorbh fholáir duit sé phunta dhéag a fháil ar an dá ghamhainín sin anois le bheith íoctha iontu. Nár thug tú fhéin aon phunta dhéag orthu?
Ní foláir duit foighid a bheith agat. Ní dhéanfar de rith ná de léim mar sin é
 
Iarr leat a mhic ó! Tuige nach n-iarrfá! Is féar tirim duit fhéin sin. Den tsonas an achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt. 'Sé an scéal is measa nach bhfuil mé in ann a freagairt sílim
 
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Téirigh tusa ina éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit ligean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
+
fág
Sin é a bhfuil agamsa duit. Tóg é nó fág é. Dheamhan neart agamsa ort
TUILLEADH (2) ▼
Fág mar sin é. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé mar atá sé, go lige Dia do shláinte duitse!
Tá do chuid dola dhíot agat aríst i mbliana. Is aoibhinn duit. Ach cár fhága tú tuarastal an tsagairt? Níor chomhair tú é sin chor ar bith
 
Breathnaigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneámhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaí gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má théann sé ina chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraingt ort ná an tÁibhirseoir
+
féar
Mura dtograí tú a chaitheamh (toitín), cuir in do phóca é. Is féar tirim duit fhéin é — déanfaidh sé leas duit uair eicínt eile
TUILLEADH (2) ▼
Cén chiall go gcuimhneofá amháin air? Do churach a ligean uait mar sin ar bheagán! Is maith an féar tirim duit fhéin í. Fan go hearrach nó go dteastaí leasú uait! Fóirfidh sí ansin. Ar ndóigh ní feamainn scine atá agat
Dar fia ná tabhair an píopa sin uait. Is féar tirim duit fhéin i gcónaí é. Má chailleann tú, nó má bhriseann tú an píopa eile sin, cén bhail a bheas ort? Beidh: do mhéir a bheith in do bhéal agat. Tá píopaí ina n-ór anois
+
Gheobhaidh tú na físeachaí agus na pínneachaí corra má chloiseann t'athair thú ar an gcaint sin. Feicfidh tú fhéin air go dtabharfaidh sé siúd luach do chuid gráiscínteacht duit
TUILLEADH (1) ▼
Is fhearr dhuit bleid nathaíocht a bhualadh ar dhuine eicínt eile ná ar T. Mh. Ní bheidh tada dhá bharr sin agat ach na físeachaí agus an pínneachaí corra ag imeacht duit. Síleann tú go bhfuil dea-chaint agat! Is beag an ghair atá agat air siúd
+
fíóg
Chaithfeá na fíógaí a bhaint i dtosach. Nuair a bheifeá dhá ndlaoithiú níorbh fholáir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirthi nó thitfeadh a mbeadh istigh inti amach ina mionbhas. Chrochfá suas ar stálú sa simléar ansin iad nó go mbeidís tirim. Nuair a bheidís tirim sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís chomh láidir sin. Ansin bheidís faoi réir lena lasadh
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart duit gabháil fhíóg a bhaint. Bheadh solas breá orthu tharla nach bhfuil aon ola lampa le fáil
 
fóir
Nach beag an dochar duit náire a bheith ort a theacht ag iarratas ormsa. Ní raibh aon fhear fóirithinte agam fhéin ariamh ach cead agam a raibh agam a bhaint as allas mo chnámh. D'fhéad tusa an cleas céanna a dhéanamh ach bhí an iomarca den spreallaireacht ag siúl leat
 
Is ort a bhí an chabaireacht. Níor cheart duit trácht beag ná mór air.
 
B'fhearr duit na sclamhairí sin a chaidhleadh suas ina gcarnán agus bruithfidh muid do na muca iad.
 
Nach maith a chaithfeadh sé caidéis a fháil duit! — caint a dhéanamh fút nó suntas a dhéanamh dhuit ar bhealach eicínt, nó thú a mholadh gan bail ó Dhia a chur ort, nó a mhacasamhail.
 
Ná bí chomh caidéiseach sin. Nach iomaí áit a mbeidh duine ag dhul agus nach maith leis é a inseacht duitse.
 
Go dtuga Dia ciall duit! Ní fhéadfá aon pháipéar a léamh ansiúd le a mbíonn de chantaireacht chainte ann. Dar mo leabhar, is geall leis an Dáil scaití é. Ach ní bhíonn aon chuideachta ann mura dtosaí P. fhéin. Sin é atá in ann brabach a fháil ar chuile dhuine.
 
Seo é an saol a bhfuil an chantáil ar an bpoitín, dheamhan deoir a shroichfeadh duit mura mbeadh sé i bhfocal agat mí roimh an am.