Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

duit (50+)

+
Ní mór duit faitíos a choinneál air sin, nó eireóidh sé in do mhullach
TUILLEADH (2) ▼
Mara bhfuair tú do do chuid airgid fós, tá faitíos orm duit
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
 
'm'fhallaing duit gurb shin é an t-airgead a fuair mé gan cianóg chuige ná uaidh
+
Cho fada agus is léar domsa é, sén chaoi a bhfuil gach dream aca ag baint earasbár donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feicthear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach sén deá-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór duit seomra eile a leigean siar d'earasbar as an teach
 
Ní call duit a bheith ro-dhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortach-sa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom in a bhog-eibhinn fhéin é ná é a bheith gan aon-domhainn ar nós na bportaigh atá againn anois
 
Ní bheadh call duit slat ar bith a leagan uirre (capall). Bheadh sí sna feire glinnteachaí uaithe féin
+
Bhí agad a theacht agus a fhiosacht (?fios agad) duit go raibh mise annseo liom féin
TUILLEADH (2) ▼
Níor cheart duit na beithigh a chur san ngarraí sin agus a fhiosacht duit nachar cuireadh ann i mbliana iad
Ba bheag a bhí le déanamh agad ól a thabhairt dó sin agus a fhiosacht duit nach dtiúrfadh sé fhéin deoir do dhiaúlach
+
fios
Ba cheart duit fios do cheirde a bheith agad feasta
TUILLEADH (3) ▼
Mara bhfuil fios do ghnatha agad fhéin feasta choichín, tá sé fánach agamsa a dhul dhá innseacht duit
Mara bhfuil fios an bhealaigh agad, gabhfaidh mise ag déanamh treóir duit
Ná teirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bléitheach ólta ag an ngrisc sin as L. ba bheag an tsuim a bheadh aca gléasadh buailte a thabhairt duit
 
Coinnigh leat é sin. Sin é an fear fobhairne atá ag an "mboss". Is mór a d'fhéadfadh sé sin a chur ann duit, dhá mbeadh sé leat, ach is mór a d'fhéadfadh sé a chur as duit ar an gcóir chéanna. Níl aon-cheo dhá ndéarfaidh sé nach shin é a dhéanfas an "boss". Bíonn an bheirt ag ól in éindigh chuile oíche
+
focal
Focla do charaid agus claidheamh do námhaid, an dá rud is measa ar bith duit = cuireann caint do charaid amú thú; beidh sé ag borradh leat nó ag tabhairt moladh dhuit nach bhfuil tuillte agad, agus cuirfidh sé de do threóir thú
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé siúd indon focal ar an bhfocal a thabhairt duit nó is maith an cainteóir thú
Ní duine é Seán a ghabhfadh ag cur ionntú an fhocail ar thada. Innseóidh sé a scéal duit go baileach gan baint dó ná cur leis
M'fhocal duit, níor dhúirt mé ariamh é = dar m'fhocal nár dhúirt mé ariamh é
M'fhocal duit nach bhfaca mé beag ná mór í
Mo láimh agus m'fhocal duit muis, ba mise a leagfadh air, dhá gcastaí ann mé
Mo láimh agus m'fhocal duit nach bhfuil cianóg ruadh ar m'fháltas
"Mo láimh agus m'fhocal duit a William Reilly ba deas a leigheasfainn do bhrón" (As "William Reilly")
Mo láimh agus m'fhocal duit, níl gráinne tobac ag gabhail liom
Níl aon-phíopa ag gabhail leis an siopa, ach chuir mé ceann i bhfocal duit ar an dá luath agus a bhfuighidh sé iad. 'Ar ndú is fada é sin. Tá aon-mhí amháin orra ar chaoi ar bith!
 
foirm
Go bhfuil siad indon an cloigeann a bhaint de dhuine agus cloigeann eile a chur air! Go dtuga Dia ciall duit! Níl do scéal i gclár ná i bhfoirm! A' dtiúrfása cead an cloigeann a bhaint díot fhéin?
+
Sé cinn a fuair tú. Ní fuláir duit sin. Is beag a bhéas le reic agad ach a mbeidh ábhar dorais bainte asta
TUILLEADH (2) ▼
Níorbh fhuláir duit sé phunta dhéag a fháil ar an dá ghamhainín sin anois le bheith íocha ionta. Nar thug tú fhéin aon-phunta dhéag orra?
Ní fuláir duit foighid a bheith agad. Ní dhéanfar de rith ná de léim mar sin é
 
Iarr leat a mhic ó! Tuige nach n-iarrfá! Is féar tirm duit fhéin sin. Den tsonas an achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt. Sé an scéal is measa nach bhfuil mé indon a freagairt sílim
 
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann, ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Teirigh tusa in a éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit leigean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
+
fág
Sin é a bhfuil agamsa duit. Tóig é nó fág é. Dheamhan neart agamsa ort
TUILLEADH (2) ▼
Fág mar sin é. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé mar atá sé, go leige Dia do shláinte duitse!
Tá do chuid dola dhíot agad aríst i mbliana. Is aoibhinn duit. Ach cár fhága tú tuarastal an tsagairt? Níor chomhair tú é sin chor ar bith
 
Breathnuigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneamhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaidhe gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má theigheann sé in a chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraint ort ná an t-Ábhairseoir
+
féar
Mara dtogruighe tú a chaitheamh (tuitín), cuir in do phóca é. Is féar tirm duit fhéin é = déanfaidh sé leas duit uair eicínt eile
TUILLEADH (2) ▼
Cén chiall go gcuimhneóchthá amháin air? Do churach a leigean uait mar sin ar bheagán! Is maith an féar tirm duit fhéin í. Fan go hEarrach nó go dteastuighe leasú uait! Fórfaidh sí annsin. 'Ar ndú ní feamainn scine atá agad
Dar fia ná tabhair an píopa sin uait. Is féar tirm duit fhéin i gcomhnaí é. Má chailleann tú, nó má bhriseann tú an píopa eile sin, cén bhail a bhéas ort? Beidh: do mhéir a bheith in do bhéal agad. Tá píopaí in a n-ór anois
+
Gheobhaidh tú na físeachaí agus na pínneachaí corra má chloiseann t'athair thú ar an gcaint sin. Feicfidh tú fhéin air go dtiúrfaidh sé siúd luach do chuid gráiscínteacht duit
TUILLEADH (1) ▼
Is fhearr dhuit bleid nathaíocht a bhualadh ar dhuine eicínt eile ná ar T. Mh. Ní bheidh tada dhá bharr sin agad, ach na físeachaí agus an pínneachaí corra ag imeacht duit. Síleann tú go bhfuil deá-chaint agad! Is beag an ghoir atá agad air siúd
+
fíóg
Chaithfeá na fíógaí a bhaint idtosach. Nuair a bheitheá dhá ndlaoithiú níorbh fhuláir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirre nó thuitfeadh a mbeadh istigh inte amach in a mionús. Chrochfá suas ar stálú san simléar annsin iad, nó go mbeidís tirm. Nuair a bheidís tirm sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís cho láidir sin. Annsin bheidís faoi réir len a lasadh
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart duit gabhail fhíóg a bhaint. Bheadh solas breagh orra thárla nach bhfuil aon-ola lampa le fáil
 
fóir
Nach beag an dochar duit náire a bheith ort a theacht ag iarratas ormsa. Ní raibh aon-fhear fóirínte agam fhéin ariamh, ach cead agam a raibh agam a bhaint as allas mo chnámh. D'fhéad tusa an cleas céanna a dhéanamh ach, bhí an iomarca den spreallaireacht ag siúl leat
 
Is ort a bhí an chabaireacht. Níor cheart duit trácht beag ná mór air.
 
B'fhearr duit na sclamhairí sin a chaidhleadh suas in a gcárnán, a's bruighfeamuid do na muca iad.
 
Nach maith a chaithfeadh sé caidéis a fhaghail duit! = cainnt a dhéanamh fút nó sunntas a dhéanamh dhuit ar bhealach eicínt, nó thú a mholadh gan bail ó Dhia a chuir ort, nó a mhacsamhail.
 
Ná bí chomh caidéiseach sin. Nach h-iomdha áit a' mbeidh duine ag dhul, a's nach maith leis é 'innseacht duitse.
 
Go dtuga Dia ciall duit! Ní fhéadfá aon-pháipéar a léigheamh annsiúd le 'mbíonn de chantaireacht chainnte ann. Dar mo leabhar, is geall leis a' Dáil scaithtí é. Ach ní bhíonn aon-chuideachta ann mara dtoisighe P. fhéin. Sin é atá indon brabach a fhaghail ar 'chuile dhuine.
 
Seo é an saoghal a bhfuil a' channdáil ar a bpoitín, dheamhan deor a shroichfeadh duit, mara mbeadh sé i bhfocal agad mí roimh an am.