Do
—/ɡu/. ní abruítear an d
—Réamhfhocal, mion-fhocal cainte leis an mbriathar Ainm-bhriathar agus rl. Tigeann sé seo isteach i gcaint ar na mílte bealach, agus níl sna somplaí seo thíos ach cuid an bheagáin de na bealaí sin.
—Na forainmneacha réamhfhoclacha: dom, duit, dó, di nó duithe (/dī/. Bíonn an leagan seo ar di is gach uile áit ag daoine áiride, ach di is coitianta go fada ar fud an cheanntair), dúinn (duinn. Tá sé an-choitianta d'uireasa an tsíneadh fada. Sé is mó atá le fairrge ó Ghaillimh siar), daoib (díb, díbh freisin. Thríd agus thríd níl an b séimhithe. Tá an d caol in Árainn, go h-iondúil i Rosmuc, Camus, agus áiteachaí eile. Bíonn an dá fhuirm le chéile in go leór áiteachaí), dóib, dófa, (dóib nó dób is mó atá i gConamara agus a b leathan. Dófa nó dóf ar an Achréidh ach cuirtear daof(a) go minic in a áit).
—Bíonn an d séimhithe ionnta go minic. Dhom i leabaidh dom, dhuinn i leabaidh duinn agus rl. Déarfainn gur minicí séimhithe é thríd agus thríd ná ar a mhalrait. Torum, toruinn adeirtear i leabaidh tabhair dhom, tabhair dhuinn.
—I leabaidh domsa (damsa) deirtear damhsa (/dūsə/) ar an Achréidh ar an gcéad phearsa uathaidh réamhfhoclach. Tá sé an-tréan ann. Deirtear i sean-ráití nó a leithidí taobh thiar de Ghaillimh é, ach is cosúil gur den Achréidh a tháinig sé .i. "bain pluimín as (píopa) agus tabhair dhamhsa (/ūsə/) annsin é" (Spidéal).
—Mar mhion focal san aimsir chaithte (do bhuail sé agus rl.) níl do san gcaint, ach scaithtí i sean-scéalta. Chuala mé tréan ag riar sean-scéalaithe mar sin é (Pádraig Ghábháin, agus Seán Ó Laidhe Ceathramha Rua).
—Ní do ach a (/ə/) agus ag atá san iairdhíoch (infinitive) agus san ainm-bhriathar .i. "dúirt mé leis an fear a bhualadh"; "chuaigh sé amach ag cur na mbeitheach as an gcoirce." Ach deirtear amanntaí ráití mar seo .i. bhí sé ad iarraidh na mbeitheach (/əd′/) más é an do atá annsin nó nach hé. Bíonn /ə/ (a nó do?) agus séimhiú le dul, teacht .i. dúirt mé leis a theacht; fuagraíodh air a dhul abhaile (mar sin a bhíos sé i gcomhnaí). I leabaidh ag i ráití áiride sén /ə/ (a, do?) agus séimhiú a bhíos ionnta leis an iairdhíoch nó leis an ainmbhriathar .i. an rud a bhí sé a fháil (i leabaidh ag fáil), ní ghlacfadh sé é; an rud atámuid a iarraidh go bhfaghamuid é; an gúna a bhí sí a cheannacht níorbh fhiú an t-airgead é (tá an rud seo coitianta igcaint ainneóin go n-abraíonn daoine ag fáil (/ə fāl′/) agus rl. Ach tromlach na ndaoine ní abraíonn. B'fhéidir do rial eicínt a bheith ag baint leis ach ní fhéadaimse a barraíocht).
—Deirtear do (/ɡu/) in áiteachaí in áit an /ə/ (a?) i leagain fearacht chuaigh sé do (a) chodladh; tháinig se do (nó a) chúnamh dhom leis an bhféar a chur isteach. Snadhmann do agus a in a dhá fearacht mar a ghníos siad is 'chuile áit eile ar fud na tíre ach amháin i dTír Chonaill. "Thug sé dhá (dá gan d séimhithe go minic freisin) athair é (níl "dona athair é" ann); thug sé dhá shiúl é (d'imigh leis ag siúl go tapaidh. Tá an a pearsanta(?) seo tréan go maith i gcaint); d'imigh leis dhá shiúl ionnsaí; ní thiúrfainn an oiread dhá (de annseo is dóigh) chroí dhó agus go bhfuigheadh sé é; ná fagh an méid sin dhá anró (do not put yourself to so much trouble about it); is maith an rud roinnt dhá shásamh (nuair a ghníos duine margadh réasúnta: nobody can have his own way completely); níl tuile dhá mhéad nach dtrághann; dhá laghad é, is fhearr é ná a bheith falamh; níl duine dhá chríonnacht nach dteigheann beart in a aghaidh; níl dhá mhéid dhá mbeidh agad nach mbeidh tú ag iarraidh tuilleadh; dá réir sin agus rl.
—Tá daoine ar an Achréidh a dhealaíos an do agus an focal in a dhiaidh a thosaíos le f séimhithe nó guth. I leabaidh d'fhear, d'Earrach (/ɡær/ : /ɡærəx/) a rádh, deireann siad an do (/ɡu/) ar fad agus cuireann siad fuaim ar nós y Béarla isteach ar an f séimhithe nó ar an nguth. D'aonduine amháin (/ɡɛ̄ɴ/), do chuile dhuine (/ɡu/), do (/ɡu/) cheachtar aca agus rl. adeirtear. Ach chuala mé 'do gach duine" (/du ɡəx/) freisin. Is annamh a theagas gach isteach sa gcaint indiaidh do. Chuile is mó a bhíos ann.
1.
a.
+–
Nach shin é is fhearr dhuit a dhéanamh
Is fhearr dom imeacht
TUILLEADH (15) ▼
Ní fearr dhuit ceird dá mbeidh ort ná ag pléidh leis scathamh
Nach hé is samhaoiní duithe (di. Spidéal) a bheith annsin
Ní móide dhó eirghe fós = b'fhéidir nachar eirigh sé fós
Ní móide dhuit é a fháil má theigheann tú ann féin
B'fhéidir don lá glanadh anois = b'fhéidir go nglanfadh an lá
B'fhéidir dó a theacht anocht
An ngabhfaidh mé ag na rástaí, an eadh? B'fhéidir dhom
Is aoibhinn duit (is miniar duit) nach bhfuil tada ar t'aire
Ní mór dhom (ní fuláir dom) a dhul abhaile anois
Ní beag dhuit é
Ní beag dó a dhonacht (a thúisce)
Is beag an dochar duit ceas a bheith ort agus a n-itheann tú de cheaille chuile lá
Is beag an dochar duit fuacht a bheith ort agus gan de chlúdadh ort ach an méid sin.
Ní mór liom duit
Is fada dhó a shaol má bhíonn an plúchadh siúd air i gcomhnaí
+–
Nuair ab íseal don chailligh b'árd don chú = nuair a bhíodh an chailleach san ngleann bhíodh an chú ar an árd
Nuair is cruadh don chailligh caithfidh sí rith
TUILLEADH (3) ▼
Nuair is teann don phortán sea is fann don ghearrán
Nuair is dubh dóibsean (do na mámhasaí) is dearg domsa = drámhasaí a bhíodh i gcomhnaí ag an gcearrbhach seo
Nuair is ól duitse, is obair domsa = bímse ag obair an uair a bhíos tusa ag ól
+–
Níl an lá faoi dhuinn le dhul le féar = níl an lá feileamhnach, nó in araíocht
Ní maith an dóigh a dhul ag pléidh le stiléaracht anois mara bhfaghadh duine an aimsir faoi dhó thar cíonn
TUILLEADH (2) ▼
Ba deacair aon-rath a chur ar fhéar le coicís anois, mar ní raibh an aimsir faoi dhó. Chothaigh sí ro-fhliuch
Tá an rópa sin ro-ghearr dom
+–
Mac dó é
Is duine muintreach di (léithi) mise
TUILLEADH (3) ▼
Is comharsa mhaith dhuit é
Céard atá an bodach is mac sin dó a dhéanamh
Cá'il an cneámhaire is deárthair di ar an saol seo?
b.
+–
Tháinig ciall dó = chuaigh sé chun céille
Níl aon-bhiseach ag teacht dom fós
TUILLEADH (12) ▼
Ach a dteaga tuilleadh aoise di, tiocfaidh tuilleadh céille di
Tháinig misneach dom nuair a chonnaic mé T. ag tabhairt a ndúshláin
Tháinig grádh (cion, searc, gean, rl.) agam di
Teagann olc agam dó chuile uair a bhfeicim é ag imeacht ag straoisireacht mar sin
Níor tháinic aon-aiteal (aithdeal) don lá fós ar aon-chor = ní dheárna sé aon-aiteal
B'fhéidir go dtiocfadh athrú don aimsir anois
Tháinic méid duit le goirid bail ó dhia ort = mhéadaigh tú
Beidh tú láidir ach a dteaga tuilleadh de do bhiseach = ach a dteaga méid duit
Tháinic croí dhom nuair a chonnaic mé thú = tháinig gliondar orm
Tháinic dhá chroí di, nuair a chuala sí go raibh sé ag teacht
Níl neart ar bith ag teacht dó = níl sé ag neartú
Ní fheiceann tú cosúlacht triomaigh ar bith ag teacht dó = an lá ag scartadh nó ag glanadh (fc. freisin téigh do)
+–
Ní bhaineann an scéal sin duit
Ní bhaineann sé di a raibh mise ag ól aréir nó nach raibh
TUILLEADH (3) ▼
Is mór a bhaineas don cheann céanna. Bíonn a ladar aige is 'chuile rud
Is fada suas a bhain a (bhur) gcosa dhaoib = is fada suas a thug ur gcosa sib; níor ceart daoib a dhul suas san áit sin
Is fada isteach a bhain do chuid conórtais duit. Bhí agad fanacht amach as an teach sin
+–
Leig dhom fhéineacht; leig dhom = ná bí ag pléidh nó ag fachnaoid, nó ag priocadh liom
Nach breá nach leigfeá dó fhéineacht! (do san mbriathar seo i gcomhnaí agus i greamaigh, fastaigh, snaidhm agus rl.)
TUILLEADH (3) ▼
Ceangal an t-asal don chlaidhe
Fuair sé maide agus cheangail sé dhó é
Greamaigh (fastaigh, snaidhm, agus rl.) dó é.
·
Chítear dhom go bhfuil sé in am baile
+–
Bhí cupla stuca coirce leagtha san ngarrdha sin thoir agus chuaigh sé soir dhá dtógáil
Bhí an féar leigthe amach againn ó mhaidin, agus tá a bhfuil 'san teach imithe dhá ionntú
TUILLEADH (5) ▼
Móin adeir tú! Tá sé in am a dhul dhá baint anois
Más leat a dhul dhá gcur i mbliana (fataí) níorbh fhuláir duit tosaí feasta
Tá sé imithe dhá n-iarraidh ag an damhsa
Tháinig sé do mo choinne = go dtí an áit a raibh mé le mé a thabhairt leis
Tá na beithigh amuigh fós. B'fhearr duit a dhul dhá gcoinne.
c.
·
Tá sé in am a dhul don bhaile mhór
Beidh sceimhle orra ag dul don Achréidh imbliana
d.
+–
Dia dhaoib! = go mbeannaí Dia dhaoib agus rl.
Croí dhuit a mhic ó! Nár laga Dia thú! = déarfaí é le duine a bheadh ag gabhail fhuinn nó a leithide
TUILLEADH (1) ▼
Croí dhuit! Faoi do chois é! Ná raibh tú tinn!
e.
·
Mar sin dóib, agus nár ba réiteach dóib!; in a chéile dhóib agus nar ba réiteach dóib (daoine a bheadh ag troid, agus gan aon-ghnaoi ag an gcainteóir ar cheachtar aca)
Mar sin di agus nar fhagha sí fuascailt (droch-bhean a cuireadh i bpríosún)
·
Duine brocach salach í i gcead duitse. (i gcead don chomhlódar)
I gcead duitse a dhuine chóir ní raibh na gasúir se'againne amuigh chor ar bith aréir, agus ní fhéadfaidh tú a rá gurb iad a leag do chuid claidheachaí
2.
+–
Ní dhéanfaidh sé níos mó ar feadh domsa a theacht = ach a dtige mise
Chuaigh sé do chodladh th'éis teacht dó
TUILLEADH (2) ▼
Ar a dhul amach dó, thosaigh sé ag troid
Sé a bhí cantalach ag eirghe dhó
Do in iontrálacha eile (50+)
+
Nach maith uait aisfhreagra a thabhairt do dhuine! Bhí rud le déanamh leat!
TUILLEADH (1) ▼
Leig de do chuid aisfhreagraí anois nó tiúrfaidh mise luach do chuid aisfhreagraí dhuit
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil ath-fhéar annseo istigh agad. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
+
→
faiteach
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé ro-fhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní leigfeadh an faitíos dó a rá nar mharaigh
TUILLEADH (3) ▼
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith cho faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aonduine a dhéanamh ort?
Airíonn an girria sin nach bhfuil aon-chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na h-Iothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaol annsin gan mórán achair muis má mhairimse.
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an "stage" dó. Bhí sé in a fhudar fadar. Tá sé ro-fhaiteach l'aghaidh na ceirde sin. Níorbh fhuláir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
→
faitíos
Ní leigfeadh an faitíos dó féin druid a rá marach gur airigh sé an teannadh ar a chúl aige
TUILLEADH (10) ▼
Ní leigfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó a thuitfeadh oíche dhá bhfádh sé Éire bronnta air
Ní mór duit faitíos a choinneál air sin, nó eireóidh sé in do mhullach
Má tá an phian ag cothú air fós, tá faitios orm dó = is faitíos liom nach ndéanfaidh sé aon-mhaith; go mbásóidh sé
Mara bhfuair tú do do chuid airgid fós, tá faitíos orm duit
Tá faitíos orm dó gur goidhe atá sé, nuair nach bhfuil sé san áit ar leag mé é
Marar thug sé sin aon-ugach dó faoin inín, tá faitíos mo chroí orm dó, nach bhfuighe sé bean ar bith
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth-feamainne a eirí leat, scoilt go maith í, faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo, agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghaís a bheadh orra a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
Cuir géibheann ceart air faitíos na timpiste. Tá na hasail sin mallaithe. D'imeóidís uait as comhair do dhá shúl
B'fhearr do dhuine eicínt cuairt a thabhairt ar na beithigh siúd ag an gcladach faitíos na timpiste. Bhí tuile mhór san gclaise siúd aréir, agus is rí-fhánach a ghabhfadh ceann aca in ascar inti
+
→
faoisc
Má thugann tú aon-fhata don bhó sin, tabhair faoscadh beag orra. Ní ghabhfadh fataí fuara go maith di anois
TUILLEADH (2) ▼
Faoscann muid na fataí i gcomhnaí do na laoghanntaí.
Ní mór dhuit dhá fhaoscadh féin a bhaint asta sin. Tá siad do-bhruithe go leor. Níl a fhios agam cén sórt fataí chor ar bith iad. Mara bhfagha siad bruth thar cionn, bíonn rológaí istigh ionta mar a bheadh i gcáca
→
fara
Níl aon-deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mara ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh aca fadó sna sean-phúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
+
Is diabhlaí an t-earasbar a bhí agam, agus gur shíl mé go mba ar a chruachúis dom mo dhícheall a bheith agam
TUILLEADH (7) ▼
Nach beag an t-earasbár a bhí agad nuair a bhain tú do dhíol fhéin as an síol!
Déarfainnse nach bhfuil earasbár ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
Ní raibh earasbár ar bith ag mo chuid muc-sa ar do chuid-se, ach bhí muca tuite nuair a dhíol tusa iad. Marach sin, bhuailfeá amach mé
Cho fada agus is léar domsa é, sén chaoi a bhfuil gach dream aca ag baint earasbár donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feicthear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach sén deá-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
Níor mhór duit seomra eile a leigean siar d'earasbar as an teach
Ní leigfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbar ar an ngnaoithiúlacht
Thug sé pínn d'earasbár dom san tsinseáil
+
→
farúch
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach árduithe den talamh uiliog aca. Ní theagann fútha, nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas ionnta ach oiread
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an t-urlár cho fliuch sin aige agus go mb'éigin dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fánaidh ag an uisce anuas annsiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rádh go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chuir faoi mar a chuireas muinntir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nachar speir sé é.
+
→
feadhain
Tá 'chuile fhata ar an bhfeáin aca lofa. Bhí a fhios agam sin. An chéad-bhéilí céad-fhómhair a bhain mé i mbliana, d'aithin mé go raibh siad roighnithe. Is beag an dochar dóibh ar scáth a bhfuair siad de thriomach
TUILLEADH (1) ▼
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeáin aca a d'íoc aon-"phoor rate" fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
+
Thug sé feánach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! "Ara céard tá annseo", adeirimse. "Níl aon-ghloine agam", adeir sé. "Ól foracún agus nuair a bhéas do sháith agad sín agamsa é"
TUILLEADH (2) ▼
Cuireann sí feánach leamhnacht 'ar chuid na muc 'chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith ionta. Go bhfoire Dia ar na muca nach bhfánn ach an fata tor! Is deacair dóibh aon-rath a bheith orra
Thug an leoraí feánach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam narbh fhuláir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhantáiste in a dhiaidh sin
+
→
feanc
Chaith mé an lá ag dul di le gró (do chloich), ach dhá naomhtaí mé, ní fhéadfainn feanc a bhaint aisti. Dar príosta, ní bhainfinn
TUILLEADH (1) ▼
Bhí cloch annsin thíos ag ceann an bhóthar, a mbíodh fir láidre dhá bhféachaint féin léithe. Ní bhainfeadh R. feanc aisti, ach thugadh T. gaoth di gan stró ar bith. Ba ghearr air é
+
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
TUILLEADH (5) ▼
Ní call duit a bheith ro-dhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortach-sa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom in a bhog-eibhinn fhéin é ná é a bheith gan aon-domhainn ar nós na bportaigh atá againn anois
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thiúrfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grádh-diadha an uair sin ar chaoi ar bith
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht san mbaile, agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní hanna d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
Chas bean an Ch. léithi é a fhearacht siúd nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga 'ar ndó'. 'Deile! Sílim muise nach ro-bhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraint uirri fhéin. Roinn sí an onóir léithi. Sí atá i riocht
Rinne sé muis. A fhearacht sin, b'fhearr dó gan bacadh leis (a fhearacht siúd) = b'fhearr gan a dhéanamh
+
→
fearadh
Is fearadh do ghasúir an cócó seo. Bheidís thart dhá uireasa, agus cho deireannach agus a choinníthear ag an scoil anois iad. Leigtí amach ar bhuille an trí fadó iad = is maith nó is áirge do ghasúir é; it will have a good effect an children; it will benefit them; it is a great asset to them
TUILLEADH (2) ▼
M'anam muise má tá sí sin san mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparáiste). Diabhal bréag nach hea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile in a diaidh shul a n-imighe sí. D'eireódh di!
Ba fearadh do sheandaoine an pinsean ar chaoi ar bith. Is iomdha sean-duine a gheobhfadh anshógh agus amhgar dhá uireasa. Ach ó a thosuigh siad dhá fháil tá cion orra, deirimse leat