do
—/ɡu/ ní abraítear an d
—réamhfhocal, mionfhocal cainte leis an mbriathar, ainm briathartha agus rl. Tigeann sé seo isteach i gcaint ar na mílte bealach, agus níl sna samplaí seo thíos ach cuid an bheagáin de na bealaí sin.
—na forainmneacha réamhfhoclacha: dom, duit, dó, di nó daoithe (/dī/. Bíonn an leagan seo ar di i ngach uile áit ag daoine áiride, ach di is coitianta go fada ar fud an cheantair), dúinn (duinn; tá sé an-choitianta d'uireasa an tsíneadh fada. 'Sé is mó atá le farraige ó Ghaillimh siar), daoib (díb, díbh freisin. Thríd is thríd níl an b séimhithe. Tá an d caol in Árainn, go hiondúil i Ros Muc, Camus, agus áiteachaí eile. Bíonn an dá fhoirm le chéile in go leor áiteachaí), dóib, dófa, (dóib nó dób is mó atá i gConamara agus an b leathan. dófa nó dóf ar an Achréidh ach cuirtear daof(a) go minic ina áit).
—bíonn an d séimhithe iontu go minic. dhom i leaba dom, dhúinn i leaba dúinn srl. Déarfainn gur minicí séimhithe é thríd is thríd ná ar a mhalrait. Torum, toruinn adeirtear i leaba tabhair dhom, tabhair dhúinn.
—i leaba domsa (damsa) deirtear damhsa /dūsə/ ar an Achréidh ar an gcéad phearsa uatha réamhfhoclach. Tá sé an-tréan ann. Deirtear i seanráití nó a leithidí taobh thiar de Ghaillimh é, ach is cosúil gur den Achréidh a tháinig sé .i. bain pluimín as (píopa) agus tabhair dhamhsa /ūsə/ ansin é (Spidéal).
—mar mhionfhocal san aimsir chaite (do bhuail sé srl.): níl do sa gcaint, ach scaití i seanscéalta. Chuala mé tréan ag riar seanscéalaithe mar sin é (Pádraig Ghábháin, agus Seán Ó Laoi, Ceathrú Rua).
—ní do ach a /ə/ agus ag atá san iardhíoch (infinitive) agus san ainm briathartha .i. dúirt mé leis an fear a bhualadh; chuaigh sé amach ag cur na mbeathach as an gcoirce. Ach deirtear amantaí ráití mar seo .i. bhí sé a d'iarraidh na mbeathach (/əd′/), más é an do atá ansin nó nach é. Bíonn /ə/ (a nó do?) agus séimhiú le dul, teacht .i. dúirt mé leis a theacht; fuagraíodh air a dhul abhaile (mar sin a bhíos sé i gcónaí). I leaba ag i ráití áiride, 'sé an /ə/ (a, do?) agus séimhiú a bhíos iontu leis an iardhíoch nó leis an ainm briathartha .i. an rud a bhí sé a fháil (i leaba ag fáil), ní ghlacfadh sé é; an rud atá muid a iarraidh, go bhfaighe muid é; an gúna a bhí sí a cheannacht, níorbh fhiú an t-airgead é. Tá an rud seo coitianta i gcaint, ainneoin go n-abraíonn daoine ag fáil /ə fāl′/ srl. Ach tromlach na ndaoine ní abraíonn. B'fhéidir do riail eicínt a bheith ag baint leis ach ní fhéadaimse a barraíocht.
—deirtear do /ɡu/ in áiteachaí in áit an /ə/ (a?) i leagain fearacht chuaigh sé do (a) chodladh; tháinig sé do (nó a) chúnamh dhom leis an bhféar a chur isteach. Snadhmann do agus a ina dhá fearacht mar a ghníos siad i chuile áit eile ar fud na tíre ach amháin i dTír Chonaill. Thug sé dhá (dá gan d séimhithe go minic freisin) athair é (níl dona athair é ann); thug sé dhá shiúl é (d'imigh leis ag siúl go tapa. Tá an a pearsanta (?) seo tréan go maith i gcaint); d'imigh leis dhá shiúl ionsaí; ní thabharfainn an oiread dhá (de anseo is dóigh) chroí dhó agus go bhfaigheadh sé é; ná faigh an méid sin dhá anró (do not put yourself to so much trouble about it); is maith an rud roinnt dhá shásamh (nuair a ghníos duine margadh réasúnta: nobody can have his own way completely); níl tuile dhá mhéad nach dtránn; dhá laghad é, is fhearr é ná a bheith folamh; níl duine dhá chríonnacht nach dtéann beart ina aghaidh; níl dhá mhéid dhá mbeidh agat nach mbeidh tú ag iarraidh tuillidh; dá réir sin srl.
—tá daoine ar an Achréidh a dhealaíos an do agus an focal ina dhiaidh a thosaíos le f séimhithe nó guth. I leaba d'fhear, d'earrach (/ɡær/; /ɡærəx/) a rá, deireann siad an do /ɡu/ ar fad agus cuireann siad fuaim ar nós y Béarla isteach ar an f séimhithe nó ar an nguth. D'aon duine amháin (/ɡɛ̄ɴ/), do chuile dhuine (/ɡu/), do (/ɡu/) cheachtar acu srl. adeirtear. Ach chuala mé do gach duine (/du ɡəx/) freisin. Is annamh a theagas gach isteach sa gcaint i ndiaidh do; chuile is mó a bhíos ann.
1.
a.
+–
Nach in é is fhearr dhuit a dhéanamh
Is fhearr dom imeacht
TUILLEADH (15) ▼
Ní fearr dhuit ceird dá mbeidh ort ná ag plé leis scaitheamh
Nach é is somhaoiní daoithe (di Spidéal) a bheith ansin
Ní móide dhó éirí fós ─ b'fhéidir nár éirigh sé fós
Ní móide dhuit é a fháil má théann tú ann féin
B'fhéidir don lá glanadh anois ─ b'fhéidir go nglanfadh an lá
B'fhéidir dó a theacht anocht
An ngabhfaidh mé ag na rástaí, an ea? B'fhéidir dhom
Is aoibhinn duit (is méanar duit) nach bhfuil tada ar t'aire
Ní mór dhom (ní foláir dom) a dhul abhaile anois
Ní beag dhuit é
Ní beag dó a dhonacht (a thúisce)
Is beag an dochar duit ceas a bheith ort agus a n-itheann tú de cheaile chuile lá
Is beag an dochar duit fuacht a bheith ort agus gan de chlúdú ort ach an méid sin.
Ní mór liom duit
Is fada dhó a shaol má bhíonn an plúchadh siúd air i gcónaí
+–
Nuair ab íseal don chailligh, b'ard don chú ─ nuair a bhíodh an chailleach sa ngleann bhíodh an chú ar an ard
Nuair is crua don chailligh, caithfidh sí rith
TUILLEADH (3) ▼
Nuair is teann don phortán, sea is fann don ghearrán
Nuair is dubh dóibhsean (do na mámhasaí), is dearg domsa ─ drámhasaí a bhíodh i gcónaí ag an gcearrbhach seo
Nuair is ól duitse, is obair domsa ─ bímse ag obair nuair a bhíos tusa ag ól
+–
Níl an lá faoi dhúinn le dhul le féar ─ níl an lá feiliúnach, nó in araíocht
Ní maith an dóigh a dhul ag plé le stiléireacht anois mura bhfaigheadh duine an aimsir faoi dhó thar cionn
TUILLEADH (2) ▼
Ba deacair aon rath a chur ar fhéar le coicís anois, mar ní raibh an aimsir faoi dhó. Chothaigh sí rófhliuch
Tá an rópa sin róghearr dom
+–
Mac dó é
Is duine muintreach di (léithe) mise
TUILLEADH (3) ▼
Is comharsa mhaith dhuit é
Céard atá an bodach is mac sin dó a dhéanamh
Cá'il an cneámhaire is deartháir di ar an saol seo?
b.
+–
Tháinig ciall dó ─ chuaigh sé chun céille
Níl aon bhiseach ag teacht dom fós
TUILLEADH (12) ▼
Ach a dteaga tuilleadh aoise di, tiocfaidh tuilleadh céille di
Tháinig misneach dom nuair a chonaic mé T. ag tabhairt a ndúshláin
Tháinig grá (cion, searc, gean, rl.) agam di
Teagann olc agam dó chuile uair a bhfeicim é ag imeacht ag straoisireacht mar sin
Níor tháinig aon aiteall don lá fós ar aon chor ─ ní dhearna sé aon aiteall
B'fhéidir go dtiocfadh athrú don aimsir anois
Tháinig méid duit le gairid bail ó Dhia ort ─ mhéadaigh tú
Beidh tú láidir ach a dteaga tuilleadh de do bhiseach ─ ach a dteaga méid duit
Tháinig croí dhom nuair a chonaic mé thú ─ tháinig gliondar orm
Tháinig dhá chroí di nuair a chuala sí go raibh sé ag teacht
Níl neart ar bith ag teacht dó ─ níl sé ag neartú
Ní fheiceann tú cosúlacht triomaigh ar bith ag teacht dó ─ an lá ag scairteadh nó ag glanadh (fc. freisin téigh do)
+–
Ní bhaineann an scéal sin duit
Ní bhaineann sé di an raibh mise ag ól aréir nó nach raibh
TUILLEADH (3) ▼
Is mór a bhaineas don cheann céanna. Bíonn a ladar aige i chuile rud
Is fada suas a bhain a (bhur) gcosa dhaoibh ─ is fada suas a thug bhur gcosa sibh; níor ceart daoibh a dhul suas san áit sin
Is fada isteach a bhain do chuid cunórtais duit. Bhí agat fanacht amach as an teach sin
+–
Lig dhom fhéineacht; lig dhom ─ ná bí ag plé nó ag fachnaoid, nó ag priocadh liom
Nach breá nach ligfeá dó fhéineacht! (do sa mbriathar seo i gcónaí agus i greamaigh, fostaigh, snadhm srl.)
TUILLEADH (3) ▼
Ceangal an t-asal don chlaí
Fuair sé maide agus cheangail sé dhó é
Greamaigh (fostaigh, snadhm, srl.) dó é.
·
Chítear dhom go bhfuil sé in am baile
+–
Bhí cupla stuca coirce leagtha sa ngarraí sin thoir agus chuaigh sé soir dhá dtógáil
Bhí an féar ligthe amach againn ó mhaidin, agus tá a bhfuil sa teach imithe dhá iontú
TUILLEADH (5) ▼
Móin adeir tú! Tá sé in am a dhul dhá baint anois
Más leat a dhul dhá gcur i mbliana (fataí), níorbh fholáir duit tosaí feasta
Tá sé imithe dhá n-iarraidh ag an damhsa
Tháinig sé do mo choinne ─ go dtí an áit a raibh mé le mé a thabhairt leis
Tá na beithígh amuigh fós. B'fhearr duit a dhul dhá gcoinne
c.
·
Tá sé in am a dhul don bhaile mhór
Beidh sceimhle orthu ag dul don Achréidh i mbliana
d.
+–
Dia dhaoibh! ─ go mbeannaí Dia dhaoibh srl.
Croí dhuit a mhic ó! Nár laga Dia thú! ─ déarfaí é le duine a bheadh ag gabháil fhoinn nó a leithide
TUILLEADH (1) ▼
Croí dhuit! Faoi do chois é! Ná raibh tú tinn!
e.
·
Mar sin dóibh, agus nár ba réiteach dóibh!; ina chéile dhóibh agus nár ba réiteach dóibh (daoine a bheadh ag troid, agus gan aon ghnaoi ag an gcainteoir ar cheachtar acu)
Mar sin di agus nár fhaighe sí fuascailt (drochbhean a cuireadh i bpríosún)
·
Duine brocach salach í, i gcead duitse (i gcead don chomhluadar)
I gcead duitse a dhuine chóir, ní raibh na gasúir s'againne amuigh chor ar bith aréir, agus ní fhéadfaidh tú a rá gurb iad a leag do chuid claíochaí
2.
+–
Ní dhéanfaidh sé níos mó ar feadh domsa a theacht ─ ach a dtige mise
Chuaigh sé do chodladh théis teacht dó
TUILLEADH (2) ▼
Ar a dhul amach dó, thosaigh sé ag troid
'Sé a bhí cantalach ag éirí dhó
do in iontrálacha eile (50+)
+
Nach maith uait aisfhreagra a thabhairt do dhuine! Bhí rud le déanamh leat!
TUILLEADH (1) ▼
Lig de do chuid aisfhreagraí anois nó tabharfaidh mise luach do chuid aisfhreagraí dhuit
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil athfhéar anseo istigh agat. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
+
→
faiteach
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé rófhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní ligfeadh an faitíos dó a rá nár mharaigh
TUILLEADH (3) ▼
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith chomh faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aon duine a dhéanamh ort?
Airíonn an giorria sin nach bhfuil aon chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na hIothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaoll ansin gan mórán achair muis má mhairimse.
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
→
faitíos
Ní ligfeadh an faitíos dó féin druid a rá murach gur airigh sé an teannadh ar a chúl aige
TUILLEADH (10) ▼
Ní ligfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó thitfeadh oíche dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air
Ní mór duit faitíos a choinneáil air sin, nó éireoidh sé in do mhullach
Má tá an phian ag cothú air fós, tá faitíos orm dó — is faitíos liom nach ndéanfaidh sé aon mhaith; go mbásóidh sé
Mura bhfuair tú do do chuid airgid fós, tá faitíos orm duit
Tá faitíos orm dó gur goidte atá sé, nuair nach bhfuil sé san áit ar leag mé é
Murar thug sé sin aon ugach dó faoin inín, tá faitíos mo chroí orm dó nach bhfaighidh sé bean ar bith
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth feamainne a éirí leat, scoilt go maith í faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghais a bheadh orthu a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
Ná fág an t-airgead sin ansin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air i ngan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
Cuir géibheann ceart air faitíos na timpiste. Tá na hasail sin mallaithe. D'imeoidís uait os comhair do dhá shúl
B'fhearr do dhuine eicínt cuairt a thabhairt ar na beithígh siúd ag an gcladach faitíos na timpiste. Bhí tuile mhór sa gclaise siúd aréir, agus is rífhánach a ghabhfadh ceann acu in ascar inti
+
→
faoisc
Má thugann tú aon fhata don bhó sin, tabhair faoisceadh beag orthu. Ní ghabhfadh fataí fuara go maith di anois
TUILLEADH (1) ▼
Faoisceann muid na fataí i gcónaí do na laontaí.
→
fara
Níl aon deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mura ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh acu fadó sna seanphúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
+
Is diabhlaí an t-earasbarr a bhí agam agus gur shíl mé go mba ar a chruachúis dom mo dhícheall a bheith agam
TUILLEADH (9) ▼
Nach beag an t-earasbarr a bhí agat nuair a bhain tú do dhíol fhéin as an síol!
Deir tú nach bhfuil do dhíol leasaithe agat. M'anam go bhfuil tharasbarr tharamsa agat
Déarfainnse nach bhfuil earasbarr ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
Ní raibh earasbarr ar bith ag mo chuid mucsa ar do chuid-se, ach bhí muca tite nuair a dhíol tusa iad. Murach sin, bhuailfeá amach mé
Chomh fada agus is léir domsa é, 'sé an chaoi a bhfuil gach dream acu ag baint earasbarr donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feictear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
Níor mhór duit seomra eile a ligean siar d'earasbarr as an teach
Ní ligfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbarr ar an ngnaíúlacht
Agus le farasbarr a chur ar an gcomaoin chuir sé fios amach go dtí teach comharsan eicínt ar a inín nó go gcasfadh sí ceol dúinn — i dteannta bí agus deoch a thabhairt dúinn
Thug sé pínn d'earasbarr dom sa tsinseáil
+
→
farúch
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach ardaithe den talamh uileag acu. Ní theagann fúthu nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas iontu ach oiread
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an t-urlár chomh fliuch sin aige agus go mb'éigean dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fána ag an uisce anuas ansiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rá go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chur faoi mar a chuireas muintir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nár speir sé é.
+
→
feadhain
Tá chuile fhata ar an bhfeadhain acu lofa. Bhí a fhios agam sin. An chéad bhéilí céadfhómhair a bhain mé i mbliana, d'aithin mé go raibh siad righnithe. Is beag an dochar dóibh ar scáth a bhfuair siad de thriomach
TUILLEADH (1) ▼
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeadhain acu a d'íoc aon phoor rate fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
+
Thug sé feadhnach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! 'Ara céard atá anseo,' adeirimse. 'Níl aon ghloine agam,' adeir sé. 'Ól foracún agus nuair a bheas do sháith agat sín agamsa é'
TUILLEADH (3) ▼
Cuireann sí feadhnach leamhnachta ar chuid na muc chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith iontu. Go bhfóire Dia ar na muca nach bhfaigheann ach an fata tor! Is deacair dóibh aon rath a bheith orthu
Ní fhéadfá gan dó bhoilg a bheith ort agus an feadhnach fuisce a d'ól tú inné.
Thug an leoraí feadhnach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam nárbh fholáir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhuntáiste ina dhiaidh sin
+
→
feanc
Chaith mé an lá ag dul di le gró (do chloich), ach dhá naomhtaí mé, ní fhéadfainn feanc a bhaint aisti. Dar príosta, ní bhainfinn
TUILLEADH (1) ▼
Bhí cloch ansin thíos ag ceann an bhóthar, a mbíodh fir láidre dhá bhféachaint féin léithe. Ní bhainfeadh R. feanc aisti, ach thugadh T. gaoth di gan stró ar bith. Ba ghearr air é
+
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
TUILLEADH (5) ▼
Ní call duit a bheith ródhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortachsa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom ina bhogeimhin fhéin é ná é a bheith gan aon domhain ar nós na bportaigh atá againn anois
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar a rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thabharfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grá dia an uair sin ar chaoi ar bith
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht sa mbaile agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní ann a d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
Chas bean an Ch. léithe é, a fhearacht siúd, nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga ar ndóigh. Deile! Sílim muise nach róbhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraingt uirthi fhéin. Roinn sí an onóir léithe. 'Sí atá i riocht
Rinne sé muis. A fhearacht sin, b'fhearr dó gan bacadh leis (a fhearacht siúd) — b'fhearr gan a dhéanamh
→
fearadh
Is fearadh do ghasúir an cócó seo. Bheidís thart dhá uireasa agus chomh deireanach agus a choinnítear ag an scoil anois iad. Ligtí amach ar bhuille an trí fadó iad — is maith nó is áirge do ghasúir é; it will have a good effect on children; it will benefit them; it is a great asset to them