Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

dom (50+)

 
Bhí sé brocfhliuch ag dul a chodladh dom aréir — roinnt fliuch
+
Má bhíonn earasbarr slat agat théis an tuí a chur d'fheilfeadh glaicín domsa.
TUILLEADH (4) ▼
Is diabhlaí an t-earasbarr a bhí agam agus gur shíl mé go mba ar a chruachúis dom mo dhícheall a bheith agam
Chomh fada agus is léir domsa é, 'sé an chaoi a bhfuil gach dream acu ag baint earasbarr donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feictear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
Ní ligfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbarr ar an ngnaíúlacht
Thug sé pínn d'earasbarr dom sa tsinseáil
 
Thug sé feadhnach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! 'Ara céard atá anseo,' adeirimse. 'Níl aon ghloine agam,' adeir sé. 'Ól foracún agus nuair a bheas do sháith agat sín agamsa é'
 
Bhí sé ag fearúint ar a theacht isteach dom. B'ait liom an chith a ligint tharam. Meireach sin ní thiocfainn isteach chor ar bith
+
Buaileadh é ar buaileadh? Ní feasach dom é a mh'anam
TUILLEADH (1) ▼
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomaí rud a d'fhéadfaí a dhéanamh i ngan fhios domsa
+
fios
Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thabharfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach. Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
TUILLEADH (7) ▼
Cá bhfaighinnse fios air? Cé a d'inseodh domsa é. Ní chloisim scéal ar bith
Tabhair fios dom faoin rud atá le déanamh agam — inis dom
Ní thabharfadh sé aon fhios dom thairis sin, ach dúirt go mbeadh sé ag caint liom aríst gan mórán achair
Tá sé le fios a thabhairt domsa (le fios a fhágáil agamsa) anseo ag an teach, má bhíonn aon cheann sa siopa amárach
Dhá laghad fios dhár thug an ceann thuas dom, níor thug an ceann thíos a leath oiread dom
Cá raibh sé ab ea? Cá bhfios (/kā wus/) dom (cá raibh sé)
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
 
fliuch 1
B'éigean dom baint dhíom leis an bhfliuchadh a fuair mé
 
Is dona a théas fliuchán domsa — báisteach, nó mo chosa a fhliuchadh sa gcladach, sa sliabh srl.
+
focal
Thug sé focal ar an bhfocal dom — thug sé cor in aghaidh an choir dhom; beirt ag sáraíocht nó ag troid le chéile
TUILLEADH (3) ▼
Dhá dtéadh sé ag tabhairt cor na bhfocal domsa is aige a bheadh an ceann salach den mhaide. Bíonn mo theanga ar mo chomhairle fhéin agamsa scaití freisin.
Bhain sciorradh focail dom — bhí mé ag iarraidh focal nó rud áirid a rá, ach focal nó rud eile adúirt mé; dúirt mé rud nach raibh cuibhiúil nó feiliúnach de dhearmad
Meas tú nár bhain sciorradh focail dom agus nár dhúirt mé dhá ghamhain i leaba dhá chapall. Shílfeá gur chuir an méid sin fhéin stuaic air. Ach bíodh aige!
+
Níl an prionta atá sa bpáipéar seo sách follasach domsa d'uireasa mo chuid spéacláirí
TUILLEADH (3) ▼
Is follasach dom anois nach ndearna mé an ceart. Ach ina dhiaidh a fheictear a leas don Éireannach, adeir siad
Tá sé sách follasach domsa ar aon chor gur bréag é sin, hé brí céard a dhéanfas tusa
Chuir sé chun tuiscint dom go follasach nach dtabharfadh sé aon cheann dom mura n-ólainn cupla pionta. Sin í an tslíomadóireacht atá orthu leo (toitíní). Gheobhaidh fear an óil iad, ach tá chuile dhuine eile astu
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuillidh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san airdeall ar do chuid beathach. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cíor tuaifil díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agat é a fháil in aice láthair: sin nó ligean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó basctha ansin thuas shul má gheofaí í
+
Ní ligfeadh an faitíos dom cleas den tsórt sin a dhéanamh faitíos go bhfreagródh Dia orm é. Ba bheag a shúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a chuimhneodh ar a leithide de rud a dhéanamh — ba beag sin
TUILLEADH (2) ▼
Dhá bhféadainn leathbhróig eile a fháil anois a d'fhreagródh di sin, bheadh liom. Dheamhan poll ná púirín uirthi sin. Meas tú nach ndéanfadh gréasaí leathbhróig dom?
Feictear domsa go bhfuil rud eicínt ag freagairt amach ansin ón gclochairín. Níl aon mhullán ansin? An bhfeiceann tú anois é. Is geall le bairille é. Fuisce! Rum b'fhéidir!
 
Bhí sé chomh maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslogaide ansin amuigh ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siobháin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin ansin go raibh sé in am a bheith ag gliondáil as
+
Tá léinteachaí na bhfrogaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó rinne mise ceann acu do Sheán anseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. 'Leis an tír a bheith ag tabhairt suntais dom,' adeir sé. 'Ní bhíonn siad sin anois ach ar sheandaoine.' 'T'anam cascartha ón diabhal,' adeirimse leis. 'Tá sí sách maith agat. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí acu orthu.'
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an ciseadóir! Rinne sé ciseán domsa anseo fadó agus chuir sé an oiread frogaisí air agus nach ngabhfadh mo láimh síos ann! B'fhada a chaith sé thiar ansin sa seomra. Bhí sé ródheas le dhul ag streachailleacht leis
 
fág i
Inis dom é, agus ná fág in imní mé níos faide
+
fág
Brú suas ansin, agus tabhair binn domsa. An té is cúng leis fágadh anois. Is beag an áit a dtuilleann an carthanas adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hitheadh, ba bheag a lua aige a dhul tharamsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scaitheamh murach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é — bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
 
'Sé an chaoi ar sháigh mé na síolta ann, agus nuair a sháigh, chuir mé mám diúain síos sna fágálachaí ag cur farasbarr maitheasa orthu má b'fhíor dom fhéin. Ar ndóigh mo chreach mhaidne! Mharaigh mé le leasú iad. Róleasaithe a bhí siad roimhe sin fhéin
 
Déan fáideog den pháipéar sin agus las dom é le aghaidh mo phíopa — maiste; fíóg; figh suas ar a chéile é agus las é ar nós fáideoige
 
Meas tú cén áit a bhfaighinn fáinneoir maith. Chinn an chráin orm fhéin. Ní raibh aon duine agam lena coinneáil dom ar aon chor
 
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach pointe ar bith, agus dheamhan is móide, ina leaba sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
+
féar
Seo! Tá muid sách fada ar an gcocaireacht seo. Más leat a tabhairt dom, tá sé in am agat fios a bheith agat air feasta. Tá an ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
TUILLEADH (2) ▼
Mura dtograí tú a gceannacht (gamhna), fág i do dhiaidh iad. Níl mise dhá dtiomaint ort chor ar bith a dhuine chroí. Is féar tirim dom fhéin iad — tá mé dearfa go ngabhfaidh siad chun sochair dom fhéin amach anseo, nó go ndéanfaidh mé farasbarr buntáiste orthu
Dar diagaí ní scarfaidh mé leis an móin sin ar chúig phunt an leoraí. Is maith an féar tirim dom fhéin í. Gabhfaidh sí seacht nó hocht de phunt amach anseo san earrach nuair a theannfas fuacht leo (le lucht éilithe móna) — is maith an éadáil dom fhéin í le coinneáil
 
fíóg
Bain binsín fíógaí má chastar suas sna barra thú. Dhéanfaidís mapa srathrach dom
+
fóir
An buidéal sin a thug an dochtúr dom thug sé fuairínt (fóirithint) bhreá dhom ar an bpian — fuarú, réidh an achair; lag sé an phian orm
TUILLEADH (1) ▼
Chaithfinn rud ar bith anois, dhá mba nimh fhéin í, dhá dtugadh sí fuairiúint dom ar an tinneas seo
 
Gheobhainn neart cabaireachta uaidh, ach sin é an méid. Is beag an lua a bhí aige cupán tae a thairiscint dom.
 
Cuirfidh mise cantaireacht ar an ngoile agaibh mura ndéana sibh foras, agus cead a thabhairt dom mo shuipéar a itheadh faoi shlacht.