Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

dom (50+)

 
Bhí sé brocfhliuch ag dul a chodladh dom aréir - roinnt fliuch
+
Má bhíonn earasbár slat agad th'éis an tuí a chur d'fheilfeadh glaicín domsa.
TUILLEADH (4) ▼
Is diabhlaí an t-earasbar a bhí agam, agus gur shíl mé go mba ar a chruachúis dom mo dhícheall a bheith agam
Cho fada agus is léar domsa é, sén chaoi a bhfuil gach dream aca ag baint earasbár donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feicthear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach sén deá-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
Ní leigfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbar ar an ngnaoithiúlacht
Thug sé pínn d'earasbár dom san tsinseáil
 
Thug sé feánach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! "Ara céard tá annseo", adeirimse. "Níl aon-ghloine agam", adeir sé. "Ól foracún agus nuair a bhéas do sháith agad sín agamsa é"
 
Bhí sé ag fearúint ar a thiacht isteach dom. B'ait liom an chith a leigint tharm. Meireach sin ní thiocfainn isteach chor ar bith
+
Buaileadh é, ar buaileadh? Ní feasach dom é a mh'anam
TUILLEADH (1) ▼
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomdha rud a d'fhéadfaí a dhéanamh ingan fhios domsa
+
fios
Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thiúrfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach. Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
TUILLEADH (7) ▼
Cá bhfuighinnse fios air? Cé a d'innseódh domsa é. Ní chloisim scéal ar bith
Tabhair fios dom faoin rud atá le déanamh agam = innis dom
Ní thiúrfadh sé aon-fhios dom thairis sin, ach dúirt go mbeadh sé ag caint liom aríst gan morán achair
Tá sé le fios a thabhairt domsa (le fios a fhágáil agamsa) annseo ag an teach, má bhíonn aon-cheann san siopa amáireach
Dhá laghad fios dhár thug an ceann thuas dom, níor thug an ceann thíos a leath oiread dom
Cá raibh sé ab ea? Cá bhfios (/kā wus/) dom (cá raibh sé)
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail, cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
 
fliuch 1
B'éigin dom baint dhíom leis an bhfliuchadh a fuair mé
 
Is dona a theigheas fliuchán domsa = báisteach, nó mo chosa a fhliuchadh san gcladach, san sliabh etc.
+
focal
Thug sé focal ar an bhfocal dom = thug sé cor in aghaidh an choir dhom; beirt ag sáraíocht nó ag troid le chéile
TUILLEADH (3) ▼
Dhá dteigheadh sé ag tabhairt cor na bhfocal domsa, is aige a bheadh an ceann salach den mhaide. Bíonn mo theanga ar mo chomhairle fhéin agamsa scaití freisin.
Bhain sciorradh focail dom = bhí mé ag iarraidh focal nó rud áirid a rádh, ach focal nó rud eile adúirt mé; dúirt mé rud nach raibh cuibhiúil nó feiliúnach de dhearmad
Meastú nachar bhain sciorradh focail dom, agus nachar dhúirt mé dhá ghamhain i leabaidh dhá chapall. Shílfeá gur chuir an méid sin fhéin stuaic air. Ach bíodh aige!
+
Níl an prionnda atá san bpáipéar seo sách follasach domsa d'uireasa mo chuid spéacláirí
TUILLEADH (3) ▼
Is follasach dom anois nach ndearna mé an ceart. Ach in a dhiaidh a fheictear a leas don Éireannach, adeir siad
Tá sé sách follasach domsa ar aon-chor gur bréag é sin hébrí céard a dhéanfas tusa
Chuir sé chun tuiscint dom go follasach nach dtiúrfadh sé aon-cheann dom mar n-ólainn cupla pionnta. Sin í an tslíomadóireacht atá orra leo (tuitíní). Gheobhaidh fear an óil iad, ach tá chuile dhuine eile asta
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuilleadh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san áirdeall ar do chuid beithioch. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cír tuaifill díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agad é a fháil in aice láthair: sin nó leigean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó bascha annsin thuas shul má gheobhfaí í
+
Ní leigfeadh an faitíos dom cleas den tsórt sin a dhéanamh, faitíos go bhfreagródh Dia orm é. Ba bheag a shúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a chuimhneódh ar a leithide de rud a dhéanamh — ba beag sin
TUILLEADH (2) ▼
Dhá bhféadainn leath-bhróig eile a fháil anois a d'fhreagródh di sin, bheadh liom. Dheamhan poll ná puirín uirri sin. Meastú nach ndéanfadh gréasaí leath-bhróig dom?
Feicthear domsa go bhfuil rud eicínt ag freagairt amach annsin ón gclochairín. Níl aon-mhulán annsin? An bhfeiceann tú anois é. Is geall le bairille é. Fuisce! Rum b'fhéidir!
 
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
+
Tá léinteachaí na bfrugaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó a rinne mise ceann aca do Sheán annseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. "Leis an tír a bheith ag tabhairt sunntais dom", adeir sé. "Ní bhíonn siad sin anois ach ar shean-daoine". "T'anam cascarha ón diabhal" adeirimse leis. "Tá sí sách maith agad. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí aca orra".
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an ciseadóir! Rinne sé ciseán domsa annseo fadó, agus chuir sé an oiread frugaisí air, agus nach ngabhfadh mo láimh síos ann! B'fhada a chaith sé thiar annsin san seomra. Bhí sé ro-dheas le dhul ag strachailleacht leis
 
D'fhága tú mise ar deireadh = níor thug tú mo chion nó mo dhóthain dom
 
fág i
Innis dom é, agus ná fág in imní mé níos fuide
+
fág
Brú suas annsin, agus tabhair binn domsa. An té is cumhang leis fágadh anois. Is beag an áit a dtuilleann an carthannas, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hithiodh, ba bheag a luadh aige a dhul tharmsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scathamh marach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é = bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
 
Sén chaoi ar shá mé na síolta ann, agus nuair a shá, chuir mé mám diúain síos sna fágálachaí ag cur fearasbar maitheasa orra má b'fhíor dom fhéin. 'Ar ndó' mo chreach mhaidne! Mharaigh mé le leasú iad. Ro-leasaithe a bhí siad roimhe sin fhéin
 
Déan fáideóg den pháipéar sin agus las dom é l'aghaidh mo phíopa = maiste; fíóg; figh suas ar a chéile é, agus las é ar nós fáideóige
 
Meastú cén áit a bhfuighinn fáinneóir maith. Chinn an chráin orm fhéin. Ní raibh aonduine agam len a coinneál dom ar aon-chor
 
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
+
féar
Seo! Tá muid sách fada ar an gcocaireacht seo. Más leat a tabhairt dom, tá sé in am agad fios a bheith agad air feasta. Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
TUILLEADH (2) ▼
Mara dtogruighe tú a gceannacht (gamhna) fág do dhiaidh iad. Níl mise dhá dtiomaint ort chor ar bith a dhuine chroí. Is féar tirm dom fhéin iad = tá mé dearfa go ngabhfaidh siad chun sochair dom fhéin amach annseo, nó go ndéanfaidh mé fearasbar bantáiste orra
Dar diagaí ní scarfaidh mé leis an móin sin ar chúig phunt an leoraí. Is maith an féar tirm dom fhéin í. Gabhfaidh sí seacht nó hocht do phunt amach annseo san Earrach nuair a theannfas fuacht leo (le lucht éilithe móna) = is maith an éadáil dom fhéin í le coinneál
 
fíóg
Bain binnsín (beinnsín) fíógaí má chastar suas sna barra thú. Dhéanfaidís mapa srathrach dom
+
fóir
An buidéal sin a thug an dochtúr dom thug sé fuairínt (fóirínt) bhreá dhom ar an bpian = fuarú, réidh an achair; lag sé an phian orm
TUILLEADH (1) ▼
Chaifinn rud ar bith anois, dhá mba nimh fhéin í, dhá dtugadh sí fuairiúint dom ar an tinneas seo
 
Gheobhainn neart cabaireacht' uaidh, ach sin é 'méid. Is beag a' luath a bhí aige cupán tae a thairiscint dom.