Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

fostaigh (16)

 
Tá fostú daingean air anois. Ní thiocfaidh sé i mbradaíl níos mó (bullán ar cuireadh loncaird air)
 
Bhain siad an dara hairt as shula d'fhéad sé an fhaic a fhostú! A Dhiabhail, is é a fuair garbh é! Baineadh aithinniúchaí as an droim aige deirimse leat
 
Cáid déanta suas í féin agus J. … Diabhal an féidir. Déanfaidh sí bonn anois mar adeir an bádóir. Is fada í ag iarraidh duine eicínt a fhostú agus tá aici faoi dheireadh. Fanfaidh an liobaire sin mór léithe, mar chinn sé air féin aon chailín a fháil
 
dearg 1
Tá sé ag teacht ina stoirm dhearg — ina chaor thintí a mhic ó. Is gearr go gcaithfidh fostú a dhul ar an teach. Tá an buntsop ag éirí cheana
 
Má fhostaíonn tú é i ngreim deasóige agus cor a chur inti ar an bpointe boise, cuirfidh tú dhá bhuille é. Ach mura mbeidh tú dubhthráthúil, tá tú as, arae má bhraitheann sé go bhfuil tú ag dul ina éadan, cuirfidh sé luí fia ort de dhorna
 
diaidh
Ní raibh aon duine ar an bhfeadhain acu sin ar chuile thaobh nach raibh buannaíocht eicínt den tsórt sin ina dhiaidh. Shílfeá dheamhan mórán ainnis a bhí iontu, agus ina dhiaidh sin féin, d'éirigh fir thar cionn le chuile dhuine acu … Bail ó Dhia ar do chuid spré. Cá bhfaighidís spré. Ní raibh a leithide acu. Ach bhí siad in ann na fir a fhostú pé acu sin é
 
ding
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
 
Dhá mhéad díocas muise dhá bhfuil ar Tom ag ól, tá a sheacht n-oiread díocais ar an deartháir eile i ndiaidh ban. Ní fhaca tú thiar anseo é oíche na bainse. Ní raibh bean sa teach — pósta ná scaoilte — nach raibh fostaithe aige. Bhí S. bíogtha sa gcúinne go bhfeicfeadh sé an gcuirfeadh sé aon araoid ar a bhean fhéin. Dá gcuireadh ba trua dhó
 
dóigh 1
Níl dóigh ná an-dóigh nach bhfuil traíáilte aici le fear a fháil, ach chinn uirthi aon duine a fhostú fós. Tá sí ag iarraidh a liodán a chur in P. Sh. anois, ach ní faoi chearc a ligeadh P. amach ach an oiread le duine
 
Chuaigh an dorú i bhfostú sa stopóig agus chinn sé orm dólámh a thabhairt liom nó gur bhris mé é. Cén bhrí ach bhí breac breá buailte agam
 
Cé a d'fhéadfadh píopa a choinneáil ina bhéal. An seanduine úd! Ar ndóigh dheamhan fiacail ina dhrandal le píopa a choinneáil fostaithe
 
Chaith sé an chaint sin ar na drochóirí dhó féin. Bhí an ceann eile (duine eile) ag faire air leis an bhfocal a fhostú, agus, mo léan géar, 'sé a d'fhostaigh. Deir siad é: "ar adharca a bheirtear ar na ba, ach ar theanga ar na daoine." Is daor a chuaigh na cupla focal cainte sin air
 
Bhí bliain anseo agus ní raibh oiread leithphínne beo d'aon bharrainn ag gabháil liom Lá Fhéil San Seáin. D'ídigh sé roimhe iad mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhuail sé an taobh faoi den das chomh maith leis an taobh os a chionn. Ní raibh méid dubh na hiongan sna spotaí beaga i dtosach, ach, a mhic ó mo chroí thú, ní raibh dhá lá go raibh an seanchur fréna chéile ina aoileach. Dá mbeidís taobh leis an lobhadh tirim níor chás é, ach d'fhostaigh sé na fataí féin chomh maith leis an mbarainn … Sprae a chur orthu! Beannacht Dé dhuit! Ó aimsíos an dúchan iad, ní fiú cnaipe gan chois do chuid sprae
 
dún
Bhí an dorna dúnta aige le dul ag bualadh, ach d'fhostaigh mise a láimh
 
D'fhostaigh sé san áit chontráilte mé: istigh i ngeaird (yard) Sh. D. Ní raibh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam. Bhí mé idir dhá thine Bhealtaine. Dhá dtéinn isteach sa teach, bhí cat crochta romham ann, agus dhá dtéinn amach doras an gheáird, d'áiteodh seisean mé. Ní raibh agam ach cur díom chomh maith agus a d'fhéad mé
 
Chuaigh sé thríom é a fhostú, cor a chur ina láimh agus an tsinseáil a bhaint dhe gan bhuíochas. Ba dathúil an scéal é: mo chuid sinseála a choinneáil, agus é a shéanadh ansin, agus í i gcúl a ghlaice aige i gcaitheamh an achair. Nach spleách uaidh an chneámhaireacht a dhéanamh