Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fostaigh
briathar
fostú; fostaím srl.
níl an chiall hire ná ciall ar bith dhá sórt anseo
1.
a.
greamú do … ; snadhmadh le … (fc. fostú, fostós).
+
Fostaíonn Carraig an Logáin Leitir Móir do Gharmna — greamaíonn sí dá chéile iad (dhá oileán, agus is droichead é Carraig an Logáin)
Ar ndóigh deir daoine go raibh Árainn fostaithe do Chontae an Chláir fadó. Diabhal mé gur dochreidte an scéal é
TUILLEADH (2) ▼
An bhfuil an léana fada úd fostaithe don talamh chor ar bith nó an oileán é?
Fostaigh an pictiúr sin don bhalla aríst
+
Bhí asal fostaithe don chlaí ann — ceanglaithe
Fostóidh mise thú a bhuachaill in áit nach bhfágfaidh tú
TUILLEADH (3) ▼
Ní maith a bhí an capall fostaithe don charr agam san am ar bhain sí agus as go brách léithe
Ní mór dom fostú eicínt ar mo threabhsar. Mura bhfostaíod, is gearr gur tite síos liom a bheas sé
Fostaigh an fhuinneoig sin. Níl an lúbán sin istigh chor ar bith (the catch is not on)
b.
breith d'aon iarraidh ar rud; greim aibéil a fháil ar rud.
+
Sin é an fear atá in ann an liathróid a fhostú! Féacha an abhóg a thugas sé suas faoina déint san aer
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne J. ach a raibh d'airgead ar an gclár a fhostú agus ligean leis fhéin amach. D'fhága sé an dream istigh gan pínn gan bonn
TUILLEADH (1) ▼
Fostaigh é a dhiabhail! — beir air; beir isteach air
c.
rud a sciobadh nó a scuabadh leat; rud a aimsiú.
+
Tá chuile shórt fostaithe ag an dream céanna — sciobtha; bíonn gach rud tógtha acu dóibh féin
Deir tú leo inniu a raibh an soipín feamainn lofa sin fostaithe acu, agus tórainneachaí déanta inti, le faitíos a dtógfadh aon duine eile í
TUILLEADH (1) ▼
Rud ar bith dhá mbeidh ag imeacht, ní beo iad gan a fhostú ar fad dóibh féin
2.
a.
farra nó foighdeán a thabhairt, nó duine a ionsaí.
+
D'fhostaigh sé mé ar áit na mbonn — rug sé orm, nó thosaigh sé ag tabhairt na teangan dom
Nach diabhlaí an mhisneach a bhí ag C. D'éalaigh sé ar mhadra uisce sa gcladach. Ná raibh ann mura bhfostaíonn sé é agus buaileann sé a chloigeann faoi chloich, agus diabhal deoir a d'fhága sé ann
TUILLEADH (2) ▼
Shíl mé an rud a fhostú, ach más rud ceart a bhí ann nó murab ea, dheamhan a dhath a d'airigh mé ariamh faoi mo láimh. Sin í lom chorp na fírinne dhuit
Bhí an coileán sin agamsa roimhe ar an taobh ó dheas den chlaí agus d'fhostaigh sé é agus shnigeáil sé é ar bhall na háite
+
D'fhostaigh sé mé de ghorta gharta agus bhí mé ar shlatrachaí mo dhroma aige d'aon iarraidh amháin
Ní rithfidh leis an iarraidh seo sílim. Má fhostaíonn an fear seo thuas é, ní ligfidh sé uaidh é gan gearraíochaí
TUILLEADH (1) ▼
D'fhostaigh sé mé ar mo bhealach anoir agus níor mhian leis a dhul anonn ná anall leis go bhfaigheadh sé chuile údar uaim fhéin. Ach dar fiagaí, níor thug mise saoradh ná séanadh dhó
b.
a bheith géar greamannach nó neamúch.
+
Duine an-ghreamannach é. Ní túisce a bheas focal as do bhéal ná a bheas sé fostaithe aige — an focal is fánaí adéarfadh duine, bheadh sé do do sháinniú faoi, agus ag iarraidh adhmad a bhaint as nach raibh ann beag ná mór
Chomh luath agus adúirt seisean an focal sin sa gcúirt, d'fhostaigh an breitheamh an focal agus thosaigh sé dhá chur i dteannta faoi. Sin é an focal a d'fhága caite é. Ní raibh fios a labhartha aige ina dhiaidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Má bhíonn braon ar bith caite aige, is duine an-neamúch é. Níl neart agat smid a rá nach bhfostóidh sé é … Ag ullmhúchan achrainn deile?
Nach maith aibéil a bhí an chaint sin fostaithe ag an bhfear thall? Bainfidh sé go maidin anois aisti. Cén dochar a bhí san rud adúirt sé? Tá an iomarca cóirí catha agatsa ar fad
Is maith nach mór do dhuine a bheith ar a mhaidí má chaitheann sé píosa cainte a dhéanamh do na póilíos sin. Beidh siad ag iarraidh breith ar theanga ort. 'Sé an rud nach gcuirfeása suim ar bith ann an rud a ndéanfaidh siadsan scéal mór dó

Féach freisin

do 1

fostaigh in iontrálacha eile (25)

 
colg
Ar an dá luath is a chonaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin agus thug sé abhóg lena fhostú. Ach níor leisean (cat) ab fhaillí é, chuaigh sé de léim ghlanoscartha sa gcrann, agus anuas as sin ní thiocfadh sé dhá gcaiteá leis go maidin.
 
bior
Ní luath (luar) liom an sioc ná duine a mbíonn bior i gcónaí air le chuile fhocal adéarfas tú a fhostú — tá an ghráin shaolta agam ar dhuine ar bith a bhíos i gcónaí ag faire ar bhrabach a fháil ar do chuid cainte. (ag mhagadh, nó ag fonóid fút)
+
Ní fhéadfá do bhéal a oscal (oscailt) nach mbeifeá fostaithe aige agus brabach faighte aige ort.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl sé brabach a bhreith orm agus an focal adúirt mé 'fhostú.
 
D'ionsaigh air ag rúscadh an cheannaí (ceannaí mála) le buailteán an tsúiste, ach níor leis an gceannaí ab fhaillí é mo léan! D'fhostaigh sé an buailteán agus chuir sé cor ann gur bhris an iall le teann fuinnimh, agus tháinig an buailteán leis. Thug sé pléasc den bhuailteán d'fhear an tí ansin a shín é ina staic ar an urlár.
+
fostú
Bhí fostú agam ar an gconcar ar bhord na curaí agus diabhal mé gur réab sí an duán agus gur imigh sí uaim ina dhiaidh sin. Bhí mo leas ar Dhia nach isteach sa gcurach a tháinig sí!
TUILLEADH (1) ▼
Cuir fostú ar an asal sin anois ó tá sé agat
 
imigh
Tá maith mhór obair a bheith ag imeacht nuair a bheas sí fostaithe ag daoine nach dteastaíonn sí chor ar bith uathu — cén mhaith obair a bheith ar siúl mar faigheann daoine í gur holc an oidhe orthu í
 
Níonn an cat sin fiagaíocht mhór. Tá éan eile fostaithe inniu aige
 
Bhain siad an dara hairt as shula d'fhéad sé an fhaic a fhostú! A Dhiabhail, is é a fuair garbh é! Baineadh aithinniúchaí as an droim aige deirimse leat
 
dearg 1
Tá sé ag teacht ina stoirm dhearg — ina chaor thinte a mhic ó. Is gearr go gcaithfidh fostú a dhul ar an teach. Tá an buntsop ag éirí cheana
 
Má fhostaíonn tú é i ngreim deasóige agus cor a chur inti ar an bpointe boise, cuirfidh tú dhá bhuille é. Ach mura mbeidh tú dubhthráthúil, tá tú as, arae má bhraitheann sé go bhfuil tú ag dul ina éadan, cuirfidh sé luí fia ort de dhorna
 
diaidh
Ní raibh aon duine ar an bhfeadhain acu sin ar chuile thaobh nach raibh buannaíocht eicínt den tsórt sin ina dhiaidh. Shílfeá dheamhan mórán ainnis a bhí iontu, agus ina dhiaidh sin féin, d'éirigh fir thar cionn le chuile dhuine acu … Bail ó Dhia ar do chuid spré. Cá bhfaighidís spré. Ní raibh a leithide acu. Ach bhí siad in ann na fir a fhostú pé acu sin é
 
ding
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
 
Cé a d'fhéadfadh píopa a choinneáil ina bhéal. An seanduine úd! Ar ndóigh dheamhan fiacail ina dhrandal le píopa a choinneáil fostaithe
 
Chaith sé an chaint sin ar na drochóirí dhó féin. Bhí an ceann eile (duine eile) ag faire air leis an bhfocal a fhostú, agus, mo léan géar, 'sé a d'fhostaigh. Deir siad é: "ar adharca a bheirtear ar na ba, ach ar theanga ar na daoine." Is daor a chuaigh na cupla focal cainte sin air
 
Cáid déanta suas í féin agus J. … Diabhal an féidir. Déanfaidh sí bonn anois mar adeir an bádóir. Is fada í ag iarraidh duine eicínt a fhostú agus tá aici faoi dheireadh. Fanfaidh an liobaire sin mór léithe, mar chinn sé air féin aon chailín a fháil
 
Dhá mhéad díocas muise dhá bhfuil ar Tom ag ól, tá a sheacht n-oiread díocais ar an deartháir eile i ndiaidh ban. Ní fhaca tú thiar anseo é oíche na bainse. Ní raibh bean sa teach — pósta ná scaoilte — nach raibh fostaithe aige. Bhí S. bíogtha sa gcúinne go bhfeicfeadh sé an gcuirfeadh sé aon araoid ar a bhean fhéin. Dá gcuireadh ba trua dhó
 
dóigh 1
Níl dóigh ná an-dóigh nach bhfuil traíáilte aici le fear a fháil, ach chinn uirthi aon duine a fhostú fós. Tá sí ag iarraidh a liodán a chur in P. Sh. anois, ach ní faoi chearc a ligeadh P. amach ach an oiread le duine
 
Chuaigh an dorú i bhfostú sa stopóig agus chinn sé orm dólámh a thabhairt liom nó gur bhris mé é. Cén bhrí ach bhí breac breá buailte agam
 
Bhí bliain anseo agus ní raibh oiread leithphínne beo d'aon bharrainn ag gabháil liom Lá Fhéil San Seáin. D'ídigh sé roimhe iad mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhuail sé an taobh faoi den das chomh maith leis an taobh os a chionn. Ní raibh méid dubh na hiongan sna spotaí beaga i dtosach, ach, a mhic ó mo chroí thú, ní raibh dhá lá go raibh an seanchur fréna chéile ina aoileach. Dá mbeidís taobh leis an lobhadh tirim níor chás é, ach d'fhostaigh sé na fataí féin chomh maith leis an mbarainn … Sprae a chur orthu! Beannacht Dé dhuit! Ó aimsíos an dúchan iad, ní fiú cnaipe gan chois do chuid sprae
 
dún
Bhí an dorna dúnta aige le dul ag bualadh, ach d'fhostaigh mise a láimh
 
D'fhostaigh sé san áit chontráilte mé: istigh i ngeaird (yard) Sh. D. Ní raibh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam. Bhí mé idir dhá thine Bhealtaine. Dhá dtéinn isteach sa teach, bhí cat crochta romham ann, agus dhá dtéinn amach doras an gheáird, d'áiteodh seisean mé. Ní raibh agam ach cur díom chomh maith agus a d'fhéad mé
 
Chuaigh sé thríom é a fhostú, cor a chur ina láimh agus an tsinseáil a bhaint dhe gan bhuíochas. Ba dathúil an scéal é: mo chuid sinseála a choinneáil, agus é a shéanadh ansin, agus í i gcúl a ghlaice aige i gcaitheamh an achair. Nach spleách uaidh an chneámhaireacht a dhéanamh
 
Tá fostú daingean air anois. Ní thiocfaidh sé i mbradaíl níos mó (bullán ar cuireadh loncaird air)