1.
a.
+–
Fastuíonn Carraig an Logáin Leitir Móir do Gharomna = greamuíonn sí dá chéile iad (dhá oileán, agus is droichead é Carraig an Logáin)
'Ar ndú' deir daoine go raibh Árainn fastuithe do Chonndae an Chláir fadó. Diabhal mé gur do-chreidthe an scéal é
TUILLEADH (2) ▼
An bhfuil an léana fada úd fastuithe don talamh chor ar bith, nó an oileán é?
Fastuigh an peictiúr sin don bhalla aríst
+–
Bhí asal fastuithe don chlaidhe ann = ceangluithe
Fastóidh mise thú a bhuachaill in áit nach bhfágfaidh tú
TUILLEADH (3) ▼
Ní maith a bhí an capall fastuithe don charr agam san am ar bhain sí, agus as go bráth léithe
Ní mór dom fastú eicínt ar mo threabhsar. Mara bhfastuíod, is gearr gur tuithe síos liom a bhéas sé
Fastuigh an fhuinneóig sin. Níl an lúbán sin istigh chor ar bith (the catch is not on)
b.
breith d'aon-iarraidh ar rud; greim aibéil a fháil ar rud.
+–
Sin é an fear atá indon an liathróid a fhastú! Feacha an amhóg a thugas sé suas faoin a déint san aer
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne J. ach a raibh d'airgead ar an gclár a fhastú, agus leigean leis fhéin amach. D'fhága sé an dream istigh gan pínn gan bonn
TUILLEADH (1) ▼
Fastuigh é a dhiabhail! = beir air; beir isteach air
c.
rud a sciobadh nó a scuabadh leat; rud a aimsiú.
+–
Tá chuile shórt fastuithe ag an dream céanna = sciobha; bíonn gach rud tóighe aca dóibh féin
Deir tú leo inniú a raibh an soipín feamainn lofa sin fastuithe aca, agus tórainneachaí déanta innte, le faitíos a dtóigfeadh aonduine eile í
TUILLEADH (1) ▼
Rud ar bith dhá mbeidh ag imeacht, ní beó iad gan a fhastú ar fad dóibh féin
2.
a.
farradh nó faighdeán a thabhairt, nó duine a ionnsaí.
+–
D'fhastuigh sé mé ar áit na mbonn = rug sé orm, nó thosuigh sé ag tabhairt na teangan dom
Nach diabhlaí an mhisneach a bhí ag C. D'éaluigh sé ar mhádaruisc san gcladach. Ná raibh ann mara bhfastuíonn sé é, agus buaileann sé a chloigeann faoi chloich, agus diabhal deóir a d'fhága sé ann
TUILLEADH (2) ▼
Shíl mé an rud a fhastú, ach más rud ceart a bhí ann nó mara b'ea, dheamhan a dhath a d'airigh mé ariamh faoi mo láimh. Sin í lom chorp na fírinne dhuit
Bhí an coileán sin agamsa roimhe, ar an taobh ó dheas den chlaidhe agus d'fhastuigh sé é, agus "shnigeáil" sé é ar bhall na háite
+–
D'fhastuigh sé mé de dhorta dharta, agus bhí mé ar shlatrachaí mo dhroma aige d'aon-iarraidh amháin
Ní rithfidh leis an iarraidh seo sílim. Má fhastuíonn an fear seo thuas é, ní leigfidh sé uaidh é gan gearraíochaí
TUILLEADH (1) ▼
D'fhastuigh sé mé ar mo bhealach anoir, agus níor mhian leis a dhul anonn ná anall leis go bhfaghadh sé chuile údar uaim fhéin. Ach dar fiagaí níor thug mise saoradh ná séanadh dhó
b.
a bheith géar greamannach nó neamúch.
+–
Duine an-ghreamannach é. Ní túisce a bhéas focal as do bhéal ná a bhéas sé fastuithe aige = an focal is fánaí adéarfadh duine, bheadh sé do do sháinniú faoi, agus ag iarraidh adhmad a bhaint as nach raibh ann beag ná mór
Cho luath agus adúirt seisean an focal sin san gcúirt d'fhastuigh an breitheamh an focal, agus thosaigh sé dhá chur idteannta faoi. Sin é an focal a d'fhága caite é. Ní raibh fios a labharha aige in a dheidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Má bhíonn braon ar bith caite aige, is duine an-neamúch é. Níl neart agad smid a rádh nach bhfastóidh sé é … Ag ollúchan achrainn 'deile?
Nach maith aibéil a bhí an chaint sin fastuithe ag an bhfear thall? Bainfidh sé go maidin anois aisti. Cén dochar a bhí san rud adúirt sé? Tá an iomarca cóirí catha agadsa ar fad
Is maith nach mór do dhuine a bheith ar a mhaidí ma chaitheann sé píosa cainte a dhéanamh do na póilíos sin. Beidh siad ag iarraidh breith ar theanga ort. Sén rud nach gcuirfeá-sa suim ar bith ann an rud a ndéanfaidh siadsan scéal mór dó
Fastú in iontrálacha eile (4)
+
→
fostú
Bhí fastú agam ar an gconcar ar bhord na curaí, agus diabhal mé gur réab sí an dubhán agus gur imigh sí uaim in a dheidh sin. Bhí mo leas ar Dhia nach isteach san gcurach a tháinig sí!
TUILLEADH (1) ▼
Cuir fastú ar an asal sin anois ó atá sé agad
→
daingean
Tá fastú daingean air anois. Ní thiocfaidh sé i mbradghail níos mó (bulán ar cuireadh longchaird air)
→
dearg 1
Tá sé ag teacht ina stoirm dhearg — in a chaor theíntí a mhic ó. Is gearr go gcaithfidh fastú a dhul ar an teach. Tá an bun-tsop ag eirghe cheana