Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fostú
·
Bhí fostú agam ar an gconcar ar bhord na curaí agus diabhal mé gur réab sí an duán agus gur imigh sí uaim ina dhiaidh sin. Bhí mo leas ar Dhia nach isteach sa gcurach a tháinig sí!
Cuir fostú ar an asal sin anois ó tá sé agat

Féach freisin

fostú in iontrálacha eile (17)

 
Ní fhéadfá do bhéal a oscal (oscailt) nach mbeifeá fostaithe aige agus brabach faighte aige ort.
+
Ar ndóigh deir daoine go raibh Árainn fostaithe do Chontae an Chláir fadó. Diabhal mé gur dochreidte an scéal é
TUILLEADH (8) ▼
An bhfuil an léana fada úd fostaithe don talamh chor ar bith nó an oileán é?
Bhí asal fostaithe don chlaí ann — ceanglaithe
Ní maith a bhí an capall fostaithe don charr agam san am ar bhain sí agus as go brách léithe
Ní mór dom fostú eicínt ar mo threabhsar. Mura bhfostaíod, is gearr gur tite síos liom a bheas sé
Tá chuile shórt fostaithe ag an dream céanna — sciobtha; bíonn gach rud tógtha acu dóibh féin
Deir tú leo inniu a raibh an soipín feamainn lofa sin fostaithe acu, agus tórainneachaí déanta inti, le faitíos a dtógfadh aon duine eile í
Duine an-ghreamannach é. Ní túisce a bheas focal as do bhéal ná a bheas sé fostaithe aige — an focal is fánaí adéarfadh duine, bheadh sé do do sháinniú faoi, agus ag iarraidh adhmad a bhaint as nach raibh ann beag ná mór
Nach maith aibéil a bhí an chaint sin fostaithe ag an bhfear thall? Bainfidh sé go maidin anois aisti. Cén dochar a bhí san rud adúirt sé? Tá an iomarca cóirí catha agatsa ar fad
 
imigh
Tá maith mhór obair a bheith ag imeacht nuair a bheas sí fostaithe ag daoine nach dteastaíonn sí chor ar bith uathu — cén mhaith obair a bheith ar siúl mar faigheann daoine í gur holc an oidhe orthu í
 
Níonn an cat sin fiagaíocht mhór. Tá éan eile fostaithe inniu aige
 
dearg 1
Tá sé ag teacht ina stoirm dhearg — ina chaor thinte a mhic ó. Is gearr go gcaithfidh fostú a dhul ar an teach. Tá an buntsop ag éirí cheana
 
ding
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
 
Cé a d'fhéadfadh píopa a choinneáil ina bhéal. An seanduine úd! Ar ndóigh dheamhan fiacail ina dhrandal le píopa a choinneáil fostaithe
 
Dhá mhéad díocas muise dhá bhfuil ar Tom ag ól, tá a sheacht n-oiread díocais ar an deartháir eile i ndiaidh ban. Ní fhaca tú thiar anseo é oíche na bainse. Ní raibh bean sa teach — pósta ná scaoilte — nach raibh fostaithe aige. Bhí S. bíogtha sa gcúinne go bhfeicfeadh sé an gcuirfeadh sé aon araoid ar a bhean fhéin. Dá gcuireadh ba trua dhó
 
Tá fostú daingean air anois. Ní thiocfaidh sé i mbradaíl níos mó (bullán ar cuireadh loncaird air)