Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

greamaigh (29)

 
Tá sé chomh daidhciúil, chomh stuacach le ní mé cé hé. Ghreamaigh sin dá dhream. Bhí aithne mhaith agamsa orthu, agus ceart agam air
 
Is deacair leis an gcasacht dealú leis. Tholg sé slaghdán cupla mí ó shin, agus ghreamaigh an chasacht dó ó shin. Shílfeá muis go bhfuil a dhóthain clúdaigh air, agus gur diachta di (don chasacht) greamú dó ar an gcaoi sin
 
deara
Is gránna an chaint atá ort. Má thugann tú faoi deara dhuit féin a bheith ag rá cainteannaí gránna mar sin, greamóidh siad duit agus cinnfidh ort éirí astu amach anseo. Déanfaidh tú do leas, má ghníonn tú aithrist ar chlann T. Sh.!
 
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
 
An bhfuil aon rath ort ag deasú eangaí? Tá sí le cur le suain agus na mogaill le greamú
 
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
deis
Chonaic mise deis ghlantacháin i dteach i mBaile Átha Cliath agus b'fhearr é ná deich scuab. 'Sé a raibh le déanamh leis é a ghreamú sa mballa agus scuabfadh sé an t-urlár lena bhrú síos agus suas. Le electricity a bhí sé ag imeacht
 
Nach air atá an deisiú istigh ar an teallach. Is agam a bheadh an sásamh anois splanc dhearg a ghreamú dhá thóin, dhá mba rud é a chuirfeadh as a shó é beagán
 
diaidh
Ó, tuige nach mbeadh. Ghreamaigh dhó cois i ndiaidh na huaisle a bheith aige.
 
díle 1
M. Ó. M., clabaire ceart é. Bíonn sé gróigthe thiar i gclúid Ph. Sh. chuile oíche agus ní thabharfá samhail ar bith dhó ann ach gramafón: gramafón a ngreamófaí cloigeann béar dó. É ansiúd in aon cheirtlín amháin agus déarfá go mba í an díle a bheadh ag teacht air lena mbíonn de chaint aige. Níl neart ag aon duine eile a bhéal a oscal beag ná mór. B'fhiú dhuit P. Sh. a fheiceáil ag breathnú air agus cáir air chomh mór agus a bheadh ar eilifint ag slogadh uaidh
 
Más isteach ansin atá sé ag dul faoi dheireadh thiar, dar fia tá sé ag dul ag greamú don díogha ceart. Dá mbeadh sórt meas ar bith aige air fhéin, ní thaobhódh sé iad sin — cineál na bhfaochan agus na ngliomaigh. Nach diabhaltaí mór an dallach dubh a bhíos ar dhaoine thar a chéile. B'fhurasta dhó sin a dhíol de bhean a fháil ina rogha áit sa tír, thar is a dhul go dtí an staicealach míchuibhiúil sin … Ní mise atá dhá rá léithe. 'Sé ráite chuile dhuine é
+
díol 2
Bhí sé ansin thíos an oíche cheana agus é ag iarraidh leota de pháipéar a ghreamú de dhroim S. B. Chinn air. As sin go ceann tamaill, dheasaigh beirt de na gearrchailí suas leis agus greamaíodh pictiúr taobh thiar air féin — an bhean dearg sin a mbíonn an fag ina béal aice. D'imigh leis soir ar fud an S. agus é air, hé brí céard ba chor dó soir. Níorbh fhearr liom leathghine buí ná gur cuireadh an méid sin de bhail air. 'Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan duine thiar ansin nach díol déirce; greamaithe thuas ansin ar leiceann cnoic agus gan aon talamh in Éirinn is maolscreamhaí ná é. 'Siad is fhearr ar bith agus a bheith in ann maireachtáil a dhéanamh ann. Ach ar ndóigh níl siad ag déanamh aon mhaireachtáil ann
+
dligh
Deir siad (deirtear) gur mór a dlíodh dóibh ón uachta nach bhfuair siad chor ar bith. Dar ndóigh más cúrsaí den tsórt sin é, séard a bhí acu a dhéanamh, dlí a fháscadh ar an dream thall aríst agus é a bhaint amach as a gcreatlaigh. Nach deacair le na diabhail scaradh leis. Ghreamaigh an tsaint dóibh abhus agus thall — ghreamaigh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ghreamaigh sin di féin agus dhá cineál — an béadán. Ach níor dhligh mise ná aon duine in mo theach a cuid béadáin di, agus níor chomaoin di a dhul ag caint mar sin orainn ainneoin ar chuir muid de bhainne aici — ní dhá mhaíochtáil uirthi é — ó thús bliana. Ach 'sé an té nach dtabharfadh uisce na bhfataí di, a bhíos molta aici sin i gcónaí agus an té a ghníos an mhaith uirthi, níl meas na muice aici air
 
do 1
Greamaigh (fostaigh, snadhm, srl.) dó é.
 
Bí ar do shon féin air sin! Tá an feall agus an dobeart agus an chluain ann. Ach ar ndóigh má tá féin, ghreamaigh sin dó. Ní bhainfeadh sé le Clainn Mhac Confhaola mura mbeadh sé mar sin
 
dochar
Má tá slaghdán air, go ngreamaí sé dhó muise, gan dochar gan díobháil dúinne!
 
I leaba éirí as, 'sé an chaoi a bhfuil sé ag dul chun donacht. Tá sé (tinneas) dhá ghreamú rófhada
 
drad
Bhí a drad greamaithe. B'éigean spúnógaí a fháil lena bhaint ó chéile
 
Ná tabhair d'fhaisean duit féin mar sin a phutacháin, a bheith ag dradgháire, nó greamóidh sé dhuit! Dhá bhfeictheá tú féin anois. Go deimhin agus go dearfa, is breá dathúil í do cheannaghaidh!
 
Ní scarfaidh an drisínteacht léithe siúd go scarfaidh an ball dubh leis an bhfeadóig. Ghreamaigh di a bheith drisíneach. Ní raibh mórán gaisce ar a hathair féin go ndéana Dia grásta air
 
Ghreamaigh sé dhó sin a bheith ina dhrochdhíolaí. Ar ndóigh bhí cáil na máthar i bhfad agus i ngearr. Bhíodh sí i gcónaí ag imeacht ag iarratas agus an té a thabharfadh aird uirthi ní dhéanfadh sí aon díolaíocht go brách leis. Bhí sí uair anseo agus cíos ag teacht trasna uirthi, agus tháinig sí aníos chugam agus mé ag obair i ngarraí na L. Thug mé chúig phunt di go dtí lá an aonaigh a bhí chugat, má b'fhíor di féin. Bhí airgead an uair sin ann ina shnáth mara le linn an chogaidh. Tháinig lá an aonaigh agus d'imigh sé ach ní raibh aon chaint ar mo chúig phunt. Chaith mé an tsíoraíocht ag tuineadh léithe shula fuair mé é. Bhí an mhaith bainte as faoi dheireadh, ag fanacht leis
+
dual 2
An fíodóir seo thíos, ní mar sin a ghníos sé chor ar bith é. Fágann sé an uige a bhíos fite sa seol, agus ansin tógann sé an bréidín atá ar an ngarmain agus greamaíonn sé ina chéile iad. Tógfaidh sé dual de chaon bhréidín ina leathláimh — ina chiotóig: dual den gharmain agus dual ón seol. Caithfidh sé na criosannaí ansin a scaoileadh agus a ngreamú leis an láimh atá ina cónaí. Beidh sé dhá ngreamú sa gciotóig ó dhual go dual, agus é ag cur chaon snáth le chéile, nó go mbeidh sé ina chéile uileag. Ansin gabhfaidh sé san uaim agus sa slinn
TUILLEADH (2) ▼
Buaileadh dual na droinne air sin agus é ag éirí suas, ach dheamhan maith a bhí ann. Ghreamaigh an ábhailleacht dhó ina dhiaidh sin
Ó tá siad chomh mór sin le chéile, tugaidh aniar an siúinéara go gcuire sé dual iontu agus go mbeidh siad greamaithe dhá chéile uileag. 'Sé a theastódh uathu. Níl scaradh ar bith acu le chéile
 
dúil
Chuala mé S. ag rá go raibh sórt drug eicínt i Meiriceá agus dhá gcaiteá aon uair amháin í nárbh fhéidir do dhúil a bhaint aisti. Drochearra í. Dhá mhéad dá bhféachtaí le do dhúil a bhaint aisti, 'sé an chaoi a mbeadh farasbarr dúile ag teacht agat inti. Dhíoltaí i ngan fhios í … Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid poitín! Ní ghreamóidh poitín d'aon duine nach é a chiontsiocair féin é
 
Bhí sé an-dúlaí ag na bruithneoga chuile lá ariamh. Chaith mé fhéin agus é féin seachtain ag baint fhataí fadó ag J. thíos ag an gcladach. Dheamhan lá dhá n-éiríodh air nach róstadh sé trí nó ceathair de bhruithneogaí ar an leic sa D. Ghreamaigh an faisean dó ariamh is cosúil
 
Ba fear i dteannta ceart mé. Ní raibh a dhul ar gcúl nó ar aghaidh agam. Bhí mé greamaithe do bhall na háite