Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

dhúinn (54)

 
dall 1
Dheamhan call coinneal duit. Is maith dhúinn againn sa dorchadas féin é. Is léir don dall a bhéal adeir siad
 
danra
Chaith muid an bhliain ag achainí air an garraí thíos a chur. Bhí sé cóngarach agus soleasaithe. Dúrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasaithe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhúinn. An garraí seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon chúl air, ná an chréafóig chloch bheag a dteastaíonn riar maith uaithi lena leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach screacháin (creacháin). Tabhair screacháin orthu. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
 
de
B'fhearr dhúinn go fada dhaoinn (dhínn) ná romhainn é — ceann oibre eicínt atá le déanamh. B'fhearr déanta í ná í a bheith le déanamh
+
Éiríodh muid as. Cén mhaith dhúinn a dhul ag cur a gcuid allais ag priocadh leis an airdín clochach sin, agus ní bheidh leathchloch fataí choíchin air. Fág ansin ag an deachma é, i dtigh diabhail. Má thograíonn an dream a thiocfas ina ndiaidh s'againne é a rómhar oibríodh leo, ach díth céille dhúinne a dhul dhá dhéanamh. Deargdhíth céille
TUILLEADH (1) ▼
Tá chuile thiomsachán anois i dtoll a chéile, ach an méid féir ascaille a d'fhan i ngarraí Sh. Uí E. Ní bhacfaidh muid leis an scaipiúch sin sílim. Teastaíonn sé ón deachma. Bíodh sé aige. Ní éadáil ar bith dhúinn a dhul ag cur dhá aistir eile orainn fhéin, thríd na haistreáin sin siar, i ngeall ar an méid sin. Ach dá mbeadh sé istigh ar chlár na hiothlann, ní léir dhom go mbeidh aon áit lena chur. Cuirfidh a bhfuil againn mullach ar na cocaí. Cuirfidh agus beidh rud eicínt d'fhuílleach freisin
 
Ní miste dhúinn é ó dhealaigh siad leo. Bhí faitíos mo chroí orm an fhad is a bhí siad istigh, agus a raibh de shíomálachaí acu, go dtarraingeoidís achrann istigh faoi chaolachaí an tí againn. An bhfaca tú a leithidí de bhrúisceanna ariamh?
 
Ná dearmad anois a theacht in am. Ní fheilfidh sé dhúinn a bheith deireanach
+
Anois atá againn a thapú ó tá an deibhil ann. Tabharfaidh sé fuílleach le déanamh dhúinn, ach b'fhéidir go gcuirfeadh muid chun calaidh í mar sin féin. Tá círéabachaí farraige ann
TUILLEADH (2) ▼
B'éigean dúinn fuireacht ansin ag maraíocht na huaire, ag síleachtáil go bhfaigheadh muid deibhil chuile phointe, agus gan baol ar bith orainn. An bhfuil a fhios agat cáid a bhí muid ann: ó bhoilg an lae nó go raibh sé ina lán mhara. Ní raibh an aimsir faoi dhúinn le a theacht isteach 'na chlochair chor ar bith. Deibhil fhánach a tháinig an uair sin féin. Níl ann ach go raibh muid in ann clochar an bháid a dhéanamh
Ní raibh sé inrásta acu an bealach a rith meireach an deibhil a tháinig. B'fhada a chaith siad ag maraíocht anonn is anall i mbéal na trá sul má d'fhéad siad a n-aghaidh a thabhairt isteach. Má bhíonn lonnadh ar bith le tír, is olc an bealach í an chuisle sin aníos. Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhúinn muid a chur soir ar an bhfearsaid, agus dhá gcuirtí, bhí ar gcuid bádóireacht ar iarraidh
 
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
Mharaigh sé muic faoi Nollaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meáchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircí dhúinn é. Dar mo choinsias, níor chomaoin dó. Dheamhan ceo a bhí anseo ariamh nár roinneadh droimscoilte leis — nár roinneadh sin. Beidh a shliocht air: an rud céanna a dhéanamh leis aríst
 
Ní fiú dhúinn a dhul ag bacadh anois leis. Tá sé ina dheireadh lae
 
Bhí deireanas lae ann, agus gan iad ag teacht. Thóraigh muid go híseal agus go hard ina ndiaidh, ach chinn orainn aon amharc a fháil orthu. 'Ní áit buaile ná seanbhaile dhúinn an áit seo níos faide a Ph.,' adeirim fhéin. 'Cá bhfios nach romhainn sa mbaile a bheidís sin.' Agus b'fhíor dhom. Bhí an bheirt gróigthe istigh ar an teallach romhainn
+
deis
Dhá mbeadh deis ar an tóchar atá ann, tá an chuid is fhearr den talamh cuir atá againn ann. Tá muid ag tuineadh leo le chúig bhliana ag iarraidh comhla a chur leis a bhacfadh an taoille, ach bhí sé chomh maith dhúinn a bheith ina (ár) gcónaí, scáth ar thug siad de thoradh orainn. Tháinig seilbhéara ann agus mapaí aige, ach mo léan géar!
TUILLEADH (1) ▼
Is mór is fiú dhúinn an méid sin deis' a bheith ar gharrantaí bharr an bhaile againn thar is mar a bhí siad. Ní raibh gair ar bith againn a dhul dhá gcur cheana ach féadfar a gcur anois
 
dia 2
Ba chóir dhúinn a dhul ar meath inniu. Mura raibh aon mharú orthu (iasc) i gcaitheamh na seachtaine, beidh an lá inniu thar cionn. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine
 
diaidh
Ní beag dhúinn a bhfuil muid a dhéanamh faoi láthair, agus gan bacadh le teach. I ndiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Déanfar an teach ach a bhfaightear an deis amach anseo faoina bheith slán do na daoine
+
díle 1
Fuair mise mo sháith den áit cheana. Chuaigh muid isteach ag ithe béilí ann lá. Dhá bhfeictheá an scodalach de tae a thug sí dhúinn — níor baisteadh ariamh é. Agus an builín a fuair muid, bhí sé ceannaithe ón Díle
TUILLEADH (1) ▼
Má ghníonn sé díle bháistí anocht, agus tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile nó déanfaidh, beidh an ghlaicín fhéir sin ina chiseach. Nach bhfuil sé chomh maith dhúinn é a bhualadh ar a chéile. Ní bheidh muid ala an chloig leis, má tá sé deireanach orainn féin
 
Tá an aimsir an-dímheasctha. Ní túisce ina shamhradh ná ina gheimhreadh é. Bhí scaitheamh den tráthnóna inné go haoibhinn, ach chuaigh sé ar ghála ansin ag dul a chodladh dhúinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
 
Níl aon lá san aer nach ag déanamh díobhála dhúinn atá sí. Tá bó léithe i mbradaíl, nó tá claíochaí leagtha ag a cuid asail chuile phointe
+
díol 2
Dheamhan díol dhár chuala tú ariamh nár thug an máistir ar an gceann s'againne an lá cheana faoi nár thug sé aon mhóin ag an scoil fós. Ach dheamhan fód againn féin más é is measa dhúinn. Tá cás againn ann go deimhin — é féin agus a chuid móna!
TUILLEADH (1) ▼
Diúltaímid dóibh sin. Ná tarraing orainn aríst iad ó tá siad suaimhnithe. Shíl sé féin mise a mharú cheana le iarraidh chorrán, agus ar ndóigh dheamhan díol faoin domhan nár thug an bhean orainn. Bhíodh sí anseo amuigh chuile lá agus stiúir uirthi ag cur di. Ní thugadh muid aird ar bith uirthi. Nach raibh sé chomh maith dhúinn. An té a thabharfadh aird uirthi, dhéanfadh sí ceann chomh dona léithe féin dó
 
Níl aon mhaith dhúinn craos a dhéanamh. Tá ar ndóthain ólta againn. Má ólann muid níos mó, diomdha a bheas orainn ar maidin
 
Orainne a tháinig sé ag roinnt i dtosach. Thug sé dhá mhuigín an duine dhúinn. Nuair a shroich sé siar chomh fada leis an mbruscán a bhí san iothlainn, ní raibh aon chosúlacht ar mhórán eile a theacht, agus bhí sé ar phointí an trí an uair sin. Thaosc sé amach an pórtar acu sin. Ach bhí an bóithrín aníos dubh le daoine ag leathuair théis an trí agus ag an ceathair, agus gan faice le fáil acu, mar rinne sé plaicín ghabhair dó (de) san iothlainn. Maidir linne, ní bhfuair muid ach an dá mhuigín. Ní raibh muid buíoch ná diomdhach: sin é an chaoi lena rá. Ní bhíonn an chéad fhear buíoch ná diomdhach arsa tusa (ól dhá roinnt ag sochraide)
+
dligh
Téadh sé i gcurach Sheáin Uí Fhínneadha (eascaine logánta)! Muran bog a fhaigheas sé na daoine más fíor dó féin. Gheobhaidh sé lá oibre uainne nuair a dhlífeas sé lá oibre dhúinn, rud nach ndlíonn. Dá ngéilltí dá chuid bladair sin bheadh duine imithe ag obair aige chuile lá sa mbliain. Dar príosta muise, níl sé fhéin chomh cóir sin faoin rud a bhíos aige. Cat bradach a gheobhadh brabach air
TUILLEADH (1) ▼
Is mór de na gasúir seo thoir nár dlíodh an dá phunt dóibh, a fuair é. Ach ní fhaca mise aon cheo ag teacht amach ariamh sa saol nach mbeadh éagóir ina bhun nó ina bharr. An bhfeiceann tú aos óg an bhaile sin. Ar chuala Dia ná duine aon fhocal Gaeilge acu ariamh. Dheamhan é muis, le mo chuimhnese ar chaoi ar bith, mura mbeadh focal a thógfaidís uaimse nó uaitse, agus leagan acu ar an bhfocal sin fhéin. Ní taise do na gasúir atá ann anois é ach oiread. Agus tá siad ag fáil dhá phunt na Gaeilge ina dhiaidh sin. Meas tú nach in caimiléireacht. Ach má abraímse (má deirimse) nó thusa nach bhfuil sé dlite dhóibh is drochdhaoine muid. M'anam nach ea, nach gur gearr gur bainte dhúinn (dhínn) féin a bheas sé. Tá an power acu a mhic ó!
 
do 1
Níl an lá faoi dhúinn le dhul le féar ─ níl an lá feiliúnach, nó in araíocht
 
Bhí muid ag baint roinn fheamainne ansin thíos an bhliain cheana. Bhí P. L. in éindí linn. Ó tharla go mba strainséara í, chreidim gur bhain sí cupla dosán thar teorainn. Dar príosta d'éireodh sé dhúinn féin sách éasca más muid atá ag baint ariamh ann. Tháinig an gheabhróg siúd aniar agus gob uirthi. Chuir sí stiúir ropaireachta uirthi féin. Ní raibh an oiread náire ariamh orm os comhair an strainséara agus eile. Thairg muid di a dhul agus an oiread céanna a bhaint orainn. Thug muid breith a béil féin di. 'Sí atá doghrainneach ceart. Diabhal bréag!
 
Ní bhfuair muid tada ann ach an doicheall. Dheamhan láimh féin a croitheadh linn ná fáilte a cuireadh romhainn. Bhí siad chomh gruamánta, agus gan smid den chaint acu … Bail ó Dhia ort! Tae muis! Bhí cosúlacht mhór orthu siúd go deimhin, a dhul ag réiteach dhúinn. D'imigh linn ar an dá luath is a bhfuair muid an deis
 
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh anois don triúr againn a dhul agus greim a ithe. B'fhéidir nach mbeadh sé chomh héasca dhúinn a fháil aríst. Ní beag dhúinn a bhfuil romhainn agus gan gearradh ocrais a bheith orainn ar ball
 
dóigh 3
Tabhair leat na sceidíní ar aon chor. Ná fág ag aon duine eile iad. Ó tharla go raibh sé de smál orainn a bhriseadh, níl aon mhaith dhúinn a bhrabach a fhágáil ag aon duine. Dhá ndóití an teach, ba le bean an tí an luaith
 
Nuair nach bhfuil ann ach an ceathrar againn, ní fiú dhúinn bacadh le páirtithe. Is fhearr an imirt a bheas ar dhólámha. Cé mhéad a chuirfeas sibh air?
 
domhain 2
Ní fiú dhúinn a fhágáil ina ndiaidh (ár ndiaidh), ar scáth a bhfuil ann, ach tá sé an-domhain san oíche
 
Is deas í mo chruach choirce agus nach bhfuil dhá dhornán istigh ar a corp. Más gláiféisc den tsórt sin é, d'fhéadfadh muid cheithre chruach a chomhaireamh dhúinn féin
 
Tabhair dradlíonadh ar an mbosca sin agus caith thuas aici é, más rud é a chuirfeas ó bhanrán í. Tá sí ag fáil cuid is mó ná a thug sí dhúinn
 
dreas 1
Rinne sé dreas ceoil dhúinn
 
dris
Tá bua imeartha againn anocht ach d'éireodh dhúinn. Chuaigh mo pháirtí — P. anseo — faoi dhris ansin thíos i Logán an Fh. shula tháinig muid isteach. Ní bheidh aon oíche beo feasta nach ndéanfaidh duine againn an rud céanna. Is maith sportha a bheas sibh faoi Fhéil Pádraig seo chugainn ach a gcaitear suas na cártaí
 
Is lú an drogall a bheadh orm a dhul go hifreann féin ná isteach sa teach sin, ach más rud é atá romhainn, tá sé chomh maith dhúinn é a chur dínn
+
droim
Tháinig sé anseo thoir sa samhradh anuraidh. Chuaigh cúigear nó seisear againn soir aige ag iarraidh oibre air. Gheall sé dhúinn go ndéanfadh sé cat agus dá rioball ach a dtéadh sé go Baile Átha Cliath. Ach ní bhfuair muid tochas a (ár) ndroma ó shin. Scéal ná scuan féin níor chuir sé chugainn
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr a bhíos oíche an tráth seo bhliain ag dul thar droim. Níl ann ach go ndúnann sí ar éigean agus bíonn an lá ag fáinniú aríst ar an bpointe. Ag fágáil na tórraimh dhúinn ar maidin ag an ceathair a chlog, bhí aithne lae air an uair sin
Déanadh an méid sin ar fad dhe dhroim oíche. Ní raibh pioc air ag dul a chodladh dhúinn san oíche agus bhí an bhail sin air ar maidin
 
dubh 3
Tá an Sunda Salach ag dúchan. Tabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhúinn an ghlaicín fhéir sin a bheith buailte ar a chéile againn shula thiocfas an dórtadh
 
Is gearr uaidh ráig eile. An bhfeiceann tú an dúchan atá thiar. Is fhearr dhúinn tarraingt ar chaladh eicínt thar an áit seo, muran linn a bheith bog báite
 
dúil
Níl a dhath maitheasa dhúinn a (ár) ndúil a bheith le Meiriceá an Nollaig seo. Tá Meiriceá réidh. Níl sciúrtóig ag teacht anois as
 
dul
Ní raibh dul ar bith orainn nó gur rug muid anoir ar an mbrachlainn atá ansin thoir sa sunda. Thug sí sin rud le déanamh dhúinn. Cuireadh ar ár miotal ceart críochnaithe muid. Bhí farraigí ann an lá sin. Shíl mé dheamhan ar tír a thiocfadh muid go deo
 
Chuir sé soipín luiche eadrainn, agus thosaigh sé dhár saighdeadh ag iarraidh orainn smugairle a chaitheamh thar an soipín. Bhí muid fhéin inár bpleibeanna chomh mór an uair sin agus go raibh muid aige ar sheol na braiche. Ansin chuir sé faoi ndeara dhúinn dúshlán a chéile a thabhairt, agus na dornaí a thomhais le chéile. Ba ghearr, mo léan, go raibh sé ina Chath na bPunann. Ní raibh splanc chéille againn an uair sin. Ach bhí breathas eicínt airsean. Mhairfeadh sé go deo ar an gceird sin
+
Má théann tú ar ól an phoitín anois ní maith an dóigh dhuit é. Tá a gceart againn cheana. Níl aon mhaith dhúinn ionlaos phocaide a bheith ina (ár) mbolg ag dul abhaile
TUILLEADH (1) ▼
Nach mb'fhearr dhúinn a dhul ar leagan na mbruachannaí anois. Ní bheidh siad romhainn
 
Níl tada ag dul duit, nó má tá, 'sé cuid an bheagáin é. Níor chuir tú pínn ar bith amach ó shuigh muid ag clár anocht. Agus go deimhin agus go dearfa, ní mórán cúnta a thug tú dhúinn le na cártaí
+
Ní foláir dhúinn a bheith sa mbaile le dul faoi na gréine
TUILLEADH (1) ▼
Meas tú dhá dtéinn féin agus thú féin agus an C. faoi churach nach ndéanfadh muid gnaithe is measa ná é. Tá coirleach agus ceanna slat ar an O. F. nár baineadh le chúig bhliana déag. Ba mhór ab fhiú dhúinn le aghaidh leasú iad
 
Níl aon cheo a chuaigh thríom ariamh in mo shaol ach a bheith ag éisteacht leis ansin ag stróiceadh le pian, agus gan duine ar bith in ann aon mhaith a dhéanamh dhó. Ba mhór an suaimhneas dhó féin agus dhúinn féin é nuair a thug Dia chuige féin é