Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

domsa (50+)

+
Má bhíonn earasbarr slat agat théis an tuí a chur d'fheilfeadh glaicín domsa.
TUILLEADH (1) ▼
Chomh fada agus is léir domsa é, 'sé an chaoi a bhfuil gach dream acu ag baint earasbarr donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feictear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
 
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomaí rud a d'fhéadfaí a dhéanamh i ngan fhios domsa
+
fios
Cá bhfaighinnse fios air? Cé a d'inseodh domsa é. Ní chloisim scéal ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé le fios a thabhairt domsa (le fios a fhágáil agamsa) anseo ag an teach, má bhíonn aon cheann sa siopa amárach
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
 
Is dona a théas fliuchán domsa — báisteach, nó mo chosa a fhliuchadh sa gcladach, sa sliabh srl.
 
focal
Dhá dtéadh sé ag tabhairt cor na bhfocal domsa is aige a bheadh an ceann salach den mhaide. Bíonn mo theanga ar mo chomhairle fhéin agamsa scaití freisin.
+
Níl an prionta atá sa bpáipéar seo sách follasach domsa d'uireasa mo chuid spéacláirí
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé sách follasach domsa ar aon chor gur bréag é sin, hé brí céard a dhéanfas tusa
 
Feictear domsa go bhfuil rud eicínt ag freagairt amach ansin ón gclochairín. Níl aon mhullán ansin? An bhfeiceann tú anois é. Is geall le bairille é. Fuisce! Rum b'fhéidir!
 
Sin é an ciseadóir! Rinne sé ciseán domsa anseo fadó agus chuir sé an oiread frogaisí air agus nach ngabhfadh mo láimh síos ann! B'fhada a chaith sé thiar ansin sa seomra. Bhí sé ródheas le dhul ag streachailleacht leis
 
fág
Brú suas ansin, agus tabhair binn domsa. An té is cúng leis fágadh anois. Is beag an áit a dtuilleann an carthanas adeir siad
 
Peige: go dtóga an diabhal leis thú!; Nóra: an chomaoin chéanna ort, gan díobháil gan dochar domsa, ná de mo chuid.
 
Níor shú salúin i mbéal bulláin domsa an cupán tae cosnochtaithe sin agus an gearradh ocrais a bhí orm an tráth céanna.
+
Dheamhan cúnamh ná cuid de chúnamh atá sé a thabhairt domsa. Is mó sa mbealach go mór é.
TUILLEADH (2) ▼
Seo punt duit anois, agus bain díol an bhealaigh as agus tabhair an chuid eile ar ais domsa.
Ní raibh díol an bhealaigh d'ola sa motor agus rinne sé staic orainn thiar ag an D. agus b'éigean domsa a dhul dhá mhíle go bhfuair mé petrol dó.
 
'Siad an dream a bhealaigh mo chuid aráin domsa, an dream a dtabharfaidh mé mo bhóta dóibh.
 
beo 1
Mura lige tú cead mo chinn domsa go beo tapa, beidh raic ann.
 
Bhí fear ina shuí thuas ar chírín an bhuimbiléad atá thuas ar bharr an tí. Ní ligfeadh an faitíos domsa a dhul suas ann, dhá gcailltí mé.
+
aer
Cá bhfios domsa ó aer go talamh céard a thug anoir iad.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ina dhamhsa go haer ann ar a theacht domsa.
 
Is beag an tsomhaoine (an éadáil, an áirge, an mhaith srl.) domsa do chuid aiféala — déarfadh duine é seo agus duine a raibh millteanas déanta aige air dhá chásamh leis
 
Is óg ab éigean domsa bualadh faoin saol agus mo bheatha a shaothrú. Ní raibh líon léith agam ach dhéan (rinne) Dia rud maith liom ina dhiaidh sin (Achréidh)
 
buinne 1
Dheamhan a n-ólfá a lán sin go buinne bruach anois go mbeirtí aríst thú. Ní olfadh ná aon fhear sa tír. Ná bí dhá inseacht domsa a mhic ó. Agamsa atá a fhios é.
 
Mura dtuga tú airgead domsa de do dheoin, tabharfaidh tú dhom é de t'ainneoin
+
aire
Mura dtuga tú aire dhuit fhéin, agus gan níos mó údair a thabhairt domsa, leonfaidh (liúnfa adeirtear — Conamara) mé do chnámha.
TUILLEADH (1) ▼
Mura dtuga sé aire dhó fhéin agus ligean domsa, dhó fhéin is measa.
 
amach
Cá bhfios domsa cén áit amach faoin mbaile a bhfuil siad
 
amuigh
Tá an dá phunt sin ag gabháil domsa — is fada amuigh agam iad.
 
Is deacair domsa aon eolas a bheith agam, fear nár fhága amach an baile ariamh
 
Éirigh as do chuid neamhairdiúlacht agus tabhair cluais domsa.
+
ard 2
Nuair ab íseal dósan, b'ard domsa (is minic an leagan seo sna seanscéalta) — nuair a bhí seisean sa ngleann bhí mise ar an ard; bhí sé ag cinnt air a theacht suas liomsa; bhí tosach agamsa i gcónaí air
TUILLEADH (1) ▼
Nuair ab ard domsa, b'íseal dósan, agus chinn air dubh agus dubh mé a scoitheadh.
 
fiolla
Shílfeá gur rún atá agaibh fiolla a dhéanamh dhíomsa anois mar a rinne sibh den fhear ar ball. Mo choinsias is dar m'anam muis, go mbeidh a leath fúibh fhéin mura lige sibh domsa
 
flith 1
Ní fhaca tusa flith ag dul le cois chapaill ariamh? … Ní hé sin domsa é muis. Is minic a chonaic mé dhá cur léithe í dhá mbeadh sí ata. Í fhéin nó moing mheara. Tá an fhlith chuile orlach chomh maith leis an moing mheara. Í a bhruith i bpota agus an sú a chuimilt den at. Ní foláir í a choinneáil cuimlithe léithe nó go dtraoithe sí. Bhainfeadh sí at as duine freisin. Í a théamh os cionn na tine, agus a bualadh le do dhá bhois, agus a cur isteach leis te bruite. Chuir mise le mo láimh anseo í uair a raibh sí ata. Ba gearr a bhí sí ag baint an at aisti.
 
féith 1
Cnaipín beag crua a tháinig ar thaobh mo choise ansin agus thosaigh sé ag ithe roimhe. Níor chomhnaigh sé go raibh sé ina fhearsaid sa bhféith. Tháinig an draoi fola. Ní raibh inti ach mionfhéith. Níor mhór domsa nach raibh, nó ní fhanfadh aon deoir fhola ag gabháil liom.
 
fóin
M'anam gur fhóin an písín sin domsa. Bhí mé in mo ghamal dhá uireasa
 
feall 1
Ní bhaineann an scéal domsa chor ar bith, agus ní bhuailfinn mo ladar ann, ach níor mhaith liom feall a fheiceáil dhá dhéanamh ar aon duine agus is feall atá dhá dhéanamh air sin má bhaintear an t-airgead aríst dó. D'íoc sé cheana é
 
fiata
An deoch fhiata é an gin? Níor ól mé ariamh é. Deochannaí cuideáin domsa ar fad iad cé is moite den fuisce, agus den phórtar
 
Is fadó an lá a d'inis sé é sin domsa ach choinnigh mé faoin gcúlfhiacail ariamh ó shin é
 
'An bhfuil a fhios agat cá gcónaíonn Lorcán anseo,' adeir sé. 'M'anam nach bhfuil a fhios,' adeirimse, 'mar nach bhfuil a leithide ann'. 'Tá muis,' adeir sé, 'ar na mbaile seo thiar'. 'Lorcán ar an mbaile seo thiar!' adeirimse. 'Má tá, is i ngan fhios domsa é. Le uair an chloig a tháinig sé ann. Tháinig mise anuas thríd an mbaile sin anois le ualach móna agus … '. 'Laurence Conneely,' adúirt sé. 'Tá a leithide ann,' adeirimse, 'ach dar sliabh má tá Lorcán air, is forainm air é' (níor mhar a chéile dar leis "Lorcán" agus "Laurence")
 
Sílim nach bhfuil fréimh ar bith ag na Curraoinigh abhus le na Curraoinigh thiar. Má tá is i ngan fhios domsa é. Níor chuala mé ariamh go raibh
 
Chonaic mé fataí anseo bliain — fataí Achréidh a cheannaigh mé le haghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéanna. Ar an bhFaiche Bhig a cheannaigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhním anois cén áit, ach d'aithneoinn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaíúlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orthu nach raibh chomh mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé anseo thiar iad i ngarraí na hI. Bhí an-ghaisce agam astu. Togha fataí dar liom féin. 'speáin mé do T. iad agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. astu. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad rómhór. Rinne siad thar cionn i dtús bliana. Bhí siad go hard os cionn talúna, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabháil liom. Bhí go maith go dtí amach sa mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghas a bheith ag breathnú orthu. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orthu ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithígh iad leisce a bheith ag breathnú orthu. Sin é an chaoi a ndeachaigh dalláin mhóra an Achréidh domsa. Ná samhlaigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shin
 
danra
Nach danagra an mhaise dhó é anois agus gur bhac sé mé anuraidh faoi rud an bhóthair a thógáil taobh amuigh den pháirc sin thoir aige. Theastaigh sé uaim le aghaidh múirín. Níor chóir domsa (dú-sa) stopadh dhó — ní raibh aon bhaint aige dhó ach an oiread liomsa — ach leisce na sáraíochta mar sin féin, stopas
+
Féadfaidh sibh an ghrifisc bheag sin soir i mB. L. a thabhairt don deachma. Ar ndóigh ní in ann ball a bhualadh atá siad sin. Tá muis. Bhuailfeadh imreoir maith a bheadh ar an bpáirc ar rugadh ariamh acu. Is feasach domsa go maith céard é a ngníomh sin. Nach mbínn ag traíáil a n-aithreachaí fadó, nuair a bhíodh muid dallta anseo thoir. Bhuailinn a raibh istigh ar thrí bhaile acu; agus mé ar mo chromada. Is minic a bhuail. Ach bheadh neart glaomaireachta acu nuair nach n-aireoidís aon fhear maith ann … Siúd é anois a ndéanfainnse leo — a dtabhairt don dul amú. Ní fhónfaidís do thada eile
TUILLEADH (1) ▼
Is breá an scéal atá agat: go gcaithfear deachma na sláinte a íoc. Ach ní sásamh mór é sin domsa atá ar chúl mo chinn ansin thiar le coicís, agus mo chuid coirce scrúdaithe cheal a bhainte. Dá mbuaileadh sí mé uair ar bith eile sa mbliain, ach ní bhuailfeadh, ach go míthráthúil an uair is mó an chruóg. Diabhal mé go sílfeá gur haisteach an tráth de bhliain ag duine slaghdán a tholgadh: i mbrollach an fhómhair. Seo é anois an slaghdán caorach a raibh bean Chonamara ag caint air. Nár ba é amháin dó ar chuma ar bith! Cuirim leis í agus ní hí an óige í. Tá mé siar le obair mo bhliana i ngeall air
 
dearg 1
Nuair is dubh dóibhsean is dearg domsa — nuair a bhíos spéireataí nó triufasaí ina mámhasaí, hairteasaí nó muileataí a bhíos agamsa
 
Tá na fataí atá againne i mbliana ina ndeargáin as éadan. Facthas domsa nuair a bhí mé dhá gcur, nach raibh na síolta ródhearg chor ar bith. Ach nach é an cás céanna é. Is beag an locht iad na fataí dearga dhá mbeadh a sháith ag duine díobh.