Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

domsa (50+)

+
Má bhíonn earasbár slat agad th'éis an tuí a chur d'fheilfeadh glaicín domsa.
TUILLEADH (1) ▼
Cho fada agus is léar domsa é, sén chaoi a bhfuil gach dream aca ag baint earasbár donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feicthear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach sén deá-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
 
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomdha rud a d'fhéadfaí a dhéanamh ingan fhios domsa
+
fios
Cá bhfuighinnse fios air? Cé a d'innseódh domsa é. Ní chloisim scéal ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé le fios a thabhairt domsa (le fios a fhágáil agamsa) annseo ag an teach, má bhíonn aon-cheann san siopa amáireach
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail, cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
 
Is dona a theigheas fliuchán domsa = báisteach, nó mo chosa a fhliuchadh san gcladach, san sliabh etc.
 
focal
Dhá dteigheadh sé ag tabhairt cor na bhfocal domsa, is aige a bheadh an ceann salach den mhaide. Bíonn mo theanga ar mo chomhairle fhéin agamsa scaití freisin.
+
Níl an prionnda atá san bpáipéar seo sách follasach domsa d'uireasa mo chuid spéacláirí
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé sách follasach domsa ar aon-chor gur bréag é sin hébrí céard a dhéanfas tusa
 
Feicthear domsa go bhfuil rud eicínt ag freagairt amach annsin ón gclochairín. Níl aon-mhulán annsin? An bhfeiceann tú anois é. Is geall le bairille é. Fuisce! Rum b'fhéidir!
 
Sin é an ciseadóir! Rinne sé ciseán domsa annseo fadó, agus chuir sé an oiread frugaisí air, agus nach ngabhfadh mo láimh síos ann! B'fhada a chaith sé thiar annsin san seomra. Bhí sé ro-dheas le dhul ag strachailleacht leis
 
fág
Brú suas annsin, agus tabhair binn domsa. An té is cumhang leis fágadh anois. Is beag an áit a dtuilleann an carthannas, adeir siad
 
Peige: go dtóige an diabhal leis thú!; Nóra: an chumaoin chéadna ort, gan díoghbhail gan dochar domsa, ná de mo chuid.
 
Níor shugh salmhain imbéal buláin domsa, an cupán tae cosnochtuighthe sin, a's an gearradh ocrais a bhí orm an tráth céadna.
+
Dheamhan congnamh ná cuid de chongnamh atá sé a thabhairt domsa. Is mó sa mbealach go mór é.
TUILLEADH (2) ▼
Seo punt duit anois, a's bain díol a' bhealaigh as, a's tabhair an chuid eile ar ais domsa.
Ní raibh díol a' bhealaigh d'ola sa motor, a's rinne sé staic orainn thiar ag an D. a's b'éigean domsa a dhul dhá mhíle, go bhfuair mé 'petrol' dó.
 
'Siad an dream a bhealthuigh mo chuid aráin domsa, an dream a dtiubhra mé mo bhóta dóib.
 
beo 1
Mara leige tú cead mo chinn domsa go beo tapa, beidh raic ann.
 
Bhí fear in a shuidhe thuas ar chírín an bhoimbiléad atá thuas ar bharr a' tighe. Ní leigfeadh a' faitchíos domsa a dhul suas ann, dhá gcáilltidhe mé.
+
aer
Cá bhfios domsa ó aer go talamh, céard a thug anoir iad.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ina dhamhsa go h-aer ann ar a theacht domsa.
 
Is beag an tsamhaoine (an éadáil, an áirge, an mhaith etc.) domsa do chuid aithmhéala = déarfadh duine é seo, agus duine a raibh míllteanas déanta aige air dhá chású leis.
 
Is óg a b'éigean domsa bualadh faoi'n saoghal, a's mo bheatha a shaothrú. Ní raibh líon léith agam, ach dhean (rinne) Dia rud maith liom in a dhiaidh sin (Achréidh).
 
buinne 1
Dheamhan a n-ólfá a lán sin go buinne bruach anois, go mbeirtí aríst thú. Ní olfadh ná aon-fhear ins a' tír. Ná bí dhá innseacht domsa a mhic ó. Agamsa atá fhios é.
 
Mara dtuga tú airgead domsa de do dheoin, tiubharfa tú dhom é de t'aindeoin.
+
aire
Mara dtuga tú aire dhuit fhéin, agus gan níos mó ughdair a thabhairt domsa, leonfa (liúnfa adeirtear — Conamara) mé do chnámha.
TUILLEADH (1) ▼
Mara dtuga sé aire dhó fhéin, agus leigean domsa, dhó fhéin is measa.
 
amach
Cá bhfios domsa, cé'n áit amach faoi'n mbaile a bhfuil siad
 
amuigh
Tá'n dá phunt sin a' gabhail domsa — is fada amuigh agam iad.
 
Is deacair domsa aon-eolus a bheith agam, fear nar fhága amach an baile ariamh
 
Eirigh as do chuid neamh-áirdeamhlacht a's tabhair cluais domsa.
+
ard 2
Nuair ab íseal dó-san, b'árd domsa (is minic a' leagan seo 'sna sean-scéalta) = nuair a bhí seisean sa ngleann bhí mise ar an árd; bhí sé cinnt air a thoidheacht suas liomsa; bhí tosach agamsa i gcomhnuidhe air
TUILLEADH (1) ▼
Nuair ab árd domsa, b'íseal dó-san, agus chinn air dubh a's dubh mé 'scothadh.
 
fiolla
Shílfeá gur rún atá agaibh fiola a dhéanamh dhíomsa anois mar a rinne sib den fhear ar ball. Mo choinsias sdar m'anam muis go mbeidh a leath fúib fhéin mara leige sib domsa
 
flith 1
Ní fhaca tusa flith ag dul le cois chapaill ariamh? … Ní hé sin domsa é muis. Is minic a chonnaic mé dhá cur léithi í, dhá mbeadh sí ata. Í fhéin nó muingbheara. Tá an fhlith chuile orlach cho maith leis an muingbheara. Í a bhruith i bpota agus an súgh a chuimilt don at. Ní fuláir í a choinneál cuimlithe léithi nó go dtraoithe sí. Bhainfeadh sí at as duine freisin. Í a théamh as cionn na tine, agus a bualadh le do dhá bhois, agus a cur isteach leis te bruite. Chuir mise le mo láimh annseo í uair a raibh sí ata. Ba gearr a bhí sí ag baint an at aisti.
 
féith 1
Cnaipín beag cruadh a tháinig ar thaobh mo choise annsin agus thosuigh sé ag ithe roimhe. Níor chomhnuigh sé go raibh sé in a fhearsaid san bhféith. Tháinig an draoi fola. Ní raibh inte ach mion-fhéith. Níor mhór domsa nach raibh, nó ní fhanfadh aon-deóir fhola ag gabhail liom.
 
fóin
M'anam gur fhóin an písín sin domsa. Bhí mé in mo ghamal dhá uireasa
 
feall 1
Ní bhaineann an scéal domsa chor ar bith, agus ní bhuailfinn mo ladar ann, ach níor mhaith liom feáll a fheiceál dhá dhéanamh ar aonduine, agus is feall atá dhá dhéanamh air sin, má bhaintear an t-airgead aríst dó. D'íoc sé cheana é
 
fiata
An deoch fhiata é an "gin"? Níor ól mé ariamh é. Deochannaí cuideáin domsa ar fad iad cés moite den fuisce, agus den phórtar
 
Is fadó an lá a d'innis sé é sin domsa ach choinnigh mé faoin gcúilfhiacail ariamh ó shoin é
 
"An bhfuil a fhios agad, cá gcomhnaíonn Lorcán annseo", adeir sé. "M'anam nach bhfuil a fhios", adeirimse, "mar nach bhfuil a leithide ann". "Tá muis", adeir sé, "ar na mbaile seo thiar". "Lorcán ar an mbaile seo thiar!" adeirimse. "Má tá is ingan fhios domsa é. Le uair an chloig a tháinig sé ann. Tháinig mise anuas thríd an mbaile sin anois le ualach móna agus … ". "Laurence Conneely", adúirt sé. "Tá a leithide ann", adeirimse, "ach dar sliabh má tá Lorcán air, is for-ainm air é" (níor mhar a chéile dar leis "Lorcán" agus "Laurence")
 
Sílim nach bhfuil fréimh ar bith ag na Curraoinigh i bhfus le na Curraoinigh thiar. Má tá is ingan fhios domsa é. Níor chuala mé ariamh go raibh
+
Féadfaidh sib an ghrifisc bheag sin soir i mB. L. a thabhairt do'n deachma. 'Ar ndú' ní indon "ball" a bhualadh atá siad sin. Tá muis. Bhuailfeadh imreoir maith a bheadh ar an bpáirc ar rugadh ariamh aca. Is feasach domsa go maith céard é a ngníomh sin. Nach mbínn ag traoiáil a n-aithreachaí fadó, an uair a bhíodh muid "dallta" annseo thoir. Bhuailinn a raibh istigh ar thrí bhaile aca; agus mé ar mo chromada. Is minic a bhuail. Ach bheadh neart glaodhmaireacht' aca, an uair nach n-aireochaidís aon-fhear maith ann … Siúd é anois a ndéanfainnse leo — a dtabhairt do'n dul-amú. Ní fhoghanfaidís do thada eile
TUILLEADH (1) ▼
Is breagh an scéal atá agad: go gcaithfear deachma na sláinte a íoc. Ach ní sásamh mór é sin domsa atá ar chúl mo chinn annsin thiar le coicís, agus mo chuid coirce scrútuighthe cheal a bhainte. Dá mbuaileadh sí mé uair ar bith eile ins an mbliain, ach ní bhuailfeadh, ach go mí-thráthamhail an uair is mó an chruadhóg. Diabhal mé go sílfeá gur h-aisteach an tráth de bhliain ag duine slaghdán a tholgadh: imbrollach an Fhoghmhair. Seo é anois an slaghdán caorach a raibh bean Chonamara ag caint air. Narba hé amháin dó ar chuma ar bith! Cuirim leis í agus ní hí an óige í. Tá mé siar le obair mo bhliana in geall air
 
dearg 1
Nuair is dubh dóibhsean is dearg domsa = nuair a bhíos spéireataí nó triufasaí in a mámhasaí, heairteasaí nó muileataí a bhíos agamsa
+
Tá na fataí atá againne imbliana in a ndeargáin as éadan. Facthas domsa an uair a bhí mé dhá gcur nach raibh na síolta ro-dhearg chor ar bith. Ach nach hé an cás céadna é. Is beag an locht iad na fataí dearga dhá mbeadh a sháith ag duine díobh.
TUILLEADH (1) ▼
Bainfear as a chleachta feasta i Sasana é, mara mbeidh aon-sleamhcán ná aon-deargán le fáil aige. Ar chnúasach cladaigh a tháinig an dream sin suas ariamh, agus 'chuile dhuine ar a mbaile. Cé'n diabhal eile a bhí aca. Breathnuigh thú féin ar an mB. An bhfuil fód ag gabhail léithe le cur. Má tá ní léar domsa é
 
deil 2
Nach hé atá indon a deil. "B'éigin dom fuireann nua a fháil do na scurachaí. Bhí siad ag strócadh, agus shílfeá nach daorbhasctha a bhí siad mar bhí siad. "Tá sé cho maith dhuit anois froc nua a fháil domsa ó tá do láimh ann" adeir Peadar." A Mhuire agus a Chríosta nach hé atá indon an aithris a dhéanamh uirre! An chainnt chéanna agus na goití ceanann céanna, cho maith agus dhá mba í fhéin a bheadh ann idir chlár agus chuinneóig