Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deilim
dheileódh agus rl.
1.
ceird an deileadóra; clár nó a leithide a shnuíochan amach, a phuinteáil, agus a chur faoi réir len a chur ag obair.
+
Tá sé indon clár a dheil go maith = a dheilbh, a shnuíochan, a phuinteáil, a chur faoi réir l'aghaidh oibre, é a ghlanadh go deas nó a phlánáil
Fan go dteaga an C. agus deileóidh sé an maide sin duit. Dar príosta bheinnse indon a gcur suas dhá bhfaghainn olluithe iad.
TUILLEADH (3) ▼
Dheil sé rud! Ní dheileódh sé fód móna le cur san teine, ní áirím dual le cur i rata.
Dhá ndeiltheá an staic de mhaide sin thoir agad, sé a dhéanfadh ceart críochnuithe ann. Deirimse leat go mbeadh sé ar deil annsin
Duine an-deaslámhach é le clár a dheil nó rud mar sin a dhéanamh ach é a bheith ar a mhian ceart agus dalladh tobac a bheith aige. Ach má bhíonn uireasa an tobac air, fan uaidh. Is fear le dúchas an uair sin é
2.
cóiriú; gléas; cur síos; aithris.
+
Nach hé a dheil iad! = a chóirigh nó a ghléas iad; a chuir "caoi" ar a gcuid oibre, ar a gcuid faisean, ar a gcuid cainnte, ar a gcuid éadaigh agus rl.; a rinne aithris nó aithléamh orra; "take them off"
Siúd é atá indon a ndeil. Dhá bhfeictheá é ag cur straince air fhéin thiúrfá an leabhar gurb é P. Ph. déanta é. Buachaill báire é. Ní tada eile é, inDomhnach
TUILLEADH (3) ▼
Nach hé atá indon a deil. "B'éigin dom fuireann nua a fháil do na scurachaí. Bhí siad ag strócadh, agus shílfeá nach daorbhasctha a bhí siad mar bhí siad. "Tá sé cho maith dhuit anois froc nua a fháil domsa ó tá do láimh ann" adeir Peadar." A Mhuire agus a Chríosta nach hé atá indon an aithris a dhéanamh uirre! An chainnt chéanna agus na goití ceanann céanna, cho maith agus dhá mba í fhéin a bheadh ann idir chlár agus chuinneóig
Níl neart agad focal cainnte a rá as a choinne nach mbeidh sé ag aithrist ort. Sé atá deas air freisin. B'aige siúd a bheadh an ghnatha sna drámaí agus ní ag an dream a bhíos ionnta. Dar fiagaí dhá mbeadh cainnt ar leithide Mh. Mh. in aon-dráma bheadh sé indon a dheil ar chaoi ar bith … Nathaíodóirí a bhí sna Cuilm sin frén a chéile. Ba bia agus ba beatha leó a bheith ar an gceird sin
Níl aon-fhear indon an sáirsint a dheil ach M. 'Bhfuil a fhios agad an cor sin a thugas sé don mhaide agus é ag tarraint ort ar an mbóthar. B'fhiú dhuit M. a fheiceál ag aithrist air sin

Féach freisin