Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deargán
ainm-fhocal; fireann
iolraidh = deargáin.
1.
rud ar bith a mbeadh deirgeadas ann, nó a bheadh craosach dearg.
+
Is é an deargán é = duine a bheadh craosach dearg; duine a mbeadh snuadh na gcaor ina ghruaidh
Bhí másaí agus bléin an pháiste in a ndeargán fré chéile ag na claibhtíní agus na pluideoga a chuireadh sí air. An bhfaca tú iongantas ar bith ariamh gur mhair sé chor ar bith. Is beag an dochar di náire a bheith uirre nach dtiubharfadh aire thairis sin dhá páiste. 'Sí an tsiléig sin a fhágfas dhá bhfuireasbhaidh í
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhluí an deargán d'inghin í sin aige. 'Bhfeiceann tú na pluca atá uirre — bail ó Dhia agus ó Mhuire uirre. Tá 'chaon ghríscín feola uirre! Bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin
Shílfeá go bhfuil an cut seo in a dheargán. Corr-chut a d'fheicfeá ar a dhath sin anois chor ar bith. Dhá gcuirteá isteach ag an "show" é sin gheobhthá duais air. Ach níl aon-ordú agad air. Breagh nach gcaithfeá go maith le do chut mar dhéanfadh fear!
+
'Bhfeiceann tú an deargán sin = píopa agus aithinne dearg in a bhéal agus an tobac ag deargadh freisin
Rinne tú deargán críochnuighthe de'n chathaoir. Dhá mbeadh plúirín agad anois agus brat dó a chur as a chionn sin, bheadh sí go dathamhail!
TUILLEADH (9) ▼
Sin deargán ceart anois — an clúdach atá ar an "gcopy" sin. Cá'il an cinéal sin dhá ndíol? Is fadó an lá nach bhfaca mé a leithidí cheana
Thóig sé as an teine é, an uair a bhí sé in a dheargán agus thosuigh sé dhá lascadh ar an inneoin. Níor chuir sé biseach ar bith isteach ann, ach an dá bhrionglán a thathú agus aon-cheann amháin a dhéanamh dhíob. Siúd é atá deas air. An-ghabha é. Níl goir ar bith ag an mb. air. Níl sé 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhó
Tá sé in a dheargán anois agad le cuimilt. Is diabhluí an lear súighe a bhí air. Shílfeá nach mbeadh an oiread sin súighe ná deataigh ar lampa a bhfuil gloine air
Deargán ar fad é an teach aice anois. Tharraing ar chuir sí de "phaint" air siúd pighinn mhaith uirre. Is mór an t-iongnadh nach mbeadh splanc eicínt chéille aice, agus gan a bheith cho drabhlásach sin len a cuid airgid. Mhainín féin go mb'fhéidir go mbadh mhaith léi aice fós é
Tá taobh amuigh an tighe in a dheargán ar fad. Ach cé'n diabhal a bhí ag cur cathuighthe air, an dath siúd a chur air. Ní fhaca mé rud ar bith ariamh is scannruighthe ná é anois
Flainín geal a bhí ann idtosach ach dhathuigh sí é, agus tá sé in a dheargán anois. Sin é a ghnídís uiliog fadó leis an bhflainín thart annseo. Bhíodh cótaí dearga, agus cótaí gibíneacha agus cótaí cóirighthe aca. Ní fheicfeá a malrait chor ar bith. Déanann na sean-mhná fós é, (n)ach a n-imighidh an líne seo is beag na cótaí dearga a fheicfeas tú. Is mór a d'athruigh an saoghal le scór blianta féin
B'fhurasta aithinte Tom. Bhí deargán de gheansaí air a d'fheicfeá míle ó láthair. Bhrath mé a ionnsuidhe indiu faoi, ach leig mé tharm é in a dheidh sin. Ní fhágann sin nar thug mé len innseacht dó gur aithin mé é … Is dalba an rud a dhul ag caitheamh cith cloch le duine ar an gcaoi sin. Ní greann ar bith fear a dhonú.
Tá na fataí atá againne imbliana in a ndeargáin as éadan. Facthas domsa an uair a bhí mé dhá gcur nach raibh na síolta ro-dhearg chor ar bith. Ach nach hé an cás céadna é. Is beag an locht iad na fataí dearga dhá mbeadh a sháith ag duine díobh.
Tá an t-aer in a dheargán. Saighneáin triomaigh iad sin thiar. Feicfidh tú aimsir bhreagh uaidh seo amach ": dearg dearg thiar, gealach agus grian"
·
Ceannuigh staic de'n deargán eile sin — cé'n t-ainm atá air — "raddle" — le na caoirigh a mharcáil. Beidh muid dhá mbearradh lá eicínt an tseachtain seo chugainn, agus caithfear comhartha eicínt a chur orra, má's linn a gcur 'un sléibhe … Gheobhaidh tú i siopa Ch. nó tigh Gh. é. Tóruigh an baile mór go bhfaghaidh tú é ar aon-chor
Deargán de dhubhach é seo shílfeá. Ní rabh fhios agam ariamh cheana go scríobhfaí leitir le dubhach dearg
2.
rud a déantar as duileasc; scáird uisce fiuchta a chur ar dhuileasc nó go mbeadh sé dearg agus annsin a ithe; nó an duileasc a chur ag bruth in uisce, nó go bhfaosgad sé.
+
Sin deargán. Bhíodh an-tóir ag daoine roimhe seo air, ach ní hé an oiread sin a mbíonn a bplé anois leis
Déan deargán de'n duileasc sin
TUILLEADH (7) ▼
Ó a stór, roimhe seo a bhíodh na rudaí ann! Ghnidheadh muid bocstaí agus pruchógaí, agus deargán. Ghabhfá síos ag an gcladach agus bhainfeá glac dhuilisc agus thiubharfá abhaile é agus dhéanfá deargán dó (de), agus dheamhan annlann go h-éag mar é. Bhíodh an-"hate" air
Bhí tóir aca ariamh ar an gcnúasach chladaigh. Ní dheacha mé isteach ariamh ann nach mbeadh iascáin nó toit bháirnigh nó deargán thíos ann. Dar mo choinsias má bhíodh fhéin ba bheag an locht iad. Thiubharfainn mo dhá shúil anois ar rúainne deargáin dá mbeadh sé agam
Deargán! Mo chreach do chuid deargáin! Is maith an bheatha ag fear oibre deargán. Ní thiubharfainn deich triuf ar do chuid deargáin
Ní bhíonn dream ar bith líomhtha ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas annseo anuiridh agus bhain sí slam duilisc agus ní bheadh fíth ná feáin uirre mara ndéantaí deargán di. Diabhal an raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon-deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aice siúd. Thug sí a sean-eire creathnaigh abhaile léithe. Nar ba hé amháin dhá bhfuil suas ann. 'Chuile bheaduidheacht dá mbíonn timcheall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orra féin. Ní fhaca mé tada ag toidheacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas annseo ar mhaingín cnothannaí aca, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugad, ach ní fhaca muid aon-amharc ar na cnothannaí ó shoin
'Sí atá dhá cur fhéin in adhastar an anró ceart, a dhul isteach ar an mbaile sin, áit nach raibh aon-cheo ariamh ach báirnigh agus deargán. Diabhal ceo eile! Beidh sí ag scríobadh leis an nganntan dhá lá a saoghail. Nach ar a h-athair a bhí an ciméar agus a cur annsiúd, agus a liachtaighe fear ar foghnamh ins an tír a phósfadh í
Bainfear as a chleachta feasta i Sasana é, mara mbeidh aon-sleamhcán ná aon-deargán le fáil aige. Ar chnúasach cladaigh a tháinig an dream sin suas ariamh, agus 'chuile dhuine ar a mbaile. Cé'n diabhal eile a bhí aca. Breathnuigh thú féin ar an mB. An bhfuil fód ag gabhail léithe le cur. Má tá ní léar domsa é
'Sé a bhíodh ag na daoine ar fad fadó, an deargán sin. An uair a bhí mise ag eirghe thuas, níl lá ar bith nach mbíodh sé againn — scaithtí de'n bhliain. Ach h-eirigheadh as uiliog. Ní móide gur donaide na daoine sin ach oiread. Pébrí cé'n moladh a chloiseas tusa ag daoine ar an saoghal fadó, ní raibh aon-ghoir aige ar an saoghal atá ann anois. Tá na daoine ag fáil dalladh len ithe ar chaoi ar bith anois, ní hé sin do'n tsaoghal fadó é. Is cam a bhreathnóchadh fear oibre anois ort dhá dtairgtheá deargán dó le h-aghaidh a dhinnéir. Fadó féin 'ar ndú bhí rud aca thairis

Féach freisin