Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

snaidhm (25)

+
daigh
Bhuail daigh mé isteach i m'imleacán agus shíl mé go raibh mé caillte. Céard a bheadh orm ach an tsnaidhm eile sin. Bhain sí trí lá asam. Chuirfeá amach thrí chró snáthaide mé nuair a lig sí dhom
TUILLEADH (2) ▼
Tabhair daigh bhoilg uirthi! Chaith sí cupla uair an chloig orm, agus shíl mé go dtiocfadh snaidhm ar mo phutógaí léithe
Chaith mé an lá inné agus snaidhm reatha ar mo phutógaí ag dó bhoilg. Fhóbair nár chniog sí mé. Is minic a bhí sí orm cheana; ach ní raibh sí chomh gártha siúd ariamh orm. Sílim go mbogfaidh mé soir ag an dochtúr an chéad lá eile, ach is beag a mhaith sin. Gheobhaidh mé an buidéal buí! Sin é an méid!
 
Nach tú a chuir an glas-shnaidhm daingean uirthi. Tá faitíos orm go gcaithfidh tú an scian a thabhairt di
 
déan 1
Tá tú ag déanamh uisce. Tuige ar lig tú an ceathairín sin thart gan snaidhm a thabhairt dó — tá tú ag cliseadh le na cártaí. Níl tú ag cur ar do shon féin chor ar bith
 
Chuaigh sé suas an bóithrín inniu, ag baint deatach as an asal. Níl aon tsnaidhm dá raibh sé a thabhairt dó nach gcloisfeá thiar dtuaidh
 
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
deoir
Thug tú an-tsnaidhm do mo chuileata. Níor fhága tú deoir inti
 
Duine an-díbheirgeach é. Bhí mé lá anseo ag an doras ag dul amach le cuid an chapaill agus cé a thiocfadh aniar an bóthar chugam ag spaisteoireacht nach é (ach é). Ní raibh a dhul ar m'aghaidh ná ar gcúl agam. Bhí mé i ngreim. 'Ní théann tusa ag an aifreann a Ph.,' arsa seisean. 'Ní théim le gairid a Athair S.,' arsa mise. 'Ní airím ar fónamh. Tá mé buailte suas as na cosa ar fad.' 'Níl aon bhualadh suas ort le do chuid oibre,' arsa seisean go beo drochmhúinte. 'Is beag a bhéarfadh orm snaidhm den mhaide seo' — bhí maide láimhe aige — 'a thabhairt ar na huillinneachaí dhuit agus bheifeá buailte suas as na lámha chomh maith le na cosa ansin.' M'anam gur dhúirt, agus go ndéanfadh. Bíodh chuile dhuine ar a shon féin air siúd. 'Sé an sagart is doghrainní agus is díbheirgí é dhá bhfaca mise le mo linn féin ar chaoi ar bith
+
díle 1
Go deo dearg na Díle aríst mar adeir S. T., ní ólfaidh mise aon deoir phórtair san áit ar ól mé aréir é. Ba gheall le blas gallaoireach a bhí air. Cén bhrí ach an phóit ó mhaidin! Tá snaidhm ar mo phutógaí, agus mo phíobán ina fhoirnís. Deargnimh atá aige
TUILLEADH (1) ▼
Tá an díle fola dhá dórtadh anois. Deir bean J. liom go bhfuil caor thinte cogaidh anois ann. Tá na Sasanaigh ag dul isteach dubh na fríde ar an nGearmáin, ach tá sé ag dul go snaidhm an rópa leo ina dhiaidh sin; agus níl léamh ná inseacht scéil ar gach is a bhfuil dá mharú orthu (Samhain 1944)
 
Níor bhac mé leis, té (cé) go raibh mé ar tí snaidhm a thabhairt dó an chéad uair. Ach is fhearr sin féin ná diomdha a bheith orm aríst
 
díth
Tá an lá caite ag tornáil againn. Diabhal díth córach mar í a bhuail ariamh ar farraige mé, agus is fada mé ag bádóireacht. Chuir sé go snaidhm na stothaí muid
 
do- 2
Tá an ghlas-shnaidhm seo doscaoilte
 
Cén sórt stodaireachta í siúd a bhí air. An ar meisce a bhí sé nó an duine eicínt a chuir snaidhm ar a theanga le go raibh sé ar an gcaoi siúd … Fearg! Cén t-údar feirge a bhí aige!
 
Bhí — an domhnaíocht. An domhnaíocht tincéaraí atá mé a rá: ní hé a malrait a bhí ann. Bhí snaidhm de mhaide buailte ort ag chuile choirnéal. Is maith a chuaigh mé as nár maraíodh mé. Deirimse cruinneáil (cruinniú) leat: cruinneáil tincéaraí!
 
Dar fia bhí mise donaithe aige murach an fear maith a rinne an tarrtháil. Bhí mé sáinnithe in éadan an sconsa agus chaon tsnaidhm aige orm!
 
Dheamhan mórán a chaith sé ariamh le drabhlás. M'anam má bhíodh sé ag imeacht go fánach agus grá don chomhluadar aige, go mba é cuid daoine eile a chaith sé. Cé a chonaic é ag baint an tsnaidhm dhá sparán féin?
 
Ní mór dó draíocht anois ar chaoi ar bith, mar tá sé i ladhar an chasúir ceart, agus gabhfaidh sé go snaidhm na stothaí leis a theacht as
 
An bhfeiceann tú an dranntaireacht de gháire atá ar an leiciméara. Úll a leise a bhí a chur as a áit le snaidhm
 
dris
Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí le caoi a chur ar mo mhámh breá! Caithfidh mé athrú le mo pháirtí go mbeidh mé romhat ansin, agus gheobhaidh tú cothramacan síne na huaire uaimse ansin. Ní ligfidh mé an mámh féin thar mo dhoras gan snaidhm a thabhairt dó
 
Deile céard a dhéanfadh sé. Thug sé é sin de dhualgas leis. M. C. a bhí ansin thoir, sheas sé oíche i mB. théis aonach na Faiche. Chreidim go raibh a dhóthain ólta aige agus é ró-mhíchuibhiúil lena chuid airgid. Bhí athair an ghearrbhodaigh sin anois istigh ann. Chuaigh sé amach. D'éirigh an fear amach den mhóinín bán taobh thiar de tigh S. Th. E. agus M. C. ag dul siar ann. Thug sé snaidhm de mhaide dhó agus níor fhága sé pínn rua ag gabháil leis. Níl baol ar bith nach é a bhí ann
 
"Sin é an dubhghrá, nuair a fhaigheas siad bás dhá chéile. Ghnídís é sin fadó ach níl grá ar bith anois ann. Ar chuala tú ariamh faoi Barbary Ellen … Bhuel, ba in dubhghrá … Nó faoi Úna Bhán: 'A Úna Bhán is gránna an luí sin ort; Sínte síos i measc na mílte corp; Mura dtige tú in mo láthair a phlandóigín a bhí ariamh gan locht; Ní chaithfidh mé aon oíche in t'áras go brách ach an oíche anocht.' Cuireadh an bheirt le hais a chéile istigh ar an oileán agus d'fhás crann ar chaon uaigh, agus nuair a mhéadaigh siad, shnaidhm siad ina chéile agus rinne siad aon chrann amháin" (ó Bheartla Rua Ó Flaithearta, Camus, Ros Muc)
 
Nach é atá cóir faoina chuid dúdógaí. Dhá leathnaítí cupla snaidhm maith d'fhás fuinseoige ar chnáimh an ghéill aige, b'fhéidir dhó ligean faoi. Sin é an rud a shuaimhneodh é mo choinsias
 
Chuaigh sé go snaidhm an rópa leis nár maraíodh é — chuaigh sé ríghar dó