Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
do 1

snaidhm (21)

+
daigh
Bhuail doigh mé isteach im'imliocán agus shíl mé go raibh mé caillte. Céard a bheadh orm ach an tsnaoim (snaidhm) eile sin. Bhain sí trí lá asam. Chuirfeá amach thrí chró snáthaide mé nuair a leig sí dhom
TUILLEADH (2) ▼
Tabhair doigh bhuilg uirre! Chaith sí cupla uair an chluig orm, agus shíl mé go dtiocfadh snaoim (snaidhm) ar mo phutógaí léithe
Chaith mé an lá indé agus snaidhm reatha ar mo phutógaí ag dógh bhuilg. Fhobair nachar chriog sí mé. Is minic a bhí sí orm cheana; ach ní raibh sí cho gártha siúd ariamh orm. Sílim go mbogfaidh mé soir ag an dochtúr an chéad lá eile, ach is beag 'e mhaith sin. Gheobhaidh mé an buidéal buidhe! Sin é an méid!
 
Nach tú a chuir an glas-shnaoidhm (snaidhm) daingean uirre. Tá faitíos orm go gcaithfidh tú an scian a thabhairt di
 
déan 1
Tá tú ag déanamh uisce. Tuige ar leig tú an ceathairín sin thart gan snaoim (snaidhm) a thabhairt dó = tá tú ag cliseadh le na cártaí. Níl tú ag cur ar do shon féin chor ar bith
 
Chuaidh sé suas an bóithrín indiu, ag baint deatach as an asal. Níl aon-tsnaoim (snaidhm) dá raibh sé a thabhairt dó nach gcloisfeá thiar dtuaidh
 
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
deoir
Thug tú an-tsnaoim (tsnaidhm) do mo chuileata. Níor fhága tú deoir innte
 
Duine an-díbheirgeach é. Bhí mé lá annseo ag an dorus ag dul amach le cuid an chapaill agus cé a thiocfadh aniar an bóthar chugam ag spaisteoireacht nach é (ach é). Ní raibh a dhul ar m'aghaidh ná ar gcúl ugam (agam). Bhí mé ingreim. "Ní theigheann tusa ag an Aifreann a Ph." arsa seisean. "Ní theighim le gairid a Athair S." arsa mise. "Ní airighim ar foghnamh. Tá mé buailte suas as na cosa ar fad." "Níl aon-bhualadh suas ort le do chuid oibre" arsa seisean go beo droch-mhúinte. "Is beag a bhéarfadh orm snuim (snaidhm) de'n mhaide seo" — bhí maide láimhe aige — "a thabhairt ar na h-uileannachaí dhuit agus bheitheá buailte suas as na lámha cho maith le na cosa annsin." M'anam gur dhubhairt, agus go ndéanfadh. Bíodh 'chuile dhuine ar a shon féin air siúd. 'Sé an sagart is dóroinnighe agus is díbheirgighe é dhá bhfaca mise le mo linn féin ar chaoi ar bith
 
Níor bhac mé leis, té (cé) go raibh mé ar tí snaoim (snaidhm) a thabhairt dó an chéad-uair. Ach is fhearr sin féin ná diomdha a bheith orm aríst
 
díth
Tá an lá caithte ag tornáil againn. Diabhal díth córach mar í a bhuail ariamh ar fairrge mé, agus is fada mé ag bádóireacht. Chuir sé go snaidhm na stothaighe muid
 
do- 2
Tá an ghlas-shnaidhm seo do-scaoilte
 
Cé'n sórt sdodaireacht' í siúd a bhí air. An ar meisce a bhí sé nó an duine eicínt a chuir snaoim (snaidhm) ar a theanga, le go raibh sé ar an gcaoi siúd … Fearg! Cé'n t-údar feirge a bhí aige!
 
Bhí — an domhnuidheacht. An domhnuidheacht tincéaraí atá mé a rádh: ní hé a maltraid (malrait) a bhí ann. Bhí snaidhm de mhaide buailte ort ag 'chuile choirnéal. Is maith a chuaidh mé as nar marbhuigheadh mé. Deirimse cruinneál (cruinniú) leat: cruinneál tinncéaraí!
 
Dar fiadh bhí mise donuithe aige marach an fear maith a rinne an tárrtháil. Bhí mé sáinnithe in éadan an sconnsa agus chaon tsnaoim (snaidhm) aige orm!
 
Dheamhan mórán a chaith sé ariamh le drabhlás. M'anam má bhíodh sé ag imeacht go fánach agus grádh do'n chomhluadar aige, go mbadh é cuid daoine eile a chaith sé. Cé a chonnaic é ag baint an tsnaidhm dhá sparán féin?
 
Ní mór dó draoidheacht anois ar chaoi ar bith, mar tá sé i ladhar an chasúir ceart, agus gabhfaidh sé go snaidhm na stothaighe leis a theacht as
 
An bhfeiceann tú an drantaireacht de gháire atá ar an leiciméara. Ubhall a leise a bhí a chur as a áit le snaoim (snaidhm)
 
"Sin é an dubh ghrádh, nuair a fhaghas siad bás dhá chéile. Ghnídís é sin fadó ach níl grádh ar bith anois ann. Ar chuala tú ariamh faoi 'Barbary Ellen' … Bhuel, ba shin dubh ghrádh … Nó faoi Úna Bhán: 'A Úna Bhán is gránna an luighe sin ort Sínte síos imeasc na mílte corp Mara dtige tú in mo láthair a phlandóigín a bhí ariamh gan locht Ní chaithfidh mé aon-oíche in t'áras go brách ach an oíche anocht.' Cuireadh an bheirt le h-ais a chéile istigh ar an oileán, agus d'fhás crann ar 'chaon uaigh, agus nuair a mhéadaigh siad, shnum (shnaidhm) siad ina chéile, agus rinne siad aon-chrann amháin." (ó Bheartla Ruadh Ó Fhlaithearta Camus, Rosmuc)
 
Nach hé atá cóir faoina chuid dúdógaí. Dhá leathnuighthí cupla snaidhm maith d'fhás fuinseoige ar chnáimh an ghéill aige, b'fhéidir dhó leigean faoi. Sin é an rud a shuaímneochadh é mo choinsias
 
Chuaidh sé go snaoim (snaidhm) an rópa leis nachar marbhuigheadh é = chuaidh sé rí-ghar dó