Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díth
ainm-fhocal, fireann
fuireasbheadh; easbaidh; cheal.
a.
+
Tá díth na mbróg air = níl aon-bhróga aige
Díth bróg a choinnigh ó'n damhsa mé
TUILLEADH (4) ▼
Tá díth bróg ar 'chuile fhear anois, ó tháinic an cogadh míádhasach seo
"Cuirimse díth bróg ar an óig-fhear nachar fhan mar a bhí, agus a fheabhas agus a sheinnfinn ceol duit lá an Fhóghmhair agus mé ag baint an líne" (As Coinleach Glas an Fhoghmhair)
Níl rud ar bith is measa in a dheidh sin ná díth na mbróg. Má bhíonn do chosa fuar beidh fuacht ort is 'chuile áit
Tá díth bróg orm as éadan anois le dhá bhliain. Cheannaigh mé péire bróg thoir 'san mB. tá cheithre bliana go Cáisc seo caithte. Seacht fichead a thug mé orra. Chaith siad trí phéire tosaigh dhom. Dhá bhliain go Féil Bríde seo (gha)bh thart a thug mé do thincéara iad a tháinic annsin. Ní raibh aon-bhróig faoi shásamh agam ó shoin
+
Tá dícéille ort nach dteigheann agus a mbaint = seafóid, easbaidh céille; a bheith ar bheagán céille
'Sé'n dícéille sin a d'fhága mar sin ariamh é sin
TUILLEADH (29) ▼
Is beag de'n dícéille sin atá ag pléidh len a dhearbhráthair. Sin é an buachaill a mbeidh áird aige ar a ghnatha
Is mór de'n dícéille atá istigh in do cheann go bhféachaidh Dia orainn
Cé'n neart atá air sin. Caithfidh an dícéille fhéin a bheith ann go bhfoiridh Dia orainn!
Dheamhan maith a bheith ag caint mar sin ach oiread. Ní bhíonn neart ag an dícéille féin air = déanfar rudaí as dícéille, agus an té a ghníos iad, ní díol milleáin é, ó thárla go mbíonn an dícéille air
Is fadó a d'fhága sé an dícéille taobh thiar dó má bhí sí air ariamh. Má bhí ba é an beagán é
Ba mhór an dícéille dhuit a dhul ag athrú chor ar bith agus thú buailte ar do chuid talmhan' ar fad i mbarr an bhaile
Dícéille atá air — 'deile
Tuige a ndearna sé é? Tuige 'ar ndú'? Cá'r fhága tú an dícéille a mhic ó mo chroidhe?
Le teann dícéille atá sé ar an gceird sin
Siúd í an tír a bhainfeas an dícéille as
Sé'n t-ól an dícéille is mó thar 'chuile dhícéille ar fad
Ní fhaca mé aon-dícéille ariamh mar é: a dhul ag ceannacht seala beithidheach mar sin agus gan aon-cheo aige len a dtógáil
Tá sé mar tá sé ag an dícéille
'Sé'n dícéille a d'fhága 'san gcruth sin é
Níl rud ar bith is measa do dhuine ná a chuid dícéille féin
Tuige a mbeadh a leithide de dhícéille ort? Fág aige féin é
Is beag de'n dícéille sin a bhí ag imeacht len a athair muis. Ba mhaith tíomhasach an fear é, go ndéanaidh Dia grásta air!
Ní dícéille go dtí é; ach oibrigheadh sé leis. Beidh a fhios aige féin ar ball é!
Céard a bhain dó, an oiread sin dícéille a dhéanamh?
D'fhága siad uiliog an dícéille ag P. = bhí an chuid eile aca críonna
Leig de do chuid dícéille, agus gabh suas abhaile. Dearg-dhícéille críochnuighthe dhuit, imeacht ó do mhuintir féin mar sin
Is mór an dícéille a dhul dhá dhéanamh cho fada seo amach 'san mbliain
Fuair an dícéille an ceann is fhearr air ina dheidh sin th'éis cho staidéarach agus a bhí sé
Thug sé an dícéille sin abhaile leis 'ar ndú'
Feacha an dícéille a bhí air sin an gamhainín a dhíol ar chúig phunt i leabaidh a choinneál nó go reamhruigheadh muid é
Is mór de'n dícéille a bhí ag siubhal leis 'chuile lá ariamh ach sháruigh an rud seo luirgne dóighte
'Ar ndú' níl ann ach dearg-dhícéille dhó sin a dhul ag pósadh, mara bhfuil sé indon bean a chothú
Tá do sháith fhéin de'n dícéille ort ar chaoi ar bith
'Nuair a roinneadh an dícéille níor fágadh thusa ar deireadh = tá go leor dícéille ag siubhal leat
+
Ní féidir óige agus dícéille a scaradh ó chéile, adeir siad = bíonn dícéille ag dul do'n té a bhíos óg
Tiocfaidh ciall dó leis an aimsir, ach ní féidir dícéille agus óige a scaradh ó chéile
TUILLEADH (2) ▼
Diabhal an fearr dóibh ceird dhá bhfuil orra, ná a bheith ag baint scathamh siamsa amach 'fhad agus atá an óige aca. Caithfidh an óige a cóir féin a fháil agus deir siad gur deacair óige agus dícéille a scaradh ó chéile. Diabhal mé go raibh muid féin sáthach aerach lá de'n tsaoghal
Óige agus dícéille atá air. Is furasta breith ar thóin fós air, má mhaireann sé
+
Dícéille a bhain an mhéir de Mhurchadha (sean-fhocal) = chaill Murchadha a mhéir le dícéille
Céard a bhí air? Dícéille 'ar ndú'! An rud a bhain an mhéir de Mhurchadha
TUILLEADH (5) ▼
Is deas an bhail a chuaidh air, ach 'sé a bhí sé a thuaradh dhó féin le fada. Dícéille, adeir siad, a bhain an mhéir de Mhurchadha
A, níl aon-mhaith a bheith ag caint. Dícéille a bhain an mhéir de Mhurrchadha. Dhá dteagadh sé sin suas ar chomhairle duine ar bith a bhí ar mhaith leis, ní thaobhóchadh sé an áit sin luath nó mall. Ach mo léan géar. Bhí sé mí-chomhairleach 'chuile lá ariamh
Tuige dhom a dhul siar ann ab eadh? Tuige ar bith. Dícéille. Dícéille a bhain an mhéir do Mhurchadha, agus ba bheag an scéal Murchadha ná a mhéir má bhí sé m'fhearacht-sa
Dícéille a bhain an mhéir de Mhurchadha. Chuaidh ag an dícéille ar an bhfaitíos agam, agus tá a shliocht orm. Chaill mé dhá fhiacail leis
Le corp dícéille críochnuighthe a cheannuigh sé an teach sin. Dar fiadh ba eadh. Dícéille 'ar ndú' a bhain an mhéir de Mhurchadha, hébrí cé hé Murchadha. Fear a bhí fadó ann chreidim
+
Nach ort atá díth na céille agus a dhul dhá dhéanamh sin
Tá díth na céille ort má phósann tú fós. Tá sé luath go leor agad. B'fhéidir gur aithmhéala a bheadh ort nuair a bheadh sé deireannach agad. In a dhiaidh a fheicthear do'n Éireannach a leas
TUILLEADH (2) ▼
Díth na céille! D'eile! 'Ar ndú' ní dhiomallóchadh sé a chuid mar sin, marach go raibh treáll eicínt air.
Ní díth ar bith atá air ach díth na céille. Nachar chuma dhó faoi árd-bhonnaidheachaí an diabhail céard a dhéanfadh an t-airgead atá aige i Meiriocá. Má mharbhuighthear 'sa gCogadh é nach measa dhó é ná an saoghal mór; agus a fhusacht dó fanacht sa mbaile anois agus gan a dtaobhachtáil níos mó
+
Tá díth córach ar an mbád seo siar = easbaidh córach; í a bheith ag dul in éadan na gaoithe nó calm a bheith ann
B'éigin dó filleamhaint ar ais aríst go dtí an caladh le díth córach
TUILLEADH (7) ▼
"Lá breagh dhá raibh mé ag seoltóireacht le Páidí óg fear gan mhísc; Cuireadh le díth córach muid ar ais aríst go Casla i dtír." (As amhrán "Rosamhíl". Tá an líne sin i leagan amháin de'n amhrán)
Má bhí díth córach féin orra, shílfeá nar chall dóib a theacht na céibhe. Ní aineolaidhthe fairrge iad. Is iomdha lá ba mhó ná é ar shrian siad siar é
Díth córach agus tuaifisc fairrge a d'fhága i gcéibh an S. anocht muid. Marach sin bheadh muid ag cur éadan ar an ól anois tigh na C. agus feistiú againn ar an mbád i gCaladh an A. Ach ní raibh aon-ghoir againn a dhul ina h-aghaidh. Bhí sí ro-theann 'sa mbun sin
Dhá maireadh an díth córach i bhfad eile orainn, ní thiocfadh muid i dtír ar an taoille seo. Bhí an-lagar ann
Tá an lá caithte ag tornáil againn. Diabhal díth córach mar í a bhuail ariamh ar fairrge mé, agus is fada mé ag bádóireacht. Chuir sé go snaidhm na stothaighe muid
Cé'n chiall iad ag cur i dtír aríst. Rud eicínt a d'fhága siad in a ndiaidh. Ní calm ná díth córach ná uair mhór atá orra. Bheadh lán na trí seolta siar aca go deas anois
'San am a raibh na soithigh seoil ann, chaithidís bliain ar an bhfairrge scaithtí le díth córach. Trí ráithe a chaith dearbhráthair de mo shean-athair ag dul go h-Astraoile. Phós sé mar phósfadh sé indiu, agus d'imigh sé fhéin agus a bhean an lá dár gcionn, agus rugadh páiste dhóib shul má bhí siad ar an talamh thall. Saoghluigheadh é lá nó dhá roimh "landáil" dóibh
+
Tá díth codlata air = cheal codlata
Ní meisce ar bith atá air ach díth codlata. Nuair a bhainfeas sé spuaic amach, feicfidh tú féin air gur beag an chlóic a bhéas air
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé i gcruth tuitim i mbun mo chos le díth codlata. Chodail mé oíche agus lá i mbéal a chéile shul a d'eirigh mé
·
Níl gnatha ar bith agamsa a bheith taithighthe i dtighthe ósta: fear a bhfuil díth airgid air. Dhá mbeadh an póca teann agam, ní bheadh leisce ar bith orm fanacht ann go ceann dhá lá. Ach "pócaí falamha bocht buailidís bóthar"
Ní díth airgid atá air ná tada dhá shórt. Céard a bhéarfadh díth airgid air agus an tslí agus an deis atá aige?
·
Deir sé go bhfuil díth talmhana air agus é ag cinnt air a bhfuil aige a shaothrú. Dar fiadh, is sraimlí an scéal é!
Ní raibh aon-díth fataí ariamh orm go dtí i mbliana, ach loic siad uiliog orm anuiridh
b.
+
Mara mbeidh iasc ag T. se'aghainne ní de dhíth a chuartuighthe é = ní cheal a chuartuighthe é
Mara bhfaghaidh siad mná ní de dhíth a gcuartuighthe é ar chaoi ar bith. Tá siad dhá saothrú go maith
TUILLEADH (8) ▼
Mara bhfuil airgead aige, ní de dhíth a shaothruighthe é. Bíonn sé amuigh moch agus deireannach. Ach tá an mífhortún air ach an oiread le duine
Ní bhfuair sé aon-"feaig" agus ní de dhíth a dtóraidheacht' é. Shiubhail sé an tír. Ach sin é a raibh dhá bharr aige
Diabhal fód móna a bhíos aige bliain ar bith, ach mara mbíonn ní de dhíth a baint' é. Baineann sé an-chladach di, ach fágann sé annsin í ina scaradh, nó go mbíonn sé ro-dheireannach 'san mbliain
Tá sé ag cinnt air poistín ar bith a fháil, agus ní de dhíth cainte é ach oiread. Chuirfeadh sé cosa beaga faoi na glasógaí le teann cainte
Dheamhan bean a fuair sé agus ní de dhíth a shaothruighthe é ach an oiread. Chaith sé cúig nó sé de phéiridheachaí bróg ag dul na h-aistreáin sin siar. Cé'n bhrígh ach an t-am a raibh sé ag imeacht: ar an sneachta mór. Chonnaic mé ag teacht isteach is an séipéal annsin thiar é, maidin Domhnaigh, th'éis a bheith ar a chois ar feadh na h-oíche, agus níor dhíol-truaighe go dtí é. Bhí cuisne síos as cúl a chinn
Mara dtugann sí aon-áird air, ní de dhíth a leanacht' é. Níl goir aice corraí amach in áit ar bith nach mbíonn sé leis an tsáil aice.
Mara mbeidh obair déanta aige, ní de dhíth eirghe moch é. Bíonn sé amuigh le giolcadh na fuiseoige 'chuile mhaidin. Ach b'fhearr cearc i ngarrdha ná é. Ag imeacht ag cipiléaracht a chaitheas sé an lá
Ní raibh turnapa ag gabhail leis anuiridh, agus mara raibh ní de dhíth a nglanta é. Rinne sé a dtanaidheachan a dhó nó a trí de chuarta. B'fhéidir gurb é an iomarca tanaidheachain a rinne sé orra
·
Tháinic sé mar dhíth le airgead = ingeall air (fc. geall)

Féach freisin

dí-

Díth in iontrálacha eile (1)

 
dochar
Ní dhearna sé díth ná dochar dó = ní go minic a bhíos sé seo igcaint ach amháin i sean-amhráin agus i sean-phaidreacha, ach deirtear scaithtí é mar sin féin