Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díth
ainmfhocal, fireann
fuireasa; easpa; cheal.
a.
+
Tá díth na mbróg air ─ níl aon bhróga aige
Díth bróg a choinnigh ón damhsa mé
TUILLEADH (4) ▼
Tá díth bróg ar chuile fhear anois ó tháinig an cogadh mí-ásach seo
"Cuirimse díth bróg ar an ógfhear nár fhan mar a bhí, agus a fheabhas agus a sheinnfinn ceol duit lá an fhómhair agus mé ag baint an líne" (As Coinleach Glas an Fhómhair)
Níl rud ar bith is measa ina dhiaidh sin ná díth na mbróg. Má bhíonn do chosa fuar, beidh fuacht ort i chuile áit
Tá díth bróg orm as éadan anois le dhá bhliain. Cheannaigh mé péire bróg thoir sa mB. tá cheithre bliana go Cáisc seo caite. Seacht fichead a thug mé orthu. Chaith siad trí phéire tosaigh dhom. Dhá bhliain go Féil Bríde seo (gha)bh thart a thug mé do thincéara iad a tháinig ansin. Ní raibh aon bhróig faoi shásamh agam ó shin
+
Tá díth céille ort nach dtéann agus a mbaint ─ seafóid, easpa céille; a bheith ar bheagán céille
'Sé an díth céille sin a d'fhága mar sin ariamh é sin
TUILLEADH (29) ▼
Is beag den díth céille sin atá ag plé lena dheartháir. Sin é an buachaill a mbeidh aird aige ar a ghnaithe
Is mór den díth céille atá istigh in do cheann go bhféacha Dia orainn
Cén neart atá air sin. Caithfidh an díth céille fhéin a bheith ann go bhfóire Dia orainn!
Dheamhan maith a bheith ag caint mar sin ach oiread. Ní bhíonn neart ag an díth céille féin air ─ déanfar rudaí as díth céille, agus an té a ghníos iad, ní díol milleáin é, ó tharla go mbíonn an díth céille air
Is fadó a d'fhága sé an díth céille taobh thiar dó, má bhí sí air ariamh. Má bhí, ba é an beagán é
Ba mhór an díth céille dhuit a dhul ag athrú chor ar bith agus thú buailte ar do chuid talúna ar fad i mbarr an bhaile
Díth céille atá air — deile
Tuige a ndearna sé é? Tuige ar ndóigh? Cár fhága tú an díth céille a mhic ó mo chroí?
Le teann díth céille atá sé ar an gceird sin
Siúd í an tír a bhainfeas an díth céille as
'Sé an t-ól an díth céille is mó thar chuile dhíth céille ar fad
Ní fhaca mé aon díth céille ariamh mar é: a dhul ag ceannacht seala beithíoch mar sin agus gan aon cheo aige lena dtógáil
Tá sé mar atá sé ag an díth céille
'Sé an díth céille a d'fhága sa gcruth sin é
Níl rud ar bith is measa do dhuine ná a chuid díth céille féin
Tuige a mbeadh a leithide de dhíth céille ort? Fág aige féin é
Is beag den díth céille sin a bhí ag imeacht lena athair muis. Ba mhaith tíobhasach an fear é, go ndéana Dia grásta air!
Ní díth céille go dtí é; ach oibríodh sé leis. Beidh a fhios aige féin ar ball é!
Céard a bhain dó an oiread sin díth céille a dhéanamh?
D'fhága siad uileag an díth céille ag P. ─ bhí an chuid eile acu críonna
Lig de do chuid díth céille, agus gabh suas abhaile. Deargdhíth céille críochnaithe dhuit, imeacht ó do mhuintir féin mar sin
Is mór an díth céille a dhul dhá dhéanamh chomh fada seo amach sa mbliain
Fuair an díth céille an ceann is fhearr air ina dhiaidh sin, théis chomh staidéarach agus a bhí sé
Thug sé an díth céille sin abhaile leis ar ndóigh
Féacha an díth céille a bhí air sin an gamhainín a dhíol ar chúig phunt i leaba a choinneáil nó go ramhraíodh muid é
Is mór den díth céille a bhí ag siúl leis chuile lá ariamh, ach sháraigh an rud seo loirgne dóite
Ar ndóigh níl ann ach dearg-dhíth céille dhó sin a dhul ag pósadh mura bhfuil sé in ann bean a chothú
Tá do sháith fhéin den díth céille ort ar chaoi ar bith
Nuair a roinneadh an díth céille, níor fágadh thusa ar deireadh ─ tá go leor díth céille ag siúl leat
+
Ní féidir óige agus díth céille a scaradh ó chéile, adeir siad ─ bíonn díth céille ag dul don té a bhíos óg
Tiocfaidh ciall dó leis an aimsir, ach ní féidir díth céille agus óige a scaradh ó chéile
TUILLEADH (2) ▼
Diabhal an fearr dóibh ceird dhá bhfuil orthu, ná a bheith ag baint scaitheamh siamsa amach fhad is atá an óige acu. Caithfidh an óige a cóir féin a fháil agus deir siad gur deacair óige agus díth céille a scaradh ó chéile. Diabhal mé go raibh muid féin sách aerach lá den tsaol
Óige agus díth céille atá air. Is furasta breith ar thóin fós air, má mhaireann sé
+
Díth céille a bhain an mhéir de Mhurchadh (seanfhocal) ─ chaill Murchadh a mhéir le díth céille
Céard a bhí air? Díth céille ar ndóigh! An rud a bhain an mhéir de Mhurchadh
TUILLEADH (5) ▼
Is deas an bhail a chuaigh air, ach 'sé a bhí sé a thuaradh dhó féin le fada. Díth céille, adeir siad, a bhain an mhéir de Mhurchadh
A, níl aon mhaith a bheith ag caint. Díth céille a bhain an mhéir de Mhurchadh. Dhá dteagadh sé sin suas ar chomhairle duine ar bith a bhí ar mhaithe leis, ní thaobhódh sé an áit sin luath nó mall. Ach mo léan géar. Bhí sé míchomhairleach chuile lá ariamh
Tuige dhom a dhul siar ann ab ea? Tuige ar bith. Díth céille. Díth céille a bhain an mhéir de Mhurchadh, agus ba bheag an scéal Murchadh ná a mhéir má bhí sé m'fhearachtsa
Díth céille a bhain an mhéir de Mhurchadh. Chuaigh ag an díth céille ar an bhfaitíos agam, agus tá a shliocht orm. Chaill mé dhá fhiacail leis
Le corp díth céille críochnaithe a cheannaigh sé an teach sin. Dar fia ba ea. Díth céille, ar ndóigh, a bhain an mhéir de Mhurchadh, hé brí cé hé Murchadh. Fear a bhí fadó ann chreidim
+
Nach ort atá díth na céille agus a dhul dhá dhéanamh sin
Tá díth na céille ort má phósann tú fós. Tá sé luath go leor agat. B'fhéidir gur aiféala a bheadh ort nuair a bheadh sé deireanach agat. ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas
TUILLEADH (2) ▼
Díth na céille! Deile! Ar ndóigh ní dhiomalódh sé a chuid mar sin murach go raibh treall eicínt air.
Ní díth ar bith atá air ach díth na céille. Nár chuma dhó faoi ardbhonnaíochaí an diabhail céard a dhéanfadh an t-airgead atá aige i Meiriceá. Má mharaítear sa gcogadh é nach measa dhó é ná an saol mór; agus a fhusacht dó fanacht sa mbaile anois agus gan a dtaobhachtáil níos mó
+
Tá díth córach ar an mbád seo siar ─ easpa córach; í a bheith ag dul in éadan na gaoithe nó calm a bheith ann
B'éigean dó filliúint ar ais aríst go dtí an caladh le díth córach
TUILLEADH (7) ▼
"Lá breá dhá raibh mé ag seoltóireacht le Paidí óg, fear gan mhísc; Cuireadh le díth córach muid ar ais aríst go Casla i dtír." (As amhrán Ros an Mhíl. Tá an líne sin i leagan amháin den amhrán)
Má bhí díth córach féin orthu, shílfeá nár chall dóibh a theacht chun na céibhe. Ní aineolaithe farraige iad. Is iomaí lá ba mhó ná é ar shrian siad siar é
Díth córach agus tuaifisc farraige a d'fhága i gcéibh an S. anocht muid. Murach sin, bheadh muid ag cur éadan ar an ól anois tigh na C. agus feistiú againn ar an mbád i gCaladh an A. Ach ní raibh aon ghair againn a dhul ina haghaidh. Bhí sí rótheann sa mbun sin
Dhá maireadh an díth córach i bhfad eile orainn, ní thiocfadh muid i dtír ar an taoille seo. Bhí an-lagar ann
Tá an lá caite ag tornáil againn. Diabhal díth córach mar í a bhuail ariamh ar farraige mé, agus is fada mé ag bádóireacht. Chuir sé go snaidhm na stothaí muid
Cén chiall iad ag cur i dtír aríst. Rud eicínt a d'fhága siad ina ndiaidh. Ní calm ná díth córach ná uair mhór atá orthu. Bheadh lán na trí seolta siar acu go deas anois
San am a raibh na soithigh seoil ann, chaithidís bliain ar an bhfarraige scaití le díth córach. Trí ráithe a chaith deartháir de mo sheanathair ag dul go hAustrailia. Phós sé mar phósfadh sé inniu, agus d'imigh sé fhéin agus a bhean an lá dár gcionn, agus rugadh páiste dhóibh shul má bhí siad ar an talamh thall. Saolaíodh é lá nó dhá roimh landáil dóibh
+
Tá díth codlata air ─ cheal codlata
Ní meisce ar bith atá air ach díth codlata. Nuair a bhainfeas sé spuaic amach, feicfidh tú féin air gur beag an chlóic a bheas air
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé i gcruth titim i mbun mo chos le díth codlata. Chodail mé oíche agus lá i mbéal a chéile shula d'éirigh mé
·
Níl gnaithe ar bith agamsa a bheith taithithe i dtithe ósta: fear a bhfuil díth airgid air. Dhá mbeadh an póca teann agam, ní bheadh leisce ar bith orm fanacht ann go ceann dhá lá. Ach "pócaí folmha bocht, buailidís bóthar"
Ní díth airgid atá air ná tada dhá shórt. Céard a bhéarfadh díth airgid air agus an tslí agus an deis atá aige?
·
Deir sé go bhfuil díth talúna air agus é ag cinnt air a bhfuil aige a shaothrú. Dar fia, is sraimlí an scéal é!
Ní raibh aon díth fataí ariamh orm go dtí i mbliana, ach loic siad uileag orm anuraidh
b.
+
Mura mbeidh iasc ag T. s'againne, ní de dhíth a chuartaithe é ─ ní cheal a chuartaithe é
Mura bhfaighe siad mná, ní de dhíth a gcuartaithe é ar chaoi ar bith. Tá siad dhá saothrú go maith
TUILLEADH (8) ▼
Mura bhfuil airgead aige, ní de dhíth a shaothraithe é. Bíonn sé amuigh moch is deireanach. Ach tá an mífhortún air ach an oiread le duine
Ní bhfuair sé aon feaig, agus ní de dhíth a dtóraíochta é. Shiúil sé an tír. Ach sin é a raibh dhá bharr aige
Diabhal fód móna a bhíos aige bliain ar bith, ach mura mbíonn, ní de dhíth a bainte é. Baineann sé an-chladach di, ach fágann sé ansin í ina scaradh, nó go mbíonn sé ródheireanach sa mbliain
Tá sé ag cinnt air poistín ar bith a fháil, agus ní de dhíth cainte é ach oiread. Chuirfeadh sé cosa beaga faoi na glasógaí le teann cainte
Dheamhan bean a fuair sé agus ní de dhíth a shaothraithe é ach an oiread. Chaith sé cúig nó sé de phéiríochaí bróg ag dul na haistreáin sin siar. Cén bhrí, ach an t-am a raibh sé ag imeacht: ar an sneachta mór. Chonaic mé ag teacht isteach sa séipéal ansin thiar é, maidin Domhnaigh, théis a bheith ar a chois ar feadh na hoíche, agus níor dhíol trua go dtí é. Bhí cuisne síos as cúl a chinn
Mura dtugann sí aon aird air, ní de dhíth a leanachta é. Níl gair aici corraí amach in áit ar bith nach mbíonn sé leis an tsáil aici
Mura mbeidh obair déanta aige, ní de dhíth éirí moch é. Bíonn sé amuigh le giolcadh na fuiseoige chuile mhaidin. Ach b'fhearr cearc i ngarraí ná é. Ag imeacht ag cipiléireacht a chaitheas sé an lá
Ní raibh tornapa ag gabháil leis anuraidh, agus mura raibh, ní de dhíth a nglanta é. Rinne sé a dtanaíochan a dhó nó a trí de chuarta. B'fhéidir gurb é an iomarca tanaíochain a rinne sé orthu
·
Tháinig sé mar dhíth le airgead ─ i ngeall air (fc. geall)

Féach freisin

dí-

díth in iontrálacha eile (32)

 
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir ansin ar feadh an lae agus ní raibh mé sa mbaile ag dinnéar ná ceo. Caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa
 
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
 
fág
Ní raibh údar achrainn ar bith aige, ach cár fhága tú an díth céille ina dhiaidh sin? — ní raibh d'údar achrainn aige ach a bheith dícéillí dhó
 
fán
Sin é an fear a chuir fán uirthi óna muintir féin. Agus ní phósfadh sé í ina dhiaidh sin. Shíl sí go raibh léithe — go raibh sí ar rothaí an tsaoil — ach a bheith ag comhrá leis sin. Caithfidh an díth céille fhéin a bheith ann, go bhfóire Dia orainn!
+
bannaí 1
Tá an t-airleacan caite aige anois sa mbainc, agus duine díth céille a thiocfadh i mbannaí air aríst faoi thuilleadh.
TUILLEADH (1) ▼
Is díth céillí an mhaise dhuit é má ghlac tú bannaí béil ar scéal den tsórt sin. Níl a dhath maitheasa ann gan scríbhinn a bheith tarraingthe air
 
Tá díth chéille ort, má chuireann tú aimsir air sin. Is mó a bheas sé sa mbealach ort.
 
Tá díth céille ort ag baint do dhrár dhíot féin, go gcaitear coraice dhubh na bliana ar aon nós. Dar ndóigh, níor tháinig táirm ar bith ar an ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
 
cuach
Chuach sé suas M. seo amuigh le fuisce agus bladaireacht agus dheamhan a chos nach ndeachaigh in éindí leis. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfadh sé, ach caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa.
 
aerach
"Mo chreach agus mo dhíth, nach bhfuil éadach orm ná bláth; Ná gearráinín aerach a bhéarfadh mise in aon áit" (sliocht as Péarla Deas an tSléibhe Bháin)
 
Níl ann ach díth céille a bheith ag caint ar cheart a bhaint amach nuair nach seasfaidh na daoine in aon bhun amháin.
 
Nach mór an díth céille don antlachán a shláinte a chailleadh i gcleithiúnas cupla ladhair fhataí (a bhaint) — d'fhan sé faoin doininn ag baint cupla iomaire fataí, agus bhí sé cur a shláinte i ngeall (fc. ladhar agus cleithiúnas)
 
fuadar
Tá fuadar air seo thuas ag dul 'na chladaigh. Nach air atá an díth céille nach sa mbaile a d'fhan a leithide de lá. Fágfaidh an cladach éagaoineadh aige muis.
 
ith
Is mór an díth céille atá ort ag coinneáil ruda le n-ithe le na scraistí sin, agus a fhusacht dóibh fhéin fáiteall a dhéanamh feasta — is seafóideach an mhaise dhuit é a bheith ag saothrú nó ag soláthar bídh do na daoine leisciúla sin, agus go bhfuil siad féin in ann saothrú agus soláthar a dhéanamh anois (déarfaí le máthair clainne é)
 
damba
Ní comhla ar bith a theastaíos thíos ansin ach damba a dhéanamh trasna béal na cuisle údan le taoille mhór a chasadh soir. 'Sé an chaoi nár mhór é mar atá an lagpholl atá ansiúd thuas agamsa: stanna a chur ann ar an gcaoi céanna. Iontaíonn sé an brúisc uisce ar fad soir sa lagpholl. Maidir le do chuid comhlaí a chur thíos ansin, níl ann ach díth céille. Réabfadh an chéad taoille mhór a thiocfadh as a lúdrachaí iad
 
Is mór an díth céille dhuit a bheith chomh dea-chroíúil agus atá tú. Ní raibh agat an ghail a d'éireodh de do chac a thabhairt do chuid de na daoine
 
Éiríodh muid as. Cén mhaith dhúinn a dhul ag cur a gcuid allais ag priocadh leis an airdín clochach sin, agus ní bheidh leathchloch fataí choíchin air. Fág ansin ag an deachma é, i dtigh diabhail. Má thograíonn an dream a thiocfas ina ndiaidh s'againne é a rómhar oibríodh leo, ach díth céille dhúinne a dhul dhá dhéanamh. Deargdhíth céille
 
deis
Is beag an deis a theastódh ón teach sin chor ar bith nuair a bheadh sé ina theach bhreá. Feictear dhom gur mór an díth céille atá air bualadh faoi theach nua a dhéanamh agus teach chomh breá sin aige cheana
 
Deir siad gurb é an rud a thug eitinn di sin an áit nach gcaithfeadh sí ach deolaíochaí beaga le í féin a shnoíchan: mar dhóigh dhe go raibh sí róbheathaithe. Is iomaí díth céille atá sa saol anois nach raibh caint ar bith air fadó
 
dochar
Ní dhearna sé díth ná dochar dó — ní go minic a bhíos sé seo i gcaint ach amháin i seanamhráin agus i seanphaidreacha, ach deirtear scaití é mar sin féin
 
Sin é adeireadh N. Th. i gcónaí. 'Mhaithfinn drochmhúineadh agus drabhlás agus díth céille do dhuine,' adeireadh sé. 'Mhaithfinn créatúlacht agus géaradas dó. Ach tá rud amháin nach maithfinn d'aon duine agus sin é an doicheall. Téann an doicheall go smior'
 
domhan
Níl aon díth céille ar thalamh an domhain ach a dhul ag tógáil bheithíoch anois, agus iad dhá ndíol ar ardú orm
+
Ní ghlacfadh sé mo chomhairlese. "Comhairle an duine doscúch an chomhairle is fhearr le fáil," adeir siad. B'fhearr leis éisteacht le grabairí nach raibh rith circe ó bhaile ariamh. Bhí a shliocht air. hImríodh air. Díth céille ar ndóigh a bhain an mhéir de Mhurchadh
TUILLEADH (1) ▼
Is aisteach an rud é an duine doscúch. Tá sé in ann dea-chomhairle a chur ar an té a ghéilleas dó, agus gan comhairle ar bith aige dhó féin. Comhairle an duine doscúch, ar chuala tú ariamh é. Bhí sé ansin thiar — M. T. An sagart féin ní chuirfeadh comhairle a leasa ar dhuine chomh maith leis, agus ina dhiaidh sin féin, ní raibh fear ar bith le fáil ba mhí-ásaí ná é. Chaith sé a shaol ar fad le drabhlás agus le díth céille
 
Ba mhór é a gcuid airgid tamall ach chuir an drabhlás agus an díth céille ag caitheamh na miotán iad. Sílim nach bhfuil mac an aoin bheo acu sa gcomhaireamh ceann inniu. Ag S. Ó C. atá an áit anois
 
Is mór an díth céille atá ort a bheith ag comórtas leis an drománach sin. Ní comórtas ar bith dhuit é agus é ionann is do dhá aois. Má ghortaíonn tú thú féin, ná habair aríst nár cuireadh aithne ort
 
Is mór an díth céille a bhí ort, ó chuaigh tú i gcleithiúnas tí a dhéanamh, nár thug leat fear a chríochnódh amach faoi shásamh é, thar is na cliobairí sin a bhí agat nach ndéanfadh smeach ann lá sa choicís ó thosóidís é. M. Sh. a bhí againne agus más é féin, níl gair ag ceachtar acu air. Agus ní fhaca tú aon duine ariamh is gleoite ná é le díolaíocht a dhéanamh leis. Uair ar bith a mbeadh sé soláimhsithe agat féin, ghlacfadh sé é. Agus ní éileodh sé go deo é go dtogrófá a thabhairt dó. Dheamhan a n-íoctaí uair sa ráithe anseo scaití é
+
Tá sé ag dul ar chríonnacht faoi dheireadh thiar thall, agus bhí sé in am sin aige. Chaith sé sách fada le díth céille
TUILLEADH (2) ▼
Is deas é, an tráth seo dhá shaol, a dhul ar dhíth céille. Nach bhfuil sé siúd suas is anuas le aois an phinsean
Ní raibh aon bhuachaill óg faoin mbogha bán ba chríona ná é sin, ach chuaigh sé ar dhíth céille uileag le scaitheamh
 
Is mór a chuaigh sé chun díth céille ón am nach bhfágfadh sé an splainc amach aon oíche beo. Ní féidir a choinneáil istigh anois
 
Sách fada a bhí sé le díth céille. Níl ag dul síos leis anois ach airgead. Mura bhfuil féin, 'sí a leasmháthair a thógfadh sin air. 'Sé an t-airgead an dia beag atá acu uilig