Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cleithiúnas (50+)

 
Is beag é do mheas ar an bhfrídeoir, ach deirimse leat gurb in é an gnaithíoch. Murach é sin is fadó ariamh an lá a bheidís de dhroim tí. Maidir le bheith i gcleithiúnas an mhac is sine! Bheidís ar deireadh muis! Dheamhan déantús maitheasa ar bith ansin!
 
fóir
Níl buille maitheasa déanta agaibh ó mhaidin. Go bhfóire Dia ar an té atá in bhur gcleithiúnas!
 
cab
Is le bheith d'uireasa móna dhuit a bheith i gcleithiúnas an phortaigh siúd. Tá an t-uisce éirithe inniu ann cab ar chab leis an mbinse.
 
Shoraidh dhíot nár fhan mar a bhí tú agus gan a dhul i gcleithiúnas thú a bheith do do chaidhleadh le sneachta mar sin. Ar ndóigh, ní chorródh aon fheithideach beo amach a leithide d'oíche.
 
Níl údar tine ar bith is fhearr ná is buaine ach an oiread, ná carcair mhaith ghiúsaí. Nár bhreá í ar an aimsir seo, tharas a bheith i gcleithiúnas na seanspairtigh sin nach bhfuil sponc ná teas inti!
 
ceal 1
Beidh tú cheal tuíodóra muis, más ina chleithiúnas siúd atá tú — níl aon mhaith ina thuíodóir leis.
 
Ar ndóigh, mura dtuga tú aon airde ar chinnire an phobail, tá sé mór againne a dhul i gcleithiúnas aon chomhairle a chur ort
 
Dhá mbeadh sé níos coimhthí agam ná bhí sé, ní hé amháin nach raibh, níor cheart dó a dhul i gcleithiúnas a leithide de chleas a dhéanamh orm — níor cheart dó féachaint lena leithide de rud tútach a dhéanamh orm agus bíodh sé gan gaol ná dáimh a bheith aige liom
 
Chuaigh sé sách gar dhomsa a rá leis nár chomaoin dó a dhul i gcleithiúnas S. a chaitheamh amach. Ba mhaith leis aige é nuair a bhí an chruóg air.
+
bannaí 1
Más i gcleithiúnas mise a dhul i mbannaí air sa mbainc atá sé, is mór an dul amú atá air. Rud nach ndearna mé ariamh, ní dhéanfaidh mé dhósan anois é.
TUILLEADH (1) ▼
Más scéal rúin é, ná fág i gcleithiúnas bannaí béil é. B'fhearr dhuit gan trácht beag ná mór air, le aon duine, arae an té a shílfeá an chaomhúint fhéin a bheith ann, ní bhíonn.
 
Ní bheinnse dhá fhágáil i gcleithiúnas aon duine dhá mbeadh fios an bhealaigh agam. Ghabhfainn fhéin ann.
 
Breá nár scaoil tú an craobhmhúirín sin thart agus gan a dhul i gcleithiúnas thú fhéin a fhliuchadh. Diabhal rud a bhuail ariamh thú is measa ná slaghdán samhraidh. Fhóbair gur fhága sé sínte mise anseo an bhliain cheana.
 
crinn
Géillfidh siad i gcónaí don bhréag, ach dheamhan aird ar bith a thabharfas siad ar chnáimh chrinnte na fírinne. B'fhearr do dhuine a bhéal a choinneáil ar a chéile ná a dhul i gcleithiúnas rud ar bith a chur isteach ina gceann.
 
Is le bheith d'uireasa talamh cuir dhó a bheith i gcleithiúnas an churásaigh sin thíos.
 
bior
An té a thiocfadh i gcleithiúnas tútaíola den tsórt sin, ní raibh le déanamh leis go díreach glan ach bior dearg a shá isteach thrína shúil.
 
Is mairg dhuit nach iad na seanbhreacáin a d'fhága (tú) ort fhéin inniu agus gan a dhul i gcleithiúnas do chuid éadaigh Domhnaigh a mhilleadh.
+
Bhí sé chomh maith do dhuine mála a bhualadh air fhéin, agus a dhul ag iarraidh a chodach, le a bheith i gcleithiúnas talúna anois.
TUILLEADH (1) ▼
Dar mo choinsias, má théann sé i gcleithiúnas an milleán a bhualadh ormsa, beidh rud ar a shon aige — an bithiúnach!
 
Is gann a chuaigh an saol air a dhul i gcleithiúnas lena leithide sin d'ágóid a phósadh.
+
aird 2
Beidh siad gan aird ina cleithiúnas sin — má fhágtar fúithi sin iad, ní thabharfaidh sí mórán aire dóibh
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé gan aird, i gcleithiúnas a bhfuil sa teach seo — ní thabharfaidh aon duine dhá bhfuil sa teach seo aon aire ná aon iongabháil dom
+
amach
Is olc na gnaithí atá ort má théann tú thar baile amach i gcleithiúnas píosa damhsa a leithide d'oíche.
TUILLEADH (1) ▼
Déanadh sé a rogha rud uaidh seo amach — ní thiocfaidh mise i gcleithiúnas comhairle a chur níos mó air.
 
Nach mór an díth céille don antlachán a shláinte a chailleadh i gcleithiúnas cupla ladhair fhataí (a bhaint) — d'fhan sé faoin doininn ag baint cupla iomaire fataí, agus bhí sé cur a shláinte i ngeall (fc. ladhar agus cleithiúnas)
 
B'fhearr dhuit gan a dhul i gcleithiúnas é a ardú mar speirfeadh sé sin duine ar an bpointe boise
 
Ní mór dhá híochtar a bheith go maith i gcleithiúnas a huachtair — ní raibh aon mhaith leis an uachtar agus caithfidh an t-íochtar a bheith an-mhaith le cúiteamh ar a shon sin (cruach mhóna, coca féir, iomrachaí fataí srl.)
 
feall 2
Más i gcleithiúnas A. atá tú, ní bheidh tú róbhuíoch duit fhéin. Feallfaidh sé ort (loicfidh, clisfidh. He will let you down; he will play the "dirty" on you)
 
Beidh daidhce air nó go bhfaighe sé daite é; agus gheobhaidh as a dheireadh. B'fhearr dhuit ag gabháil de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith i gcleithiúnas a dhul ag baint aon cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach nuair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in éineacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
 
dairt
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeifí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nár caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin sa gcat mara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin ansin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleithiúnas a dhul ag déanamh spóirt san áit a mbeidh sé sin
 
danra
Dream an-tsoilíosach iad agus an-ghnaíúil. Ach tá siad chomh danra leis an tubaiste ar thada a rá leo. Chuile shórt acu ach a dhul i gcleithiúnas comhairle ar bith a chur orthu. Is túisce go mór a ghabhfaidís in do phíobán ná a ghlacfaidís comhairle ar bith uait. Drochbhodaigh iad ar an gcaoi sin
 
Ná tabhair aird ar bith air! Dhá mbeadh sé sin ag iarraidh a theacht, b'fhurasta dhó a theacht. An dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh i gcónaí. Is fhearr dhuitse fear a fháil a dtabharfaidh tú luach a shláinte dhó ná a bheith ina chleithiúnas chor ar bith
 
Tá do dhoras gan deasú muis, má bhí sé ina chleithiúnas siúd. Nach fearr mé féin seacht n-uaire ná é sin
 
Tá triúr acu ag baint deatach as coirce thíos sa gcró. Sin iad na buachaillí agat nach mbeidh i gcleithiúnas meaisín ar bith, ach a bhuailfeas a gcuid coirce féin go gaelach mar a rinne na daoine ariamh é. Ach tá an iomarca den spreallaireacht anois ar thuilleadh le dornán a thógáil ina láimh agus bualadh na cloiche a thabhairt air. Chuile shórt dhá chur ar éascaíocht ar an saol seo. Sea i nDomhnach!
+
deis
Duine ar bith atá i gcleithiúnas an dole, tá sé gan deis tógtha. Tá mise ag fáil an oiread dó (dhe) le mo leithide ar bith, ach nuair a bhainim tobac na seachtaine as, is dole sportha é
TUILLEADH (2) ▼
Tá preabán dheas talúna aige dhá mbeadh aon dheis air, ach sin rud nach bhfuil air, ná nach mbeidh air, má bhíonn sé ina chleithiúnas siúd
Má tá tú le dhul ag baint mhóna amárach, breá nach gcuireann tú deis eicínt ort féin. An bhfuil bara agat? Ná dorú. Ná sleán. Sílim go mbeidh sí gan baint má bhíonn sí in do chleithiúnas-sa
 
Is diachta (iontach) nár thug sí an dochtúr agus an sagart ann freisin ó chuaigh sí i gcleithiúnas a dhul ag déanamh flaisc chomh mór sin. M'anam go mba chóra di go mór a dhul agus a cuid fiacha a íoc ná an tír a bheith ag magadh fúithi théis a cuid a ithe agus a ól
 
diaidh
Duine ar bith atá i gcleithiúnas carraigín, 'sé cuid an bheagáin a bheas ina dhiaidh aige. Níorbh fhiú do dhuine a bheith dhá mhearú féin le rudaí den tsórt sin ar scáth a luach saothair
 
Go bhféacha an tAthair Síoraí ar an té atá taobh leis an diocín de ghasúr sin. Tá a cuid fataí ar iarraidh, má tá sí ina chleithiúnas siúd lena gcur. Dheamhan caolóid a bheadh curtha aige go dtí oíche Nollag
 
Is doicheallach an duine é siúd le marcaíocht a iarraidh air. 'Sé an fear is measa ar bóthar é faoina lorry. Is beag nárbh fhearr liom a dhul G. de shiúl mo chos ná a bheith ina chleithiúnas faoi mharcaíocht
 
dol 1
Tá dola poor-rates le n-íoc agam anois, agus gan fhios agam ó Dhia anuas cá bhfaighidh mé é. Tá leisce orm scaradh leis an nglaicín mhóna atá ansin thiar agam, nó go n-ardaí sí romhainn amach. Maidir le beithígh, is fear gan fáltas atá ina gcleithiúnas anois
+
Siúd é an diabhal doscúch. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul ag cur chomhairle ar chloich le dhul i gcleithiúnas comhairle a chur air siúd. Faigheann sé na hiarrantaí, ach ní mian leis gan a dhul i mbealach a bhasctha ina dhiaidh sin. Má sháraíonn sé é cupla bliain eile, ní bheidh aon fhear faoin mbogha bán in ann imeartas air, agus féadfaidh sé a dhul ina rogha áit
TUILLEADH (1) ▼
An té a bheas doscúch mar sin lena dhuine féin agus fáilí le daoine eile, ná bac leis. 'Sé do dhuine féin é do dhuine féin. Má bhíonn cruóg ná anó ort, cé a thógfas láimh leat ach do dhuine féin. Ní i gcleithiúnas strainséara a bheifeá ag dul
 
drad
Má chuir an fear parúl ort faoi, bhí agat a choinneáil taobh thiar de do dhrad. Ní dheachaigh sé dhá inseacht duit i gcleithiúnas agus go n-inseofása é d'Éire bheag agus d'Éire mhór
 
Scread mhaidne ar a drandal! Ag imeacht chomh stramhach ansin, agus cáir uirthi i gcónaí. Níl aon duine beo is luar liom ná an chaile sin. Is gann a chuaigh an saol ar mhac Ph. Sh. murar fhéad sé a dhíol de bhean a fháil ar mhná na tíre go ndeachaigh sé ina cleithiúnas siúd. Ní dhéanfainn roghain uirthi dá mbeadh Éire taobh léithe — an straoiseachán bradach!
 
Níl leabhar ná páipéar ná ball éadaigh faoi chaolachaí an tí nach bhfuil millte ag griúillíní súí atá anuas i chuile áit. Bhí aige brat tuí a chur ar an teach siúd. Dheamhan stráca a chuaigh air le deich mbliana. Is beag an dochar dhó a bheith faoi shúí féin scáth an aird atá aige air. Ba saoire dó an teach siúd a streachailt anuas ar fad anois, agus slinn a chur air, ná a dhul i gcleithiúnas díon agus caoi a chur air mar atá sé. Ar aon chor, caithfidh sé ceann nua as an bpíosa a chur air. Níl rata ná taobhán ag gabháil leis siúd nach bhfuil lofa
 
droch-
Bíonn drochstreachailleacht ar an té atá i gcleithiúnas fáiteall na farraige
 
An rud adúirt tú ar baillín faoin gceann eile, ba é a dhéanamh leisean freisin é. Rómhaith a bheadh sé aige, duine ar bith a chuaigh i gcleithiúnas a leithide de chleas a dhéanamh ar chréatúr ar bith. Nár bheag an tsúil le Dia a bhí aige!
 
déan 1
Beidh sé gan déanamh muis, más in do chleithiúnas-sa a fhágfas sé é