Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deilbh
ainm-bhriathar: briathar.
Nuair is briathar é, bíonn an dá réimniú aige — réimniú ó nó f .i. deilbheochaidh mé, deilbhfidh mé (/d′el′əf′ə/)
1.
rud áirid a dhéanamh le snáth mar atá mínighthe fút thíos.
+
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
["Chuirf]idís an t-iarna timpeall ar an gcrann tochrais, agus bheadh an crann tochrais annsin ag teacht thar timpeall — an líon dhá thochras agus ag teacht leo ar cheirtlíní. É a dheilbh ar chrann ar nós flainín annsin. Chuirfí ag an bhfigheadóir é agus dhéanfadh sé píosa dhó … " (Sliocht as cuntas faoi'n líon ó m'athair)
TUILLEADH (1) ▼
"D'fuagair sé easnamh orm: an té a bheadh ag deilbh, agus dhá dteagadh duine isteach, d'fhuagróchadh an duine istigh "mo chuid easnamh ort." Dá mbeadh gan a dóthain snátha a bheith aice, bheadh easnamh uirre
+
"Deilbh an saoghal agus gheobhaidh tú inneach dhó" (sean-fhocal) = 'sé'n dlúth a dheilbhighthear ar an gcrann deilbh, ach ní mór inneach a bheith ann freisin le cur air is an bhfigheachán, nó ní féidir aon-éadach a dhéanamh dhe (fc. dlúth). Is minic a bhíos easnamh ar bhean abhrais (fc. dlúth agus fc. easnamh thuas), ach gheobhaidh sí an oiread innigh agus a theastóchas uaithe i gcomhnaí, i gcomhair a mbeidh deilbhthe aice; is minic a bhíos duine ag déanamh ruda eicínt agus gan aon-chosamhlacht air go mbuachfaidh sé tada go deo air, ach foghanfaidh an rud sin uair eicínt. Cuirim igcás fear a mbeadh neart údar leasuighthe aige le h-aghaidh talmhana ach nach mbeadh mórán síl aige, dearfaí leis: "deilbh an saoghal agus gheobhaidh tú inneach air": mar dhoigh dhe, dhá leasuigheadh sé leis, nach mbeadh aon-easbaidh síl air: go bhfuigheadh sé an síol ar chuma eicínt
Má tá an aimsir go dona fhéin — agus thar a bheith go dona — dheamhan le déanamh againn, ach an oiread móna agus a fhéadfas muid, a bhaint. "Deilbh an saoghal", adeir siad, "agus gheobhaidh tú inneach air." Tiocfaidh uair bhreagh a thriomóchas í am eicínt
TUILLEADH (4) ▼
Cé'n mhaith a bheith dhá gcur an eadh, agus gan gamhain ná bó ann len a n-ithe. Feicfidh tú má chuireann tú iad go bhfuighidh tú gnatha dhóib. Deilbh an saoghal agus gheobhaidh tú inneach air
Tóig a bhfuighidh tú. Ní stró duit fear a gcaithte a fháil anois, agus cho gann agus atá "feaigs". Deilbh an saoghal, adeir siad agus gheobhaidh tú inneach dó
'Ar ndú má's cúrsaí mar sin é, níor cheart d'aonduine buille ar bith a dhéanamh. Tá an aimsir mar is toil le Dia í, agus níl aon-neart againne uirre. Bain amach do chuid féir, agus leig de do chuid bundúin. Beidh grian fós ann len a thriomú. Deilbh an saoghal agus gheobhaidh tú inneach dó
Tá mé ag déanamh croithe agus gan tada le dhul ionnta ní ag ceasacht ar Dhia é. Níl againn in a dheidh sin ach ag súil le Dia chreidim. Nachar dhubhairt siad: "deilbh an saoghal agus gheobhaidh tú inneach dhó"
2.
a.
+
Tá sé deilbhthe amach agad = rud a bheadh déanta nó réidhtighthe (giota oibre, bróig deasuighthe, coca féir déanta agus rl.). (Tá baramhail agam nach deilbhthe é seo ó cheart ach deilthe (fc. deil) nó go bhfuil an dá fhocal measctha ar a chéile. Baineann an scéal céadna le tuilleadh de na somplaí seo síos, ach "deilbhthe", adeirtear)
Cheannuigh sé feac deilbhthe indiu (deilthe; deilighthe?) = feac a bheadh snuighte amach, réidh le cur 'san láighe
TUILLEADH (7) ▼
Tá an feac seo deilbhthe anois le cur 'san láighe. Fagh an t-iarann. Ní fhágfamuid leithscéal ar bith agad gan a dhul ag réabadh craicinn amáireach
Caithfidh mé an feac a dheilbhiú beagán shul a fhéadfas mé a chur 'san láighe. Tá an bhróigín buille ro-fhairsing
Mara ndeilbhidh tú an feac sin roint ní ghabhfaidh sé 'sa sleaghán. Dar fiadh, is feac breagh teangmháilte é
Tá sí deilbhighthe amach agad, baile ó Dhia ort. Féadfaidh tú do scíth a leigean anois, agus an Foghmhar craptha
Is gearr a bhéas siad leis an teach anois nó go mbeidh sé deilbhthe amach aca. Rinne siad an-éascaidheacht leis le mí. Beidh sé in araidheacht a dhul in a chomhnaí ann faoi cheann míosa eile
Tá tú deilbhighthe amach anois, glan-bhearrtha agus gabhtha gléasta le dhul in do rogha áit
Tá péire cléibh deilbhighthe amach indiu aige, agus dar fiadh is fiú cuid mhaith iad agus cho daor agus atá cléibh anois
+
Níl aon-cheo deilbhighthe nach bhfuil sé indon a dhéanamh = níl aon-cheo ó'n deil amach nach bhfuil sé indon a dheanamh; tá sé indon gach uile rud a dhéanamh, tá sé cho stuama sin
Níl aon-cheo deilbhighthe nach bhfuil déanta annsin thíos aige. Sin é an buachaill! Is mór an stuaim a gheall Dia dhó thar dhuine ar bith ar an mbaile
TUILLEADH (3) ▼
An-fhear ceirde é. Níl aon-nidh deilbhighthe nach bhfuil sé i riocht a dhéanamh
Tá 'chuile shórt dhár deilbhigheadh ariamh thíos 'san teach sin aige, ach do dhubhshlán fagh tada uaidh. Dhá mbeadh an chruadhóig ba mhó ort a bhí ar aonduine ariamh, ní thiubharfadh sé aon-bhall de'n uirnís sin duit
Dheamhan ball uirníse deilbhighthe nach bhfuil aige, agus gan é indon tada a dhéanamh leo. Dheamhan ceo muis. Sin í an choigeallach i láimh na h-óinsighe, ball uirníse a chur in a láimh sin.
b.
+
Tá an garrdha deilbhthe amach anois aige le cur = leasuighthe, socruighthe, agus 'chuile théisclim eile déanta faoi chomhair an chuir
Ní hé an t-achar is fuide nó go mbeidh 'chuile shórt deilbhthe amach anois agam le tosuighe ag fódú. Ach dar príosta, tá sé ag síneadh suas leis an am. Nach bhfuil an Fhéil' Pádraic ar ghort an bhaile!
TUILLEADH (1) ▼
Tá muid deilbhighthe amach anois le dhul ag réabadh portaigh, agus arsa tusa tá sé in am sin againn
+
Is furasta an t-Earrach a chur dhá mbeadh an deilbh (deilbhiú freisin) déanta = leasú, socrú agus gach téisclim mar sin déanta. Dá mbeadh an stócáil déanta, níor bhrigh an churaidheacht féin a dhéanamh
Dá mbeinn réidh le 'chuile dheilbh eile go dtí an churaidheacht, ní leath-anró í sin a dhéanamh. Ach bíonn duine meathta ag dul i dtráigh, agus ag tógáil clascannaí agus ag biorrú claidheachaí, agus ag déanamh crúbáin
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh 'chuile dheilbh eile réidh, ní bheithí i bhfad leis an teach, ach cidh Dia go meáróchadh an téisclim duine. Tá mise thar bharr mo chéille ag na faileannaí beaga sin atá le déanamh
Bhí 'chuile dheilbh eile déanta aige 'san oíche Dia Domhnaigh ach an pota a leagan síos, agus bhí sé le sin a dhéanamh an oíche sin. Ba cheart dó a bheith réidh faoi seo. Mara dtapuighidh tú é mar sin féin, dheamhan an sdriog a bhéas aige. Ní túisce réidh anois é ná bhíos an iarraidh fuadaighthe cruinn baileach. Mara bhfaghaidh tú aon-deoir aigesan, tá tú réidh len a fháil in aon-áit eile
+
"Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, níor dearnadh ariamh gan osna nó éagcaoin" (pirseog faoi gheis oibre atá ar laetheantaí áiride de'n tseachtain)
Ní dheilbheochamuid é Dé Céadaoin. Tá geis ar an gCéadaoin, a dheirbhshiúr mo chroidhe. "Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, ní raibh ariamh gan osna nó éagcaoin"
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal a ndéanfaidís aon-deilbh Dé Céadaoin fadó, dhá bhfaghaidís Éire bronta orra. Bhidís ag ceapadh dhá ndéanadh, nach mbeadh aon-lá de'n ádh orra. Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin adeiridís
c.
+
Tá sé deilbhthe amach l'aghaidh an bháis = duine a bhí go dona, suaidhte, claoidhte agus a raibh déanta len a bhás
Chreidim go bhfuil an bhean bhocht deilbhthe amach l'aghaidh an bháis. Is maith atá sí ag saothrú an bháis ar aon-nós. Diabhal bréag nach maith
TUILLEADH (5) ▼
Ní fhaca mise leis an tsíorraidheacht cheana é, agus go deimhin mara bhfaca féin, tá sé deilbhighthe amach faoi chomhair an bháis anois. Tiubharfaidh dhá lá dhéag na Nodlag rud le déanamh dhó
Bhí mé ag breathnú air as cionn cláir agus 'séard adubhairt mé le Jude gurb é an tinneas a dheilbh amach le h-aghaidh an bháis é. = bhí sé snuighte suaidhte
Tá sé deilbhthe amach anois le h-aghaidh an bháis ceart. Is furast aithinte air é. Nar ba buil le Dia go mbeadh liostachas cho fada orm leis ar chaoi ar bith
Níl 'chuile lá dhá bhfuil sé a chaitheamh anois ach dhá dheilbh amach l'aghaidh an bháis. Tá sé fánach aige a theacht as. Is beag an baoghal air a mh'anam. Tá a chuid maitheasa ar iarraidh
Dia dhá réidhteach nach hé atá claoidhte caithte. Dheilbh an tinneas sin amach l'aghaidh an bháis go maith é. Nach teann a bhíos duine in a dheidh sin. Ní bhfuightheá fear cho h-urrúnta leis sin dhá gcuirtheá slat ar pharáiste tá dhá bhliain ó shoin. Agus feacha indiu é agus gan ann ach na cheithre eite

Féach freisin

Deilbh in iontrálacha eile (7)

 
Bhí an crann deilbhe deisighthe aice ar m'aghaidh isteach indiu agus mé ag dul ag an bportach. Is mór an saothraidhe í, go dteigheann sí ag deilbh fós
+
dia 2
Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin agus marú salach Sathairn = tá geis ar na ceann-oibreachaí sin na laethantaí sin
TUILLEADH (1) ▼
"Lomadh Luain agus Deilbh Chéadaoin: ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
+
dlúth 1
"Sé'n dlúth a dheilbhightear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth in a aige chuig an bhfigheadóir. Teigheann an t-inneach in a cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach is an seol annsin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín 'san bhfigheachán. Caithtear é a chur thríd an tslinn agus thrí na h-úghmachaí. Bíonn an dlúth annsin leis an éadach ar a fhad ag dul ó ghairimin go dtí an ghairimin eile. Casann sé suas an dlúth ar ghairimin an tsnátha. Nuair a bhéas sé ag figheachán annsin, déanfaidh sé próistí beaga de'n inneach. 'Sé an t-ainm atá orra eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth 'léar (de réir) mar a bhéas sé ag figheachán. Nachar chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tuintí air, nó ag tuinteáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh is 'chuile áit ar an dlúth i gcruth agus go bhféadfaidh an tslinn é a fháisceadh isteach. Tá clár ar an seol — an láimh-chlár — agus bíonn a láimh ag an bhfigheadóir air, dhá dhoirtim isteach agus amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus len a chruadhú. Istigh san gclár sin atá an tslínn. Rudaí iarainn atá 'san tslínn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é 'san tslínn. Is éascaidheacht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé 'tarraingt an tuinte, adéarfas sé nó chaith sé an tuint: sin é 'léar (de réir) mar a bhéas sé dhá fhigheachán, beidh sé dhá tharraingt air de'n gharumna. Tá an dhá gharumna ann: garumna an tsnátha agus garumna an abhrais. Is mó an t-inneach nach fuláir do'n dlúth caol ná de dhlúth atá sníomhtha reamhar. Bíonn cuid de'n bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bhéas an tslínn … 'San deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bhéas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaithtí freisin". (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
TUILLEADH (2) ▼
"Cosamar an lín: barrach. Sin é an rud a bhaineas an tlú gairmid as an líon. Shníomhtaí an bharrach le túirne olla, agus dhéantaí snáth di. Inneach a ghnídís de'n bharrach, agus annsin dlúth olla a chur air, agus é a dheilbh, agus aige a dhéanamh dhó (dhe) agus a thabhairt chuig an bhfigheadóir len a fhigheachan. Dheanfaí píosaí dhó ar nós flainín. Nuair a bhíodh fighte dhó, ghnítí súsaí dhó le caitheamh as do chionn 'san leabaidh. 'Sé'n t-ainm a bhíodh ar na súsaí sin "líon agus olann". B'fhearr ceann aca ná trí phluid. Bhídís buille garbh ach má bhíodh fhéin, dhá mbeadh ceann aca ar an leabaidh, thiocfá le pluid amháin agus é." (giota as cuntas faoi'n líon ó m'athair)
"In a aige — in a throisleáin — a bhíos an snáth th'éis an crann deilbh a fhágáil. In a cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an figheadóir an aige 'san seol agus thosóchadh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídighthe. Mara mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfigheadóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hébrí cá bhfuightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh sin é an ceann asna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daithte a chur ar bhán, l'aghaidh treabhsair agus bheist. Daithtear an dlúth agus an t-inneach l'aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos 'sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaithteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaith thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breagh. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom annseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon-bhean óg 'sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caithte! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír indiu atá indon olann a dhathú. Níl a fhios aca céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dlúth 2
Ní raibh aon-deilbh air. Sin é an fáth nachar fhéad sé a fhigheachan dlúth