Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Donú
Briathar
droch-ghortú nó droch-lotadh a thabhairt do dhuine nó do bheitheach; duine a mhartrú nó éalann a fhágáil air; "ceirín" a chur ar dhuine; duine a bhascadh (tá sé coitianta igcaint).
+
Donóidh sé thú má fhaghann sé leigean ar bith ort. Mar sin bí ar t'áirdeall féin. Ní shiúd é an ribín réidh agad chor ar bith
Tá sé donuithe de bharr cic ó chapall. Bhuail sí annsin é slán an tsamhail, agus deir siad go bhfuil a chuid builg-easnachaí briste
TUILLEADH (9) ▼
Tá mise donuithe críochnuithe ag bróig atá agam. Níl a fhios cé na léasrachaí atá tóigthe ar mo sháil aice. Níl aon-ghoir agam coisméig shiúil a dhéanamh léithe
Donóidh sé sin duine eicínt sul a n-eirighidh sé as. Is furasta aithinte nach hí bara a leasa a bhí faoi an lá ar thosaigh sé ag tabhairt chomhlódair don bhithiúnach seo thoir. An bhfuil a fhios agad céard a rinne siad an oíche cheana?: a dhul isteach go dtí sean-N. bhocht agus an cúpla tosaí dhá phliuncadh eatorra. Marach T. Sh. a casadh isteach dheamhan deóir a d'fhágfaidís ann
Fhobair tú mé a dhonú a scaibhtéirín. Nach bhfuil a fhios agad mara scuiridh tú de chaitheamh na gcloch go mbainfidh tú an tsúil as duine eicínt. Cén bhail a bhéas ort annsin?
Ag iarraidh duine eicínt a dhonú atá tú leis an maide sin? Leag uait as do láimh ar fad é. Tá an breathas ar do láimh, tá sin. Is diachta ghéar nach mbeadh ciall duit feasta choíchin
An lá ar baineadh an treascairt as an gcapall sna breaclachaí sin thiar, donaíodh í an uair sin. Tá umhlú 'un tosaigh innte 'chuile lá ó shoin
Donór (donóchar) na Gearmánaí bochta anois má tá an chonairt sin uiliog in a n-éadan. Is diabhlaí an seasamh aca é
Dhonódh sé daoine an oíche sin meireach gur baineadh an revolver dhó (dhe). Tá sé de bheith air sin go maróidh sé duine eicínt as a dheireadh
Tá buile chatha eicínt air seo thíos ag uallfairt ar an mbóithrín. Indiaidh asail atá sé! Seadh mo choinsias! Donóidh sé asail anois. Tá cleith aige atá cho fada le crann luínge
Dar fiadh bhí mise donuithe aige marach an fear maith a rinne an tárrtháil. Bhí mé sáinnithe in éadan an sconnsa agus chaon tsnaoim (snaidhm) aige orm!