Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diomdha
ainm-fhocal, fireann.
Fuaim — "diomú". "diomu" go h-annamh.
Fágaim an leitriú seo ar an bhfocal seo arae má tá indán agus go bhfuil na focla "diombuadh", "diombáidh", "diombuidhe" i gceist, tá siad tuithte le chéile ins an gcaint anois, agus níl ann ach an t-aon-fhocal amháin seo. Is amhlaidh leis an aidiacht é freisin — diomdhach (diomúch)
1.
aithmhéala, caitheamh indiaidh; brón; do-mheanmna as ucht rud eicínt a rinne tú, nó as ucht rud eicínt nach ndearna tú, agus ba cheart duit a dhéanamh; cantal, buaidhreadh intinne, leimhe, duibhthean, lionndubh.
+
D'imigh sé faoi bhrún (brón) agus faoi mhór-dhiomdha = faoi bhrón agus faoi dhuibhthean; d'imigh sé an oíche sin faoi bhrún agus faoi dhiomdha
Chuaidh sé abhaile an oíche sin faoi bhrún agus faoi mhór-dhiomdha. Leig sé osna as a bhris an ghabhail-éadain. "Is mac Rí faoi gheasa thú" adeir an mháthair leis
TUILLEADH (4) ▼
Tháinic mé abhaile an oíche sin faoi bhrún agus faoi dhiomdha, agus chaith mé mé féin ar an leabaidh, ach ní bhfuair mé aon-tsuaímneas. Ar an dá luath agus a bhfuair mé lá, ghread liom in ath-uair …
D'imigh leis faoi mhór-dhiomdha in áit nach bhfuair sé an bhean
Tá sé faoi mhór-dhiomdha na laetheantaí seo. Ní chomhnóchaidh sé aríst muis nó go dteighidh sé ar ais chuice. Ní bheadh aon-tsógh in a shaoghal aige gan a bheith abuil sí
Cuirim faoi dhraoidheacht agus faoi mhór-dhiomdha na bliana thú gan an dárna béilí a ithe ar aon-bhord ná an dárna h-oíche a chodladh ar aon-leabaidh go bhfagha tú amach domsa cé'n fáth nach ndearna Ridire an Gháire Dhuibh aon-gháire le seacht mbliana ( … go dtugaidh tú chugam an Each Chaol Donn, an Claidheamh Soluis agus rl.) = gnáth-sheoruidhe i sean-scéalta le tuairisc a thabhairt ar chur na ngeasa
+
Is measa dhom an méid sin imní ná diomdha mo bhliana. Shíl mé siúráilte go raibh sé criogtha an uair nach raibh sé ag teacht
Is measa dhom an gheit a baineadh asam aréir ná diomdha na bliana. Mhionnóchainn go raibh an capall marbh. Chonnaic mé ag dul isteach indiaidh a mullaigh ins an gclochar í, agus treascruigheadh í, agus shíl mé nach raibh cnáimh in a corp nach raibh in a leithríní …
TUILLEADH (2) ▼
M'anam a Dhia agus do (d ní g) Mhuire! Is measa dhom an méid easonóir a fuair mé uatha sin anois ná diomdha mo bhliana
Is measa dhom an méid cainte a baineadh asam ná diomdha na bliana. Nach diabhlaí an smál atá ar chuid de na daoine nach beo iad mara mbeidh siad ag cothú achrainn. Ach 'sé an chaoi a bhfuil sé, is beith é sin atá orra.
+
Tá diomdha na bruighne anois air = cantal, aithmhéala, brón nó ceann faoi, faoi gur buaileadh duine in achrann nó go raibh sé in achrann
Póit na maidne agus diomdha na bruighne: sin iad atá air indiu. Má's iad féin is gearr aríst go bhfeicidh tú óltach é, agus ag dul le buile ag iarraidh achrainn
TUILLEADH (6) ▼
M'anam má theigheann sé ag míoladóireacht leis siúd go mbeidh diomdha na bruighne air. Siúd é an diabhal céadna nach mbeadh mórán éisteacht' aige le aonduine
B'fhéidir an uair a bheadh a ráithe príosún déanta aige faoi'n mbuille sin go mbeadh diomdha na bruighne air. Comhairleochaidh an áit sin é
Ní chaithtear an t-achrann gan diomdha na bruighne
Is fhearr dhuit é a ghlacadh in a réidhteach anois agus gan diomdha na bruighne a bheith ort ar ball. Má bhíonn tú in do thús achrainn annseo ní ghabhfaidh leat
Tuilleadh diabhail aca anois, má tá diomdha na bruighne orra. Chaillfidís síol a gclainne mara dtosaighidís troid. Is beag atá dá barr anois aca ach mailí gearrtha
Beidh diomdha na bruighne ort má theigheann tú ins an gceann sin leis. Diabhal bréag nach mbeidh. Is uilce iad seo eile ná na h-easógaí má bhaineann tú asta é. Meastú an mbeadh suim aca sin iarraidh mharbhthach a thabhairt duit. Dheamhan a dhath!
+
Bhí diomdha air adeir sé nach bhfaca sé in am mé, go gcuireadh sé cumaoin eicínt orm = caitheamh in a dhiaidh.
Bhí diomdha an domhain air má b'fhíor dó féin, nach bhfuair sé scéala faoi'n tsean-bhean, go dteagadh sé ar an tsochraide. Ach bhí sochraide dlighte dhó annseo cheana agus ba bheag an luadh a bhí aige a theacht ann. Dar príosta muise, ní ag amhdú an uilc é, ní thaobhóchaidh muid é má bhíonn an t-anshógh air fhéin
TUILLEADH (8) ▼
Beidh diomdha an tsaoghail uirre mara n-iarrtar aon-duine de'n chlann inghean an Inid seo. 'Ar ndú' mo léan iarrfar, má airigheann siad (lucht iarrta ban) aon téagar in a h-aice
Tá sé cho maith dhom a rádh nach bhfuil diomdha ar bith orm faoi'n margadh. D'eitigh mé dhá phunta dhéag deich uirre luath ins an ló, ach is fearr liom ag duine muintreach í go fada, má tá sí aige faoi'n a luach féin (Diomdha = brón, duibhthean)
Ní raibh aon-diomdha ariamh uirre faoi'n a phósadh th'éis go raibh a muíntir uiliog ag casaoid uirre an uair sin mar gheall air. Níl beirt indiu ins an bparáiste cho teolaidhe léithe
Níl aon-mhaith dhuinn craos a dhéanamh. Tá ar ndóthain ólta againn. Má ólann muid níos mó, diomdha a bhéas orainn ar maidin
Tá a dhóthain diomdha air anois faoi nar imthigh sé an fhad agus bhí a dheis aige
Tóg anois é agus ná bíodh diomdha ort aríst
Níor bhac mé leis, té (cé) go raibh mé ar tí snaoim (snaidhm) a thabhairt dó an chéad-uair. Ach is fhearr sin féin ná diomdha a bheith orm aríst
Diabhal mórán diomdha a chuirfeadh sé ar chuid againn dá mbeadh an baile ar fad sínte cho maith leis. Ní deagh-éadáil ar bith iad sin
·
Níl aon-mhaith do dhuine rud a dhéanamh a ghabhfas 'un diomdha dhó = a mbeidh aithmhéala nó caitheamh in a dhiaidh air faoi; rud nach ndéanfadh sé dhá mbeadh breith ar a aithmhéala aige
Má dhéanann tú é sin anois — ní ag cur aithne ort é — gabhfaidh sé 'un diomdha dhuit féin
2.
mí-bhuidheach, díth-bhuidheach.
+
"Diomdha Rí na h-Aoine do'n té a thóigfeadh mo ghrádh uaidhm (uaim); Nach bhféadfainn a dhul dá féachaint aon-oíche Dhomhnaigh ná go moch Dé Luain". (Diomdha Rí na h-Aoine; diomdha Dé; ná raibh Dia buidheach dó!; go n-agruighidh Dia air é!)
Diomdha Rí na h-Aoine dhó le cleas a dhéanamh!
TUILLEADH (4) ▼
Diomdha an Rí dhuit nachar fhan mar a bhí tú, agus gan a dhul ag brughadh anuas annseo orainn, agus muid sáthach cumhang mar a bhí muid, d'fhuireasbhaidh do dhá sprionglán-sa (brionglán) a sháthadh treasna an teallaigh
Diomdha Dé dhuit nach dtarraingeann anuas scéal eicínt eile, agus gan an rud sin a choinneál seaduighthe i gcaitheamh na h-oíche. Ní maith scéal ar bith é a leanacht ro-fhada
Diomdha Mhic Dé dhi, marab uirre atá an t-uabhar. Is deacair a cuibhriú anois, ó fuair sí blas an gharrdha sin chor ar bith
Diomdha Dé dhó nach bhfanann as. Nach bhfuil a fhios aige gurb shin í an bhail a ghabhfas air, 'chuile uair dá dtaobhóchaidh sé an áit sin
+
Mo dhiomdha dhuit le caint a bheith ort! Agróchaidh Dia ort a bheith ar an ngráiscínteacht sin i gcomhnaí. Is mór an uais thú!
Mo dhiomdha do Mh. Ph. Mh., nach dtáinic len a scéal féin ná le scéal aonduine eile, ó a chuir mé fios ar na bróga leis. Siúd é teachtaire an fhiadha ó'n Áirc ar chaoi ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Mo dhiomdha dhó sin thar dhuine ar bith. 'Sé an duine is luaghar (lughar) liom in Éirinn é, ag tarraingt ag mo theach
Mo dhiomdha do Develera ar chaoi ar bith, nachar bhain an poistín beag atá aige siúd dhó (de), thar agus é a bheith ag fánóireacht soir annsin cho leitheadach le cut siopa. Ní sheadh, ach 'sé atá mí-chéadtach féin le caidéis ar bith a chur air
Mo dhiomdha go deo do'n té a chuímnigh ar an ínntreacht (intleacht) chéadna an chéad-uair. Ach chreidim gur smál é atá ar an saoghal. Is mór adeireadh muid le toirneach roimhe seo, ach ní raibh a[n] saoghal in a chis ar easair cheart gur tháinic na báid aeir seo
Mo dh[iomdha] [...] do'n bhaile sin thiar thar a bhfaca mise ariamh. 'Siad díogha 'chuile dhíogha iad, agus na creachadóirí is mó a chasfaí ort i do shiubhal lae.
·
Tá diomdha uirre leis nachar roinn sé an údhachta léithe = mí-bhuidheachas

Féach freisin

diomdha in iontrálacha eile (2)

 
abair
Déarfainn go raibh diomdha ag teacht air an uair sin nach ndeachaidh sé féin ann freisin
 
dúid
Nach ámhuilleach anois a bhíos cuid de na daoine. Ní shásóchadh tada an té a casadh annseo nó gur chuir sé feac na sluaiste go filleadh dúda 'san talamh. Tá an scéal go maith marar bhris sé uiliog é, arae tá an talamh sin an-chruadh, agus chaithfeadh sé go raibh cloch aige in a éadan. Diomdha Dé agus Mhuire dhó ar chaoi ar bith!