Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drantaireacht
/drāɴtər′əxd/; /draɴtər′əxd/
ainm-bhriathar
1.
giúnaighil, mion-thafann, nó grúscán de thafann.
a.
·
Buail maistín de chic ar an madadh sin a chuirfeas ó dhrantaireacht é. Cé'n sórt drántán atá air ar feadh na h-oíche.
b.
srannán nó cliar.
+
An gcloiseann tú ag drantaireacht é! Nach hé a rinne an t-ól! = srannán nó cineál piacháin in a phíobán agus é idir a chodladh agus a dhúiseacht
Chaith sé an oíche ag drántaireacht mar chonnaic tú féin é. D'ól sé an-ghliúrach. Marach gur ól, ní bheadh sé mar siúd
TUILLEADH (4) ▼
Ní thaithnigheann liom í a bheith ar an drántaireacht sin, mar bheadh sórt cliar innte. Shíl mé go raibh sí as indé, ach m'anam nach bhfuil sé as a crioslaigh fós aice
Tá sé séidthe suas uiliog. Ní mheasaim gur fear é atá folláin th'éis a bhfuil de ghríscíní air. Bíonn sé ag drántaireacht i gcomhnaí, agus ní shiubhailfeadh sé as seo go cladach gan saothar an diabhail mhóir a bheith ann
Ná bí ag drántaireacht mar sin i gcomhnaí. Shílfeá go bhfuil cnead ionnad. An bhfuil aon-cheo ag dul duit?
Chaith sé an oíche annseo ar an teallach agam, agus gan smid ar bith chainte aige, ach é ag drantaireacht leis
2.
drandal nó cáir nó strainc a bheith ar dhuine.
·
An bhfeiceann tú an drantaireacht de gháire atá ar an leiciméara. Ubhall a leise a bhí a chur as a áit le snaoim (snaidhm)
Diabhal bean dhá bhfeiceadh é siúd ag drantaireacht gháirí léithe nach ngreadfadh 'sna fáscaí uaidh. Tuige nach ngreadfadh. Nach sílfeadh sí gurb é ithe an mhadaidh a bheadh sé ag dul a thabhairt uirre. Go deimhin ní mheallfaidh sé bean len a gháirí choidhchin ar chaoi ar bith