Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dranntaireacht
/drāɴtər′əxd/, /draɴtər′əxd/
ainm briathartha
1.
geonaíl, mionthafann, nó grúscán de thafann.
a.
·
Buail maistín de chic ar an madadh sin a chuirfeas ó dhranntaireacht é. Cén sórt drantán atá air ar feadh na hoíche
b.
srannán nó cliar.
+
An gcloiseann tú ag dranntaireacht é! Nach é a rinne an t-ól! — srannán nó cineál piacháin ina phíobán agus é idir a chodladh agus a dhúiseacht
Chaith sé an oíche ag dranntaireacht mar a chonaic tú féin é. D'ól sé an-ghliúrach. Murach gur ól, ní bheadh sé mar siúd
TUILLEADH (4) ▼
Ní thaitníonn liom í a bheith ar an dranntaireacht sin, mar a bheadh sórt cliar inti. Shíl mé go raibh sí as inné, ach m'anam nach bhfuil sé as a crioslaigh fós aici
Tá sé séidte suas uileag. Ní mheasaim gur fear é atá folláin théis a bhfuil de ghríscíní air. Bíonn sé ag dranntaireacht i gcónaí, agus ní shiúlfadh sé as seo go cladach gan saothar an diabhail mhóir a bheith ann
Ná bí ag dranntaireacht mar sin i gcónaí. Shílfeá go bhfuil cnead ionat. An bhfuil aon cheo ag dul duit?
Chaith sé an oíche anseo ar an teallach agam, agus gan smid ar bith chainte aige ach é ag dranntaireacht leis
2.
drandal nó cáir nó strainc a bheith ar dhuine.
·
An bhfeiceann tú an dranntaireacht de gháire atá ar an leiciméara. Úll a leise a bhí a chur as a áit le snaidhm
Diabhal bean dhá bhfeiceadh é siúd ag dranntaireacht gháirí léithe nach ngreadfadh sna fáscaí uaidh. Tuige nach ngreadfadh. Nach sílfeadh sí gurb é ithe an mhadaidh a bheadh sé ag dul a thabhairt uirthi. Go deimhin ní mheallfaidh sé bean lena gháirí choíchin ar chaoi ar bith