Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diomdha
ainmfhocal, fireann
fuaim: diomú, diomu go hannamh.
fágaim an litriú seo ar an bhfocal seo, arae má tá i ndán is go bhfuil na focla diombuadh, diombáidh, diombuidhe i gceist, tá siad tite le chéile sa gcaint anois, agus níl ann ach an t-aon fhocal amháin seo. Is amhlaidh leis an aidiacht é freisin — diomdhach diomúch
1.
aiféala, caitheamh i ndiaidh; brón; domheanmna as ucht rud eicínt a rinne tú, nó as ucht rud eicínt nach ndearna tú, agus ba cheart duit a dhéanamh; cantal, buaidhreamh intinne, leimhe, duifean, leanndubh.
+
D'imigh sé faoi bhrón agus faoi mhórdhiomdha — faoi bhrón agus faoi dhuifean; d'imigh sé an oíche sin faoi bhrón agus faoi dhiomdha
Chuaigh sé abhaile an oíche sin faoi bhrón agus faoi mhórdhiomdha. Lig sé osna as a bhris an ghabháil éadain. 'Is mac rí faoi gheasa thú,' adeir an mháthair leis
TUILLEADH (4) ▼
Tháinig mé abhaile an oíche sin faoi bhrón agus faoi dhiomdha, agus chaith mé mé féin ar an leaba, ach ní bhfuair mé aon tsuaimhneas. Ar an dá luath is a bhfuair mé lá, ghread liom in athuair …
D'imigh leis faoi mhórdhiomdha an áit nach bhfuair sé an bhean
Tá sé faoi mhórdhiomdha na laethantaí seo. Ní chónóidh sé aríst muis nó go dté sé ar ais chuici. Ní bheadh aon tsó ina shaol aige gan a bheith abuil sí
Cuirim faoi dhraíocht agus faoi mhórdhiomdha na bliana thú gan an darna béilí a ithe ar aon bhord ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba go bhfaighe tú amach domsa cén fáth nach ndearna Ridire an Gháire Dhuibh aon gháire le seacht mbliana ( … go dtuga tú chugam an Each Chaol Donn, an Claidheamh Solais srl.) — gnáthsheoraí i seanscéalta le tuairisc a thabhairt ar chur na ngeasa
+
Is measa dhom an méid sin imní ná diomdha mo bhliana. Shíl mé siúráilte go raibh sé cniogtha nuair nach raibh sé ag teacht
Is measa dhom an gheit a baineadh asam aréir ná diomdha na bliana. Mhionnóinn go raibh an capall marbh. Chonaic mé ag dul isteach i ndiaidh a mullaigh sa gclochar í, agus treascraíodh í, agus shíl mé nach raibh cnáimh ina corp nach raibh ina leiríní …
TUILLEADH (2) ▼
M'anam a Dhia agus do (d, ní g) Mhuire! Is measa dhom an méid easonóir a fuair mé uathu sin anois ná diomdha mo bhliana
Is measa dhom an méid cainte a baineadh asam ná diomdha na bliana. Nach diabhlaí an smál atá ar chuid de na daoine nach beo iad mura mbeidh siad ag cothú achrainn. Ach 'sé an chaoi a bhfuil sé, is beith é sin atá orthu
+
Tá diomdha na bruíne anois air — cantal, aiféala, brón nó ceann faoi, faoi gur buaileadh duine in achrann nó go raibh sé in achrann
Póit na maidne agus diomdha na bruíne: sin iad atá air inniu. Más iad féin, is gearr aríst go bhfeice tú óltach é agus ag dul le buile ag iarraidh achrainn
TUILLEADH (6) ▼
M'anam má théann sé ag míoladóireacht leis siúd go mbeidh diomdha na bruíne air. Siúd é an diabhal céanna nach mbeadh mórán éisteachta aige le aon duine
B'fhéidir nuair a bheadh a ráithe príosún déanta aige faoin mbuille sin go mbeadh diomdha na bruíne air. Comhairleoidh an áit sin é
Ní chaitear an t-achrann gan diomdha na bruíne
Is fhearr dhuit é a ghlacadh ina réiteach anois agus gan diomdha na bruíne a bheith ort ar ball. Má bhíonn tú in do thús achrainn anseo ní ghabhfaidh leat
Tuilleadh diabhail acu anois, má tá diomdha na bruíne orthu. Chaillfidís síol a gclainne mura dtosaídís troid. Is beag atá dá barr anois acu ach malaí gearrtha
Beidh diomdha na bruíne ort má théann tú sa gceann sin leis. Diabhal bréag nach mbeidh. Is oilce iad seo eile ná na heasógaí má bhaineann tú astu é. Meas tú an mbeadh suim acu sin iarraidh mharfach a thabhairt duit. Dheamhan a dhath!
+
Bhí diomdha air adeir sé, nach bhfaca sé in am mé go gcuireadh sé comaoin eicínt orm — caitheamh ina dhiaidh
Bhí diomdha an domhain air má b'fhíor dó féin, nach bhfuair sé scéala faoin tseanbhean go dteagadh sé ar an tsochraide. Ach bhí sochraide dlite dhó anseo cheana agus ba bheag an lua a bhí aige a theacht ann. Dar príosta muise, ní ag amhdú an oilc é, ní thaobhóidh muid é má bhíonn an t-anó air fhéin
TUILLEADH (8) ▼
Beidh diomdha an tsaoil uirthi mura n-iarrtar aon duine den chlann iníon an Inid seo. Ar ndóigh mo léan iarrfar, má airíonn siad (lucht iarrtha ban) aon téagar ina haice
Tá sé chomh maith dhom a rá nach bhfuil diomdha ar bith orm faoin margadh. D'eitigh mé dhá phunta dhéag deich uirthi luath sa ló, ach is fearr liom ag duine muintreach í go fada, má tá sí aige faoina luach féin (diomdha = brón, duifean)
Ní raibh aon diomdha ariamh uirthi faoina phósadh, théis go raibh a muintir uileag ag casaoid uirthi an uair sin mar gheall air. Níl beirt inniu sa bparóiste chomh teolaí léithe
Níl aon mhaith dhúinn craos a dhéanamh. Tá ar ndóthain ólta againn. Má ólann muid níos mó, diomdha a bheas orainn ar maidin
Tá a dhóthain diomdha air anois faoi nár imigh sé an fhad is a bhí a dheis aige
Tóg anois é agus ná bíodh diomdha ort aríst
Níor bhac mé leis, té (cé) go raibh mé ar tí snaidhm a thabhairt dó an chéad uair. Ach is fhearr sin féin ná diomdha a bheith orm aríst
Diabhal mórán diomdha a chuirfeadh sé ar chuid againn dá mbeadh an baile ar fad sínte chomh maith leis. Ní dea-éadáil ar bith iad sin
·
Níl aon mhaith do dhuine rud a dhéanamh a ghabhfas chun diomdha dhó — a mbeidh aiféala nó caitheamh ina dhiaidh air faoi; rud nach ndéanfadh sé dhá mbeadh breith ar a aiféala aige
Má dhéanann tú é sin anois — ní ag cur aithne ort é — gabhfaidh sé chun diomdha dhuit féin
2.
 míbhuíoch, díbhuíoch.
+
"Diomdha Rí na hAoine don té a thógfadh mo ghrá uaidhm (uaim); Nach bhféadfainn a dhul dá féachaint aon oíche Dhomhnaigh ná go moch Dé Luain" (diomdha Rí na hAoine; diomdha Dé; ná raibh Dia buíoch dó!; go n-agraí Dia air é!)
Diomdha Rí na hAoine dhó le cleas a dhéanamh!
TUILLEADH (4) ▼
Diomdha an Rí dhuit nár fhan mar a bhí tú agus gan a dhul ag brú anuas anseo orainn, agus muid sách cúng mar a bhí muid d'uireasa do dhá sprionglánsa (brionglán) a shá trasna an teallaigh
Diomdha Dé dhuit nach dtarraingeann anuas scéal eicínt eile, agus gan an rud sin a choinneáil seadaithe i gcaitheamh na hoíche. Ní maith scéal ar bith é a leanacht rófhada
Diomdha Mhic Dé dhi, murab uirthi atá an t-uabhar. Is deacair a cuibhriú anois ó fuair sí blas an gharraí sin chor ar bith
Diomdha Dé dhó nach bhfanann as. Nach bhfuil a fhios aige gurb in í an bhail a ghabhfas air, chuile uair dá dtaobhóidh sé an áit sin
+
Mo dhiomdha dhuit le caint a bheith ort! Agróidh Dia ort a bheith ar an ngráiscínteacht sin i gcónaí. Is mór an úis thú!
Mo dhiomdha do Mh. Ph. Mh., nach dtáinig lena scéal féin ná le scéal aon duine eile, ó chuir mé fios ar na bróga leis. Siúd é teachtaire an fhiaigh ón Áirc ar chaoi ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Mo dhiomdha dhó sin thar dhuine ar bith. 'Sé an duine is luar liom in Éirinn é, ag tarraingt ag mo theach
Mo dhiomdha do de Valera ar chaoi ar bith nár bhain an poistín beag atá aige siúd dhó (de), thar is é a bheith ag fánóireacht soir ansin chomh leitheadach le cat siopa. Ní hea, ach 'sé atá míchéatach féin le caidéis ar bith a chur air
Mo dhiomdha go deo don té a chuimhnigh ar an intreacht (intleacht) chéanna an chéad uair. Ach chreidim gur smál é atá ar an saol. Is mór adeireadh muid le toirneach roimhe seo, ach ní raibh an saol ina chis ar easair cheart gur tháinig na báid aeir seo
Mo dhiomdha [...] don bhaile sin thiar thar a bhfaca mise ariamh. 'Siad díogha chuile dhíogha iad, agus na creachadóirí is mó a chasfaí ort i do shiúl lae
·
Tá diomdha uirthi leis nár roinn sé an uachta léithe — míbhuíochas

Féach freisin

diomdha in iontrálacha eile (2)

 
abair
Déarfainn go raibh diomdha ag teacht air an uair sin nach ndeachaigh sé féin ann freisin
 
dúid
Nach ábhailleach anois a bhíos cuid de na daoine. Ní shásódh tada an té a casadh anseo nó gur chuir sé feac na sluaiste go filleadh dúda sa talamh. Tá an scéal go maith murar bhris sé uileag é, arae tá an talamh sin an-chrua, agus chaithfeadh sé go raibh cloch aige ina éadan. Diomdha Dé agus Mhuire dhó ar chaoi ar bith!