—
ciontú; teilgean; breithiúnas báis nó príosún lena shaol nó drochphionós mar sin a chur ar dhuine i gcúirt; cruthú a thabhairt go bhfuil duine ciontach.
+–
"Ansiúd a chífeá an diabhal ina sheasamh; scála thrína láimh agus é ag fuarú braiche leis; ag cur tart ar m'anam agus dhá dhaoradh; agus dhá chur go hifreann ag fulaingt na bpianta". As Aithrí Sheáin de Barra
"Éistigí liom go n-insí mé scéal daoibh; cé na trí ní is mó le na peacaithe a dhaoradh". As Aithrí Sheáin de Barra
TUILLEADH (6) ▼
Tá siad ag iarraidh é a dhaoradh. Is maith an oidhe sin ar an ruifíneach, má tá i ndán is gur thug sé droch-chor dhá bhean. Níor mhaith liom a bheith ina bhróga anois. Tá sé i ndroch-arán
Daorfaidh sibh mé nó is cinniúint oraibh é. Is maith an scéal dom nach tú an breitheamh a Ph. Ba tusa féin breitheamh na héagóra, dhá mba tú
Daoradh é, agus teilgeadh chun báis é. Maitheadh dhó ina dhiaidh sin é. An seanL. a thug ón gcroich é. 'Sé a bhí deas air!
Daoradh é, ach dúirt siad go raibh saochan céille air agus cuibhríodh é. Dheamhan steamar eile a d'éirigh dhó, théis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhreithimh, bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rá nach mórán scrupall a bheadh orm faoina dhaoradh. D'ordóinn tua an bhéil mhóir a fháil — an tua a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion mullóg dhó (dhe) a fhágáil i ndiaidh a chéile leis an tua … Dar a shon go n-agródh Dia orm é ach an oiread is a d'agraigh sé airsean é.
Sin í a gceird: iad féin ag daoradh a chéile. Ná bac le gasúir! An té a thabharfas aird orthu is measa é ná iad féin
Baol air siúd é a dhaoradh. Dheamhan daoradh muis, ná dhá mbeadh marú duine air. Nach ndearna sé coir a chrochta cheana, agus dheamhan faocha a rinneadh air
+–
Níl aon tsásamh aige ann le cupla lá nuair nár daoradh fear Chiarraí. Chaith sé an tseachtain ag guí lena bhás. Thapaíodh sé an t-am a dteagadh an nuaíocht chuile thráthnóna (an páipéar). 'An bhfuil sé daortha fós,' adeireadh sé. Bhí sé dhá bheophianadh ceart nuair nach raibh siad dhá theilgean de ghorta gharta
D'imigh an tubaiste ar an teach sin thíos. Níl aon duine sa tír nach bhfuil daortha ann. Dhá bhfaighidís cead a gcomhairle féin, dheamhan mórán a bheadh sa gcomhaireamh ceann. Bheadh an tír crochta acu.
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an díthreabhach bocht sin daortha shula tugadh isteach sa gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios acu sin ar dhlí ach an oiread is atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaíúla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga magadh mar sin a chur air
daor in iontrálacha eile (50+)
→
focal
M'anam gur beag nach ndeachaigh an sciorradh focail daor air. Ní foláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
→
folach 1
Is daor an ailím folach féin a cheannacht anois ní áirím mála. Deir siad go bhfuil málaí dhá ndíol i nGaillimh ar thrí is sé pínne
+
→
bannaí 1
Cuireadh bannaí ar an té a bhí saor, agus dheamhan bannaí ar bith ar an té bhí daor. Nach cam an dlí é?
TUILLEADH (2) ▼
Tá bannaí dhá bhliain air agus má dhéanann sé aon cheo as an mbealach ar an bhfad sin, tiocfaidh sé daor air.
Tiocfaidh sé daor ar S. Sh. mar bhris sé bannaí — bhí sé faoi bhannaí dea-iompair, agus bhris sé an bannaí sin.
+
→
bealach
Thug mé deich fichead liom agus fhóbair nach mbeadh díol an bhealaigh agam ina dhiaidh sin. Ní aireofá ag imeacht é. Cáide le dhul puintín gágach agus chomh daor agus atá chuile mhíle ní!
TUILLEADH (1) ▼
Níl na siopaí seo thoir mórán as bealach chor ar bith ina dhiaidh sin fhéin, nuair a fheicfeas tú chomh daor agus atá earraithe i siopaí na Gaillimhe.
→
cromnasc
Muran mian leat cromnasc a bhualadh orthu, cuir duine eicínt dá mbuachailleacht, nó má théann siad i mbradaíl ormsa aríst, cuirfidh mé gairm chúirte ort agus íocfaidh tú go daor iad ("Gairm chúirte" — ní leagan nua-aoiseach é sin, ach seanleagan atá ann le na cianta. Chreidim go bhfuil leas dhá bhaint as aríst i gcúrsaí dlí anois)
→
aice 2
"Ceannóidh mé tae dhuit agus gléas maith in aice sin; Gúna English cotton den fhaisean atá daor" (sliocht as Slán agus Beannacht le Buaireamh an tSaoil)
+
→
ailím
Is daor dochrach an ailím é an plúr anois.
TUILLEADH (1) ▼
Sin í féin an ailím atá daor (feoil srl.)
+
→
ainm
Tiocfaidh sé daor air má fhaigheann na póilíos amach go dtug sé an t-ainm contráilte dóibh
TUILLEADH (3) ▼
Is daor dochrach an pionta air é má tá i ndán is go bhfaighidh na póilíos amach gur thug sé an t-ainm contráilte uaidh — cuirfear éiric throm air má fhaigheann na póilíos amach nár thug sé an t-ainm ceart dóibh nuair a rugadar air agus é ag ól pionta théis an ama
Le gleacaíocht má b'fhíor dhó fhéin, a thug sé an t-ainm contráilte uaidh, ach sílim go dtiocfaidh an ghleacaíocht daor air feadh is na póilíos dhá fháil amach air (fc. gleacaíocht)
Má bhain sé as t'ainm thú, breá nach gcuireann tú dlí, agus creid mise dhuit ann gur daor a d'íocfadh sé é.
Ní aireofá cupla punt agdul amach — cáide le dhul é agus chomh daor agus atá chuile shórt?
+
→
áirge
Is daor an spóilín é agus dheamhan mórán áirge é.
TUILLEADH (1) ▼
Is suarach an áirge dhúinn a bheith taobh le dole agus chomh daor agus atá chuile rud.
+
→
anam
Is beag an suim atá inár n-anam againn agus chomh daor agus a cheannaigh Mac Dé muid.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith daor é a mh'ainín!
→
fiachadh
Mura raibh aige le dhul ag fiachadh air ach an donáinín sin, is gann a chuaigh an saol air. M'anam muise má thugann an donáinín chun cúirte é gur daor a íocfas sé an buille sin. Tuilleadh diabhail agus deamhain aige! Ba bheag an scéal é dhá n-íocadh féin
+
→
foireann
Is daor an ailím foireann a cheannacht anois. Níl aon chulaith éadaigh le fáil thíos i nG. gan naoi bpunt airgid
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé ag ceapadh gur mhór a tharraingeodh (a chosnódh) foireann anois. Níl rud ar bith ar ndóigh is daoire ná fiacla
→
fuagair
D'fhuagair sé 'dó' orm féin. 'Beidh sé sách luath agat a fhuagairt,' adeirim féin, 'nuair a dhófas tú mé. Idir dhá dhaora a bhí mé.' — an cluiche corr nó deis
→
fuagra
Tá mé ag tabhairt fuagra dhuit anois gan aon láimh a leagan ar mo pháistese níos mó, nó má leagann go dtiocfaidh sé daor ort
→
isteach
Máire: Fuair tú an méid sin isteach; Cáit: Fuair (fuir adeirtear go minic) muise! Is daor dochrach féin ab éigean dom íoc air}}
+
→
ith
Tá beatha chomh daor anois agus gur ar a chruachúis do na daoine tada a ithe — tá an bheatha chomh daor agus nach bhfuil muid in acmhainn í a cheannacht
TUILLEADH (1) ▼
Sibhse ag sclamhaireacht ag iarraidh rud le n-ithe, agus gan cuimhne ar bith agaibh chomh daor agus atá beatha! — tá sibh ag cur a gcosa uaibh ag iarraidh bídh, ach ní chuimhníonn sibh chor ar bith cá bhfaighfear a luach agus chomh daor agus atá
+
→
feall 1
Níor dearnadh aon fheall ariamh mar a rinneadh air sin. Daoradh san éagóir é. Ní raibh láimh ná cois aige sa bhfear sin ach oiread liomsa
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh feall air (éagóir, bréag) agus frítheadh daor é.
→
feothan
D'fhéadfá lá fearthainne agus feothain a thabhairt air. Ní ligfeadh an lá céanna luch as poll ná diabhal as ifreann. Ba daor a cheannaigh mise an lá sin
→
foithnín
Dheamhan foithnín den léine seo i ndiaidh a chéile. Ní cheal muise nach gearr ó d'íoc mé mo shé déag go daor dochrach uirthi
→
fuin
B'fhearr liom an ceann eile a cheannacht murach chomh daor agus atá sé. Ach caithfidh duine fuint de réir na mine
→
fáisc
An té a thabharfadh fáscadh di sin, sin é an fáscadh a ghabhfadh daor air. Chuirfeadh sí i bpríosún é go lobhadh a chnámha
→
dairt
Tá a shúil sa meath chéanna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann crua a bhí ann. Níor lig an té a chaith é, ná aon dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhún súil Ph. d'aon iarraidh. Chuaigh sí chun othrais. Chaith sé scaitheamh san easpaicil (ospidéal) léithe, ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó ansin ach gur fhuaraigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirthi i gcónaí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon amharc aige aríst go brách inti. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithi thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ró-réchúiseach an duine bocht
→
daoire
Níl aon daoire (daoireacht, daoirse, daoirseacht) sna muca anois. Tá siad an-bhuailte le gairid
+
→
daoradh
Bhí mé i dteannta ar an daoradh reatha agus gan neart agam corraí, mar bheinn dóite aige ar an toirt leis an liathróid
TUILLEADH (7) ▼
Bhuail sé mé ar an daoradh teacht abhaile, ach bhí mé sa mbaile mar sin féin. Ba mhian leo a shárú siar in mo bhéal go raibh mé dóite, ach dheamhan dó ná dó. Bhí mé istigh ar an daoradh shular theangmhaigh sí liom
Ní chuirfidh siad ó dheis muid an trip seo. Tá boc dalba ag an gcaiptín s'againne. Beidh muid ar fad ar an daoradh teacht abhaile shula bheas aon duine acu fhoisceacht mbeannaí Dia dhi
Ní hin é an chaoi a bhfuil sé in áiteachaí eile chor ar bith. Má chuireann siad an liathróid ar chúla an daoradh féin, ní bhíonn tada dhá gcaillteamas leis. Ach sílim gur deise é mar atá sé againne
Bhí sé cuibhrithe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinniúint air corraí di. Chuile uair dhá ligeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóite ar áit na mbonn. Ba in é an deasú air. Níl aon ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhainn a bheith aige le deis féin
Tá boc thar cionn aige, ach mar sin féin, is corruair a theagas sé abhaile glanoscartha ón daoradh bualadh. Tá sé rófhaiteach, agus iad seo eile ró-imeartha
Choinnigh sé ansin ar an daoradh é gan gair aige corraí — choinnigh sé beophianta nó i dteannta, nó sáinnithe é (samhail as an gcluiche corr). Deirtear é corruair le duine a mbeadh faitíos air rud áirid a dhéanamh, mar go mbeadh fios aige chomh luath agus a dhéanfadh, go saibhseodh nó go sáinneodh an té údan eile é
Is fadó an lá a bheadh sé caite amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige chomh luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoin airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar choscartha den mhí-ádh aige
→
deatach
Diabhal bréag nach bhfuil tú ag ligean deataí le gaoith, bail ó Dhia ort, agus chomh daor agus atá tobac